Skip to content

Cearta aerphaisinéirí

Tá cosaint ag aerphaisinéirí faoi rialacha an Aontais. Moladh athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair.

Cén fáth ar cheart athchóiriú a dhéanamh ar rialacha aerphaisinéirí an Aontais?

Chuir na rialacha atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí (rialacháin 261/2004 agus 2027/97) go mór le cosaint paisinéirí san Aontas. Mar sin féin, tá roinnt saincheisteanna tagtha chun solais ó glacadh iad.

Tá roinnt forálacha agus sainmhínithe doiléir, rud atá ina chúis le neamhréireachtaí agus cur i bhfeidhm míchothrom na rialacha. Lena chois sin, is minic a bhíonn sé deacair do phaisinéirí a gcearta a fheidhmiú mar nach bhfuil na nósanna imeachta maidir le láimhseáil gearán thar mholadh beirte.

Cad é an t-athchóiriú atá beartaithe?

I mí an Mhárta 2013, mhol an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí athchóiriú ar na rialacháin reatha maidir le cearta aerphaisinéirí agus le dliteanas aerlínte.

Is é is aidhm do na hathruithe atá molta a chinntiú go mbeidh cearta nua feabhsaithe le fáil ag aerphaisinéirí maidir le faisnéis, aire, agus athródú agus iad sáinnithe san aerfort. Ag an am céanna, thabharfaí isteach leis na hathruithe nósanna imeachta níos fearr maidir le gearán a dhéanamh agus bearta forfheidhmithe níos fearr chun go mbeidh ar chumas paisinéirí an méid a bhfuil siad ina theideal a fháil. Tá mar aidhm leis na hathruithe atá beartaithe freisin na limistéir liatha dhlíthiúla sin atá sna rialacha reatha a shoiléiriú, agus roinnt cearta nua a thabhairt isteach.

Go sonrach, féachtar sa togra ón gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar na prionsabail lárnacha seo:

  • 'imthosca urghnácha'
  • ceart cúitimh i gcás moill fhada
  • an ceart go ndéanfaí athródú ar an eitilt
  • an ceart go dtabharfaí aire do phaisinéirí
  • nasceitiltí a cailleadh
  • athsceidealú
  • moill tarmac
  • páirt-toirmeasc a chur ar an mbeartas maidir le ‘neamhláithreacht’
  • an ceart chun faisnéise

Féachtar freisin lena chinntiú go gcuirfear smachtbhannaí éifeachtacha agus comhsheasmhacha i bhfeidhm agus go láimhseálfar go héifeachtach na héilimh agus gearáin a dhéanfaidh daoine. Féachtar freisin le forfheidhmiú níos fearr a dhéanamh ar chearta paisinéirí a mhéid a bhaineann le míláimhseáil bagáiste, acmhainneacht airgeadais na n-aeriompróirí a chur san áireamh, agus na teorainneacha dliteanais a oiriúnú i gcomhréir leis an mboilsciú ginearálta praghsanna.

In 2020, ghlac an Coimisiún treoirlínte léirmhínitheacha maidir leis na rialacha aerphaisinéirí chun treoir a chur ar fáil do shaoránaigh agus aerlínte i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19.

Sa Chomhairle

Thionóil an Chomhairle an chéad díospóireacht maidir leis an togra ag cruinniú den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (TTE) an 10 Deireadh Fómhair 2013. Ó shin i leith, pléadh an togra laistigh den Chomhairle roinnt uaireanta.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh maidir leis an togra ar an gcéad léamh an 5 Feabhra 2014.

Cuireadh an obair ar an togra ar feitheamh go 2019 mar gheall ar roinnt saincheisteanna a bhí fós le réiteach.

Ansin in 2019, chuir Uachtaránacht na Fionlainne tús arís leis an bplé ar an togra. Rinne Parlaimint na hEorpa athdhearbhú ar a seasamh.

I dtús na bliana 2020, rinne Uachtaránacht na Cróite tuilleadh dul chun cinn nuair a chuir sí ar aghaidh tograí nua comhréitigh a raibh sé mar aidhm leo teacht ar chur chuige ginearálta sa Chomhairle.

Níor phléigh an Chomhairle an togra ó 2020 i leith.