Skip to content

Amlíne – An Pacáiste Seirbhísí Digiteacha

  • 2022

    • 19 Deireadh Fómhair

      An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha sínithe ag an gComhairle agus ag an bParlaimint

      An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha sínithe ag Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia, Mikuláš Bek, agus ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola.

      Is é is aidhm don Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an spás digiteach a chosaint ar ábhar neamhdhleathach a scaipeadh, agus cosaint chearta bunúsacha na n-úsáideoirí a chinntiú. Cloítear leis an bprionsabal más neamhdhleathach as líne, is neamhdhleathach ar líne freisin. Beidh feidhm aige maidir le gach idirghabhálaí ar líne a chuireann seirbhísí ar fáil san Aontas.

      An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha sínithe ag Mikuláš Bek agus Roberta Metsola
    • 4 Deireadh Fómhair

      Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle maidir le cearta úsáideoirí a chosaint ar líne

      A formheas deiridh tugtha ag an gComhairle maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA). Tá an Gníomh ar thús cadhnaíochta ar domhan i réimse na rialála digití agus tá sé beartaithe leis go gcruthófar timpeallacht níos sábháilte ar líne. Níl an leibhéal uaillmhéine sin ag aon ghníomh reachtach eile maidir le rialáil ardán agus maoirseacht ar líne agus croíphrionsabail an mhargaidh inmheánaigh á gcaomhnú aige ag an am céanna.

      Leis an nGníomh, déantar an spás digiteach a chosaint ar ábharneamhdhleathach a scaipeadh, agus cosaint chearta bunúsacha na n-úsáideoirí a chinntiú. Sainítear ann freagrachtaí soiléire agus cuntasacht do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, amhail na meáin shóisialta, margaí ar líne, ardáin ar líne agus innill chuardaigh.

    • 14 Meán Fómhair

      An Gníomh um Margaí Digiteacha sínithe ag an gComhairle agus ag an bParlaimint

      An Gníomh um Margaí Digiteacha sínithe ag Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia, Mikuláš Bek, agus ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola.

      Is é is aidhm don togra le haghaidh Gníomh um Margaí Digiteacha earnáil dhigiteach atá iomaíoch agus cothrom a áirithiú d’fhonn an nuálaíocht, táirgí agus seirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán, praghsanna cothroma agus ardchaighdeán agus rogha a chur chun cinn san earnáil dhigiteach.

      Tá an togra dírithe ar ardáin mhóra ar líne, ar a dtugtar ‘geatóirí’, a rialaíonn ardáin chroísheirbhíse amhail margaí, siopaí aipeanna, innill chuardaigh ar líne, líonrú sóisialta agus tuilleadh nach iad.

      Mikuláš Bek agus Roberta Metsola agus iad ag síniú.
    • 18 Iúil

      An Gníomh um Margaí Digiteacha: Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle i dtaca le rialacha nua maidir le hiomaíocht chóir ar líne

      Thug an Chomhairle an formheas deiridh uaithi i dtaca le rialacha nua le haghaidh earnáil dhigiteach atá iomaíoch cothrom tríd an nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA).

      Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, cruthaítear cothrom iomaíochta san earnáil dhigiteach lena ngabhann cearta agus rialacha soiléire d’ardáin mhóra ar líne (‘geatóirí’) chun a chinntiú nach mbainfidh aon cheann acu mí-úsáid as a stádas. Trí rialáil a dhéanamh ar an margadh digiteach ar leibhéal an Aontais, áiritheofar go mbeidh timpeallacht dhigiteach chothrom iomaíoch ann ionas go mbeidh cuideachtaí agus tomhaltóirí in ann tairbhe a bhaint as deiseanna digiteacha.

    • 23 Aibreán

      An Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha: comhaontú sealadach ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa maidir le spás níos sábháilte ar líne

      Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Is é is aidhm don Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha an spás digiteach a choinneáil sábháilte ó earraí, ábhar nó seirbhísí neamhdhleathacha, agus chun cearta bunúsacha a chosaint ar líne.

      Tá feidhm ag an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha maidir le gnólachtaí ar líne a sholáthraíonn seirbhísí san Aontas ó áit ar bith ar domhan. Tá difríochtaí idir na rialacha ag brath ar an tionchar sochaíoch, an tseirbhís agus méid an idirghabhálaí lena mbaineann.

    • 24 Márta

      An Ionstraim um Margaí Digiteacha: an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú

      Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha arb é is aidhm di an earnáil dhigiteach a dhéanamh níos cothroime agus níos iomaíche.

      Leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, sainmhínítear rialacha soiléire le haghaidh ardáin mhóra ar líne. Is é is aidhm di a chinntiú nach ndéanfaidh aon ardán mór ar líne, ar ardán é a fheidhmíonn mar ‘geatóir’ i ndáil le líon mór úsáideoirí, mí-úsáid a bhaint as an bhfeidhm sin a dhéanfadh aimhleas do chuideachtaí ar mian leo rochtain a fháil ar úsáideoirí den chineál sin.

  • 2021

    • 25 Samhain

      A seasamh formheasta ag an gComhairle maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha

      Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta le haghaidh na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, comhad digiteach tábhachtach arb é is aidhm dó spás digiteach sábháilte agus oscailte a chruthú do shaoránaigh an Aontais trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail scaipeadh earraí góchumtha, cibearbhagairtí agus bréagaisnéis.

      Is é príomhaidhm na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha atá beartaithe úsáideoirí idirlín a choinneáil sábháilte ó earraí, ábhar nó seirbhísí neamhdhleathacha, agus a gcearta bunúsacha a chosaint ar líne. Tá sé d'aidhm ag an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha tacar coiteann freagrachtaí a leathnú agus a shoiléiriú do ghnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí ar líne san Aontas, ag cloí leis an bprionsabal gur cheart an rud atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne freisin

      Bolgáin aonair a léiríonn na Ballstáit éagsúla agus a sonraí r-thráchtála
      An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

      An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

    • 25 Samhain

      A seasamh formheasta ag an gComhairle maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha

      Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta le haghaidh an Ionstraim um Margaí Digiteacha, comhad tábhachtach arb é is aidhm dó mórchuideachtaí teicneolaíochta a rialáil agus cothrom na Féinne a thabhairt do ghnólachtaí an Aontais.

      Is é is aidhm don togra le haghaidh Ionstraim um Margaí Digiteacha earnáil dhigiteach atá iomaíoch agus cothrom a áirithiú d’fhonn an nuálaíocht, táirgí agus seirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán, praghsanna cothroma agus ardchaighdeán agus rogha a chur chun cinn san earnáil dhigiteach. Tá an togra dírithe ar ardáin mhóra ar líne, ar a dtugtar ‘geatóirí’, a rialaíonn ardáin chroísheirbhíse amhail margaí, siopaí aipeanna, innill chuardaigh ar líne, líonrú sóisialta agus tuilleadh nach iad.

      Íomhá de ghníomh de chuid an Aontais a bhfuil poncanna buí agus gorma le feiceáil taobh thiar di, poncanna a sheasann d’ardáin FBManna ar líne
      An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

      An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

    • 22 Deireadh Fómhair

      Dul chun cinn pras maidir leis an gclár oibre digiteach iarrtha ag ceannairí an Aontais

      Le linn na Comhairle Eorpaí, leag ceannairí an Aontais béim ar a thábhachtaí atá an claochlú digiteach don fhás eacnamaíoch, do chruthú post agus don iomaíochas agus chuir siad i bhfios go láidir an gá atá le beartais dhigiteacha a bheidh cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus béim ar leith á leagan ar scileanna digiteacha agus ar an oideachas digiteach.

      D'iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí scrúdú go pras ar chlár beartais an Choimisiúin Eorpaigh ‘Conair go dtí an Deacáid Dhigiteach’, agus mhol siad don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú uaillmhianach maidir leis an rialachán fánaíochta, an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha a luaithe is féidir. Rinne siad athbhreithniú freisin ar an dul chun cinn atá déanta maidir le príomhchomhaid reachtacha le haghaidh spásanna sonraí earnálacha, intleacht shaorga, Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, agus éiceachóras Eorpach micrishliseanna.

      Maidir le cúrsaí cibearshlándála, thug ceannairí an Aontais aghaidh ar an méadú suntasach atá tagtha ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha atá dírithe ar an mbonn a bhaint de luachanna daonlathacha, agus d'athdhearbhaigh siad tiomantas an Aontais do chibearspás atá oscailte, saor, cobhsaí agus slán. Chuige sin, d'iarr siad go leanfaí leis an obair ar na tograí le haghaidh an treoir athbhreithnithe maidir le slándáil gréasán agus córas faisnéise, le haghaidh an treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus le haghaidh bhosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta.

    • 27 Bealtaine

      Gníomh na Seirbhísí Digiteacha pléite ag na hairí

      Ar bhonn nóta ón uachtaránacht, bhí an chéad díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis na gnéithe de Ghníomh na Seirbhísí Digiteacha agus den Ghníomh um Margaí Digiteacha a mheasann siad a bheith riachtanach chun neartú an mhargaidh aonair dhigitigh agus spás ar líne níos sábháilte a ráthú, ina gcosnaítear cearta bunúsacha agus ina mbeidh an t-iomaíochas cothrom agus saor.

      Leag siad béim ar an ngá atá le rialacha soiléire, comhréireacha a sheasfaidh an aimsir, lena ráthaítear an meascán ceart de dheimhneacht dhlíthiúil agus de sholúbthacht agus lena gcothaítear nuálaíocht agus iomaíochas i margadh aonair digiteach an Aontais. Luadh sásraí forfheidhmithe éifeachtúla ar leibhéal an Aontais, le rannpháirtíocht na n-údarás náisiúnta ábhartha, mar shásraí ríthábhachtacha chun go n-éireoidh leis an tionscadal.

  • 2020

    • 2 Deireadh Fómhair

      An bealach chun cinn maidir leis an aistriú digiteach comhaontaithe ag ceannairí an Aontais

      Phléigh ceannairí an Aontais an claochlú digiteach ag cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bhí ar siúl an 1-2 Deireadh Fómhair 2020.

      Dúirt na ceannairí go raibh siad ag tnúth leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha faoi dheireadh 2020. Ina theannta sin, d'iarr siad ar an gCoimisiún Compás Digiteach cuimsitheach a thíolacadh faoi mhí an Mhárta 2021 ina leagfar amach uaillmhianta nithiúla digiteacha an Aontais do 2030. D'aontaigh ceannairí an Aontais go gcuirfí 20 %, ar a laghad, de chistí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil don aistriú digiteach, agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide freisin. I dteannta na suimeanna a bheidh le fáil faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais, ba cheart go gcuideodh na cistí sin le leithéidí na gcuspóirí seo a leanas a chur chun cinn:

      • forbairt Eorpach na chéad ghlúine eile de theicneolaíochtaí digiteacha a chothú, ar a mbeadh sár-ríomhairí agus ríomhaireacht chandamach, blocshlabhra, etc.,
      • acmhainneachtaí a fhorbairt i slabhraí luacha digiteacha straitéiseacha, go háirithe micreaphróiseálaithe
      • dlús a chur le cur in úsáid bonneagar líonra fíor-ardacmhainneachta, slán, snáithín agus 5G san áireamh
      • feabhas a chur ar chumas an Aontais é féin a chosaint ar chibearbhagairtí
      • úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun spriocanna uaillmhianacha comhshaoil an Aontais a bhaint amach
      • acmhainneachtaí digiteacha sna córais oideachais a uasghrádú
      I ngeall ar phaindéim COVID-19, léiríodh arís a riachtanaí atá sé dlús a chur leis an aistriú digiteach san Eoraip. (…) Ach margadh aonair digiteach a chur ar bun, beidh againn creat dár gcuid féin a chuirfidh ar chumas cuideachtaí Eorpacha fás agus méadú. Conclúidí ón gComhairle Eorpach