Skip to content

An pacáiste seirbhísí digiteacha

Is é an pacáiste seirbhísí digiteacha freagairt an Aontais ar an ngá atá ann an spás digiteach a rialáil. Sainítear ann bearta chun úsáideoirí ar líne a chosaint agus tacaíonn sé leis an nuálaíocht.

Spás digiteach sábháilte oscailte do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais

Cuid thábhachtach de mhargadh digiteach agus de gheilleagar digiteach an Aontais is ea ardáin ar líne. Aithníonn Ballstáit an Aontais gur gá na rialacha maidir le seirbhísí digiteacha a neartú, a nuachóiriú agus a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • sábháilteacht úsáideoirí ar líne a chinntiú
  • ligean do ghnólachtaí digiteacha nuálacha fás

Bhí creat dlíthiúil an Aontais do sheirbhísí digiteacha gan athrú ó glacadh an treoir maidir le ríomhthráchtáil in 2000 agus, dá bhrí sin, bhí géarghá lena thabhairt cothrom le dáta. Idir an dá linn, d’athraigh teicneolaíochtaí digiteacha, samhlacha gnó agus seirbhísí gnó ar luas nach bhfacthas roimhe seo.

Chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha i láthair i mí na Nollag 2020. Áirítear ann:

  • an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
  • an Gníomh um Margaí Digiteacha

Ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an dá ghníomh reachtacha go tapa in 2022.

Déanann na rialacha nua an spás digiteach agus seirbhísí digiteacha a rialú ar bhealach níos fearr, ardáin na meán sóisialta san áireamh. Déanann siad an méid a leanas:

  • a chinntiú go bhfuil rochtain ag úsáideoirí digiteacha ar tháirgí sábháilte agus cearta bunúsacha úsáideoirí a chosaint
  • iomaíocht chothrom shaor a cheadú sna hearnálacha digiteacha chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin bhfás

Cé a bhainfidh tairbhe as na rialacha nua maidir le seirbhísí digiteacha?

Rachaidh na rialacha nua maidir le seirbhísí digiteacha chun tairbhe do raon leathan úsáideoirí agus ardán, amhail:

  • saoránaigh
  • soláthraithe seirbhísí digiteacha
  • úsáideoirí gnó na seirbhísí digiteacha
  • an tsochaí i gcoitinne

Do shaol ar líne: Cad é atá á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte duit é?


Tá an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach chun an timpeallacht dhigiteach a fheabhsú ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad. Ní mór ár saol digiteach a bheith sábháilte, éasca agus measúil ar shaoirsí bunúsacha.

I bhfianaise na nuashonruithe ar an dá phríomhrialachán chun saol níos sábháilte agus níos éasca ar líne a chinntiú d’úsáideoirí, tá tuilleadh eolais ar fáil sa scéal gné thíos faoina bhfuil á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte do shaol ar líne.

Do shaol ar líne: Cad é atá á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte duit é?

Cad é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha?

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, dírítear ar thimpeallacht níos sábháilte a chruthú ar líne d’úsáideoirí agus do chuideachtaí digiteacha, agus ar chearta bunúsacha sa spás digiteach a chosaint trí rialacha nua a bhunú maidir leis na nithe seo a leanas:

  • ábhar neamhdhleathach ar líne a chomhrac, amhail earraí, seirbhísí agus faisnéis, agus lánurraim á tabhairt don Chairt um Chearta Bunúsacha
  • dul i ngleic le rioscaí sochaíocha ar líne
  • inrianaitheacht trádálaithe i margaí ar líne
  • bearta trédhearcachta le haghaidh na n-ardán ar líne
  • maoirseacht fheabhsaithe

Bunaíonn sé tacar freagrachtaí agus creat soiléir cuntasachta agus trédhearcachta a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, amhail:

  • margaí ar líne
  • líonraí sóisialta
  • ardáin comhroinnte ábhair
  • ardáin taistil agus lóistín ar líne

Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar gach idirghabhálaí ar líne a thairgeann a sheirbhísí sa mhargadh aonair, bídís bunaithe san Aontas nó lasmuigh de, na rialacha nua a chomhlíonadh.

Beidh oibleagáidí ar chuideachtaí a bheidh comhréireach le cineál a seirbhísí chomh maith lena méid agus a dtionchar. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ardáin an‑mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne faoi réir ceanglais níos déine.

Buntáistí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha

Cosnóidh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha cearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, go háirithe saoránaigh an Aontais.

Tabharfar de chumhacht d’úsáideoirí ar líne san Aontas níos mó smachta a bheith acu ar a bhfeiceann siad ar líne, a bheith in ann na fógraí a fheiceann siad a thuiscint nó a bheith eolach fúthu. Beidh úsáideoirí in ann a chur in iúl gurb ann d’ábhar neamhdhleathach, agus beidh sé d’oibleagáid ar an ardán fógra a thabhairt dóibh faoi na cinntí a dhéanfaidh siad.

Méadóidh an dlí, trédhearcacht na rialacha maidir le modhnóireacht ábhair ar líne, agus beidh rochtain níos fearr ag údaráis agus ag taighdeoirí ar shonraí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an spás ar líne, ar an tionchar sochaíoch a ghabhann leis agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tabharfar cosaint níos fearr do mhionaoisigh freisin. Cuirfear toirmeasc ar ardáin a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu fógraíocht spriocdhírithe a chur i láthair bunaithe ar úsáid sonraí pearsanta mionaoiseach mar a shainítear sin i ndlí an Aontais.

Tá na rialacha a leagtar amach faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ceaptha chun an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:

  • an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil
  • an tsaoirse chun gnó a sheoladh
  • an ceart chun neamh-idirdhealaithe
Bolgáin aonair a léiríonn na Ballstáit éagsúla agus a sonraí r-thráchtála
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

Sásra géarchéime i bhfianaise fhogha na Rúise faoin Úcráin

I gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin agus na n-iarmhairtí maidir le cúbláil faisnéise ar líne, cuireadh airteagal nua leis an téacs lena dtugtar isteach sásra um fhreagairt ar ghéarchéimeanna.

Leis an sásra sin, beifear in ann anailís a dhéanamh ar thionchar ghníomhaíochtaí na n-ardán an‑mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne ar an ngéarchéim atá i gceist agus cinneadh a dhéanamh maidir le bearta chun a chinntiú go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú.

Cad é an Gníomh um Margaí Digiteacha?

Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, dírítear ar chothrom na Féinne a chinntiú do gach cuideachta digiteach, gan beann ar a méid. Is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha earnáil dhigiteach iomaíoch chothrom a ráthú trí na nithe seo a leanas:

  • cosc a chur ar chleachtais éagóracha na n-ardán ar líne a bhfuil an sciar is mó den mhargadh acu
  • deis a thabhairt d’úsáideoirí gnó tuilleadh roghanna a thairiscint do thomhaltóirí
  • seirbhísí níos fearr agus praghsanna níos cothroime a chur ar fáil do thomhaltóirí
  • cearta agus oibleagáidí soiléire a fhorchur ar ardáin mhóra ar líne
  • an nuálaíocht agus timpeallacht ardáin ar líne níos cothroime do ghnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta a chur chun cinn

Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, sainítear rialacha soiléire d’ardáin mhóra. Is é is aidhm aige a chinntiú nach ngníomhóidh aon ardán mór ar líne mar ‘geatóir’, is é sin le rá, gníomhaí príobháideach a chumann rialacha sna margaí digiteacha trí ar a laghad ceann amháin de na ‘croísheirbhísí ardáin’, mar a thugtar orthu, a rialú.

Áirítear leis na croísheirbhísí ardáin:

  • seirbhísí idirghabhála ar líne (i.e. margaí, aipmhargaí)
  • innill chuardaigh ar líne
  • líonraí sóisialta
  • néalseirbhísí
  • seirbhísí fógraíochta

Céard iad na hardáin a mheastar gur geatóirí iad?

Chun go measfaí mar gheatóir é, ní mór d’ardán na critéir seo a leanas a chomhlíonadh: láimhdeachas bliantúil a bheith aige nach lú ná €7.5 billiún laistigh den Aontas Eorpach (an tAontas) le 3 bliana anuas nó luacháil margaidh a bheith aige nach lú ná €75 bhilliún, agus ar a laghad 45 mhilliún úsáideoir deiridh in aghaidh na míosa a bheith aige chomh maith le ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó bunaithe san Aontas.

Ina theannta sin, ní mór don ardán croísheirbhís ardáin amháin nó níos mó a rialú i dtrí Bhallstát ar a laghad.

Íomhá de ghníomh de chuid an Aontais a bhfuil poncanna buí agus gorma le feiceáil taobh thiar di, poncanna a sheasann d’ardáin FBManna ar líne
An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

Na hiarmhairtí do na geatóirí

Ní bheidh na geatóirí in ann:

  • a dtáirgí nó a seirbhísí féin a aicmiú ar bhealach níos fabhraí ná táirgí nó seirbhísí gníomhaithe margaidh eile
  • cosc a chur ar fhorbróirí ardáin íocaíochta tríú páirtí a úsáid le haghaidh díolacháin aipeanna
  • sonraí pearsanta úsáideoirí a phróiseáil le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe, mura dtugtar toiliú
  • coinníollacha éagóracha a bhunú d’úsáideoirí gnó
  • feidhmchláir áirithe bogearraí a réamhshuiteáil nó cosc a chur ar úsáideoirí iad a dhíshuiteáil go héasca
  • srian a chur ar úsáideoirí gnó na n-ardán

Beidh ar na geatóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tuilleadh roghanna a thairiscint, mar shampla, rogha bogearraí áirithe a bheith ar fáil ar chóras oibriúcháin an úsáideora
  • a chinntiú go bhfuil sé chomh héasca céanna díliostáil ó chroísheirbhísí ardáin agus atá sé liostáil leo
  • faisnéis a chur ar fáil maidir le líon na n-úsáideoirí a thugann cuairt ar a n-ardáin chun a chinneadh an féidir an t-ardán a shainaithint mar gheatóir nó nach féidir
  • rochtain a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar a sonraí feidhmíochta margaíochta nó fógraíochta ar an ardán
  • an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chumaisc agus éadálacha ábhartha
  • a chinntiú go bhfuil feidhmiúlachtaí bunúsacha na seirbhísí teachtaireachtaí meandracha idir-inoibritheach, i.e. a chur ar chumas úsáideoirí teachtaireachtaí a mhalartú, teachtaireachtaí gutha nó comhaid a sheoladh

iomaíocht chóir na seirbhísí digiteacha ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir le cuideachtaí agus tomhaltóirí an leas céanna a bhaint as deiseanna digiteacha. Leis sin, spreagfar níos mó nuálaíochta agus cuirfear borradh faoi chosaint tomhaltóirí.

Cé a chinntíonn go gcomhlíonann na geatóirí na rialacha?

Chun ardleibhéal comhchuibhithe a chinntiú sa mhargadh inmheánach, is é an Coimisiún Eorpach amháin a fhorfheidhmíonn an Rialachán.

Chun a chinntiú go bhfuil tuiscint shoiléir ag geatóirí ar na rialacha nach mór dóibh a chomhlíonadh, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach a chinneadh páirt a ghlacadh in idirphlé rialála.

Cuirfear coiste comhairleach agus grúpa ardleibhéil i bhfeidhm chun cuidiú leis an gCoimisiún Eorpach agus chun an obair a dhéanann sé a éascú.

An méid a tharlaíonn mura gcomhlíonann geatóirí na rialacha

Nuair a shainaithnítear cuideachta mór ar líne mar gheatóir, ní mór dó rialacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh laistigh de shé mhí.

sháraíonn geatóir na rialacha a leagtar síos sa Ghníomh um Margaí Digiteacha, tá baol ann go ngearrfaí fíneáil suas le 10% dá láimhdeachas domhanda iomlán air. Má dhéantar tuilleadh sáruithe, is féidir fíneáil suas le 20% dá láimhdeachas domhanda a fhorchur.

Má theipeann ar gheatóir go córasachan Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh, i.e. má sháraíonn sé na rialacha ar a laghad trí huaire in ocht mbliana , is féidir leis an gCoimisiún Eorpach imscrúdú margaidh a thionscnamh agus, más gá, bearta feabhais iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur.