Amlíne - Rochtain níos fearr ar r-fhianaise i ngleic na coireachta
-
2023
-
14 Feabhra Údarú tugtha ag an gComhairle do na Ballstáit prótacal de chuid Choinbhinsiún Bhúdaipeist a dhaingniú
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) a dhaingniú, chun leas an Aontais.
Cuirfidh an prótacal feabhas ar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach atá le n-úsáid in imeachtaí coiriúla. Cuideoidh sé le comhrac na cibearchoireachta agus cineálacha eile coireachta go domhanda tríd an gcomhar idir na Ballstáit agus tríú tíortha a shimpliú, agus ardleibhéal cosanta do dhaoine aonair mar aon le comhlíonadh chaighdeáin cosanta sonraí an Aontais á gcinntiú ag an am céanna.
-
25 Eanáir Comhaontú dearbhaithe ag an gComhairle i ndáil leis na rialacha nua chun rochtain trasteorann ar r-fhianaise a fheabhsú
Dhearbhaigh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais an comhaontú ar thángthas air idir Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an dréachtrialachán agus an dréacht-treoir maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise.
Leis na téacsanna a comhaontaíodh, beidh na húdaráis ábhartha in ann orduithe breithiúnacha ar fhianaise leictreonach a sheoladh go díreach chuig soláthraithe seirbhíse i mBallstát eile.
-
2022
-
5 Aibreán Rochtain ar r-fhianaise: Údarú tugtha ag an gComhairle do na Ballstáit comhaontú idirnáisiúnta a shíniú
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais, an dara prótacal breise a ghabhann leis an gcoinbhinsiún maidir le cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) a d’eagraigh Comhairle na hEorpa a shíniú.
Cuirfidh an prótacal sin feabhas ar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach chun gur féidir í a úsáid in imeachtaí coiriúla. Cuirfidh sé le comhrac na cibearchoireachta agus cineálacha eile coireachta ar an leibhéal domhanda tríd an gcomhar idir na Ballstáit agus tríú tíortha a shimpliú, agus ardleibhéal cosanta á chinntiú do dhaoine aonair agus comhlíonadh chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint sonraí á chinntiú ag an am céanna.
-
2019
-
6-14 Meitheamh Sainordú tugtha ag an gComhairle don Choimisiún chun caibidlíocht a dhéanamh i leith comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le r-fhianaise
Ghlac an Chomhairle dhá shainordú lena dtugtar údarás don Choimisiún:
- caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais Eorpaigh i leith comhaontú leis na Stáit Aontaithe chun rochtain ar r-fhianaise a éascú chun críche comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla
- páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht i gComhairle na hEorpa ar an dara prótacal breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an gCibearchoireacht
Is é is aidhm don chomhaontú sin agus don dara prótacal breise rochtain ar r-fhianaise a éascú, amhail ríomhphoist nó doiciméid atá stóráilte ar sheirbhísí néalríomhaireachta, chun gur féidir iad a úsáid in imeachtaí coiriúla. Má thugtar i gcrích amach anseo iad, comhlánóidh siad creat an Aontais maidir le rochtain ar r-fhianaise atá á phlé faoi láthair ag institiúidí an Aontais agus ar ghlac an Chomhairle a seasamh ina leith i mí na Nollag 2018 agus mí an Mhárta 2019.
-
8 Márta A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha chun ionadaithe dlíthiúla a cheapadh d'fhonn fianaise a bhailiú
Tháinig an Chomhairle ar a seasamh inniu i ndáil leis an treoir maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh d'fhonn fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Beidh an treoir sin ina huirlis riachtanach do chur chun feidhme an rialacháin a bheidh ann amach anseo maidir le horduithe Eorpacha tíolactha agus caomhnaithe i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla, ar rialachán é ar ghlac an Chomhairle a seasamh ina leith i mí na Nollag seo caite. Leagann sé amach na rialacha maidir le hionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhíse a cheapadh, a bhfuil sé mar ról acu a leithéid d'orduithe a fháil agus freagairt orthu.
-
2018
-
7 Nollaig Rialachán maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an rialachán maidir le horduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe Eorpacha i gcomhair r-fhianaise in ábhair choiriúla. Tá sí réidh anois tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa leis an aidhm go dtiocfar ar chomhaontú roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh.
-
11 Deireadh Fómhair An rialachán maidir le horduithe chun fianaise a thabhairt ar aird, agus na horduithe caomhnaithe Eorpacha, pléite ag na hairí ceartais
Phléigh na hairí ceartais an rialachán maidir le horduithe chun fianaise a thabhairt ar aird, agus na horduithe caomhnaithe Eorpacha. Bhí cuid mhaith de na Ballstáit sásta teacht ar chomhréiteach agus plé a dhéanamh maidir le nós imeachta um fhógra de chineál éigin a áireamh ann. Leanfar den obair ar leibhéal na saineolaithe féachaint le sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar na príomhghnéithe a chuirfí in a leithéid de ''fhógra''.
-
4 Meitheamh Gníomh CLOUD na Stát Aontaithe: iarraidh déanta ag na hairí go rachfaí i mbun caibidlíochta le húdaráis SAM
Phléigh na hairí ceartais agus gnóthaí baile an pacáiste maidir le r-fhianaise. I dtaca leis an ngníomh CLOUD, a glacadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí, bhí an Chomhairle i bhfách le cur chuige amháin ar leibhéal an Aontais. Molann sí don Choimisiún leanúint den teagmháil atá ar siúl aige le húdaráis SAM agus sainordú caibidlíochta a thíolacadh go práinneach.
-
17 Aibreán Tograí maidir le r-fhianaise tíolactha ag an gCoimisiún
Thíolaic an Coimisiún Eorpach pacáiste tograí reachtacha maidir le r-fhianaise:
- rialachán maidir le horduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla
- treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla
-
2017
-
20 Samhain Togra reachtach nua iarrtha sna conclúidí ón gComhairle
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cibearshlándáil théagartha a chruthú don Aontas. Sna conclúidí uaithi, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh i dtús na bliana 2018 chun an rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach a fheabhsú. D'iarr sí freisin ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh faoi mhí na Nollaig 2017 maidir leis an dul chun cinn a bhí déanta chun bearta praiticiúla a chur chun feidhme a d'fheabhsódh an rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach.
-
23 Meitheamh Arsa ceannairí an Aontais: ní gleic na sceimhlitheoireachta go rochtain ar r-fhianaise
Sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh 2017, mheas an Chomhairle Eorpach gur den riachtanas rochtain éifeachtach ar fhianaise leictreonach a bheith ann chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
-
2016
-
9 Meitheamh Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an gceartas coiriúil sa chibearspás a fheabhsú. Sna conclúidí uaithi, ba dhíol béime ag an gComhairle an méadú a bhí ag teacht ar thábhacht na r-fhianaise in imeachtaí coiriúla i gcás gach cineál coireachta agus go háirithe i gcás na sceimhlitheoireachta. Leagtar amach sna conclúidí bearta nithiúla maidir leis an obair agus leis an ngníomhaíocht a eascróidh as na conclúidí.
-
24 Márta D'aithle shléacht na Bruiséile, tá rochtain níos fearr ar r-fhianaise iarrtha ag na hairí ceartais agus gnóthaí baile
Sa ráiteas comhpháirteach uathu, a eisíodh dhá lá tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil, chuir na hairí ceartais agus gnóthaí baile i dtreis nár mhór bealaí níos gasta agus níos éifeachtaí a aimsiú chun teacht ar fhianaise dhigiteach.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025