- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 21 Meitheamh 2017 12:45
Eitlíocht ETS: Deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le laghduithe astaíochtaí tar éis 2016
Ar an 21 Meitheamh, tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú i ndáil le seasamh caibidlíochta na Comhairle chun na forálacha atá ann cheana lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí eitlíochta sa rialachán maidir le córas trádála astaíochtaí (ETS) an Aontais, a shíneadh níos faide ná 2016, agus ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh cur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda amhail ó 2021. Tá an Chomhairle réidh anois le dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa.
Is freagairt é an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin nua don chomhaontú ar tháinig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) air i mí Dheireadh Fómhair 2016 maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a thabhairt isteach ó 2021 d’fhonn astaíochtaí idirnáisiúnta eitlíochta a rialú trí chóras fritháirithe, ar a dtugtar CORSIA (an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta). Tacaíonn an tAontas leis an mbeart seo agus tá sé mar aidhm aici a bheith páirteach sa chéad chéim den fheidhmiú, atá ar bhonn deonach.
Leis an gcomhaontú a thángthas air sa Chomhairle, tacaítear le príomhghnéithe an togra ón gCoimisiún:
- na teorainneacha atá ann faoi láthair a choimeád faoi raon feidhme EU ETS, go háirithe tríd an maolú a fhadú i gcás eitiltí nach ndéantar laistigh de LEE;
- forálacha a leagan amach d'athbhreithniú i bhfianaise an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda a bheith á chur chun feidhme san Aontas, go háirithe sa treoir ETS, a luaithe a ghlacfar na cinntí ICAO ar fad;
- faoi réir an athbhreithnithe seo, foráiltear d’fheidhmiú an fhachtóra laghdaithe línigh i gcás oibreoirí aerárthaí ó 2021 ar aghaidh san earnáil eitlíochta.
Chomh maith leis sin, rinneadh leasú ar théacs an togra ón gCoimisiún, go háirithe chun soiléiriú a dhéanamh ar an bpróiseas athbhreithnithe.
Caithfear an togra a ghlacadh faoi dheireadh na bliana seo chun nach mbeidh bearna dlíthiúil ann maidir leis an rialachán ETS atá ann faoi láthair a bheith á chomhlíonadh in 2017 agus chun cinnteacht a áirithiú d’oibreoirí aerárthaí agus d’údaráis bhainistíochta. Is é an 1 Aibreán agus an 1 Bealtaine 2018 faoi seach na dátaí le lamháltais ó astaíochtaí a thuairisciú agus a thabhairt suas in 2017.
Na chéad chéimeanna eile agus cúlra
I bParlaimint na hEorpa, tá vóta le caitheamh sa Choiste ENVI ar an dréacht-tuarascáil maidir leis an togra ar an 11 Iúil agus meastar nach mbeidh vóta iomlánach ann go dtí mí Mheán Fómhair.
Thíolaic an Coimisiún togra ar an 3 Feabhra 2017 agus chuir sé i láthair na Comhairle Comhshaoil é ar an 28 Feabhra.
ETS agus ICAO - cúlra
Seoladh an scéim trádála astaíochtaí (ETS) in 2005 leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais. Tá an earnáil eitlíochta mar chuid den reachtaíocht ETS atá ann cheana. Cuidíonn na hastaíochtaí ón eitlíocht leis an sprioc atá ag an Aontas laghdú 20% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2020 le hais na leibhéal a bhí ann i 1990.
Meabhraítear gur chinn an tAontas in 2014raon feidhme na scéime ETS a laghdú chun nach mbeadh feidhm aici ach i gcás eitiltí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) chun go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht sa ICAO agus é mar aidhm soiléiriú a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí ó eitiltí idirnáisiúnta a nascann LEE agus tríú tíortha. Cuireadh teorainn ama leis an maolú i gcás eitiltí nach ndéantar laistigh de LEE ina dhiaidh sin go dtí deireadh 2016.
Tá caibidlíocht á déanamh faoi láthair ar an athchóiriú ETS don tréimhse 2021-2030. Beartaítear go ndéanfar athbhreithniú ar an athchóiriú nuair a bheidh oibleagáidí dlíthiúla ICAO soiléir ó thaobh an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme. Áiritheofar comhsheasmhacht freisin leis an ngealltanas a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí le hais na leibhéal a bhí ann i 1990 faoin mbliain 2030.
Dírítear le beart seo ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda ar mhoill a chur ar fhás na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil eitlíochta agus na figiúirí a chobhsú ag leibhéil na bliana 2020. Beidh sé éigeantach an beart a fheidhmiú sna príomhthíortha eitlíochta in 2027, ach seolfar céim thosaigh sa bhliain 2021, a mbeidh tíortha in ann a bheith páirteach ann dá ndeoin féin.
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024