- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 23 Feabhra 2018 20:00
A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe neamhfhoirmiúil a bhí ag na 27 gceann stáit nó rialtais, an 23 Feabhra 2018
Bhí plé againn inniu faoi na tosaíochtaí polaitiúla sin de chuid an Aontais is mian linn a léiriú sa bhuiséad ilbhliantúil iar-2020. Bíonn an chaibidlíocht bhuiséadach deacair i gcónaí. An uair seo, áfach, tá an díospóireacht á déanamh agus comhthéacs geopholaitiúil éagsúil i réim ar fud na hEorpa agus aird againn ar Brexit chomh maith céanna. Agus tá áthas orm a rá gur le haigne oscailte seachas le línte dearga a chuaigh na ceannairí i mbun plé. Chomhaontaíomar go gcaithfeadh an tAontas níos mó airgid ar an imirce neamhdhleathach a shrianadh, ar an gcosaint agus ar an tslándáil, agus ar chlár Erasmus+. Chuir go leor de na ceannairí béim ar an tábhacht leanúnach a bhaineann leis an mbeartas comhtháthaithe, leis an gComhbheartas Talmhaíochta, le hinfheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht agus le bonneagar uile-Eorpach. Is léir go bhfuil nasc idir na tosaíochtaí agus méid an bhuiséid, agus sa chomhthéacs sin, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an mbearna ioncaim atá ann mar thoradh ar Brexit.
In ainneoin na ngnáthdhifríochtaí, tá na ceannairí uile réidh le dul i mbun oibre ar bhuiséad agus ar bheartais an Aontais a nuachóiriú. Agus tá go leor Ballstát réidh chun ranníocaíochtaí níos mó a dhéanamh maidir leis an mbuiséad don tréimhse i ndiaidh 2020.
A mhéid a bhaineann le huainiú ár gcuid caibidlíochta, d’aontaíomar gur cheart dúinn díriú ar luas a chur leis an obair le hais na caibidlíochta a bhí ann roimhe seo. Ach is cosúil go mbeidh sé deacair go maith teacht ar chomhaontú sa Chomhairle Eorpach i mbliana. Beimid in ann measúnú níos fearr a dhéanamh ar chúrsaí a luaithe a bheidh an togra ón gCoimisiún againn.
Chíoramar ceist institiúidí an Aontais freisin, ábhar mór de chuid bholgán na Bruiséile.
Labhraíomar faoi chomhdhéanamh nua Pharlaimint na hEorpa i ndiaidh 2019. Thacaigh na ceannairí go ginearálta leis an smaoineamh gur cheart níos lú suíochán a bheith ann más lú líon na mBallstát, rud a chiallaíonn go laghdófaí líon na FPEnna ó 751 go 705.
Maidir le saincheist na n-iarrthóirí tosaigh — na Spitzenkandidaten nó naSpitzenkandidatinnen mar a thugtar orthu — bhíothas ar aon fhocal nach bhféadfadh an Chomhairle Eorpach a ráthú roimh ré go molfadh sí ceann de na hiarrthóirí tosaigh mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach. Níl aon uathoibríocht sa phróiseas seo. Tá sé leagtha síos go rí-shoiléir sa Chonradh gur inniúlacht uathrialaitheach de chuid Comhairle na hEorpa é iarrthóir a ainmniú, agus na toghcháin Eorpacha á gcur san áireamh, agus tar éis di comhairliúcháin iomchuí a dhéanamh.
Maidir le liostaí trasnáisiúnta, fillfidh na ceannairí ar an tsaincheist seo amach anseo.
Luaigh Jean-Claude an smaoineamh go bhféadfaí an dá phost againn a chumasc, ach níor léiríodh aon spéis an moladh sin a chur chun cinn. Sin mar gheall, thar aon ní eile, go gciallódh sé laghdú suntasach ar ról na mBallstát san Aontas.
Chuir mé in iúl do na ceannairí inniu freisin go dtíolacóinn na dréacht-treoirlínte maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe amach anseo ag cruinniú mullaigh mhí an Mhárta. Tá sé de rún againn na treoirlínte seo a ghlacadh, is cuma cé acu an bhfuil an Ríocht Aontaithe réidh lena fís maidir lenár gcaidreamh amach anseo, nó nach bhfuil. B'fhearr go mór, ar ndóigh, dá mbeadh an Ríocht Aontaithe réidh ag an staid chéanna linn féin. Ach ní féidir linn a bheith díomhaoin agus ag fanacht. Tá súil agam go mbeidh níos mó soiléireachta agam maidir le pleananna na Ríochta Aontaithe an tseachtain seo chugainn nuair a chasfaidh mé leis an bPríomh-Aire May i Londain.
Tráthnóna inniu, chuir an tUachtarán Anastasiades agus an Príomh-Aire Tsipras na ceannairí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir le sáruithe neamhdhleathacha na Tuirce in oirthear na Meánmhara agus sa Mhuir Aeigéach. Thar ceann ceannairí uile an Aontais, ba mhaith liom a chur in iúl go seasaimid gualainn ar ghualainn leis an gCipir agus leis an nGréig, agus iarraimid mar ábhar práinne ar an Tuirc deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí sin. Athdhearbhaím ár dtacaíocht do cheart ceannasach Phoblacht na Cipire a hacmhainní nádúrtha a fhiosrú agus a shaothrú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.
Tá na gníomhaíochtaí sin ag teacht salach ar ghealltanas na Tuirce maidir le dea-chaidreamh comharsanachta agus normalú a caidrimh leis na Ballstáit uile. Táimid réidh le comhoibriú leis an Tuirc agus déanfaimid measúnú ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta an bhfuil na coinníollacha ann chun cruinniú na gceannairí a reáchtáil leis an Tuirc i Varna ar an 26 Márta.
Ar deireadh — agus creidim féin — an rud is tábhachtaí, cás na Siria. Tá ionsuithe brúidiúla á ndéanamh ag réimeas Assad ar fhir, ar mhná agus ar pháistí neamhurchóideacha. Tá a lucht tacaíochta, an Rúis agus an Iaráin, ag ceadú na n-ionsuithe seo. Tathantaímid orthu stop a chur leis an bhforéigean seo. Iarrann an tAontas sos cogaidh láithreach, chun rochtain dhaonnúil phráinneach a chur ar fáil agus chun sibhialtaigh a chosaint.
Tras-scríbhinn sheisiún na gceisteanna agus na bhfreagraí:
Ní bhainfidh uathoibríocht le rogha an chéad Uachtarán eile ar an gCoimisiún Eorpach, ach an aontaíonn tú le lucht tacaíochta phróiseas na Spitzenkandidaten gur daonlathaí an cur chuige é sin? An é nach bhfuil an próiseas mar atá sa Chonradh faoi láthair chomh daonlathach céanna ?
A mhéid a bhaineann le próiseas an Spitzenkandidat: níl bunús ar bith leis an smaoineamh gur daonlathaí an próiseas é próiseas na Spitzenkandidaten. Is é atá sa Chonradh gurb iad ceannairí na mBallstát, arna dtoghadh go daonlathach, is ceart Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a mholadh, agus gurb iad feisirí Pharlaimint na hEorpa, arna dtoghadh go daonlathach, is ceart an tUachtarán a thoghadh. Is é atá ansin dlisteanacht dhaonlathach dhúbailte Uachtarán an Choimisiúin. Dá ngearrfaí amach ceachtar den dá fhoinse dhlisteanachta sin, is lú daonlathais a bhainfeadh leis an gcur chuige seachas a mhalairt. Ar ndóigh, ní dhéanfaí thú a eisiamh ó bheith i d'Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach más Spitzenkandidat tú. Tá mé lánchinnte go bhféadfadh sé do sheans a mhéadú fiú, tá an méid sin soiléir, ach níl aon uathoibríocht ann agus ní féidir sin a bheith ann ach an oiread.
Maidir le coinníollacht, an raibh tionchar ar bith ag an ráiteas a rinne an Seansailéir Merkel ar an díospóireacht inniu? Ar léiríodh aon tuairimí faoi íocaíochtaí a choinníollú amach ar an gcéad CAI eile chun glacadh le dídeanaithe?
Níor chuala mé ach frithghníomhartha dearfacha faoin tuairim seo. Ba dhea-ábhar iontais dom é sin ós rud é nár cuireadh aon cheist i dtaobh na coinníollachta. Dúirt Príomh-Aire Morawiecki na Polainne, mar shampla, go bhfuil an Pholainn réidh freisin tacú le coinníollacht, ach gur cheart don choinníollacht tógáil ar chritéir atá fíoroibiachtúil, ach measaim nach tuairim chonspóideach í sin. Plé thar a bheith ginearálta a bhí againn inniu, ach go fóill beag is lú conspóid a bhaineann leis an gcoinníollacht a d’fhéadfadh a bheith ann ná mar a rabhthas ag súil leis.
Beidh tú i Londain an tseachtain seo chugainn. Is cosúil gur chomhaontaigh an chomh-aireacht rud uaillmhianach a dtugann siad "bainistiú éagsúlachta" air. An é seo an cineál soiléire atá á lorg agat? Cé na himpleachtaí a bheidh ag na treoirlínte a ghlacfaidh tú i mí an Mhárta ar an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo?
Tá lúcháir orm gur cosúil go bhfuil rialtas na Ríochta Aontaithe ag bogadh i dtreo seasamh níos mionsonraithe a leagan amach. Más rud é, áfach, gur fíor an méid atá i dtuairiscí na meán, is eagal liom go bhfuil seasamh na Ríochta Aontaithe faoi scáth ciméara. Is cosúil go bhfuil "fealsúnacht an chíste" beo i gcónaí. Ó thús na gcainteanna ar fad, ba bhunphrionsabal de chuid an AE27 é nach féidir breith agus dhá rogha a bheith ann ná margadh aonair à la carte. Is bunphrionsabal é sin agus sin mar a bheidh gan aon agó. An tseachtain seo chugainn, buailfidh mé leis an bPríomh-Aire May i Londain chun plé a dhéanamh ar sheasamh na Ríochta Aontaithe, agus i mí an Mhárta, glacfaidh an AE27 treoirlínte nua maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo. Táim cinnte de go mbeimid, mar 27, thar a bheith réalaíoch sa mheasúnú a dhéanfaimid ar thograí nua a d’fhéadfadh a bheith ann.
Ba mhaith liom ceist a chur faoi chaidreamh na Polainne le hIosrael le tamall anuas. An measann sibh gurb é an mhíthuiscint is cúis leis an teannas seo, nó gur botúin is cúis leis, nó an é go bhfuil drochthoil ag roinnt le taobh amháin?
Bhí an deis agam labhairt leis an bPríomh-Aire Morawiecki inniu, ar imeall chruinniú na Comhairle Eorpaí. Thug mé mo mheasúnú féin dó, ar an staid mar atá sa Pholainn, mar aon leis na conclúidí ó na cruinnithe a bhí agam leis na ceannairí Eorpacha, ar lena linn a d’ardaigh mé na ceisteanna sin freisin, agus rinne mé iarracht dea-cháil ár dtíre a chosaint le linn na gcainteanna sin, rud nach furasta i láthair na huaire – is léir ón gcomhrá a bhí agam le Príomh-Aire Morawiecki go dtuigeann seisean é seo. Agus ba mhaith liom a chur in iúl go láidir go bhfuil an staid mar atá an-tromchúiseach, rud a dúirt mé leis an Uasal Morawiecki é féin, agus go mbaineann sí go díreach leis an méid seo a leanas: leasanna na Polainne, clú na Polainne agus seasamh na Polainne ar fud an domhain. Níl de chomhairle agam ach an méid seo: caithfear stop a chur le dhá thonn; caithfear gach rud a dhéanamh chun stop a chur le dhá thonn. Ar an gcéad dul síos, tonn na drochthuairimíochta faoin bPolainn atá, le bheith cruinn faoi, ag iompú ina rabharta. Agus an dara tonn, an dul thar fóir neamhchríonna, míchuibheasach, ráitis frith-Sheimíteacha á ndéanamh sa Pholainn. Tá na huirlisí go léir ag rialtas na Polainne chun stop a chur leis an dá thonn sin – ach é a bheith lántoilteanach é sin a dhéanamh. Chaitheamar an-dua sa Pholainn le tríocha bliain anuas, mé féin ina measc, chun a chinntiú go mbeadh dea-chaidreamh ag an bPolainn leis an saol mór, lena n-áirítear le hIosrael agus leis an bpobal Giúdach. Ní féidir linn ligean do dhuine ar bith an obair sin ar fad a chaitheamh i dtraipisí in imeacht cúpla seachtain. Níl sé ró-dhéanach go fóill gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh agus, ar an dul céanna, níl sé ródhéanach daonnacht bhunúsach a léiriú.
Físeáin
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
- @beanavarro.bsky.social
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
- @mariatomasik.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024