Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 2 Nollaig 2025 18:35

An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú maidir le dlí nua de chuid an Aontais chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le híoschaighdeáin don chaoi a ndéanann na Ballstáit cionta éillithe a shainiú agus smachtbhannaí a fhorchur ina gcód coiriúil. Tá bearta sa dlí nua freisin chun éilliú a chosc agus rialacha maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh níos éifeachtaí.

<p>Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge</p>

Leis an treoir sin, déanfar creat dlíthiúil an Aontais maidir le héilliú a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú, rud ar céim thábhachtach é inár gcomhrac coiteann i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe.

<p>Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge</p>

Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge

Sainmhíniú comhchuibhithe ar chionta

Leis an dlí nua sin, leagtar síos caighdeáin uile-Aontais ionas go ndéanfar roinnt gníomhartha a choiriúlú agus a shainiú ar an mbealach céanna i ngach Ballstát.

Beidh na cionta seo a leanas inphionóis anois mar chion coiriúil ar fud an Aontais: breabaireacht san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, míleithreasú, trádáil tionchair, bac ar cheartas, saibhriú ó chionta éillithe, ceilt agus sáruithe tromchúiseacha áirithe ar fheidhmiú neamhdhleathach feidhme poiblí.

Pionóis do dhaoine nádúrtha agus do chuideachtaí

Mar aon lena shainmhínithe ar chionta éillithe a ailíniú, ní mór do na Ballstáit an leibhéal céanna pionós a chur i bhfeidhm freisin chun smachtbhannaí a fhorchur orthu. Gabhfaidh an smachtbhanna ar chiontóirí ó uastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad go 5 bliana ar a laghad, ag brath ar an gcion.

Daoine a chiontaítear i gcionta éillithe, d’fhéadfaidís pionóis bhreise a thabhú amhail fíneálacha, baint d’oifig phoiblí, dícháiliú ó oifig phoiblí a shealbhú nó feidhm seirbhíse poiblí a fheidhmiú, ceadanna a tharraingt siar agus eisiamh ó rochtain ar nósanna imeachta tairisceana agus ar chistí poiblí.

Chomh maith leis sin, gearrfar pionóis ar dhaoine dlítheanacha (i.e. cuideachtaí). Sainítear sa dlí gur cheart na pionóis sin a bheith i bhfoirm fíneálacha, i gcás ina bhfuil uasleibhéal na bhfíneálacha sin idir 3% agus 5% ar a laghad dá láimhdeachas domhanda iomlán nó €24 mhilliún nó €40 milliún ar a laghad, ag brath ar an gcion.

Dlínse

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú freisin maidir le rialacha lena sainítear na cásanna ina bhfuil dlínse ag Ballstát ar chion agus, dá bhrí sin, ina bhfuil sé d’oibleagáid air imeachtaí a thionscnamh. Mar riail ghinearálta, tá dlínse ag na Ballstáit maidir le cionta a dhéantar laistigh dá gcríoch nó i gcás inar náisiúnach é an ciontóir.

Ina theannta sin, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh a dhlínse a leathnú chuig gníomhartha a dhéantar lasmuigh dá chríoch, sna cásanna seo a leanas:

  • tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch
  • rinneadh an cion i gcoinne duine dá chuid náisiúnach nó gnáthchónaitheoirí
  • rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch
  • rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh i leith aon ghnó a dhéantar ina iomláine nó go páirteach ar a chríoch

Bearta coisctheacha

Chun cionta éillithe a laghdú agus chun teorainn a chur leis an riosca éillithe, ní mór do na Ballstáit gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir le díobhálacht an éillithe, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i riaracháin phoiblí ar mhaithe leis an éilliú a chosc.

I measc na mbeart coisctheach eile tá:

  • comhlachtaí a chur ar bun a mbeidh sé de chúram orthu an t-éilliú a chosc agus a chur faoi chois. Ní mór do na comhlachtaí (nó na haonaid) sin a bheith in ann oibriú gan cur isteach míchuí, agus ní mór líon leordhóthanach foirne cáilithe agus acmhainní airgeadais a bheith acu
  • Measúnú a dhéanamh nuair is gá laistigh d’eatraimh iomchuí chun na hearnálacha nó na slite beatha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint agus bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí sna hearnálacha nó sna slite beatha a shainaithnítear
  • Na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag aon duine a thuairiscíonn cionta, a sholáthraíonn fianaise nó a chomhoibríonn ar bhealach eile leis na húdaráis inniúla ar bhearta cosanta, tacaíochta agus cúnaimh i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla

Dlí amháin de chuid an Aontais maidir le héilliú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach

Tiocfaidh an dlí nua seo, ar treoir ón Aontas é, in ionad dhá dhlí ar leith de chuid an Aontais – dlí amháin ó 2003 a dhéileálann le héilliú san earnáil phríobháideach agus Coinbhinsiún de chuid an Aontais ó 1997 maidir le héilliú a bhfuil oifigigh an Aontais nó oifigigh Bhallstáit an Aontais páirteach ann.

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa an comhaontú sealadach ar thángthas air a dhearbhú sula nglacfaidh an dá institiúid go foirmiúil é.

Cúlra

Tá an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC), arb é an ionstraim dlí idirnáisiúnta is cuimsithí sa réimse sin é. Leis an togra reachtach seo, tabharfar creat reachtach an Aontais atá ann cheana cothrom le dáta agus ionchorprófar caighdeáin idirnáisiúnta atá ceangailteach ar an Aontas, amhail na caighdeáin atá in UNCAC.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Eanáir 2026