Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 13-14 Márta 2023

Na príomhthorthaí

Fostaíocht agus an beartas sóisialta, an 13 Márta

Aon bhliain amháin ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Chuir cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin iallach ar na milliúin daoine teorainneacha na hEorpa a thrasnú. Tá beagnach 4 mhilliún Úcránach cláraithe le haghaidh cosaint shealadach san Aontas. Tá rochtain uathoibríoch ag daoine atá cláraithe faoin sásra cosanta sealadaí seo ar thithíocht, ar chúnamh sóisialta agus liachta, ar oideachas do leanaí chomh maith le rochtain ar an margadh saothair.

Agus an cogadh ag dul isteach sa dara bliain, tá go leor daoine atá ag lorg tearmainn san Aontas ag iarraidh saol a atógáil ina dtír óstach agus is céim thábhachtach i dtreo an lánpháirtithe é obair a fháil. Is céim dhúshlánach é freisin mar gheall ar bhacainní teanga, aitheantas scileanna agus rochtain neamhleor ar chúram leanaí.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis an staid fostaíochta agus shóisialta san Aontas, ag díriú ar an staid i margadh an tsaothair atá ag daoine atá easáitithe go sealadach ón Úcráin.

Chuir roinnt mhaith airí in iúl go raibh an tionchar atá ag cogadh foghach na Rúise ar mhargaí saothair na hEorpa sách teoranta agus, thar aon ní eile, go bhfuil deacrachtaí ag fostóirí mar gheall ar ghanntanas saothair agus scileanna. Maidir le lánpháirtiú na nÚcránach atá ag teitheadh ón gcogadh, mhol go leor airí a dtoilteanas chun post a fháil agus mhol siad freisin gnólachtaí, an tsochaí shibhialta agus saoránaigh an Aontais as a n-iarrachtaí chun cabhrú leis na hÚcránaigh atá ina gcónaí san Aontas anois.

Mar fhreagra ar an mbarúil go raibh an obair a fuair a lán Úcránach faoi bhun a leibhéal scileanna iarbhír, cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an mbacainn teanga agus dlús a chur le haitheantas cáilíochtaí. Cuireadh beartais shóisialta agus sochair leasa shóisialta chun cinn mar uirlisí a bhí riachtanach chun tionchar an chogaidh ar mhuintir na hEorpa a mhaolú – atá buailte ag an mboilsciú agus ag praghsanna arda fuinnimh i roinnt mhaith cásanna.

Johan Pehrson, an tAire Fostaíochta agus Lánpháirtíochta
Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt go mór i ngeall ar chogadh foghach ainbhéasach na Rúise. Tá bearta nach bhfacthas a leithéid riamh déanta ag an Aontas, ag a shaoránaigh agus ag na Ballstáit chun cuidiú le muintir na hÚcráine post a fháil, rochtain a fháil ar chúram leanaí agus cúnamh leasa shóisialaigh a fháil.
Johan Pehrson, an tAire Fostaíochta agus Lánpháirtíochta
Johan Pehrson, an tAire Fostaíochta agus Lánpháirtíochta

An Seimeastar Eorpach

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le Seimeastar Eorpach 2023 agus ghlac siad freisin an tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht (JER) agus d’fhormheas siad na conclúidí ón gComhairle maidir le suirbhé bliantúil 2023 don fhás inbhuanaithe (ASGS) agus JER. Tá an suirbhé fáis agus an tuarascáil fostaíochta araon mar chuid de phacáiste an fhómhair den Seimeastar Eorpach.

Coinbhinsiún EIS 190

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cinneadh ón gComhairle atá beartaithe lena n-údarófaí do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú. Is é an coinbhinsiún an chéad ionstraim idirnáisiúnta ina leagtar amach caighdeáin is infheidhme ar fud an domhain maidir le dul i ngleic le foréigean agus ciapadh oibre.

Gnó eile

Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil i dtaca le gníomhaíochtaí faoi Bhliain Eorpach na Scileanna agus le dréacht-treoir maidir le teorainnluachanna luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha agus dé-isicianáití (ar comhdhúile orgánacha iad).

Ina theannta sin, thíolaic an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe chomh maith le tuarascáil ón ngrúpa ardleibhéil maidir le todhchaí na cosanta sóisialta agus an stáit leasa shóisialta san Aontas.

Ar an gclár oibre freisin, bhí an t-eolas is déanaí ón Uachtaránacht agus ón gCoimisiún maidir leis an gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a bheidh ann go luath (an 22 Márta 2023).

Chuir Comhairleoir Speisialta an Choimisiúin don Choimisinéir Schmit maidir leis an Úcráin, Lodewijk Asscher, na moltaí a d’eascair as a mhisean i láthair agus chuir cathaoirligh an Choiste Fostaíochta (EMCO) agus an Choiste um Chosaint Shóisialta (SPC) a gcláir oibre do 2023 i láthair.

Ar deireadh, thug toscaireacht na Portaingéile tuairisc ar Fhóram Sóisialta Porto atá beartaithe, a bheidh ina obair leantach ar Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto a tionóladh i mí na Bealtaine 2021.

An tSláinte, an 14 Márta

Straitéis Sláinte Dhomhanda an Aontais Eorpaigh

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le straitéis sláinte dhomhanda an Aontais a thíolaic an Coimisiún an 30 Samhain 2022. Sa Straitéis, cuirtear chun cinn gur colún ríthábhachtach de bheartas seachtrach an Aontais ían tsláinte dhomhanda agus, dá réir sin, aithnítear gur ríthábhachtach an réimse geopholaitiúil í.

D’aithin a lán airí gur gné thábhachtach í an straitéis de fhreagairt an Aontais ar dhúshláin dhomhanda sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo amhail COVID-19, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus an ghéarchéim sláinte agus dhaonnúil arb é an cogadh san Úcráin is cúis leo.

Acko Ankarberg Johansson, an tAire Cúraim Sláinte
Ní fheiceann dúshláin sláinte, paindéimí mar shampla, teorainneacha. Féadfaidh tionchar a bheith ag rud a tharlaíonn i bhfad i gcéin ón Eoraip ar shláinte ár saoránach. Dá bhrí sin, luíonn sé le ciall go mbeidh an tsláinte mar phríomhghné de bheartas eachtrach an Aontais againn. Téann córais sláinte níos láidre ar fud an domhain chun tairbhe dúinn go léir, tá gníomhaíochtaí tapa i gcoinne bagairtí sláinte – cibé áit a dtarlaíonn siad – ríthábhachtach i ndomhan idirspleách.
Acko Ankarberg Johansson, an tAire Cúraim Sláinte
Acko Ankarberg Johansson, an tAire Cúraim Sláinte

Rialachán maidir leis na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí ar dhréachtdlí, a thíolaic an Coimisiún an 13 Nollaig 2022, maidir le táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Is é is aidhm don togra a áirithiú go léireoidh na táillí costais bhunúsacha na hoibre a dhéanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar bhealach níos fearr agus go gcuirfear buiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí ar bhonn níos inbhuanaithe.

Le linn na díospóireachta, ba dhíol sásaimh do na hairí an togra agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé cistiú cobhsaí a áirithiú don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Leag a lán toscaireachtaí béim freisin ar an ról ríthábhachtach atá ag comhlachtaí na mBallstát a mhéid a bhaineann le próiseas údaraithe na gcógas leighis. Dá bhrí sin, ba cheart go léireodh an córas táillí an cúram atá ar na húdaráis sin laistigh den líonra rialála Eorpach. Thacaigh na Ballstáit le coigeartú táillí áirithe sa togra agus theastaigh uathu freisin go gcuirfí forbairt reatha (boilsciú mar shampla) san áireamh sa chóras socraithe táillí. Ina theannta sin, chuir an chuid is mó de na hairí in iúl gur cheart go mbeadh ról níos mó ag bord bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus ag na Ballstáit i gcoigeartuithe táillí amach anseo.

Gnó eile

Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir le cur chun feidhme na rialachán maidir le feistí leighis agus chuir an Uachtaránacht, in éineacht leis an gCoimisiún, na toscaireachtaí ar an eolas faoin gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí.

Chuir toscaireacht na Seicia, le tacaíocht ó thoscaireacht na hOstaire, na Cipire, na Gréige, na hUngáire, na hIodáile, na Liotuáine, Mhálta, na hÍsiltíre, na Portaingéile agus na Slóivéine chun suntais na ganntanais cógas i margadh an Aontais agus leag toscaireacht na hÍsiltíre béim ar a thábhachtaí atá comhordú agus comhar maidir le siondróm iar-COVID-19 (‛COVID fadmharthanach’) agus d’iarr siad ar na Ballstáit rannchuidiú le líonra beartaithe saineolaithe de chuid an Aontais maidir le hiar-COVID-19.

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna A neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025