Cosaint oibrithe: an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair
Le reachtaíocht an Aontais, leagtar síos íoschaighdeáin maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus cosnaítear oibrithe ar nochtadh do shubstaintí contúirteacha, mar shampla an aispeist.
Íoschaighdeáin le haghaidh sláinte agus sábháilteacht ag an obair
Chun cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe san Aontas ar thionóiscí agus ar ghalair a bhaineann leis an obair, tá reachtaíocht glactha ag an Aontas chun íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte atá bailí d’fhostóirí príobháideacha agus poiblí ar fud an Aontais a ráthú.
Agus oibrithe á gcosaint aige, cuireann an tAontas an tsábháilteacht theicniúil san áireamh, chomh maith le cur chun cinn ginearálta na dea-bhaile, go háirithe i dtaca le heagrú na hoibre, dálaí oibre, caidrimh shóisialta agus tionchar na dtosca a bhaineann leis an timpeallacht oibre.
Ghlac an tAontas creat-treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ceirde in 1989. Leis an treoir sin, chuir an tAontas oibleagáid ar fhostóirí bearta coisctheacha iomchuí a dhéanamh chun an obair a dhéanamh níos sábháilte agus níos sláintiúla agus chun faisnéis agus oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe chun an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a chur chun cinn.
Substaintí ceimiceacha contúirteacha ag an obair
Is í an ailse is mó is cúis le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas, agus í faoi deara 52 % díobh in aghaidh na bliana (sonraí: an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, 2017).
Is iad na hoibrithe sna hearnálacha seo a leanas is mó atá i mbaol ailsí ceirde:
- foirgníocht
- tionscail na ngluaisteán, na teicstíle, na hoibre adhmaid agus an troscáin
- déantúsaíocht cheimiceach
- táirgeadh bia
- cúram sláinte
I gcaitheamh na mblianta, tá rialacha glactha ag an Aontas chun oibrithe a chosaint ar ghnéithe sonracha den obair nó de ghuaiseacha. Mar shampla, tá rialacha ag an Aontas maidir le teorainn a chur le substaintí díobhálacha san ionad oibre chun oibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do na nithe seo a leanas:
- substaintí carcanaigineacha agus só-ghineacha (lena n-áirítear substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, a chiallaíonn ceimiceáin a d’fhéadfadh cur isteach ar chóras atáirgthe an duine)
- luaidhe
- aispeist
Déantar dlíthe an Aontais maidir le hoibrithe a chosaint ar shubstaintí contúirteacha a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus déantar na teorainneacha nochta a choigeartú i gcomhréir leis na torthaí eolaíocha agus na sonraí teicniúla is déanaí.
Ó glacadh í den chéad uair in 2004, rinneadh athbhreithniú roinnt uaireanta ar an treoir maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha, agus tugtar aghaidh inti anois ar 28 substaint is cúis le hailse.
Rialacha nua chun cosaint oibrithe a neartú
An 1 Nollaig 2025, tá céim níos faide tugtha ag airí fostaíochta an Aontais i dtreo galair a bhaineann leis an obair a chosc agus oibrithe a chosaint ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha a bhféadfadh tinnis thromchúiseacha ar nós ailse agus neamhoird forbartha a bheith mar thoradh orthu.
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis an séú hathbhreithniú ar an treoir maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh. Leis an athbhreithniú seo, féachtar leis na rialacha maidir le nochtadh do shubstaintí guaiseacha san ionad oibre a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha is déanaí.
Meastar go gcoiscfear leis an athbhreithniú thart ar 1,700 cás ailse scamhóg agus 19,000 tinneas eile sna 40 bliain amach romhainn.
Chuir an Chomhairle tuilleadh feabhais ar na rialacha nuashonraithe trí theorainnnochta ceirde le haghaidh isipréine a chur leo, i gcomhréir leis na moltaí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán.
An 23 Meitheamh, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha atá dírithe aroibrithe san Aontas a chosaint ar nochtadh do shubstaintí guaiseachaa d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tinnis amhail ailse nó asma.
Is faoin gComhairle agus faoin bParlaimint atá sé anois an comhaontú sealadach a fhormhuiniú. Ansin glacfaidh an dá institiúid go foirmiúil é tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh air.
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le bearta chun oibrithe a chosaint ar nochtadh do shubstaintí guaiseacha (preaseisiúint, an 23 Meitheamh 2026)
- Nochtadh do shubstaintí guaiseacha ag an obair: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha nuashonraithe (preaseisiúint, 1 Nollaig 2025)
Ailse a chosc san Aontas
Tá comhrac na hailse ar cheann de thosaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte.
Ní hamháin go mbíonn tionchar díreach ag an ailse ar shláinte agus ar dhea-bhail an duine, ach bíonn tionchar aici ar an gcúram sláinte agus ar na córais shóisialta freisin, ar bhuiséid phoiblí, ar tháirgiúlacht agus ar fhás an gheilleagair, lucht saothair folláin san áireamh.
I ndáil leis sin, tá scagthástáil ailse riachtanach chun an pobal agus an lucht saothair a choinneáil folláin. In 2003, d’fhormheas an Chomhairle moladh maidir le scagthástáil ailse, lena spreagtar tíortha an Aontais chun cláir scagthástála atá bunaithe ar an daonra agus ar dearbhaíodh a gcáilíocht a chur chun feidhme. Tar éis thuarascáil cur chun feidhme an mholta agus na sonraí eolaíocha is déanaí, tá airí an Aontais ag plé nuashonrú ar an moladh chun a áirithiú gur féidir níos mó daoine a chumhdach le scagthástáil ailse.
Aispeist
Is carcanaigin chontúirteach í an aispeist. Chuir an tAontas cosc ar a húsáid in 2005 ach tá sí fós le fáil in an-chuid foirgneamh agus bonneagar atá níos sine. Mar gheall ar a comhdhéanamh mianraí, úsáidtí go forleathan í chun ábhair thógála a neartú agus iad a dhéanamh dódhíonach.
Is cúis le tinnis thromchúiseacha a bhfuil rátaí marthanais an-íseal ag baint leo í an aispeist, ar nós na hailse. Cailleadh breis is 70 000 duine san Aontas mar gheall uirthi in 2019. Tá sé ríthábhachtach an teagmháil leis an aispeist a laghdú chun sláinte oibrithe a chosaint agus beatha daoine a shábháil.
Neartaíonn an dlí nua de chuid an Aontais cosaint na n-oibrithe tríd an teorainnluach le haghaidh an nochta aispeiste ag an obair a ísliú agus tríd an gcaoi a dtomhaistear aispeist a nuachóiriú.
Teorainneacha laghdaithe maidir leis an nochtadh don aispeist
Leis na rialacha nua, tá laghdú deich n-oiread ar uasteorainn na haispeiste ar féidir oibrí a nochtadh di (ón uastiúchán aeir reatha de 0.1 snáithín aispeiste in aghaidh an cm³ go 0.01 snáithín in aghaidh an cm³).
Teicneolaíocht braite níos íogaire
Tar éis idirthréimhse uasta 6 bliana, caithfear leibhéil aispeiste a bhrath le teicneolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire lenar féidir snáithíní a bhrath, is é sin micreascópacht leictreon. I measc na rialacha nua freisin tá ceanglais nua sábháilteachta chun oibrithe a chosaint ar bhealach níos láidre, mar shampla ceadúnais speisialta a fháil chun aispeist a bhaint agus seiceáil a dhéanamh an bhfuil aispeist i bhfoirgnimh níos sine sula gcuirfear tús le hobair scartála nó obair chothabhála.
Leis an teorainnluach nochta nua ar aispeist, táthar ag súil go laghdófar go suntasach an baol atá ag oibrithe tinnis a bhaineann le haispeist, cosúil le hailse, a fhorbairt. Is tábhachtaí fós é sin i bhfianaise sprioc an Aontais borradh a chur faoin athchóiriú fuinnimh san Aontas, agus rud a d'fhéadfaí teacht as go n-athchóireofaí 35 mhilliún foirgneamh faoi 2030.
- Aispeist: margadh déanta ag an gComhairle agus ag an bParlaimint maidir le rialacha nua chun oibrithe a chosaint (preaseisiúint, an 27 Meitheamh 2023)
- Cosaint ar aispeist ag an obair: vótálann an Chomhairle teorainneacha nochta a laghdú (preaseisiúint, an 23 Deireadh Fómhair 2023)
Aispeist a bhaint
Mar chuid den iarracht na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist a ísliú, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar rialacha an Aontais i ndáil le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i mí Dheireadh Fómhair 2022. Sa togra sin, spreagtar athchóiriú domhain ar fhoirgnimh, agus sainmhínítear iad mar dheis den chéad scoth chun aghaidh a thabhairt ar aispeist a bhaint freisin.
Tionchar na haispeiste ar shláinte oibrithe (Grafaic faisnéise)
An luaidhe agus dé-isicianáití
Is eol go mbíonn tionchar ag an nochtadh fada don luaidhe ar fheidhmeanna atáirgthe agus forbairt féatais, agus go ndéanann sé dochair don néarchóras, do na duáin, don chroí agus don fhuil. Chuige sin, tá rialacha i bhfeidhm ag an Aontas ó bhí 1982 ann chun an nochtadh don luaidhe ag an obair (nochtadh ceirde) a theorannú.
An 26 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle treoir ina ndearnadh athbhreithniú ar na teorainnluachanna maidir le nochtadh do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha ag an obair (nochtadh ceirde), trína laghdú faoi chúig.
Leagtar síos sa reachtaíocht freisin teorainnluachanna do dhé-isicianáití, grúpa substaintí díobhálacha a bhfuil 4.2 milliún oibrí nochta dóibh faoi láthair agus ar féidir leo a bheith ina gcúis le hasma agus galair dheirmeacha.
Luaidhe
Leis na rialacha nua, laghdaítear an teorainn le nochtadh ag an obair (nochtadh ceirde) i gcásluaidhe: ó 0.15 mg/m³ go 0.03 mg/m³. Ina theannta sin, laghdaíonn siad an teorainnluach bitheolaíoch le haghaidh luaidhe ó 70µg/100ml go dtí 15µg/100ml.
Dé-isicianáití
Bunaítear freisin leis na rialacha nua an chéad teorainn fhoriomlán nochta ceirde le haghaidh dé-isicianáití a bhí ann riamh.
Is é 6µg NCO/m3 an teorainn a socraíodh. Is é sin an t-uastiúchan san aer a análaíonn an t-oibrí le linn lá oibre 8 n-uair an chloig. An teorainn nochta ghearrthéarmaigh 12µg NCO/m³, arb ionann í agus an mheán-nochtadh thar thréimhse 15 nóiméad.
Idirthréimhse
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le hidirthréimhse i gcás an teorainnluacha bhitheolaíoch nua le haghaidh luaidhe chun go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit próisis táirgthe a thabhairt cothrom le dáta go héifeachtach agus na bearta coisctheacha agus cosanta is gá a chur chun feidhme. An 31 Nollaig 2028 a thiocfaidh na teorainneacha nua i bhfeidhm.
Beartas sláinte an Aontais
Is iad Ballstáit an Aontais atá freagrach as seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Dá bhrí sin, tá ról an Aontais sa bheartas sláinte comhlántach le beartais náisiúnta.
I ngeall ar chomhar an Aontais, bítear in ann an tsláinte a chur chun cinn agus dul i ngleic le galair theagmhálacha mar aon le galair neamhtheagmhálacha, mar shampla an ailse. Thairis sin, tugtar aghaidh ar dhúshláin chomhchoiteanna sláinte, ar nós iad siúd a eascraíonn as an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus tosca comhshaoil nó stíle maireachtála.
Tá sé d’inniúlacht ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair de réir Airteagal 153 CFAE, chun reachtaíocht náisiúnta a chomhlánú agus chun tacú léi. Sa Chomhairle, pléann na hairí na saincheisteanna seo ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO).
An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Meitheamh 2026