"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, a chomhghleacaithe san Aontas a chur ar an eolas trí fhíschomhdháil faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair agus faoi riachtanais is tábhachtaí na hÚcráine, go háirithe ó thaobh chórais aerchosanta agus bonneagair fuinnimh de.
Sa phlé ina dhiaidh sin, cháin a lán airí na hionsaithe diúracán a rinne an Rúis i gcoinne sibhialtach, agus an t-ionsaí a rinneadh le déanaí ar Ospidéal na Leanaí i gCív.
Dhírigh an Chomhairle ansin ar an tacaíocht mhíleata a thugann an tAontas don Úcráin, agus thrácht sí ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt faoin tSaoráid Eorpach Síochána. Maidir le brabúis amhantair a thagann as sócmhainní blocáilte na Rúise a úsáid, chuir an tArdionadaí airí an Aontais ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcéad aistriú de €1.4 billiún a bhfuiltear ag súil leis ag tús mhí Lúnasa agus a úsáidfear chun trealamh míleata tosaíochta a mhaoiniú (aerchosaint, córais airtléire agus armlón), chomh maith le soláthar a bhaineann le tionscal cosanta na hÚcráine.
Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle na chéad chéimeanna eile tar éis an Chruinnithe Mullaigh maidir leis an tSíocháin a tionóladh san Eilvéis le déanaí. Sa chomhthéacs sin, dúirt an tArdionadaí nach mór don Aontas níos mó a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar chomhpháirtithe domhanda ar fud na cruinne, agus gurb í Foirmle Síochána Zelenskyy an t-aon fhíorphlean síochána a dtacaíonn an tAontas leis.
Níl ach an t-Uachtarán Putin ar son an chogaidh, agus tá críochdheighilt agus géilleadh na hÚcráine á n-iarraidh aige mar réamhchoinníollacha d’aon chainteanna agus d’aon sos comhraic. Agus tá an teachtaireacht sin á tabhairt aige gach lá i bhfoirm na mílte diúracán, ladrann, buamaí sleamhnáin, agus ionsaitheacha míleata. Mar sin, más mian libh labhairt faoi pháirtí cogaidh, labhródh sibh faoi Putin, ní faoin Aontas Eorpach.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ar deireadh, d’fhógair an tArdionadaí gur sa Bhruiséil a thionólfar cruinnithe neamhfhoirmiúla na nAirí Cosanta agus Gnóthaí Eachtracha atá beartaithe do dheireadh mhí Lúnasa.
An Banc Eorpach Infheistíochta
Le linn an lóin, bhí seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais le hUachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Nadia Calviño.
Ba dhíol sásaimh do na hairí go bhfuil méadú ag teacht ar ról BEI i réimse an tionscail slándála agus cosanta, chuir siad in iúl gur spéis leo dul níos faide fós leis an méadú sin, agus d’iarr siad go dtabharfaí tacaíocht ghearrthéarmach don Úcráin. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin go bhfuil níos mó tacaíochta á tabhairt ag Grúpa BEI do chóras fuinnimh agus do ghnó na hÚcráine.
Ina theannta sin, dheimhnigh Uachtarán BEI a mheáite atá BEI rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais sa Bhruach Thiar agus tacú le clár oibre Údarás na Palaistíne don athchóiriú, rud a thagann leis an tacaíocht ón gCoimisiún.
An staid sa Mheánoirthear
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha cúrsaí sa Mheánoirthear, ag díriú ar an staid mar atá ar an láthair, lena n-áirítear an staid dhaonnúil in Gaza agus cás na ngiall.
Thug Ionadaí Speisialta an Aontais um Chearta an Duine, Olof Skoog, agus Ionadaí Speisialta an Aontais do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir, Sven Koopmans, an t-eolas is déanaí don Chomhairle.
Tar éis beagnach 10 mí - 290 lá - tá an cogadh in Gaza fós ar siúl, agus feicimid aslonnú éigeantach sibhialtach agus iad marbh tuirseach arís eile. Tá breis agus 17 000 dílleachta in Gaza. Agus tá rochtain dhaonnúil, a bhí casta i gcónaí, tite as a chéile anois.
Tá beagnach gach duine in Gaza ag brath ar chabhair chun a bheith beo. Tá cúrsaí fíoréiginnte i dtaca le slándáil bia i gcás 96% de dhaonra Gaza. Thig libh bhur rogha rud a rá, ach tá seo uafásach, millteanach agus ní mór dúinn gach rud is féidir linn a dhéanamh chun stop a chur leis. Ar mhaithe lenár ndaonnacht féin.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thug an tArdionadaí dá aire, ar an drochuair, nach raibh aon toradh dearfach ar an gcaibidlíocht maidir le sos comhraic agus le gialla a scaoileadh saor.
Le linn na díospóireachta, phléigh na hairí na rioscaí a bhaineann le géarú réigiúnach, agus an tuairim chomhairleach is déanaí ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Phléigh siad freisin conas is féidir cur leis an gcomhar leis na comhpháirtithe Arabacha agus le comhpháirtithe eile chun go mbeadh próiseas fóinteach ann chun réiteach dhá stát a bhaint amach.
Ina theannta sin, phléigh an Chomhairle an mbealach is fearr chun dlús a chur leis an tacaíocht a thugann an tAontas d'Údarás na Palaistíne ionas nach gclisfidh air, ar mhaithe leis na Palaistínigh agus na hIosraelaigh araon. Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí d’Airí an Aontais faoi gcúnamh polaitiúil agus airgeadais atá á thabhairt ag an Aontas d’Údarás na Palaistíne, i bhfoirm pacáiste tacaíochta mór ilbhliantúil a chuideoidh le clár oibre Údarás na Palaistíne don athchóiriú.
Ar deireadh, bhreathnaigh an Chomhairle ar na hullmhúcháin atá ar bhun le haghaidh na Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael.
Cúrsaí reatha
Faoi Chúrsaí Reatha, phléigh an Chomhairle an taidhleoireacht dhigiteach, bunaithe ar thuarascáil ar dhul chun cinn a rinne SEGS agus an Coimisiún le déanaí.
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tús a chur le hidirphlé leis an Airméin i ndáil le léirscaoileadh víosaí.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hAirméine agus Phoblacht Ioslamach na Máratáine.
Ar deireadh, chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise ghníomhaíochtaí leanúnacha Chónaidhm na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine go dtí an 31 Eanáir 2025, agus liostaigh sí ceathrar daoine aonair agus dhá eintiteas as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna reachtacha agus neamhreachtacha ‘A’ gan aon phlé a dhéanamh orthu.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.