Skip to content

Athchóirithe inmheánacha an Aontais

Ní mór don Aontas obair a dhéanamh ar athchóirithe a bhaineann le luachanna, beartais, buiséad agus rialachas chun go mbeidh sé réidh don todhchaí agus chun go mbeidh sé ullamh d’aontas méadaithe.

Cén fáth a bhfuil athchóirithe inmheánacha de dhíth ar an Aontas?

Tá ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar dhreach nua na geopholaitíochta, ar thimpeallacht slándála atá athraithe, agus ar dúshláin atá ag dul i gcastacht i ndiaidh an lae. Cuirtear san áireamh leo sin borradh a chur faoi iomaíochas ár ngeilleagar agus a chinntiú go mbainfidh na saoránaigh leas as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach.

Le go mbeidh an tAontas níos ceannasaí, níos iomaíche agus níos sláine, agus é ag ullmhú do mhéaduithe breise freisin, ní mór dó obair a dhéanamh ar athchóirithe inmheánacha. Chuige sin, i mí an Mheithimh 2024, leag an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé an réamhobair is gá a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna a bhaineann le tosaíochtaí, beartais agus an cumas gníomhú.

Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh i bpróiseas na n-athchóirithe i gcomhthráth le próiseas an mhéadaithe, toisc go mbeidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit a bheidh ann amach anseo a bheith réidh tráth an aontachais.

Cad air a ndírítear leis na hathchóirithe inmheánacha?

Dírítear san obair seo ar cheithre réimse:

  • luachanna
  • beartais
  • an buiséad
  • an rialachas

Sa Chomhairle, is i mí an Mheithimh 2023 – faoi Uachtaránacht na Sualainne ar an gComhairle – a cuireadh tús leis an bplé ar athchóirithe a dhéanfar amach anseo ar na réimsí sin. Leanadh den phlé sin faoi Uachtaránacht na Spáinne, na Beilge, na hUngáire agus na Polainne ar an gComhairle ina dhiaidh sin.

Luachanna

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena gcuirtear san áireamh na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

Tá urraim do na luachanna sin, go háirithe an smacht reachta agus cearta an duine, ríthábhachtach d’fheidhmiú an Aontais agus ní mór don Aontas agus do thíortha ar mian leo bheith ina mBallstáit iad a chomhlíonadh. Ní mór iad a chomhlíonadh ar fud an Aontais agus feadh chonair an mhéadaithe; is é sin roimh dhul isteach san Aontas, tráth an aontachais agus mar Bhallstát.

Sa Chomhairle, bhí na hábhair a leanas lárnach sa phlé tosaigh maidir le hathchóirithe a bhaineann le luachanna:

  • bosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta a bharrfheabhsú
  • gurb iad na bearta coinníollachta an uirlis is éifeachtaí, agus go bhféadfaí na nósanna imeachta a dhéanamh níos trédhearcaí agus iad a chur faoi réir critéir níos soiléire
  • roghanna chun gnéithe coinníollachta a dhaingniú i gcláir chistiúcháin an Aontais
  • baint a bheith ag na tíortha is iarrthóirí leis an idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta
  • tacú leis an tsochaí shibhialta cloí leis an smacht reachta agus faireachán a dhéanamh air

Beartais

Chun iomaíochas, rathúnas agus ceannaireacht fhadtéarmach an Aontais a chinntiú ar an leibhéal domhanda agus chun a neamhspleáchas straitéiseach a neartú, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais ábhartha uile an Aontais, na beartais sin ar dócha go ndéanfaidh an méadú difear dóibh san áireamh.

Go dtí seo, tá an Chomhairle ag obair ar bheartais a sainaithníodh mar réimsí tosaíochta, go háirithe an t-iomaíochas agus an margadh aonair, an comhbheartas talmhaíochta (CBT), an beartas comhtháthaithe, cosaint agus slándáil na hEorpa agus an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas.

An Buiséad

Beidh ról lárnach ag buiséad an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le cabhrú le haghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna agus dúshláin atá ag teacht chun cinn agus a chinntiú go maoineofar beartais ar bhealach inbhuanaithe. Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), buiséad fadtéarmach an Aontais, go háirithe CAI 2028-2034 atá le cur i bhfeidhm go luath.

An Rialachas

Ní mór don Aontas a chumas chun gníomhú a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus feidhmiú éifeachtach a chuid institiúidí a chinntiú.

Sa phlé tosaigh sa Chomhairle ar athchóirithe a bhaineann le rialachas díríodh ar acmhainneacht iomlán agus solúbthacht chonarthaí an Aontais a fhiosrú.

Chuige sin, sainaithníodh roinnt saincheisteanna mar shaincheisteanna ar gá aird ar leith a thabhairt orthu, go háirithe:

  • éascú an phróisis cinnteoireachta sa Chomhairle
  • úsáid solúbthachtaí eile faoi chonarthaí an Aontais mar shampla na sásraí lena n-éascaítear do roinnt Ballstát a bheith ag comhoibriú níos dlúithe i gcásanna sonracha

Is iad seo a leanas na saincheisteanna eile a sainaithníodh:

  • an gá atá le rialacha áirithe de chuid an Aontais a shimpliú chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais
  • Rialachas an Aontais i gcoitinne, lena gcumhdaítear iarrachtaí athchóirithe atá dírithe ar mhodhanna oibre agus ar fheidhmiú institiúidí an Aontais a fheabhsú

Treochlár don obair a dhéanfar amach anseo maidir le hathchóirithe inmheánacha

Is ag cruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil an Aontais in Granada an 6 Deireadh Fómhair 2023 a thug ceannairí an Aontais aghaidh den chead uair ar an bpróiseas le go ndéanfaí an tAontas réidh don todhchaí, agus tógadh ar an méid sin ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach ina dhiaidh sin. D’oibrigh an Chomhairle agus an Coimisiún ar an tsaincheist sin freisin. Sa chomhthéacs sin, tá ceithre dhoiciméad thábhachtacha i gceist:

Chun cur leis an méid thuasluaite, i mí an Mheithimh 2024 leag ceannairí an Aontais treochlár amach le haghaidh oibreacha a dhéanfar amach anseo ar athchóirithe inmheánacha agus d’iarr siad ar an gCoimisiún grinn-athbhreithnithe beartais ina bhfuil gnéithe oibríochtúla a thíolacadh maidir leis na ceithre shraith oibre seo a leanas: luachanna, beartais, buiséad agus rialachas an Aontais.

D’iarr na ceannairí ar an gComhairle freisin leanúint den obair agus tuarascáil leantach a thíolacadh ina léirítear na ceithre shraith. Tá obair ar na hathchóirithe inmheánacha ar siúl faoi láthair sa Chomhairle, i gcomhréir leis na ceithre shraith den treochlár.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Meitheamh 2025