Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhruiséil, 15/6/2021, 15 Meitheamh 2021

Na príomhthorthaí

Ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a bhí ar siúl an 15 Meitheamh 2021, cuireadh tús le comhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite agus socraíodh clár oibre comhpháirteach don chomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa ré iar-phaindéime. Gheall na ceannairí go mbeadh idirphlé tráthrialta ann chun an dul chun cinn a mheas.

Tá trí mhórthionscnamh nua trádála ar phríomhspriocanna insolárthartha an chruinnithe mullaigh. Chomhaontaigh na ceannairí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • creat comhoibríoch d'aerárthaí móra sibhialta a chruthú
  • dul i mbun pléití chun na difríochtaí maidir le bearta i ndáil le cruach agus alúmanam a réiteach faoi dheireadh na bliana
  • Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a bhunú

Rinne Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. Is é an tUachtarán Joe Biden a rinne ionadaíocht thar ceann na Stát Aontaithe. Ba é seo an chéad chruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ó 2014 agus an chéad chuairt ag Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe ar institiúidí an Aontais ó 2017.

Ag deireadh an chruinnithe, ghlac na ceannairí ráiteas comhpháirteach.

Is crann taca don daonlathas, don tsíocháin agus don tslándáil ar fud an domhain iad an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe le chéile

COVID-19, ullmhacht sláinte, téarnamh domhanda inbhuanaithe

Teastaíonn uainn deireadh a chur go deo le COVID-19 agus ní dhéanfar sin ach le comhar idirnáisiúnta. Ní mór dúinn an méid sin a bhaint amach agus deimhin a dhéanamh de go mbíonn rochtain ag daonra an domhain ar vacsaíní. An tUachtarán Charles Michel

Gheall an tAontas agus na Stáit Aontaithe go leanfaidís de thacaíocht a thabhairt don tSaoráid COVAX agus breis deontóirí a spreagadh dhá bhilliún dáileog vacsaíne a chur ar fáil ar fud an domhain faoi dheireadh 2021. Tá sé curtha rompu acu dóthain dáileoga vacsaíne a sholáthar chun dhá thrian de dhaonra an domhain a ionaclú faoi dheireadh 2022.

Chuir na ceannairí chun suntais bunú Tascfhórsa Comhpháirteach COVID AE-SAM um Mhonaraíocht agus um Shlabhra Soláthair. Is é is cuspóir dó an cumas táirgthe vacsaíní agus teiripe a leathnú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • saoráidí táirgthe nua a thógáil le haghaidh vacsaíní agus teiripe
  • slabhraí soláthair oscailte agus slána a chothabháil
  • aon srianta neamhriachtanacha ar onnmhairiú a sheachaint
  • comhroinnt dheonach an fheasa gnó agus na teicneolaíochta a chothú

Déanfaidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe an comhar a atreisiú maidir leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a athchóiriú. Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an smaoineamh go ndéanfaidís measúnú ar na buntáistí a bhainfeadh le forbairt coinbhinsiúin, comhaontaithe nó ionstraim idirnáisiúnta eile maidir le hullmhacht agus freagairt paindéime.

Ar na ceachtanna a d'fhoghlaimíomar ó COVID, tá ceacht maidir le bheith ar tinneall do pé paindéim agus géarchéim sláinte a chasfar orainn amach anseo. Phléamar conradh féideartha maidir le paindéimí. An tUachtarán Charles Michel

Ina theannta sin, d’iarr na ceannairí go ndéanfaí dul chun cinn ar staidéar céim-2 ar thionscnamh COVID-19 a bheadh trédhearcach, fianaise-bhunaithe, faoi stiúir saineolaithe agus arna reáchtáil ag an Eagraíocht Domhanda Sláinte (EDS) a bheadh saor ó chur isteach.

Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an plé a bhí ag an G7 maidir le hatógáil ar bhealach níos fearr don domhan, uirlisí maoinithe forbraíochta a dhíriú ar dhúshláin amhail bonneagar agus teicneolaíochtaí athléimneacha a chruthú, agus aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide.

Tá sé i gceist ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe le chéile téarnamh domhanda inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Leanfaidh siad orthu ag cuidiú le tíortha atá i ngátar, tabharfaidh siad aghaidh ar leochaileachtaí fiachais, agus spreagfaidh siad athchóirithe intíre agus infheistíocht phríobháideach níos mó.

Chomhaontaigh na ceannairí meitheal chomhpháirteach saineolaithe idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a bhunú chun tús a chur an athuair le taisteal sábháilte inbhuanaithe neamhriachtanach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

Ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn a rinneadh sa phlé maidir le Ballstáit bhreise de chuid an Aontais a thairbhíonn de thaisteal gan víosa go dtí na Stáit Aontaithe, agus chomhaontaigh siad leanúint leis an idirphlé sin.

Léaráid: COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní.
COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)

COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)

An domhan a chosaint agus an fás glas a chothú

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe tiomanta do Chomhaontú Pháras agus do chur chun feidhme éifeachtach neartaithe an chomhaontaithe sin. Chun ardán éifeachtach a chur ar fáil don chomhar i ndáil leis an méid sin, gheall na ceannairí go mbunóidís Grúpa Ardleibhéil AE-SAM um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Tá sé ar intinn againn a bheith ar thús cadhnaíochta agus dea-shampla á léiriú againn trí gheilleagair atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050 agus ár spriocanna feabhsaithe 2030 / rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) faoi seach a chur chun feidhme. Tá rún daingean againn oibriú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun toradh uaillmhianach a bhaint amach ag an 26ú Comhdháil na bPáirtithe (COP26) de chuid na Náisiún Aontaithe, agus ár seacht ndícheall a dhéanamh a chinntiú go mbeidh teorann 1.5 céim ar an teocht dhomhanda indéanta. Ráiteas ó chruinniú mullaigh AE-SAM

Gheall na ceannairí go gcuirfidís borradh mear faoi theicneolaíochtaí agus faoi bheartais lena gcuirtear dlús breise leis an droim láimhe a thabhairt d´úsáid gan staonadh an fhuinnimh guail agus gheall siad go mbeadh córas cumhachta atá thar a bheith dícharbónaithe ann sna 2030í, i gcomhréir le NDCanna 2030 agus gealltanais ghlan-nialasacha 2050 an Aontais agus na Stát Aontaithe faoi seach.

Rinne na ceannairí rún daingean obair i ndlúthchomhar le chéile san aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach, acmhainntíosach, ciorclach. Tá sé ar intinn acu oibriú chun Comhghuaillíocht Thrasatlantach um Theicneolaíocht Ghlas a bhaint amach lena gcothófar comhar maidir le teicneolaíochtaí glasa a fhorbairt agus a imscaradh, mar aon le margaí a chothú chun na teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn.

Tá rún daingean ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú faoi 2030 agus tabhairt faoi ghníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar na nithe is cúis léi. Gheall na ceannairí an sprioc 30 % ar a laghad den talamh domhanda agus 30 % de na haigéin dhomhanda a chaomhnú a bhaint amach faoi 2030. Tá an sprioc chomhchoiteann acu creat domhanda bithéagsúlachta iar-2020 a bheidh rathúil agus uaillmhianach a chur chun cinn go comhpháirteach ag an 15ú Comhdháil na bPáirtithe (COP15) de chuid na Náisiún Aontaithe. Ina theannta sin, gheall na ceannairí go n-oibreoidís le chéile chun aigéin an domhain a chosaint, agus dul i ngleic leis an mbruscar muirí mar chuid den obair sin.

An trádáil, an infheistíocht agus an comhar teicneolaíoch a neartú

Is ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe atá an caidreamh eacnamaíoch is mó ar domhan. Tá siad tiomanta don chaidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta atá acu a mhéadú agus don chóras iltaobhach trádála riailbhunaithe a chaomhnú agus a athchóiriú. Dúirt na ceannairí go raibh sé i gceist acu leas a bhaint as an trádáil chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac, an comhshaol a chosaint, cearta oibrithe a chur chun cinn, slabhraí soláthair athléimneacha inbhuanaithe a leathnú agus poist chuibhiúla a chruthú.

Tá rún daingean againn seasamh gualainn ar ghualainn chun ár ngnólachtaí agus ár n-oibrithe a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála, go háirithe na cleachtais sin atá ar bun i ngeilleagair neamh-mhargaidh lena mbaintear an bonn den chóras trádála domhanda. Ráiteas ó chruinniú mullaigh AE-SAM

Chun ardán éifeachtach a chur ar fáil don chomhar, bhunaigh na ceannairí Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta (CTT) AE-SAM. I measc chuspóirí CTT, tá an méid seo a leanas:

  • an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta a mhéadú
  • bacainní teicniúla neamhriachtanacha nua ar thrádáil a sheachaint
  • an comhar domhanda maidir le teicneolaíocht, saincheisteanna digiteacha agus slabhraí soláthair a neartú
  • comhar a dhéanamh maidir le caighdeáin chomhoiriúnacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt
  • beartas rialála a éascú
  • nuálaíocht agus ceannaireacht ó ghnólachtaí na Stát Aontaithe agus na hEorpa a chur chun cinn

Faoi CTT, geallann an dá chomhpháirtí comhpháirtíocht AE-SAM a thógáil maidir le slabhraí soláthair domhanda i leathsheoltóirí a athchothromú, d’fhonn slándáil an tsoláthair a fheabhsú san Aontas agus sna Stáit Aontaithe agus dlús a chur le hacmhainneacht an dá chomhpháirtí na leathsheoltóirí is cumhachtaí agus is tíosaí ar acmhainní a dhearadh agus a tháirgeadh.

Agus CTT i mbun na hoibre sin, tá sé ar intinn ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe Idirphlé Comhpháirteach AE-SAM maidir le Beartas Iomaíochta Teicneolaíochta a bhunú lena ndíreofaí ar chineálacha cur chuige i leith beartas iomaíochta agus forfheidhmiú, agus ar chomhar méadaithe in earnáil na teicneolaíochta.

I ngeall ar an gcruinniú mullaigh, tá deis ann anois le díospóidí trádála seanbhunaithe a réiteach.

  • Ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur thángthas ar chomhthuiscint maidir le creat comhoibríoch d'aerárthaí móra sibhialta, rud lena léirítear caidreamh nua trasatlantach sa réimse seo.
  • Chomhaontaigh na ceannairí freisin dul i mbun díospóireacht chun na difríochtaí atá ann faoi láthair maidir le bearta i ndáil le cruach agus alúmanam a réiteach roimh dheireadh na bliana

Thairis sin, tá rún daingean ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe córas idirnáisiúnta cánach atá cothrom, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a chothú agus obair i gcomhar le chéile chun teacht ar chomhthoil dhomhanda faoi lár 2021 maidir le ceist an chánachais ar chuideachtaí ilnáisiúnta laistigh de ECFE.

Chomhaontaigh na ceannairí freisin go n-oibreoidís i gcomhar le chéile sna hiarrachtaí atá ar bun chun athchóiriú fóinteach a dhéanamh ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Is é atá i gceist leis sin dea-fheidhmiú fheidhm chaibidlíochta EDT agus a chórais um réiteach díospóidí a chur chun cinn, lena n-éileofar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá gan réiteach le fada an lá.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Domhan níos daonlathaí, níos síochánta agus níos sláine a bhunú

Is crann taca don daonlathas, don tsíocháin agus don tslándáil ar fud an domhain iad an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe le chéile. Bíonn siad ag obair as láimh a chéile ós mian leo coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach go síochánta, seasamh leis an smacht reachta agus an dlí idirnáisiúnta, agus cearta an duine do chách, cothromas agus comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn. Tá sé ar intinn ag an dá chomhpháirtí tacú leis an daonlathas ar fud an domhain, i measc rudaí eile, trí shaoirse na meán a chosaint, idirlíon saor agus oscailte a chur chun cinn, iompar freagrach sa chibearspás a chothú agus dul i ngleic leis an mbréagaisnéis.

Bheartaigh na ceannairí dea-shampla a thabhairt ina dtíortha féin, agus páirt a ghlacadh sa Chruinniú Mullaigh um an Daonlathas, agus gealltanas á thabhairt acu tabhairt faoi ghníomhaíochtaí nithiúla chun cearta uilíocha an duine a chosaint, cúlú ar an daonlathas a chosc agus an t-éilliú a chomhrac.

Tá sé ar intinn ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe dul i ndlúthchomhairle agus oibriú i ndlúthchomhar le chéile i dtaca leis an réimse iomlán saincheisteanna a bhaineann leis an tSín, ina bhfuil gnéithe den chomhar, den iomaíochas agus den iomaíocht shistéamach san áireamh. Tá sé i gceist acu leanúint de chomhordú a dhéanamh ar na hábhair imní atá i gcoiteann acu, lena n-áirítear sáruithe leanúnacha ar chearta an duine in Xinjiang agus sa Tibéid, creimeadh an neamhspleáchais agus na bpróiseas daonlathach i Hong Cong, comhéigean eacnamaíoch, feachtais bhréagaisnéise agus saincheisteanna slándála réigiúnacha.

Is cúis mhór imní dúinn i gcónaí an staid mar atá i Muir na Síne Thoir agus Theas agus cuirimid i gcoinne aon iarrachtaí aontaobhacha an status quo a athrú agus an teannas a mhéadú. Leagaimid béim ar thábhacht na síochána agus na cobhsaíochta ar fud Chaolas na Téaváine agus molaimid go dtiocfaí ar réiteach síochánta ar shaincheisteanna tras-chaolais. Ráiteas ó chruinniú mullaigh AE-SAM

Tá sé beartaithe freisin ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe comhordú a dhéanamh maidir lena rannpháirtíocht chuiditheach leis an tSín maidir le saincheisteanna amhail an t-athrú aeráide agus neamhleathadh, agus maidir le hábhair réigiúnacha áirithe.

Seasann an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe le chéile maidir lena gcur chuige i leith na Rúise ar bhonn prionsabail. Tá siad réidh chun freagairt go cinntitheach d'iompar diúltach agus do ghníomhaíochtaí díobhálacha na Rúise – iompar agus gníomhaíochtaí atá ag tarlú arís agus arís eile. Chomhaontaigh na ceannairí idirphlé ardleibhéil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a bhunú maidir leis an Rúis chun ár mbeartais agus ár ngníomhartha i ndáil leis an méid sin a chomhordú.

Anuas air sin, thug na ceannairí aghaidh ar réimse leathan saincheisteanna práinneacha eile geopholaitiúla, beartais eachtraigh agus slándála ar ábhar leasa choitinn iad.

Chuir siad i bhfios go bhfuil rún daingean acu leanúint de thacú le ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach chomhpháirtithe an Aontais san Oirthear, agus chun tacú le conair athchóirithe na hÚcráine, na Seoirsia agus Phoblacht na Moldóive. Shocraigh siad oibriú chun síocháin, teacht aniar agus cobhsaíocht fhadtéarmach a bhaint amach i gCugas Theas.

Seasann an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe le muintir na Bealarúise agus leis na héilimh atá acu maidir le cearta an duine agus an daonlathas.

Táimid diongbháilte réimeas Lukashenka a thabhairt chun cuntais i ngeall ar na hionsaithe méadaithe atá á dhéanamh ag an réimeas sin ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, agus as an tsábháilteacht eitlíochta a chur i mbaol trí atreorú éigeantach eitleán paisinéirí de chuid an AE nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin faoi chreacha bréige, agus ar ghabháil iriseoir ina dhiaidh sin mar chuid d’ionsaí leanúnach ar ghuthanna freasúra agus ar shaoirse an phreasa. Ráiteas ón gcruinniú mullaigh AE-SAM

Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe a rannpháirtíocht chomhpháirteach sna Balcáin Thiar a neartú a thuilleadh; chinn siad oibriú as láimh a chéile chun dítheannasú inbhuanaithe a dhéanamh sa Mheánmhuir Thoir. Is ceart na difríochtaí atá eatarthu a shocrú trí bhíthin idirphlé de mheon macánta agus i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta na mara. Tá sé d’aidhm freisin ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe caidreamh comhoibritheach comhthairbheach a bhunú leis an Tuirc dhaonlathach.

Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an sos comhraic sa choinbhleacht sa Mheánoirthear agus chuir siad i bhfios gur chúis mhór imní dóibh an staid pholaitiúil, slándála agus dhaonnúil mar aon le cearta an duine san Aetóip, sa tSomáil agus i dtíortha na Saiheile, go háirithe an polarú polaitiúil agus eitneach atá ag dul i méid ar fud na hAetóipe, rud a chuireann ceannasacht agus iomláine chríochach na tíre sin i mbaol. Ina theannta sin, phléigh na ceannairí tacaíocht shonrach airgeadais agus forbartha do thíortha na hAfraice.

Anuas air sin, phléigh siad an staid sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, i Maenmar, san Afganastáin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, agus go háirithe an staid i Veiniséala, agus shocraigh siad oibriú le chéile chun an tArtach a choimeád ina réigiún ina mbeidh an tsíocháin agus an chobhsaíocht i réim.

Chuir na ceannairí i dtreis go dtacóidís leis na hiarrachtaí leanúnacha taidhleoireachta a bhí ar bun agus leis an gcaibidlíocht atá ar siúl i Vín, darb aidhm filleadh na Stát Aontaithe ar an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) a éascú, chomh maith leis an socrú idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe a bheith á chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.

Ar deireadh, ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur iarr an tAontas ar na Stáit Aontaithe páirt a ghlacadh i dtionscadal Soghluaisteachta Míleata PESCO mar chéim thábhachtach i dtreo comhpháirtíocht níos dlúithe idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i réimse na slándála agus na cosanta. Gheall na ceannairí go n-oibreoidís i dtreo Socrú Riaracháin do na Stáit Aontaithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, agus chomhaontaigh siad go n-oibreoidís le chéile chun leibhéal na huaillmhéine idir ECAT agus an tAontas a mhéadú ar mhaithe leis an bpríomh-chomhpháirtíocht straitéiseach chomhthreisitheach sin a neartú a thuilleadh.

Cúlra

An 10 agus an 11 Nollaig 2020, phléigh an Chomhairle Eorpach an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe. Sna conclúidí uathu, chuir na ceannairí chun suntais a thábhachtaí atá comhpháirtíocht thrasatlantach straitéiseach láidir a bheith ann, agus í a bheith bunaithe ar leasanna coiteanna agus ar luachanna comhroinnte.

An 25 Márta 2021, bhuail an tUachtarán Joe Biden le ceannairí an Aontais le linn físchomhdháil de chomhaltaí na Comhairle Eorpaí.

An 7 Nollaig 2020, tar éis thoghcháin na Stát Aontaithe, phléigh an Chomhairle, ar bhonn teachtaireacht chomhpháirteach, an dóigh le dlús a chur an athuair leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach leis na Stáit Aontaithe. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle na conclúidí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

An 22 Feabhra, rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha tuairimí a mhalartú, trí fhíschomhdháil, le Antony Blinken, Státrúnaí na Stát Aontaithe, maidir le clár oibre téagartha don chomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i dtaca le saincheisteanna tábhachtacha domhanda, eachtracha agus slándála.

An 10 Bealtaine, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtrachatosaíochtaí le haghaidh na teagmhála le riarachán na Stát Aontaithe, agus mhalartaigh sí tuairimí le Toscaire Speisialta Uachtarán na Stát Aontaithe maidir leis an Aeráid, John Kerry.

An 20 Bealtaine, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí acu le Katherine Tai, Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe.

Bhí an cruinniú deireanach idir ceannairí an Aontais agus na Stát Aontaithe sa Bhruiséil an 25 Bealtaine 2017. Is iad iar-Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, iar-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, agus an 45ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe, Donald Trump a tháinig le chéile ag an gcruinniú sin.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025