• Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú mullaigh G7, Corn na Breataine, an Ríocht Aontaithe, 11-13 Meitheamh 2021

Fís-sleachta roimh an gcruinniú: Atógáil ar bhealach níos fearr: téarnamh do chách
Fís-sleachta roimh an gcruinniú: Atógáil ar bhealach níos fearr: téarnamh do chách

Na príomhthorthaí

Rinne Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinniú mullaigh G7 na bliana seo, a reáchtáladh in Carbis Bay, Corn na Breataine.

Le linn an chruinnithe trí lá, phléigh ceannairí G7 raon leathan ábhar práinneach, lena n-áirítear COVID-19, ullmhacht paindéime agus an téarnamh eacnamaíoch; dúshláin gheopholaitiúla agus gnóthaí eachtracha; trádáil agus forbairt; sochaithe oscailte agus luachanna daonlathacha a chur chun cinn; agus comhrac an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil.

Ba faoi Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe ar G7 a tionóladh an cruinniú mullaigh, arb é ‘Building Back Better’ [Atógáil ar Bhealach Níos Fearr] tar éis na paindéime ba théama foriomlán dó. Thug an Ríocht Aontaithe cuireadh do cheannairí ón Astráil, ón India, ón gCóiré Theas agus ón Afraic Theas freastal ar chuid den chruinniú mar aoi-thíortha.

Ag deireadh an chruinnithe mullaigh, ghlac ceannairí G7 communiqué na gceannairí.

Grafaic faisnéise - COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní

Léaráid: COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní. Féach an ghrafaic faisnéise iomlán

Sláinte

Leag na ceannairí amach sprioc chomhchoiteann chun deireadh a chur leis an bpaindéim in 2022. Chuige sin, caithfear ar a laghad 60 % de dhaonra an domhain a vacsaíniú. Dá bhrí sin, is tosaíocht idirnáisiúnta do G7 é dlús a chur le leathadh amach vacsaíní atá sábháilte, éifeachtach, inrochtana agus inacmhainne.

Gheall G7 billiún dáileog vacsaíne a chur ar fáil le linn na bliana atá romhainn. Déanfar iad sin a sheoladh go príomha trí COVAX, colún vacsaíní an Luasaire Uirlisí COVID-19 (ACT-A), chucu siúd is mó gátar. Ach an méid sin a chur le rannchuidiú airgeadais G7 (dar luach $8.6 billiún) arna shannadh ina dháileoga, is ionann an t-iomlán agus breis agus dhá bhilliún dáileog vacsaíne.

Agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé rochtain chothrom a bheith ann ar vacsaíní COVID-19, gheall ceannairí G7 go dtacóidís le monarú uirlisí COVID-19 i dtíortha ísealioncaim agus go gcuirfí dlús lena monarú ar gach ilchríoch. Beidh plé cuiditheach ag na ceannairí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le ról na maoine intleachtúla, lena n-áirítear trí oibriú ar bhealach comhsheasmhach faoin gcomhaontú TRIPS.

An tosaíocht ba mhó ná a chinntiú gur féidir linn freastal ar an éileamh ar vacsaíní agus tá ról ceannaireachta glactha ag an Aontas i ndáil leis sin. Tá ár gcomhpháirtithe tagtha i bpáirt linn anois chun dlús a chur le táirgeadh agus seachadadh vacsaíní ar fud an domhain.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Mar is féidir a bheith níos ullaimhe do phaindéimí amach anseo agus dul i ngleic le bagairtí sláinte domhanda atá seanbhunaithe – sin é a bhí ag croílár an phlé ar shláinte dhomhanda. D’aithin ceannairí G7 an ról agus na freagrachtaí ar leith atá acu maidir leis an ollstruchtúr domhanda sláinte agus slándála sláinte a neartú.

Ba dhíol sásaimh do cheannairí G7 Dearbhú na Róimhe, mar a glacadh ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir leis an tSláinte an 21 Bealtaine, agus tá siad ag tnúth le bheith ag obair le G20 agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun tús a chur le gníomhaíocht iltaobhach maidir le hullmhacht agus freagairt phaindéimeach, lena n-áirítear féachaint an fiú conradh ar phaindéimí a thabhairt i gcrích.

Ina theannta sin, ghlac na ceannairí Dearbhú Sláinte Carbis Bay ina leagtar amach tiomantas G7 go ndéanfar cosc, brath, freagairt agus téarnamh níos fearr i ndáil le paindéimí sa todhchaí, trí ghníomhaíocht éifeachtach iltaobhach agus córas sláinte domhanda níos láidre, a mbeidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ag a lár.

Thacaigh na ceannairí leis an iarraidh go ndéanfaí taighde maidir le tionscnamh COVID-19.

Iarraimid freisin go ndéanfaí staidéar céim 2 ar thionscnamh COVID-19, staidéar a bheidh tráthúil, trédhearcach, á stiúradh ag saineolaithe, á bhunú ar eolaíocht agus á reáchtáil ag EDS agus lena n-áirítear, mar a mholtar i dtuarascáil na saineolaithe, an tSín.

An communiqué ó Cheannairí G7

Téarnamh eacnamaíoch agus poist

Chun tionchar na paindéime a mhaolú, tá tacaíocht dífhasaigh dar luach breis agus $12 trilliún tugtha ag tíortha G7 do shaoránaigh. Leanfaidh G7 de thacaíocht a thabhairt dá ngeilleagair chomh fada agus is gá, agus iad ag athrú ó chur chuige na freagartha géarchéime go cur chuige lena gcuirtear fás láidir, athléimneach, inbhuanaithe, cothrom agus cuimsitheach don todhchaí chun cinn.

Chun córas cánach domhanda níos cothroime a chruthú, níos mó ioncaim ó cháin a bhailiú chun tacú leis an infheistíocht agus dul i ngleic le seachaint cánach, d’fhormhuinigh na ceannairí go gcruthófaí íoscháin chorparáideach dhomhanda de 15 % ar a laghad ar bhonn tír-ar-thír, trí bhíthin chreat cuimsitheach G20/ECFE. Is é an sprioc ann go dtiocfar ar chomhaontú ag an gcruinniú a bheidh ag airí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais i mí Iúil.

Saorthrádáil chóir

Tá G7 aontaithe ina dtiomantas don tsaorthrádáil chóir mar phrionsabail bhunaidh agus mar chuspóirí don chóras iltaobhach riailbhunaithe. Chomhaontaigh na ceannairí, áfach, gur gá fís chomhroinnte a bheith ann i ndáil le hathchóiriú an chórais iltaobhaigh trádála, a mbeadh leabhar rialacha nuachóirithe ag gabháil leis mar aon le hEagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) athchóirithe. Sa chomhthéacs sin, chuir siad chun suntais a thábhachtaí atá sé go bhfeidhmeodh córas caibidlíochta agus córas réitithe díospóidí EDT mar is ceart.

Gheall na ceannairí go n-oibreoidís i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a bhaineann le sceitheadh carbóin agus chun a gcleachtais trádála a ailíniú lena ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras.

Gheall siad freisin go leanfaidís de bheith ag obair le chéile chun a áirithiú nach mbeadh aon saothar éigeantais in úsáid sna slabhraí soláthair domhanda.

Amach anseo

Cuirfidh an G7 comhoibriú níos láidre chun cinn maidir le taighde agus forbairt, mar aon le prionsabail na slándála agus na sláine taighde agus na heolaíochta oscailte. Chun na críche sin, d’fhormhuinigh na ceannairí Comhshocrú G7 maidir le Comhoibriú Taighde.

Fís-sleachta roimh an gcruinniú: Atógáil ar bhealach níos glaise: an aeráid & an dúlra
Fís-sleachta roimh an gcruinniú: Atógáil ar bhealach níos glaise: an aeráid & an dúlra

An aeráid agus an comhshaol

Leanfaidh G7 dá n-iarrachtaí a mhéadú le gurb indéanta teorainn 1.5 °C a choinneáil le hardú na teochta. D’athdhearbhaigh na ceannairí a dtiomantas do Chomhaontú Pháras agus gheall siad mar ghrúpa aeráidneodracht iomlán a bhaint amach a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí.

Meastar, leis an aistriú glas, go laghdófar astaíochtaí, go méadófar an ghníomhaíocht oiriúnaithe ar fud an domhain, go gcuirfear stop le cailliúint na bithéagsúlachta agus go n-iompófar siar í, go gcruthófar poist nua ardcháilíochta, agus go gcuirfear le rathúnas agus folláine. Beidh sé bunaithe ar an teicneolaíocht agus tacófar leis le bearta nithiúla i ngach earnáil de gheilleagair agus de shochaithe G7.

I measc na ngealltanas sonrach a rinneadh, gealladh breis dlúis a chur leis an droim láimhe a thabhairt d´úsáid gan staonadh an fhuinnimh guail agus tacú, ag an am céanna, le hoibrithe a bheidh thíos dá bharr, agus éirí as aon tacaíocht dhíreach nua a bheith á tabhairt ag rialtais le giniúint idirnáisiúnta cumhachta teirmí guail gan staonadh faoi dheireadh na bliana 2021.

Leis an aistriú chuig geilleagair aeráidneodracha, beidh dúshláin mhaoinithe ar leith ag tíortha atá i mbéal forbartha. Seasann ceannairí G7 lena ngealltanais dhéthaobhacha agus iltaobhacha chun tacú le hiarrachtaí dícharbónaithe na gcomhpháirtithe sin trí bhíthin an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide.

D’athdhearbhaigh siad sprioc chomhchoiteann na dtíortha forbartha $100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh go comhpháirteach ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha, suas go dtí 2025, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí fóinteacha maolúcháin agus trédhearcachta maidir leis an gcur chun feidhme.

Chuir na ceannairí i dtreis freisin a thábhachtaí atá margaí ardsláine carbóin agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as luamháin bheartais d’fhonn bogadh i dtreo praghsáil carbóin atá cothrom éifeachtúil.

Gheall ceannairí G7 stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus an chailliúint a aisiompú faoi 2030, agus thacaigh siad le creat uaillmhianach domhanda bithéagsúlachta tar éis 2020 a bheidh le glacadh ag na páirtithe ag COP15 maidir leis an mbithéagsúlacht. Ghlac siad Comhshocrú G7 2030 maidir leis an dúlra, ina leagtar amach gníomhaíocht i ndáil leis an mbithéagsúlacht i gceithre cinn de phríomhréimsí: aistriú, infheistíocht, caomhnú, agus cuntasacht.

Faoin gcomhshocrú sin, geallann G7 30 % ar a laghad den talamh domhanda agus 30 % ar a laghad den aigéan domhanda a chaomhnú nó a chosaint faoi 2030. Rannchuideoidh siad trí 30 % ar a laghad dá dtalamh féin agus dá limistéir chósta agus mhuirí féin a chaomhnú nó a chosaint faoi 2030 i gcomhréir lena gcúinsí agus a gcuir chuige náisiúnta.

An comhionannas inscne

D’aithin ceannairí G7 tionchar tubaisteach díréireach COVID-19 ar mhná agus ar chailíní, tionchar ar baol dó gach ar shaothraigh mná agus cailíní go daor a chur ar gcúl go háirithe maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe, an tsláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, an t-oideachas, agus poist.

cothú an chothromais inscne agus an chomhionannais ar cheann de na colúin lárnacha atá i bpleananna agus beartais G7 chun téarnamh ar bhealach níos fearr as an bpaindéim, agus bunaithe ar thrí chroíthosaíocht: oideachas a chur ar chailíní, mná a chumhachtú, agus deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní.

Thug na ceannairí a dtiomantas do dhá sprioc nua dhomhanda de chuid SFI4 a bhaineann le hoideachais cailíní:

  • 40 milliún cailín eile a bheith páirteach faoi 2026 san oideachas i dtíortha ísealioncaim agus íseal-mheánioncaim
  • 20 milliún cailín eile a bheith ag léamh faoi aois a ndeich mbliana nó faoin am a gcríochnóidh siad sa bhunscoil, i dtíortha ísealioncaim agus íseal-mheánioncaim, faoi 2026

D’fhonn a áirithiú go mbeidh maoiniú inbhuanaithe ina bhonn taca ag na spriocanna sin, d’fhógair ceannairí G7 gealltanas comhcheangailte dar luach $2.75 billiún de mhaoiniú as seo go ceann cúig bliana don Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas sula ndéanfar é a athlíonadh i mí Iúil.

Freagracht dhomhanda agus gníomhaíocht dhomhanda

Tá de thiomantas na mórdhaonlathas ar domhan an comhar a shaothrú le chéile ar mhaithe lena gcomhluachanna a chur chun cinn laistigh den chóras idirnáisiúnta. De léiriú ar an tiomantas sin, féach an Ráiteas faoi Shochaithe Oscailte a ghlac ceannairí G7 agus ceannairí na hAstráile, na hIndia, Phoblacht na Cóiré, agus na hAfraice Theas.

Sa ráiteas sin, déanann na ceannairí athdhearbhú agus cur chun cinn ar na luachanna agus prionsabail seo: cearta an duine, an daonlathas, an cuimsiú sóisialta, an comhionannas inscne, an tsaoirse chainte, an smacht reachta, córas iltaobhach éifeachtach, agus sochaithe sibhialta éagsúla, neamhspleácha, iolraíocha.

D’aithin na ceannairí go bhfuil freagracht ar leith ar na tíortha is mó, ar na geilleagair is mó, as seasamh leis an gcóras riailbhunaithe idirnáisiúnta agus leis an dlí idirnáisiúnta. Thug siad a bhfocal go n-oibreoidís chun na críche sin leis na comhpháirtithe uile agus ina gcáil mar chomhaltaí de G20, de na Náisiúin Aontaithe agus den chomhphobal idirnáisiúnta i gcoitinne, agus mhol siad do thíortha nach iad an rud céanna a dhéanamh.

Ina theannta sin, phléigh na ceannairí na saincheisteanna is práinní a bhaineann leis an mbeartas geopholaitiúil agus eachtrach, lena n-áirítear an tSín, an Rúis, an Úcráin, an Bhealarúis, Tigray, an tSaiheil, an Libia, an Afganastáin, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, Maenmar, limistéar an Aigéin Indiaigh agus an Aigéin Chiúin, an Iaráin agus an Iaráic.

Maidir leis an tSín, agus maidir leis an iomaíocht sa gheilleagar domhanda, leanfaidh G7 de dhul i gcomhairle le chéile maidir le cur chuige comhchoiteann i leith beartais agus cleachtais neamh-mhargaidh a bhaineann an bonn de chothrom na Féinne agus trédhearcach an gheilleagair dhomhanda a ghleic.

I gcomhthéacs a bhfreagrachtaí faoi seach sa chóras iltaobhach, comhoibreoidh G7, i gcás inar chun a leasa choitinn é, maidir le dúshláin dhomhanda chomhroinnte, i gcomhthéacs COP26 agus idirphlé iltaobhach eile, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta.

Ag an am céanna agus an méid sin á dhéanamh againn, cuirfimid ár luachanna chun cinn, lena n-áirítear trína iarraidh ar an tSín cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, go háirithe maidir le Xinjiang agus maidir leis na cearta, na saoirsí agus an t-ardleibhéal neamhspleáchais atá ag Hong Cong agus a chumhdaítear faoin Dearbhú Comhpháirteach idir an tSín agus an Bhreatain, agus faoin mBundlí.

An ráiteas ó Cheannairí G7

D’athdhearbhaigh na ceannairí gur spéis leo caidreamh cobhsaí intuartha a bheith acu leis an Rúis. D’iarr siad ar an Rúis éirí as an iompar díchobhsaitheach atá ar bun aici agus lena gníomhaíochtaí urchóideacha, agus a hoibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chomhlíonadh.

Maidir leis an Úcráin, d’iarr siad ar an Rúis an teannas a mhaolú, gníomhú i gcomhréir lena hoibleagáidí idirnáisiúnta, agus a trúpaí agus ábhar míleata atá suite ar theorainn thoir na hÚcráine agus ar leithinis na Crimé a tharraingt siar.

Táimid go daingean den tuairim nach idirghabhálaí sa choinbhleacht í an Rúis in oirthear na hÚcráine ach páirtí.

An ráiteas ó Cheannairí G7

Maidir leis na hionsaithe leanúnacha atá á ndéanamh ag na húdaráis sa Bhealarúis ar chearta an duine, ar shaoirsí bunúsacha agus ar an dlí idirnáisiúnta, oibreoidh G7 le chéile chun iad siúd atá freagrach as an méid sin a thabhairt faoi chuing an cheartais, lena n-áirítear trí smachtbhannaí a fhorchur, agus leanfaidh G7 de thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha agus do chearta an duine sa tír.

Chuir na ceannairí in iúl gur cúis mhór imní dóibh an choinbhleacht atá fós ar bun in Tigray na hAetóipe. D’iarr siad go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcogaíocht, go dtabharfaí rochtain dhaonnúil gan bhac ar na limistéir uile, go dtarraingeofaí siar láithreach bonn fórsaí na hEiritré, agus go ndéanfadh na páirtithe uile próiseas inchreidte polaitiúil a chur ar bun.

I ngeall ar sheacht mí de choinbhleacht, d’ainghníomhartha, d’fhoréigean eitneach, de sháruithe ar chearta an duine, agus de sháruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, is gearr go mbeidh na mílte duine neamhchiontach i ngleic le ceann de na gortaí is measa de dhéantús an duine a chonacthas riamh. Iarraimid ar an bpobal idirnáisiúnta go léir beart a dhéanamh.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Forbairt

D’aithin ceannairí G7 go bhfuil lorg forleathan fágtha ag COVID-19 ar na tíortha is boichte, tíortha a bhí i ngleic mar a bhí le héifeachtaí coinbhleachta, an athraithe aeráide, suaití socheacnamaíocha agus géar-easpa acmhainní agus bonneagair. De chúnamh do na tíortha is leochailí cás, tacaíonn G7 le sraith de bhearta comhlántacha lena n-áirítear faoiseamh fiachais, maoiniú forbartha agus tacaíocht tríd an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).

D’aithin ceannairí G7 na riachtanais shuntasacha bonneagair atá i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, ar riachtanais iad ar chuir paindéim COVID-19 in olcas ar fad iad. Gheall siad go n-athrófaí an cur chuige atá acu maidir le maoiniú domhanda bonneagair, agus go leagfaidís béim ar leith ar an Afraic. Tá sé ar intinn, tríd an infheistíocht dhíreach eachtrach agus na comhpháirtithe iltaobhacha, $80 billiún ar a laghad a infheistiú san earnáil phríobháideach san Afraic as seo go ceann cúig bliana chun tacú le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus fás.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Le roinnt blianta anuas, táimid féin, mar aon le roinnt ceannairí san Eoraip, cinnte dearfa nach mór don chaidreamh sin leis an Afraic a bheith i gcroílár ár gcaidrimh idirnáisiúnta feasta. Tá ag éirí linn, níos mó agus níos mó, seasaimh na dtíortha Eorpacha maidir leis an tsaincheist seo a aontú, agus anois, táimid tar éis a chur ina luí ar ár gcomhpháirtithe tuilleadh cistí a shlógadh chun straitéis a bheidh chun leasa an dá thaobh a bhaint amach don Afraic agus don Eoraip.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Nóta faoi Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe ar G7

Is ag an Ríocht Aontaithe a bheidh an Uachtaránacht ar G7 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021. Beidh, mar phríomhthosaíocht aici le linn na tréimhse sin, tíortha daonlathacha a stiúradh chun go bhfaighidh an domhan an lámh in airde ar COVID-19, go n-éireoidh leis an atógáil ar bhealach níos fearr, agus go mbeidh todhchaí níos glaise, níos rathúla ann trí:

  • an téarnamh domhanda ón gcoróinvíreas a stiúradh agus ár dteacht aniar a neartú i gcoinne paindéimí feasta
  • ár rathúnas feasta a chur chun cinn trí thacú leis an tsaorthrádáil chóir
  • dul i ngleic leis an athrú aeráide agus bithéagsúlacht an phláinéid a chaomhnú
  • tacú lenár luachanna comhroinnte

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe ar G7 chun tuilleadh eolais a fháil faoi thosaíochtaí Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe agus faoi Chruinniú Mullaigh Chorn na Breataine:

Mar ullmhúchán don chruinniú mullaigh i gCorn na Breataine, reáchtáil an Ríocht Aontaithe físchomhdháil do cheannairí G7 an 19 Feabhra 2021. Ag an gcruinniú, d’iarr an tUachtarán Charles Michel conradh domhanda maidir le paindéimí agus rochtain chothrom inacmhainne ar vacsaíní a thabhairt do chách.

Ghlac na ceannairí ráiteas comhpháirteach ag deireadh na físchomhdhála.

Eolas faoi chruinniú mullaigh G7

Is fóram é cruinniú mullaigh G7 a bhfuil ról tábhachtach aige maidir le freagairtí domhanda a mhúnlú i leith dúshláin dhomhanda agus lena gcomhlánaítear an comhordú eacnamaíoch domhanda a dhéanann G20.

Tugtar ceannairí ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus ó na tíortha seo a leanas le chéile ann:

  • Ceanada
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Iodáil
  • An tSeapáin
  • An Ríocht Aontaithe
  • Na Stáit Aontaithe

Tionóladh an Cruinniú Mullaigh deireanach den G7 in Biarritz na Fraince, in 2019. Ní raibh aon chruinniú mullaigh G7 ann faoi Uachtaránacht na Stát Aontaithe in 2020.

Tá na ceannairí ag teacht le chéile i bhformáid G7 ó 2014 i leith, tar éis do Chónaidhm na Rúise ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a shárú.

An tAontas Eorpach mar chomhalta de G7

Is in 1977, ag Cruinniú Mullaigh Londain, a ghlac ionadaithe de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, mar a tugadh air an uair sin, páirt den chéad uair. Ar dtús, bhí ról ag an Aontas a bhí teoranta do na réimsí sin a raibh inniúlachtaí eisiacha aige ina leith, ach tá forleathnú tagtha ar an ról sin le himeacht ama.

De réir a chéile, tugadh páirt don Aontas sa phlé polaitiúil uile a bhí ar siúl ag na cruinnithe mullaigh agus, ó bhí Cruinniú Mullaigh Ottawa ann in 1981, bhí páirt aige sna seisiúin oibre uile ag na cruinnithe mullaigh.

Tá na freagrachtaí go léir a bhaineann le ballraíocht ar an Aontas anois. Bíonn communiqué an chruinnithe mullaigh ina cheangal polaitiúil ar chomhaltaí uile G7.

Beidh na tíortha seo a leanas i mbun na hUachtaránachta sna blianta atá luaite thíos: Ceanada in 2018, an Fhrainc in 2019, SAM in 2020, an Ríocht Aontaithe in 2021, an Ghearmáin in 2022, an tSeapáin in 2023, agus an Iodáil in 2024.