Skip to content

Athchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta tar éis 2013

Tuige an t-athchóiriú?

Is beartas dinimiciúil é comhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT) atá á chur in oiriúint do dhúshláin nua thalmhaíocht na hEorpa, trí athchóirithe comhleantacha. Áirítear ar na dúshláin sin úsáid níos inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide, an méadú ar an iomaíocht ó mhargaí domhanda agus an gá le rath a choinneáil faoi cheantair thuaithe ar fud an Aontais.

Caithfidh CBT leanúint de tháirgeadh inmharthana agus soláthar seasta bia a áirithiú, agus sábháilteacht bia á cur san áireamh, mar aon leis an ngeilleagar tuaithe, leas ainmhithe, agus ceisteanna sóisialta agus comhshaoil.

Athchóiriú CBT

Leis an gcomhbheartas nua, clúdaítear an tréimhse ó 2014 go 2020. Ba é seo an chéad uair a glacadh athchóiriú CBT faoin ngnáthnós imeachta reachtach, córas faoina gcomhreachtaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh in éineacht le Parlaimint na hEorpa. Ghlac an Chomhairle na téacsanna dlíthiúla go críochnaitheach ar an 16 Nollaig 2013.

Tháinig an t-athchóiriú i bhfeidhm in Eanáir 2014. Ní raibh feidhm ag mórchuid de na rialacha nua ach ón mbliain 2015 ar aghaidh, lena chinntiú go mbeadh am ag na Ballstáit an beartas nua a chur i bhfeidhm de réir a chéile agus na feirmeoirí a chur ar an eolas agus a ullmhú.

Tá an t-athchóiriú ar aon dul go huile agus go hiomlán le bunphrionsabail an chomhbheartais talmhaíochta. Leanfaidh na prionsabail sin de bheith dírithe ar a dhóthain bia sábháilte ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar phraghas inacmhainne do thomhaltóirí san Aontas agus ar fud an domhain. Leis an athchóiriú déanfar rialacha an Aontais i ndáil le leas ainmhithe agus an comhshaol a chomhlíonadh ina n-iomláine, agus caighdeán inghlactha maireachtála á áirithiú d'fheirmeoirí na hEorpa.

Áirítear le CBT athchóirithe:

  • glasú’ na n-íocaíochtaí d'fheirmeoirí, trí chleachtais feirmeoireachta a thabhairt isteach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, amhail éagsúlú barr, agus gnéithe den tírdhreach atá saibhir ó thaobh na héiceolaíochta de agus limistéir féarthailte bhuana a chaomhnú chomh maith agus is féidir
  • tacaíocht a dháileadh ar bhealach níos cothroime d'fhonn na difríochtaí is mó sna leibhéil tacaíochta ioncaim a fhaigheann feirmeoirí ar fud an Aontais a laghdú, agus íocaíochtaí thar mhéid áirithe a laghdú do na feirmeacha is mó
  • tacaíocht ioncaim a bheith níos spriocdhírithe ar na feirmeoirí siúd a bhfuil gá acu léi, go háirithe feirmeoirí óga, feirmeoirí sna hearnálacha ísealioncaim agus feirmeoirí i limistéir a bhfuil bacainní nádúrtha iontu

Tá struchtúr na gcolún coinnithe i CBT. Áirítear i gcolún 1 tacaíocht ioncaim agus bearta bainistithe margaidh, agus clúdaítear forbairt tuaithe le colún 2.

Buiséad nua CBT

Cuirfear tuairim is 38% de bhuiséad foriomlán an Aontais i leataobh do bhuiséad CBT do 2014-2020. € 408.31 billiún san iomlán a bheidh ar fáil do chaiteachas CBT sa tréimhse seacht mbliana sin.

Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an mbuiséad bliantúil le linn na tréimhse 2014-2020. Ó thaobh gealltanais de, ba cheart go mbeadh laghdú de thuairim is 15% ar bhuiséad CBT in 2020, le hais bhuiséad na bliana 2013.