Skip to content

Timeline - Financing the climate transition

  • 2025

    27 Deireadh Fómhair

    Figiúirí 2024 maidir le maoiniú don aeráid formheasta ag an gComhairle

    In 2024, chaith an tAontas agus a 27 mBallstát€31.7 billiún ó fhoinsí poiblí ar mhaoiniúdon aeráid agus chuir siad suim bhreise de €11bhilliún de mhaoiniú príobháideach ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

    D’fhoilsigh an Chomhairle na figiúirí sin mar ullmhúchán do Chomhdháil na bPáirtithe de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP30 & CMA 7), a bheidh ar siúl ón 10 go dtí an 21 Samhain in Belém, an Bhrasaíl.

  • 2025

    10 Deireadh Fómhair

    Conclúidí formheasta ag an gComhairle roimh COP30

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don aeráid i bhfianaise chomhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP30), a bhí ar siúl in Belém an 10-21 Samhain 2025.

    Sna conclúidí uaithi, tugann an Chomhairle dá haire gur cúis mhór imní di gurbh í 2024 an bhliain ba theo riamh, de réir thorthaí nuashonrú aeráide deacáidiúil 2025 na hEagraíochta Domhanda meitéareolaíochta.

    Athdhearbhaítear sna conclúidí freisin go bhfuil an tAontas gona Bhallstáit tiomanta don sprioc chomhchoiteann idirnáisiúnta $100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh i maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide do thíortha i mbéal forbartha agus a iarraidh ar thríú tíortha rannchuidiú leis sin.

  • 2024

    5 Samhain

    Figiúirí 2023 maidir le maoiniú don aeráid formheasta ag an gComhairle

    In 2023, chaith an tAontas agus a Bhallstát €28.6 billiún ó fhoinsí poiblí ar mhaoiniú don aeráid agus chuir siad suim bhreise €7.2 billiún de mhaoiniú príobháideach ar fáil chun cuidiú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

    D’fhormheas an Chomhairle na figiúirí, mar ullmhúchán don 29ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP29), a bheidh ar siúl ón 11 go dtí an 22 Samhain in Baku na hAsarbaiseáine.

  • 2024

    8 Deireadh Fómhair

    Conclúidí formheasta ag an gComhairle roimh COP29

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don aeráid roimh chruinniú chreat‑choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide (UNFCCC) in Baku na hAsarbaiseáine (COP 29).

    Sna conclúidí uaithi, chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta don sprioc atá ag na tíortha forbartha $100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh ar mhaithe leis an maoiniú don aeráid gach bliain go dtí 2025.

  • 2023

    23 Samhain

    Figiúirí 2022 maidir le maoiniú don aeráid formheasta ag an gComhairle

    In 2022, ranníoc an tAontas Eorpach agus a 27 mBallstát EUR 28.5 billiúni maoiniú don aeráid ó fhoinsí poiblí agus chuir siad suim bhreise EUR 11.9billiúnde mhaoiniú príobháideach ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

    D'fhormheas an Chomhairle na figiúirí sin mar ullmhúchán do Chomhdháil na bPáirtithe (COP28) de chuid na Náisiún Aontaithe, a bheidh ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

    Barrachairt ina léirítear an fhorbairt ar ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid ó 2013 go 2024.
    Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)

    Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)

  • 2023

    23 Deireadh Fómhair

    Bannaí Glasa Eorpacha: rialachán nua glactha ag an gComhairle chun airgeadas inbhuanaithe a chur chun cinn

    An 23 Deireadh Fómhair, ghlac an Chomhairle rialachán nua maidir le bannaí glasa Eorpacha a chruthú.

    Leagtar síos sa rialachán ceanglais aonfhoirmeacha d’eisitheoirí bannaí ar mian leo an t-ainmniú ‘bannaí glasa Eorpacha’ nó ‘EuGB’ a thabhairt ar bhannaí a mhaíonn siad a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

  • 2023

    28 Feabhra

    Bannaí glasa Eorpacha: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú

    Tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le bannaí glasa Eorpacha (EuGB) a chruthú.

    Is é is aidhm don rialachán nua snas glas i margadh na mbannaí a chosc. Beidh eisitheoirí bannaí in ann a léiriú go bhfuil tionscadail ghlasa atá ailínithe le tacsanomaíocht an Aontais á gcistiú acu, agus beidh infheisteoirí in ann bannaí glasa ardcháilíochta a shainaithint ar bhealach níos éasca.

  • 2022

    28 Deireadh Fómhair

    Figiúr 2021 maidir le maoiniú don aeráid formheasta ag an gComhairle

    In 2021, gheall an tAontas agus na Ballstáit €23.04 billiún de mhaoiniú don aeráid ó fhoinsí poiblí chun tacú le tíortha i mbéal forbartha chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

    D’fhormheas an Chomhairle an figiúr mar ullmhúchán do chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP27) in Sharm-el-Sheikh. Is ar rialacha mionsonraithe an Aontais maidir le tuairisciú ar mhaoiniú don aeráid atá an figiúr seo bunaithe, rialacha a leagtar síos sa rialachán maidir le rialachas.

  • 2022

    4 Deireadh Fómhair

    Maoiniú don aeráid: conclúidí formheasta ag an gComhairle

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena leagtar béim ar a gealltanas láidir i ndáil leis an maoiniú don aeráid roimh chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP27) in Sharm-el-Sheikh.

    Sna conclúidí, meabhraíodh don Chomhairle gurb iad an tAontas agus na Ballstáit an ranníocóir is mó leis an maoiniú poiblí idirnáisiúnta don aeráid, agus ó 2013 i leith, go bhfuil a ranníocaíocht leis an maoiniú don aeráid méadaithe faoi dhó acu chun tacú le tíortha atá i mbéal forbartha. D'iarr an Chomhairle chomh maith ar dheontóirí eile dlús a chur lena n-iarrachtaí, agus tá sí ag súil go gcomhlíonfar an sprioc comhchoiteann — is é sin $100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana don mhaoiniú don aeráid — in 2023.

  • 2022

    13 Aibreán

    Maoiniú inbhuanaithe: a seasamh maidir le Bannaí Glasa Eorpacha comhaontaithe ag an gComhairle

    Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le Bannaí Glasa Eorpacha, arb iad ceann de na príomhionstraimí iad lena ndéantar maoiniú ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí glasa, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní chomh maith le bonneagar inbhuanaithe iompair agus taighde.

    Leis an rialachán sin, leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha d’eisitheoirí bannaí ar mian leo an ainmníocht ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid le haghaidh a mbannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas. Ina theannta sin, bunaítear córas clárúcháin agus creat maoirseachta le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha na mbannaí glasa Eorpacha.

  • 2021

    29 Deireadh Fómhair

    Figiúr 2020 maidir le maoiniú don aeráid formheasta ag an gComhairle

    In 2020, gheall an tAontas agus a Bhallstáit €23.39 billiún de mhaoiniú don aeráid chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide.

    Tá an figiúr seo, atá bunaithe ar rialacha nua agus níos mionsonraithe tuairiscithe de chuid an Aontais maidir le maoiniú don aeráid, formheasta ag an gComhairle mar ullmhúchán do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide - COP26 - i nGlaschú.

  • 2021

    5 Deireadh Fómhair

    Maoiniú don aeráid: conclúidí formheasta ag an gComhairle

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, roimh Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) i nGlaschú.

    Sna conclúidí, cuireann an Chomhairle i dtábhacht go dtacaíonn an tAontas agus a Bhallstáit go láidir i gcónaí le cur chun feidhme spriocanna Chomhaontú Pháras. Cuireann an Chomhairle chun suntais freisin a thiomanta atá sí cur leis an méid a chuirtear leis an maoiniú idirnáisiúnta don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus an gá atá le feabhas a chur ar sholáthar an mhaoinithe phríobháidigh.

  • 2020

    23 Samhain

    Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: An Chomhairle ag iarraidh go gcuirfeadh na hinstitiúidí airgeadais breis tacaíochta ar fáil

    D’eisigh an Chomhairle ráiteas inar leagadh béim ar rannchuidiú an Aontais maidir le slógadh an mhaoinithe idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide.

    Deimhníonn figiúirí na bliana 2019 gurb é an tAontas an deontóir is mó i gcónaí i dtaobh maoiniú poiblí do thíortha i mbéal forbartha don troid i gcoinne an athraithe aeráide; chuir an tAontas tuairim is 22 billiún euro ar fáil in 2019, is é sin le rá os cionn dhá oiread is a rinne in 2013.

    Leagtar béim sa ráiteas freisin ar a thiomanta atá an tAontas dlús a chur leis an aistriú glas. Léirítear an tosaíocht sin, chomh maith céanna, i bplean téarnaimh an Aontais Eorpaigh, Next Generation EU, agus sa bhuiséad fadtéarmach 2021-2027.

    Sa ráiteas uaithi, iarrann an Chomhairle ar na hinstitiúidí airgeadais uile, idir institiúidí náisiúnta, réigiúnacha agus iltaobhacha, leanúint leis an tacaíocht a thugann siad agus cur leis an tacaíocht sin.

  • 2020

    29 Deireadh Fómhair

    Maoiniú don aeráid: Ardú leanúnach ar ranníocaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát in 2019

    Tháinig ardú leanúnach in 2019 ar ranníocaíochtaí an Aontais agus na mBallstát chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus dul i ngleic le hiarmhairtí an athraithe aeráide. Léiriú é seo ar an treocht sheasmhach ó 2013 i leith.

    €23.2 billiún an tacaíocht don mhaoiniú aeráide a thug an tAontas agus a Bhallstáit (an Ríocht Aontaithe san áireamh) in 2019. Ardú 6.9% é seo ar mhéid 2018. €21.9 billiún, a bhí i gceist nuair a baineadh sciar na Ríochta Aontaithe as an gcomhaireamh. Ardú 7.4% é seo ar an tsuim iomlán a thug Aontas na 27 in 2018.

    Céim thábhachtach atá sa ranníocaíocht leis an maoiniú don aeráid i gcur chun feidhme an chomhaontaithe maidir leis an athrú aeráide ar thángthas air i bPáras i mí na Nollag 2015 agus atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

    Barrachairt ina léirítear an fhorbairt ar ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid ó 2013 go 2024.
    Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)

    Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    15 Aibreán

    Airgeadas inbhuanaithe: córas aicmiúcháin uile-Aontais glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle rialachán lena leagtar amach córas aicmiúcháin uile-Aontais, nó ‘tacsanomaíocht’, lena gcuirfear teanga choiteann ar fáil do ghnólachtaí agus d’infheisteoirí chun na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a mheastar a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint.

    Cuirfidh an tacsanomaíocht ar chumas infheisteoirí a n-infheistíochtaí a athdhíriú ar theicneolaíochtaí agus gnólachtaí níos inbhuanaithe. Beidh an tacsanomaíocht ríthábhachtach chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050 agus go mbainfear amach spriocanna na bliana 2030 faoi Chomhaontú Pháras. Áirítear orthu sin laghdú 40% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; measann an Coimisiún nach mór don Aontas bearna infheistíochta dar luach thart ar €180 billiún in aghaidh na bliana a líonadh ina leith sin.

    Tá an tionscnamh mar chuid de phlean gníomhaíochta airgeadais inbhuanaithe 2018 a chur chun feidhme.

  • 2019

    18 Nollaig

    an tAontas tagtha ar chomhaontú polaitiúil maidir le tacsanomaíocht aontaithe

    D'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais comhaontú ar ar thángthas idir Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir le córas aicmithe uile-Aontais, nó "tacsanomaíocht". Leis an tacsanomaíocht, cuirfear teanga choiteann ar fáil do ghnólachtaí agus d'infheisteoirí chun na gníomhaíochtaí eacnamaíocha is féidir a mheas a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint.

    Cuirfidh an tacsanomaíocht ar chumas infheisteoirí a n-infheistíochtaí a atreorú i dtreo teicneolaíochtaí agus gnólachtaí níos inbhuanaithe. Beidh an tacsanomaíocht ríthábhachtach chun go mbeidh an tAontas neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, agus go mbainfear amach spriocanna Chomhaontú Pháras do 2030.

  • 2019

    8 Samhain

    Rialacháin glactha ag an gComhairle maidir leis an maoiniú inbhuanaithe

    Ghlac an Chomhairle dhá rialachán arb é is aidhm dóibh an maoiniú a dhéanamh níos glaise, agus é a chur i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.

    Tugann an chéad athchóiriú isteach oibleagáidí um nochtadh i ndáil leis an dóigh a bhféadfadh gnólachtaí airgeadais tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú ina gcuid cinntí infheistíochta.

    Leis an dara hathchóiriú cruthaítear cineálacha nua tagarmharcanna arb é is aidhm dóibh breis eolais a thabhairt faoi lorg carbóin punainne infheistíochta.

  • 2019

    25 Meán Fómhair

    Comhaontú maidir le tacsanomaíocht aontaithe AE

    Cheadaigh ambasadóirí an Aontais seasamh na Comhairle maidir leis an togra chun tacsanomaíocht aontaithe AE a chruthú de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe. Níl aon chóras coiteann aicmithe ann ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal domhanda faoi láthair ina sainmhínítear céard is brí le gníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

  • 2019

    7 Márta

    Comhaontú maidir le hoibleagáidí trédhearcachta

    Tháinig uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach faoin togra lena dtugtar isteach oibleagáidí trédhearcachta maidir le conas a d'fhéadfadh gnólachtaí airgeadais tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a ionchorprú ina gcinntí infheistíochta.

  • 2019

    25 Feabhra

    Comhaontú maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin

    Tháinig uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra lena gcruthaítear catagóir nua de thagarmharcanna ísealcharbóin darb aidhm tuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoi lorg carbóin punainne infheistíochta.

  • 2018

    19 Nollaig

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus ceanglais maidir le nochtadh

    D'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais seasamh na Comhairle maidir le dhá thogra den phacáiste airgeadais inbhuanaithe:

    • an togra lena dtabharfar isteach oibleagáidí um nochtadh i ndáil leis an dóigh a bhféadfadh gnólachtaí airgeadais tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú ina gcuid cinntí infheistíochta;
    • an togra lena gcruthófar catagóir nua tagarmharcanna airgeadais darb aidhm tuilleadh faisnéise a thabhairt ar lorg carbóin punainne infheistíochta.
  • 2018

    24 Bealtaine

    Tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le maoiniú inbhuanaithe

    I mí na Bealtaine 2018, thíolaic an Coimisiún Eorpach pacáiste beart mar chuid den obair leantach ar a phlean gníomhaíochta maidir leis an bhfás inbhuanaithe a mhaoiniú. Áirítear sa phacáiste 3 thogra arb é an méid seo a leanas is aidhm dóibh:

    • córas aicmithe aontaithe AE maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ('tacsanomaíocht') a bhunú
    • ceanglais maidir le nochtadh a fheabhsú i dtaobh conas a dhéanann infheisteoirí institiúideacha tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chomhtháthú ina gcuid próiseas riosca
    • catagóir nua tagarmharcanna a chruthú chun cuidiú le hinfheisteoirí lorg carbóin a gcuid infheistíochtaí a chur i gcomparáid le chéile.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Deireadh Fómhair 2025