Ladrainn: athchóiriú ar shábháilteacht eitlíochta an Aontais
Is cuid den earnáil eitlíochta a bhfuil borradh mór fúithi iad na haerárthaigh gan foireann, nó ladrainn, a bhfuil féidearthachtaí móra ag baint léi i dtaca le poist nua agus fás eacnamaíoch a chruthú san Aontas Eorpach. Is mar gheall air sin a ghlac an tAontas rialachán chun ladrainn chianrialaithe a chomhtháthú go sábháilte in aerspás na hEorpa.
Leagtar síos leis an rialachán comhrialacha maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta agus déantar athbhreithniú ar an sainordú le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Eitlíochta(EASA). Tiocfaidh 'rialachán nua EASA' in ionad an chreata reachtaigh atá ann ó 2008.
Ar an 26 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle na rialacha comhréireacha agus riosca-bhunaithe nua lena mbeidh earnáil eitlíochta an Aontais in ann fás agus lena ndéantar níos iomaíche í.
- Úsáid shábháilte na ladrann a áirithiú: Athchóiriú ar EASA formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, 26/06/2018)
- Rialachán maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta
- 'Rialachán nua EASA' (<em>Iris Oifigiúil an Aontais</em>)
I gceann amháin de na rialacha nua, mar shampla, déantar tagairt don tairseach chláraithe d'oibreoirí ladrann: más féidir leis na ladrainn acu níos mó ná 80 giúl d'fhuinneamh cinéiteach a aistriú ach a ndéana sé teagmháil le duine ba cheart iad a chlárú.
Sábháilteacht ladrann a áirithiú: ag dul chun tairbhe tomhaltóirí agus gheilleagar an Aontais (Grafaic faisnéise)
Cén fáth a bhfuil gá againn leis?
Bíodh is go bhfuil roinnt ladrann chomh trom agus chomh tapa le heitleáin, d'fhéadfaidís a bheith i gcruth 'bréagán' leictreach fíorbheag agus iad ar fáil go forleathan do thomhaltóirí.
Ó 2008 i leith, ba iad na ladrainn bheaga sin ba chúis le fadhbanna rialála ag an Aontas, a raibh a chuid inniúlachtaí teoranta d'aerárthaí gan foireann ba throime ná 150 cileagram.
Ní raibh na ladrainn éadroma seo ach faoi réir rialacha náisiúnta sábháilte agus iad éagsúil ilroinnte ar fud an Aontais. Ina theannta sin, níor cuireadh coimircí tábhachtacha i bhfeidhm go comhleanúnach.
Bhí athchóiriú ar na rialacha eitlíochta ag teastáil freisin as siocair go meastar go dtiocfadh méadú 50% ar aerthrácht an Aontais sna 20 bliain atá romhainn.
Tá an méid seo a leanas á thuar ag an gCoimisiún d'earnáil na ladrann san Eoraip faoi 2035:
- níos mó ná 100,000 duine fostaithe go díreach
- tionchar eacnamaíoch dar luach breis agus €10 mbilliún in aghaidh na bliana, i seirbhísí den chuid is mó
Dá mhéad ladrainn atá in úsáid, is mó buntáistí agus dúshláin a bhainfidh leo; is gá cothromaíocht a bhaint amach idir na buntáistí agus na dúshláin sin. Féadfaidh aerárthaí gan foireann, cuir i gcás, luach a chur le sonraí in earnálacha éagsúla den gheilleagar nuair a úsáidtear iad chun sonraí a bhailiú agus ciall a bhaint astu. Ach tá dliteanais i gceist le ladrainn chomh maith ó thaobh cosaint sonraí, príobháideachta, torainn, agus astaíochtaí CO2.
Úsáid na ladrann: Moltaí EASA
Cad is ceart a dhéanamh:
- Bíodh do shúil agat ar do ladrann i gcónaí
- Déan d'eitilt a phleanáil agus roghnaigh suíomh gan bhac
- Faigh cead más mian leat do ladrann a úsáid le haghaidh obair a bhfuil pá ag dul léi
- Léigh treoracha an déantóra go cúramach
An rud nach ceart duit a dhéanamh:
- Ná heitil ar shlí a chuireann duine i mbaol
- Ná heitil os cionn nó laistigh de 50 méadar de dhuine, de réadmhaoin ná d'fheithicil
- Ná heitil níos airde ná 150 meadar ón talamh
- Fan amach ó aerfoirt agus ó héileapadanna
Na mionsonraí
Ar an 12 Márta 2019, ghlac an Coimisiún Eorpach rialacha uile-Aontais lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le ladrainn.
I gcomhréir le 'Rialachán EASA', leagtar síos sna rialacha nua na bunphrionsabail maidir le sábháilteacht, slándáil, príobháideacht agus cosaint sonraí pearsanta a áirithiú. Féachtar freisin sna rialacha sin leis an maorlathas a laghdú agus an nuálaíocht a spreagadh.
Leis an rialachán, cuirtear deireadh le roinnt rialacha a d'fhéadfadh srian a chur ar an bhfiontraíocht. Dá bharr sin, meastar go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil ann do thionscal ina bhfuil líon mór fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta.
Ina theannta sin, tugtar isteach leis an rialachán seo cur chuige atá bunaithe ar riosca agus ar fheidhmíocht i leith na sábháilteachta. Tugtar aitheantas dá bhrí sin do na rioscaí éagsúla a bhaineann le hearnálacha éagsúla na heitlíochta sibhialta. Héileacaptair nó aerárthaí éadroma spóirt, cuir i gcás, beidh siad faoi réir nósanna imeachta formheasta a bheidh níos simplí agus níos saoire ná aerárthaí tráchtála.