Skip to content

Amlíne - An creat rialachais eacnamaíoch

  • 2026

    10 Márta

    Conair ghlanchaiteachais uasta na hÉireann socraithe ag an gComhairle

    An 10 Márta 2026, shocraigh an Chomhairleconair ghlanchaiteachais uasta na hÉireann, ar gné lárnach dá plean struchtúrach-fioscach meántéarmach í.

  • 2025

    10 Deireadh Fómhair

    Conair chaiteachais fhioscaigh na Gearmáine formheasta ag an gComhairle

    An 10 Deireadh Fómhair 2025, ghlac na hairí moladh lena bhformhuinítear an chonair ghlanchaiteachais uasta don Ghearmáin sna 5 bliana amach romhainn. Glacadh freisin leis an síneadh a iarradh – eadhon síneadh 7 mbliana leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh, mar a leagtar amach sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta é.

  • 2025

    20 Meitheamh

    Conairí caiteachais fhioscaigh formheasta ag an gComhairle don Bheilg agus don Bhulgáir

    Ghlac na hairí moltaí lena bhformhuinítear na conairí glanchaiteachais uasta don Bheilg agus don Bhulgáir sa tréimhse atá romhainn, mar a leagtar amach i bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta na dtíortha sin.

    I gcás na Beilge, a d’iarr síneadh 7 mbliana a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh, d’fhormhuinigh an Chomhairle freisin na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoin síneadh sin.

  • 2025

    18 Feabhra

    Conair chaiteachais fhioscaigh leagtha amach ag an gComhairle don Ungáir

    Ag féachaint do chur chun feidhme rialacha nua an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, d’fhormhuinigh an Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hUngáire agus leag sí conair ghlanchaiteachais síos di.

    Anois agus a cuid moltaí glactha ag an gComhairle, tá cinnteacht ag an Ungáir maidir leis an gconair bhuiséadach a leanfaidh sí sna blianta amach romhainn agus is féidir léi pleanáil dá réir.

  • 2025

    21 Eanáir

    Conairí caiteachais fhioscaigh socraithe ag an gComhairle do 21 Bhallstát

    Mar an chéad chéim eile i gcur chun feidhme rialacha fioscacha nua an Aontais, ghlac an Chomhairle moltaí lena bhformhuinítear na chéad phleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha dá raibh ann riamh agus lena socraítear na conairí glanchaiteachais do na Ballstáit seo a leanas: an Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn agus an tSualainn.

    Anois agus a moltaí glactha ag an gComhairle, tá cinnteacht ag na Ballstáit maidir leis na conairí buiséadacha a leanfaidh siad sna blianta atá le teacht, agus is féidir leo pleanáil dá réir sin.

  • 2024

    29 Aibreán

    Comhaontú maidir le hathchóiriú ar rialacha fioscacha glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle trí phíosa reachtaíochta lena ndéanfar athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch agus fhioscaigh an Aontais.

    Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an athchóirithe:

    •; ;
    airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe
    a chinntiú•; ;fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn trí athchóirithe agus trí infheistíocht

  • 2024

    11 Márta

    Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le treoshuíomh an bheartais fhioscaigh le haghaidh 2025

    Rinne na hairí a marana ar na forbairtí agus na hionchais mhaicreacnamaíocha agus fhioscacha sa limistéar euro agus bhí seisiún tuairimíochta acu maidir le treoshuíomh an bheartais fhioscaigh do 2025.

    D’aontaíomar inniu gurb iomchuí staid fhioscach atá beagán crapthach a bheith ann ag an bpointe seo. I bhfianaise theacht i bhfeidhm an chreata fhioscaigh athbhreithnithe, leanfaimid d’athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha a shaothrú agus de leibhéal na hinfheistíochta a chaomhnú, lena n-áirítear i réimsí chomhthosaíochtaí an Aontais. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
  • 2024

    10 Feabhra

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le hathchóiriú na rialacha fioscacha

    Tháinig idirbheartaithe ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an athchóiriú atá beartaithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

    Chomhaontaigh siad go gcoinneofaí cuspóir foriomlán an athchóirithe maidir le cóimheasa fiachais agus easnaimh fiachais a laghdú de réir a chéile, ar bhealach réalaíoch agus marthanach, lena gcothófar an fás agus athchóirithe agus infheistíocht á gcosaint i réimsí straitéiseacha, réimsí digiteacha, glasa, sóisialta nó cosanta, cuir i gcás. Ag an am céanna, leis an gcreat nua, cuirfear deis iomchuí ar fáil do bheartais fhrith-thimthriallacha agus tabharfar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

    Tá an comhaontú maidir leis an ngné choisctheach den chreat rialachais eacnamaíoch faoi réir a fhormheasta ag an gComhairle i gCoiste na mBuanionadaithe agus ag coiste um ghnóthaí eacnamaíocha na Parlaiminte sula gcaithfear vóta foirmiúil air sa Chomhairle agus sa Pharlaimint araon. Leis an rialachán maidir leis an mbrainse ceartaitheach agus leis an treoir maidir le ceanglais do chreataí buiséadacha na mBallstát, ní gá go rachfaí i gcomhairle ach amháin leis an bParlaimint.

  • 2023

    21 Nollaig

    An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le hathchóiriú ar rialacha fioscacha

    Tháinig ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas ar chomhaontú foirmiúil maidir leis an athchóiriú atá beartaithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais trí shainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán maidir leis an ngéag choisctheach agus comhaontú i bprionsabal a fhormheas d’fhonn dul i gcomhairle leis an bParlaimint i ndáil leis an rialachán maidir leis an mbrainse ceartaitheach agus leis an treoir maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha náisiúnta.

    Réiteoidh sé sin an bealach don chaibidlíocht leis an bParlaimint maidir le rialachán na géige coiscthí go luath an bhliain seo chugainn.

  • 2023

    8 Nollaig

    An t-athchóiriú atá beartaithe pléite ag na hairí

    Phléigh an Chomhairle an t-athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais atá beartaithe.

    Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
    Tá dul chun cinn suntasach déanta againn ar bhonn na ndianchomhairliúchán a bhí againn le seachtainí agus míonna anuas. Táimid beagnach réidh. Níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir leis na comhairliúcháin pholaitiúla, dhlíthiúla agus theicniúla uile, ach tá súil againn é sin a thabhairt chun críche sna laethanta agus sna seachtainí beaga amach romhainn, ionas go bhféadfaimid teacht ar chomhaontú polaitiúil roimh dheireadh na bliana.
    Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
    Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
  • 2023

    9 Samhain

    Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch pléite ag an gComhairle

    Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an athchóiriú atá beartaithe ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, ina bhfuil trí thogra:

    • rialachán maidir le comhordú éifeachtach na mbeartas eacnamaíoch agus faireachas buiséadach iltaobhach
    • rialachán maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air
    • treoir maidir le ceanglais do chreataí buiséadacha na mBallstát
    Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
    Táimid ar aon intinn inniu maidir le príomhghnéithe agus sásraí na rialacha fioscacha nua, agus maidir leis an ngá smacht, creidiúnacht agus muinín fhioscach a bheith againn agus frith-thimthriallacht agus na dreasachtaí cearta a chinntiú freisin le haghaidh na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe a chuirfidh leis an bhfás, ar infheistíochtaí agus athchóirithe iad a fhreagraíonn dár dtosaíochtaí Eorpacha comhroinnte. Tá na Ballstáit uile lántiomanta do chomhaontú cothrom a bhaint amach roimh dheireadh na bliana.
    Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
    Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
  • 2023

    16 Meitheamh

    Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an athchóiriú atá beartaithe

    Phléigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le hathchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a tíolacadh an 26 Aibreán 2023. An 14 Márta, chomhaontaigh an Chomhairle a treoirlínte maidir leis an athchóiriú.

    Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne agus Uachtarán na Comhairle
    Tá sé tábhachtach go leanfaí tosaíochtaí na Comhairle ó mhí an Mhárta de bheith ina n-ábhar treorach le linn na caibidlíochta. Leag na hairí béim air sin sa phlé a rinneadh inniu.
    Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne agus Uachtarán na Comhairle
    Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne agus Uachtarán na Comhairle
  • 2023

    23 Márta

    Treoirlínte na Comhairle maidir le hathchóiriú formhuinithe ag ceannairí an Aontais

    Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach, d’fhormhuinigh ceannairí an Aontais treoirlínte na Comhairle maidir le hathchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, darb aidhm é a chur in oiriúint do na dúshláin atá roimh an Aontas.

  • 2023

    14 Márta

    An creat rialachais eacnamaíoch: conclúidí maidir le hathchóiriú comhaontaithe ag an gComhairle

    Tháinig an hairí ar chomhaontú maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Sna conclúidí tá réimsí cóineasaithe tuairimí i measc na mBallstát agus réimsí ina ndéanfar tuilleadh oibre ar chreat athchóirithe. Is éard atá iontu treoir pholaitiúil don Choimisiún Eorpach chun tograí reachtacha ábhartha a ullmhú.

    Tá tábhacht le rialacha fioscacha agus ba cheart dóibh leanúint de bheith ina n-ionstraim bhunriachtanach i sraith uirlisí ár mbeartas eacnamaíoch. Anois ba chóir iad a chur in oiriúint do shaol atá ag athrú. Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
  • 2023

    13 Márta

    Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis treoir fhioscach do 2024

    Rinne an Grúpa Euro a marana ar na forbairtí maicreacnamaíocha agus fioscacha sa limistéar euro agus bhí malartú tuairimí aige i ndáil leis an treoir maidir leis an mbeartas fioscach do 2023 agus 2024. I bhfianaise theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta, ghlac na hairí ráiteas i ndáil le treoir maidir leis an mbeartas fioscach do 2024.

    Chomhaontaíomar gur cheart é a bheith mar aidhm le beartais fhioscacha inbhuanaitheacht fiachais a chinntiú sa mheántéarma agus, ag an am céanna, acmhainneacht fáis a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. D’aithníomar gur gá aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, ach chuireamar comharthaí tábhachtacha amach maidir le ceapadh na mbeart buiséadach agus an gá atá le bearta méadaithe easnaimh bhuain a sheachaint mar ghné thábhachtach d’ullmhúchán bhuiséid na bliana seo chugainn. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
  • 2023

    14 Feabhra

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

    Ina gcuid idirghabhálacha, thug na hairí treoir pholaitiúil maidir leis na hábhair leathana a chuir Uachtaránacht na Sualainne chun cinn: conas coigeartú fioscach tírshonrach a áirithiú agus, ag an am céanna, faireachas iltaobhach atá fréamhaithe i rialacha agus tagarmharcanna fioscacha coiteanna an Aontais a choinneáil; tuairimí maidir leis an bhfócas breise a d’fhéadfadh a chur ar an bpleanáil mheántéarmach; agus an ról a d’fhéadfadh a bheith ag anailís rioscabhunaithe ar fhorbairtí fiachais phoiblí chun dúshláin thírshonracha a shainaithint.

    Chinn an Uachtaránacht nach mór tuilleadh oibre a dhéanamh chun teacht ar bhealach chun cinn comhaontaithe.

  • 2022

    6 Nollaig

    Teachtaireacht ón gCoimisiún pléite ag an gComhairle

    Phléigh na hairí teachtaireacht ina leagtar amach na treoirlínte maidir le creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais a bhí curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún an 9 Samhain 2022.

    Roinn siad a dtuairimí dearfacha tosaigh, chuir siad na ceisteanna agus na hábhair imní a bhí fós acu in iúl, agus bhí siad ag tnúth le plé cuiditheach ar ghnéithe éagsúla na n-athchóirithe molta sna míonna amach romhainn, chun tacaíocht pholaitiúil a thabhairt don Choimisiún dá chéad chéimeanna eile.

  • 2022

    11 Iúil

    Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le treoshuíomhanna beartais fhioscaigh le haghaidh 2023

    Phléigh an Grúpa Euro treoshuíomhanna beartais fhioscaigh le haghaidh 2023. I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, i ndiaidh na paindéime domhanda, mheas an Grúpa Euro nár ghá tacú leis an éileamh foriomlán trí bheartais fhioscacha in 2023, agus tá sé ag díriú ina ionad sin ar na daoine is leochailí a chosaint agus acmhainn an choigeartaithe á coinneáil, má tá gá leis.

    Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais fhioscacha i ngach tír an inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú, chomh maith leis an acmhainneacht fáis a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe chun borradh a chur faoin téarnamh.

    Cé go bhfuil dúshláin nach beag á gcruthú ag an gcomhthéacs domhanda atá ann faoi láthair, tá lánmhuinín ag an nGrúpa Euro as athléimneacht gheilleagair an limistéir euro agus tá sé lántiomanta i gcónaí na dálaí le haghaidh an ardfháis inbhuanaithe a chinntiú agus ár gcuspóirí beartais a bhaint amach.

  • 2022

    23 Bealtaine

    Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le dréachtphleananna buiséadacha nuashonraithe na Gearmáine agus na Portaingéile

    Is díol sásaimh don Ghrúpa Euro gur tíolacadh Dréacht-Phleananna Buiséadacha 2022 naGearmáine agus na Portaingéile, agus ba dhíol sásaimh dó freisin na Tuairimí ón gCoimisiún a eisíodh an 19 Bealtaine 2022.

    Tá an cleachtadh maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha ríthábhachtach maidir le comhordú an bheartais fhioscaigh sa limistéar euro. Tá an Grúpa Euro ag leanúint ar aghaidh leis an gcomhordú láidir atá á dhéanamh aige ar an mbeartas fioscach sa limistéar euro chun teacht slán ó na rioscaí agus na héiginnteachtaí méadaithe atá ann agus ón tionchar atá acu ar an ngeilleagar, mar a comhaontaíodh an 14 Márta 2022.

  • 2022

    14 Márta

    Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an treoir fhioscach do 2023

    Phléigh an Grúpa Euro comhordú an bheartais fhioscaigh do 2023 agus ba dhíol sásaimh dó an teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Márta 2022. Phléigh sé freisin an tuairim atá aige maidir le haistriú ó staid fhioscach tacúil chomhiomlán sa limistéar euro go staid fhioscach chomhiomlán a bheidh neodrach a bheag nó a mhór an bhliain seo chugainn.

    Ag an am céanna, tá an Grúpa Euro faoi réir chun freagairt ar an staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn, i bhfianaise na neamhchinnteachta atá spreagtha ag tionchar eacnamaíoch chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    Chuir an Grúpa Euro in iúl freisin, i ndáil leis an athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch, go leanfaidh sé de pháirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas sin de réir a Chláir Oibre i gcomhar le hUachtaránacht na Comhairle agus san fhormáid is iomchuí.

  • 2022

    25 Feabhra

    Díospóireacht ag an nGrúpa Euro maidir le gné an limistéir euro den nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

    Mar chuid den athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch, rinne na hairí a marana ar ghné an limistéir euro den nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

    Aithníonn an Grúpa Euro go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha don limistéar euro agus gur thacaigh an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha lena leachtú. D'éirigh go han-mhaith leis easnaimh sa chuntas reatha a laghdú ach ní mór a admháil nach raibh seo chomh héifeachtach ceanna chun barrachais arda a laghdú. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
  • 2022

    17 Eanáir

    Plé déanta ag an nGrúpa Euro ar an athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch – gnéithe den limistéar euro

    Phléigh na hairí creat fioscach an limistéir euro agus na socruithe le haghaidh cúnamh airgeadais agus faireachas iarchláir. Bhí an plé bunaithe ar phlean oibre an Ghrúpa Euro ina sonraítear a rannpháirtíocht san athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch.

    Bhí an chéad phlé substainteach againn maidir leis an ngné den chreat rialachais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro. Agus sa chuid sin dár gcruinniú, chualathas go leor tuairimí ó na rialtais i ndáil le próiseas an dréachtphlean bhuiséadaigh, na nósanna imeachta faireachais atá i bhfeidhm, na rialacha fioscacha, an luach a bhaineann le comhordú na mbeartas eacnamaíoch náisiúnta, agus freisin i ndáil leis an gcaoi ar féidir linn a chinntiú go bhfuil gealltanais i bhfeidhm maidir lenár n-airgeadas náisiúnta, go gcomhlíonfar iad sin agus go ndéanfar maoirseacht thrédhearcach orthu. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
  • 2021

    9 Samhain

    Economy and finance ministers discuss economic governance and recovery

    During the economic and Financial Affairs Council, ministers exchanged views on the EU economy following the COVID-19 pandemic, and on the implications of recent developments for economic governance. They discussed the future of the EU’s economic governance framework and gave their initial views on the way forward. This topic will be discussed further and ministers will continue their consultations in order to reach a broad consensus in due course. 

  • 2021

    8 Samhain

    Pléann an Grúpa Euro an bealach chun cinn maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch

    I bhfianaise gur athsheol an Coimisiún an t-athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, phléigh na hairí an próiseas trína ndéanfaidh an Grúpa Euro (agus an Grúpa Euro san fhormáid chuimsitheach i gcás míreanna ábhartha) machnamh ar an athbhreithniú ar rialachas, agus bhí plé tosaigh acu faoi mar is féidir leis an nGrúpa Euro aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a éiríonn as beartas fioscach agus eacnamaíoch a chomhordú laistigh den limistéar euro agus as feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta i dtimpeallacht eacnamaíoch tar éis COVID.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Márta 2026