Skip to content

Foraoisí: fíricí agus figiúirí

Is iomaí buntáiste do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le foraoisí, ach tá siad faoi bhrú suntasach i láthair na huaire, ar an drochuair. Tacaíonn roinnt tionscnamh agus dlíthe de chuid an Aontais le foraoisí, laistigh den Aontas Eorpach agus ar fud an domhain.

A gcuireann na foraoisí ar fáil

Tá foraoisí ríthábhachtach do shláinte agus d’fholláine an duine, don chomhshaol agus don aeráid.

An stóráil carbóin

Gabhann foraoisí an Aontais - na crainn, na plandaí agus an ithir - thart ar 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Is iad an linn charbóin is mó san Aontas iad.

Uisce a ghlanadh

Is geall le híontóirí nádúrtha aeir agus scagairí nádúrtha iad na foraoisí; gabhann siad uisce báistí a shíleann ina dhiaidh sin tríd an ithir agus na fréamhacha.

Gnáthóg fiadhúlra

Is tearmainn bhithéagsúlachta iad na foraoisí. Tá cónaí ar 80 % de gach speiceas talún d’ainmhithe, de phlandaí agus d’fhungais i bhforaoisí an domhain.

Adhmad agus amhábhair

Stóráiltear carbón i dtáirgí adhmaid lománaithe agus cuidíonn siad le hastaíochtaí CO2 a laghdú. Soláthraíonn foraoisí amhábhar nach adhmad é freisin, cuir i gcás bia, plandaí íocshláinte agus corc.

Cosaint ithreach agus cosaint ar thuilte

Coinníonn na córais fréimhe i bhforaoisí an ithir i bhfeidhm agus cuireann siad cosc ar chreimeadh. Cuidíonn siad freisin le smacht a choinneáil ar shreafaí uisce, agus laghdaíonn siad an rith chun srutha agus an baol tuilte.

Áineas agus sláinte

Cuireann foraoisí spásanna ar fáil le haghaidh fánaíocht, campáil agus nascadh leis an dúlra, rud a chuidíonn linn borradh a chur faoinár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach.

Poist ghlasa agus an fhostaíocht ghlas

Tá 4.5 milliún post san Aontasag brath go díreach nó go hindíreach ar fhoraoisí. Soláthraíonn foraoisí 86 mhilliún post glas ar fud an domhain.

Talamh foraoise agus sláinte foraoise

San Aontas

cffff

Tá beagnach 40 %de chríoch an Aontais faoi fhoraois agus tá méadú 5.5 % tagtha ar an limistéar ó 2000 i leith a bhuí leis an bhforaoisiú, bainistíocht inbhuanaithe, athchóiriú gníomhach agus próisis nádúrtha.

Tá drochbhail ar na foraoisí, áfach, toisc go bhfuil ag teip ar a sláinte.

Ar fud an domhain

ssssw

Cumhdaíonn foraoisí 30% d’achar talún an domhain: 4.06 billiún heicteár nó thart ar leath heicteár foraoise do gach duine ar an bpláinéad.

Gach bliain, laghdaítear an limistéar 4.7 milliún heicteár ar an meán - is ionann sin agus thart ar 6.7 milliún páirc sacair.

Stóráil gás ceaptha teasa

Is féidir le sláinte agus athléimneacht na bhforaoisí, athruithe ar éiceachórais foraoisí mar gheall ar an athrú aeráide nó lotnaidí, agus méadú ar bhuaint crann difear a dhéanamh do chumas foraoisí gáis ceaptha teasa a ionsú agus a stóráil. In 2022, stóráladh aon trian níos lú gás ceaptha teasa i bhforaoisí an Aontais ná mar a stóráladh in 2000, ainneoin gur tháinig méadú ar a limistéar foriomlán.

Tá laghdú ag teacht ar acmhainneacht fhoraoisí an Aontais chun gáis ceaptha teasa a stóráil

Léirítear ar an gcairt seo méid bliantúil na ngás ceaptha teasa arna n-ionsú ag foraoisí an Aontais, arna thomhas i milliúin tona de choibhéis CO2 (MtCO2e).

Leagan téacs

Cairt líne ar a léirítear méid bliantúil na ngás ceaptha teasa arna n-ionsú ag foraoisí an Aontais idir 2000 go 2022, arna thomhas i milliúin tona de choibhéis CO2 (MtCO2e).

Idir 2000 agus 2015, d’ionsúigh na foraoisí thart ar 400 MtCO2e in aghaidh na bliana, luaineachtaí san áireamh. I ndiaidh 2015, tháinig meath seasta ar an leibhéal ionsúcháin, agus thit sé go 312 MtCO2e in 2017. Ó shin i leith, tá na leibhéil ionsúcháin réasúnta cobhsaí, ag leibhéal beagán faoi bhun 300 MtCO2e.

Na bagairtí ar fhoraoisí

Tá na foraoisí faoi bhrú nach bhfacthas a leithéid roimhe seo, agus is deacra atá sé dóibh, dá réir sin, na buntáistí is dual dóibh a sholáthar.

Tá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí tar éis thart ar 10 % d’fhoraoisí an domhain a scriosadh le 30 bliain anuas.

Ina theannta sin, tá an t-athrú aeráide greagrach as an méid seo a leanas:

• Cailliúint na bithéagsúlachta

• lotnaidí agus galair, amhail inmhíolú ciaróg coirte a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do limistéir mhóra foraoise

• truailliú, amhail leibhéil arda ózóin a laghdaíonn cumas crann fótaisintéis a dhéanamh

• triomaigh agus dóiteáin foraoise, as a n-eascraíonn foraoisí níos óige nó rátaí fáis laghdaithe

Dóiteáin foraoise ag dul i méid san Aontas

Léirítear sa chairt líon bliantúil na ndóiteán foraoise san Aontas Eorpach. Taifeadadh beagán le cois 8,000 dóiteán foraoise san Aontas in 2022, agus scriosadh 9,000 km2 d’fhoraoisí an Aontais.

Leagan téacs

Cairt cholúin ina léirítear líon bliantúil na ndóiteán foraoise san Aontas Eorpach ó 2010 go 2024.

Ó 2010 go 2018, ba é 1000 in aghaidh na bliana líon na ndóiteán, cé is moite de 2017, ina raibh os cionn 1900 dóiteán. Tá líon bliantúil na ndóiteán ag dul i méid go seasta ó 2019 i leith, agus bhí níos mó ná 7800 dóiteán in 2022 - an líon ba mhó go nuige sin. In 2023 agus in 2024, taifeadadh níos mó ná 5000 dóiteán in aghaidh na bliana, laghdú beag ach laghdú mar sin féin ar líon na ndóiteán.

Dá thoradh sin, tá ag teip ar shláinte fhoraoisí an Aontais agus ar a n-athléimneacht in aghaidh struis. Tá dóiteáin mhóra ag truailliú an aeir agus an uisce freisin agus tá an téamh domhanda ag dul in olcas dá réir.

Féach freisin

Athléimneacht agus cosaint foraoisí

Athléimneacht agus cosaint foraoisí

Táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu

Táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu

Léaráid de dhá lámh ag stopadh gás atá ag éalú ó shimléir mhonarchan.
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Iúil 2025