Skip to content

An Seimeastar Eorpach in 2015

Samhain

Suirbhé Bliantúil Fáis 2016

Moltar sa Suirbhé Bliantúil Fáis do 2016 gur cheart don Aontas Eorpach na tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta céanna leis an mbliain seo caite a choinneáil: infheistíocht a athsheoladh, athchóirithe struchtúracha a chur i bhfeidhm agus beartais freagrach maidir le hairgeadas poiblí a chinntiú.

Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh 2016

Sa tuarascáil ar an Sásra Foláirimh 2016 ón gCoimisiún Eorpach, léirítear go leanann Ballstáit an Aontais de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sainaithníodh sna blianta roimhe sin a cheartú. Is ábhar imní i gcónaí í an leochaileacht a bhaineann le leibhéil arda fiachais agus is dócha go mbeidh barrachas ard ann fós i roinnt Ballstát agus sa limistéar euro ina iomláine le linn an chéad dá bhliain eile atá le teacht. 

Déanfaidh an Coimisiún grinn-athbhreithnithe ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha in 18 mBallstát: An Bheilg,an Bhulgáir, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

Treochlár don Seimeastar Eorpach in 2016


An 17 Samhain 2015, chuir Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh treochlár do Sheimeastar Eorpach 2016 ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta. Leagann an treochlár amach na príomhchéimeanna ar fad don Seimeastar Eorpach in 2016 agus tugtar léargas ann ar a mbeidh na díospóireachtaí amach anseo á ndíriú.

Clúdaítear dhá chéim den Seimeastar Eorpach sa treochlár: maireann an cheád chéim, dá dtugtar neart sonraí, go dtí cruinniú Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2016, agus an dara céim, dá dtugtar faisnéis níos ginearálta, a thosaíonn tar éis chruinniú an Mhárta den Chomhairle Eorpach agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí a cruinniú de mhí an Mheithimh 2016.

Cuirfear leagan nuashonraithe den treochlár ar fáil in earrach na bliana 2016.

Mí Iúil

Glacann Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith

An 14 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle moltaí maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus buiséadacha na mBallstát, mar aon lena tuairimí ina dtaobh.

D'eisigh sí moladh freisin maidir le beartais eacnamaíocha sa limistéar euro ina iomláine. 

Thug an Chomhairle mínithe uaithi freisin sna cásanna sin ina bhfuil téacs an mholta dheiridh éagsúil ón dréachtleagan a mhol an Coimisiún. 

Eisíodh na moltaí do 26 Bhallstát as 28 mBallstát an Aontais. Níor tugadh aon mholadh maidir leis an gCipir ná an Ghréig, toisc gur faoi réir clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a dhéantar faireachán ar a mbeartais eacnamaíocha siúd.

Mí an Mheithimh

Tacaíonn an Chomhairle Eorpach leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith 

Ag an gComhairle Eorpach den 26 Meitheamh 2015, thacaigh na ceannairí i gcoitinne leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith. 

Deimhníonn an Chomhairle na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith

Dheimhnigh Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais dréacht-mholtaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith agus na tuairimí ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch agus beartas buiséadach na mBallstát an 19 Meitheamh 2015. 

Dheimhnigh sí comhaontú, freisin, maidir leis an dréachtmholadh sonrach don limistéar euro ina iomláine. Chuir an Chomhairle míniú ar fáil freisin i gcásanna nach gcomhlíonann a cuid moltaí féin an dréacht atá á mholadh ag an gCoimisiún.

Tacófar leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith agus leis na tuairimí ag Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh, sula nglacfaidh Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais iad ar bhonn dlíthiúil an 14 Iúil 2015.

Ag an gcruinniú a bhí aige an 18 Meitheamh 2015, phléigh an Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí na gnéithe sin de na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith, ar gnéithe iad a bhaineann leis an mbeartas fostaíochta agus sóisialta.

Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar, shainaithin na hAirí roinnt dúshlán agus rioscaí, a bhaineann leis an méid a leanas go háirithe:

  • an bhochtaineacht
  • éagothroime
  • comhtháthú sóisialta
  • cuimsiú sóisialta   

Leag na hAirí béim ar an ngá atá ann an ghné shóisialta den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú freisin agus dúirt siad nach mór tús tábhachta a thabhairt do cheisteanna fostaíochta agus sóisialta d'fhonn cobhsaíocht an limistéir euro a ráthú

Mí na Bealtaine

Dréachtmholtaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith

An 13 Bealtaine 2015 d’eisigh an Coimisiún Eorpach dréachtmholtaí ón gComhairle don 26 Bhallstát agus don limistéar euro. Glacfaidh an Chomhairle an leagan críochnaitheach de na moltaí i mí Iúil, tar éis an Chomhairle plé a dhéanamh orthu agus tar éis don Chomhairle Eorpach iad a fhormhuiniú.

Áirítear iad seo a leanas ar na moltaí i gcomhair 2015: borradh a chur faoin infheistíocht, athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme, beartas fioscach cothrom a shaothrú, beartas fostaíochta agus cosanta sóisialta a fheabhsú.

Conclúidí ón gComhairle maidir le grinn-athbhreithnithe

Chomhaontaigh an Chomhairle ina conclúidí, a glacadh ag cruinniú ECOFIN an 7 Bealtaine, le measúnú an Choimisiúin Eorpaigh gurb ann do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i 16 Bhallstát: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, , an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe, an Ungáir. 

Chomhaontaigh sí freisin go bhfuilmíchothromaíochtaí iomarcacha i gcúig Bhallstát: An Bhulgáir, an Chróit, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil. Measfaidh an Coimisiún, tráth a mbeidh scrúdú déanta aige ar bhearta beartais na Cróite agus na Fraince, cibé ar cheart an nós imeachta i dtaca le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chur ar bun dóibh. 
Meastar gur gá gníomhaíocht chinntitheach beartais a dhéanamh maidir leis na míchothromaíochtaí sin i dtrí Bhallstát de chuid an limistéir euro - Éire, an tSlóivéin agus an Spáinn. Tá sé beartaithe

faireachán sonrach a dhéanamh sna Ballstáit ina bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha chomh maith le míchothromaíochtaí ar gá gníomhaíocht chinntitheach beartais a dhéanamh ina leith. D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tráthúlacht agus ábhar aon fhaireacháin den sórt sin a ullmhú. (Déanfar an faireachán sa Spáinn agus sa Phortaingéil faoin fhaireachas iarchláir chun nach ndéanfar dúbláil ar an obair).

Táthar den tuairim nach bhfuil na

míchothromaíochtaí sa tSlóivéiniomarcach a thuilleadh. 

Cuireann an Chomhairle i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht beartais agus athchóirithe struchtúracha i ngach Ballstát, go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iontu lena ndéantar difear d'fheidhmiú rianúil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

Mí an Mhárta

Na Grinn-Athbhreithnithe ar Mhíchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a chuid grinn-athbhreithnithe ar an staid mhaicreacnamaíoch i sé cinn déag de Bhallstáita sainaithníodh i dtuarascáil an tSásra Rabhaidh 2015 mar thíortha a raibh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iontu. (Níl an Chipir ná an Ghréig faoi réir na nGrinn-Athbhreithnithe don bhliain 2015).

Is é is cuspóir leis na Grinn-Athbhreithnithe féachaint go grinn ar chineál na míchothromaíochtaí a aimsíodh: féachaint an míchothromaíochtaí iomarcacha iad agus dár gá gníomhú láidir ó thaobh beartais de nó arb iomchuí go molfadh an Chomhairle tús a chur le nós imeachta na míchothromaíochtaí iomarcacha ina leith. 

Cuireann an Chomhairle Eorpach treoir ar fáil do na Ballstáit maidir le cúrsaí beartais

Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí den 19-20 Márta, formheasadh na trí cinn de thosaíochtaí a bhí i Suirbhé Bliantúil Fáis 2015:

  • infheistíocht
  • athchóirithe struchtúracha 
  • freagracht fhioscach

D'iarr ceannairí an Aontais Eorpaigh ar na Ballstáit na tosaíochtaí sin a léiriú ina gCláir Náisiúnta don Athchóiriú agus ina gCláir don Chobhsaíocht nó don Chóineasú.

Tugtar an chéad chéim den Seimeastar Eorpach i gcrích le Comhairle Eorpach an Earraigh.

Tuarascáil sintéise agus treochlár nuashonraithe

An 17 Márta, phléigh an Chomhairle Ghnóthaí Ginearálta an tuarascáil sintéise ina ndéantar achoimre ar an bplé a rinneadh i bhfoirmíochtaí éagsúla de chuid na Comhairle agus ar na Conclúidí maidir le Suirbhé Bliantúil Fáis 2015.

Phléigh an Chomhairle an Seimeastar Eorpach i gcomhthéacs tionscnaimh lárnacha pholaitiúla i ngach earnáil, amhail Aontas Fuinnimh a chruthú, an margadh aonair digiteach, agus cur chun feidhme an phlean infheistíochta don Eoraip. 

Aibhsítear sa tuarascáil, i measc nithe eile, gurb é cur chun feidhme na moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith an ghné is tábhachtaí den Seimeastar Eorpach. 

Úsáidfear an tuarascáil mar bhonn don phlé a dhéanfaidh ceannairí an Aontais ar an Seimeastar Eorpach ag an gComhairle Eorpach i mí an Mhárta. 

Thug an Chomhairle dá haire freisin treochlár nuashonraithe don Seimeastar 2015.

An ghné shóisialta den Seimeastar

Ag a gcruinniú den 9 Márta 2015, ghlac na hAirí Fostaíochta Conclúidí maidir leis na gnéithe a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta de Sheimeastar Eorpach 2015, lena n-áirítear an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht.                              

Leag siad béim ar an ngá a bheidh leis na nithe seo leanas:

  • dinimic mhargadh an tsaothair a spreagadh
  • na córais chosanta sóisialta a nuachóiriú
  • feabhas a chur ar an gcomhionannas inscne
  • rialachas an tSeimeastair Eorpaigh a fheabhsú    

Tá tacar de threoirlínte beartais sna Conclúidí do gach ceann de na réimsí gníomhaíochta sin.

An Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht

Is é an Coiste Fostaíochta a dhréachtaíonn an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, tuarascáil a ghabhann leis an suirbhé bliantúil fáis agus ina ndéantar staid na fostaíochta agus an staid shóisialta san Aontas a anailísiú. 

Leagtar béim inti ar roinnt de na gníomhaíochtaí atá le déanamh, mar atá:

  • dlús a chur le cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg
  • cuidiú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach dul ar ais ag obair
  • leanúint ar aghaidh le hathchóirithe a dhéanamh ar mhargadh an tsaothair
  • córais chánach agus sochar a cheapadh chun tacú le cruthú post

Úsáidfear an tuarascáil mar bhonn don phlé a dhéanfar ag an gComhairle Eorpach i mí Mhárta.

Feabhra

Conclúidí ón gComhairle maidir le Suirbhé Bliantúil Fáis 2015 agus an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh 

An 17 Feabhra 2015 ghlac an Chomhairle Conclúidí i dtaca leis an Suirbhé Bliantúil Fáis ón gCoimisiún agus i dtaca leis an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh do 2015.

An Suirbhé Bliantúil Fáis

Tagann an Chomhairle, ar an mórchóir, le hanailís an Choimisiúin ar an staid eacnamaíoch agus ar dhúshláin bheartais an Aontais Eorpaigh. Aontaíonn sí gur cheart na réimsí a leanas a bheith ina réimsí tosaíochta ag an Aontas agus ag na Ballstáit in 2015, mar atá:

• dlús a chur leis an infheistíocht
• an tiomantas a athnuachan maidir le hathchóirithe struchtúracha
• an fhreagracht bhuiséadach a fheidhmiú

Leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle na treoirlínte beartais do gach ceann de na cuspóirí sin.

Is díol sásaimh don Chomhairle, freisin, na moltaí ón gCoimisiúin i dtaca leis an Seimeastar Eorpach a phríomhshruthú agus cuireann sí i bhfáth go neartófaí inghlacthacht an phróisis, an úinéireacht pholaitiúil, intuarthacht agus cuntasacht dá ndéanfaí amhlaidh. Is fearr freisin, mar thoradh air sin, a d'fhéadfaí na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a chur chun feidhme agus a d'fhéadfaí na torthaí a chur i gcomparáid lena chéile. 

Tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh 

Thug an Chomhairle dá haire sna Conclúidí uaithi go gcuirfear an staid mhaicreacnamaíoch faoi ghrinn-athbhreithniú i 16 Bhallstát. Is é is aidhm do na hathbhreithnithe a chinntiú an ann do na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sin nó an bhfuil an baol ann go dtiocfaidh siad chun cinn sna tíortha sin agus, más amhlaidh, cineál na míchothromaíochtaí sin a shainaithint. Táthar ag súil go mbeidh fáil ar na torthaí ag deireadh mhí Feabhra 2015, den chéad uair, in aon doiciméad anailíse amháin, mar aon leis na doiciméid oibre foirne do gach Ballstát. 

Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit na ceisteanna a aithnítear sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh a chur san áireamh agus iad i mbun a gCláir Náisiúnta don Athchóiriú agus a gCláir don Chobhsaíocht nó don Chóineasú á ullmhú acu ar ball.