Skip to content

Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

Is creat uileghabhálach é comhaontú Shamó le haghaidh an caidreamh idir an tAontas agus tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.

Comhaontú Shamó

Is le Comhaontú Comhpháirtíochta ESACC-AE, ar a dtugtar Comhaontú Shamó freisin, a rialaítear an caidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC).

Is é an comhaontú comhpháirtíochta sin an creat dlíthiúíl don chaidreamh idir an tAontas agus 77 dtír eile. Cuirtear san áireamh leis sin 47 dtír san Afraic, 15 thír i Muir Chairib agus 15 thír san Aigéan Ciúin.

Leagan téacs

Tíortha atá mar chuid de Chomhaontú Shamó:

  • Angóla
  • Antigua agus Barbúda
  • na Bahámaí
  • Barbadós
  • an Bheilís
  • Beinin
  • an Bhotsuáin
  • Buircíne Fasó
  • an Bhurúin
  • Cabo Verde
  • Camarún
  • Poblacht na hAfraice Láir
  • Sead
  • Oileáin Chomóra
  • an Congó
  • Oileáin Cook
  • an Cósta Eabhair
  • Poblacht Dhaonlathach an Chongó
  • Djibouti
  • Doiminice
  • an Phoblacht Dhoiminiceach
  • an Eiritré
  • Easuaitíní
  • an Aetóip
  • Fidsí
  • an Ghabúin
  • an Ghaimbia
  • Gána
  • Greanáda
  • an Ghuine
  • Guine Bissau
  • an Ghuáin
  • Háítí
  • Iamáice
  • an Chéinia
  • Cireabas
  • Leosóta
  • an Libéir
  • Madagascar
  • an Mhaláiv
  • Oileáin Mhaildíve
  • Mailí
  • Oileáin Marshall
  • an Mháratáin
  • Oileán Mhuirís
  • an Mhicrinéis
  • Mósaimbíc
  • an Namaib
  • Nárú
  • an Nígir
  • an Nigéir
  • Niue
  • Oileáin Palau
  • Nua-Ghuine Phapua
  • Ruanda
  • San Críostóir-Nimheas
  • San Lucia
  • San Uinseann agus na Greanáidíní
  • Samó
  • São Tomé agus Príncipe
  • an tSeineagáil
  • na Séiséil
  • Siarra Leon
  • Oileáin Sholomón
  • an tSomáil
  • an tSúdáin
  • Suranam
  • an Tansáin
  • Tíomór Thoir
  • Tóga
  • Tonga
  • Oileán na Tríonóide agus Tobága
  • Túvalú
  • Uganda
  • Vanuatú
  • an tSaimbia
  • an tSiombáib

Is é is aidhm don chomhaontú neart a chur le cumas an Aontais agus na stát ACC aghaidh a tabhairt ar dhúshláin dhomhanda le chéile.

Leagtar comhphrionsabail síos ann agus cumhdaítear na sé réimse tosaíochta seo a leanas leis:

Cearta an duine agus an daonlathas

Cearta an duine agus an daonlathas

An tsíocháin agus an tslándáil

An tsíocháin agus an tslándáil

An fhorbairt

An fhorbairt

An imirce agus an tsoghluaisteacht

An imirce agus an tsoghluaisteacht

An t-athrú aeráide

An t-athrú aeráide

An fás eacnamaíoch

An fás eacnamaíoch

Cuirtear san áireamh sa chomhaontú bunúscomhchoiteann ag leibhéal ACC agus trí phrótacal réigiúnacha don Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin agus béim ar riachtanais shonracha na réigiún.

An 20 Iúil 2023, cheadaigh an Chomhairle síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, mar an creat dlíthiúil nua go ceann 20 bliain, ag teacht i ndiaidh Chomhaontú Cotonou.

Shínigh an tAontas agus a Bhallstáit agus comhaltaí ESACC an comhaontú nua go hoifigiúil an 15 Samhain 2023 i Samó. Cuireadh tús lena chur i bhfeidhm sealadach i mí Eanáir 2024.

Comhaontú Cotonou

Glacadh an creat comhpháirtíochta atá ann cheana, Comhaontú Cotonou, in 2000 chun dul in áit Choinbhinsiún Lomé 1975. Is ar feadh tréimhse 20 bliain a tugadh i gcrích é.

Bhí an comhaontú le dul in éag i mí Feabhra 2020 ar dtús. Cuireadh síneadh lena fhorálacha go dtí go gcuirfear an comhaontú comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus Stáit ACC i bhfeidhm go sealadach nó go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Ba é aidhm Chomhaontú Cotonou an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú ar deireadh, agus cur le Stáit ACC a lánpháirtiú i ngeilleagar an domhain de réir a chéile.

Bhí sé bunaithe ar thrí cholún:

  • an comhar um fhorbairt
  • an comhar eacnamaíoch agus trádála
  • an ghné pholaitiúil

Institiúidí comhpháirteacha (Comhaontú Cotonou)

Is í Comhairle na nAirí ACC-AE institiúid uachtarach chomhpháirtíocht ACC-AE. Tagann sí le chéile uair sa bhliain, gach ré seal sa Bhruiséil agus i gceann de Bhallstáit ACC, agus tá sí comhdhéanta díobh seo a leanas:

  • comhaltaí de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh
  • comhalta de chuid an Choimisiúin
  • comhalta de chuid rialtas gach stát ACC

Tugann Coiste Ambasadóirí ACC-AE cúnamh do Chomhairle na nAirí agus déanann sé faireachán ar chur chun feidhme Chomhaontú Cotonou.

Scrúdaíonn an Coiste ACC-AE um Chomhar i Maoiniú na Forbraíochta cur chun feidhme an chomhair i maoiniú na forbraíochta agus déanann sé faireachán ar dhul chun cinn.

Pléann Comhchoiste Aireachta ACC-AE um Thrádáil aon cheist a bhaineann le trádáil ar ábhar imní í do gach stát ACC. Déanann sé faireachán ar chaibidlíocht agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche. Scrúdaíonn sé freisin an tionchar a bhíonn ag caibidlíocht iltaobhach trádála ar thrádáil idir tíortha ACC agus an tAontas agus ar fhorbairt na ngeilleagar ACC.

Comhlacht comhairleach is ea Comhthionól Parlaiminteach ACC-AE ina bhfuil an líon céanna d’ionadaithe ón Aontas agus ionadaithe ACC. Cuireann an tionól próisis dhaonlathacha chun cinn agus éascaíonn sé tuiscint níos fearr idir muintir an Aontais agus muintir na stát ACC. Ina theannta sin, pléann sé saincheisteanna a bhaineann leis an bhforbairt agus le comhpháirtíocht ACC-AE, na comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche, san áireamh.

Réimsí comhair

1. An fhorbairt

Tacaíonn an tAontas le cláir agus tionscnaimh a théann chun leas tíortha éagsúla i ngrúpa na stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Tá cláir aige freisin le haghaidh tuilleadh fás agus forbairt eacnamaíoch agus réigiúnach do réigiúin shonracha in ACC.

Faoi bhuiséad nua fadtéarmach an Aontais 2021-2027, maoiníonn an tAontas an chuid is mó dá chuid clár forbraíochta do thíortha comhpháirtíochta ACC tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Tabharfar clúdach airgeadais iomlán de thuairim €79.5 billiún (i bpraghsanna reatha) don Ionstraim sin. Scoirfear an Ciste Eorpach Forbraíochta, a maoiníodh le ranníocaíochtaí díreacha ó na Ballstáit, ó 2021 ar aghaidh.

2. An trádáil

Tá sraith de chomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche (CCEnna) caibidlithe ag an Aontas le 79 stát ACC. Is éard is aidhm do na comhaontuithe sin comhpháirtíocht chomhroinnte don trádáil agus don fhorbairt a chruthú, lena dtacaíonn cabhair um fhorbairt.

Is í an Chomhairle a thugann sainordú don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh i leith na gcomhaontuithe sin agus a chaithfidh a síniú a chur leis an gcomhaontú deiridh tar éis a thabhairt chun críche.

CCEnna le tíortha san Afraic

Rinneadh an chaibidlíocht maidir le CCE le 16 stát san Afraic Thiar, Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar agus Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hAfraice Thiar a thabhairt chun críche i mí Iúil 2014. Tá an próiseas sínithe á dhéanamh faoi láthair. Go dtí go nglacfar CCE réigiúnach iomlán leis an Afraic Thiar, tá comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhacha leis an gCósta Eabhair agus le Gána i bhfeidhm go sealadach ón 3 Meán Fómhair 2016 agus ón 15 Nollaig 2016 faoi seach.

Chomh maith leis sin i mí Iúil 2014, tugadh caibidlíocht chun críche go rathúil le tíortha i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice. Síníodh an comhaontú an 10 Meitheamh 2016 in Kasane, an Bhotsuáin. Tháinig sé i bhfeidhm go sealadach an 10 Deireadh Fómhair 2016.

I mí Dheireadh Fómhair 2014, tugadh caibidlíocht chun críche go rathúil le Comhphobal na hAfraice Thoir. Tá an próiseas sínithe á dhéanamh faoi láthair.

Ba é Camarún an t-aon tír sa réigiún a shínigh an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir an tAontas agus an Afraic Láir an 15 Eanáir 2009. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 4 Lúnasa 2014.

I réigiún na hAfraice Thoir agus Theas, shínigh Oileán Mhuirís, na Séiséil, an tSiombáib agus Madagascar comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche in 2009. Tá an comhaontú á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 14 Bealtaine 2012 i leith.

Comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche i réigiún Mhuir Chairib

I mí Dheireadh Fómhair 2008, shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche le Fóram Mhuir Chairib (CARIFORUM), grúpa de 15 stát i Muir Chairib. Tá comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir tíortha CARIFORUM agus an tAontas Eorpach á chur i bhfeidhm go sealadach ón 29 Nollaig 2008 i leith.

Comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche i réigiún an Aigéin Chiúin

Shínigh Nua-Ghuine Phapua an comhaontú eatramhach comhpháirtíochta eacnamaíche idir an tAontas agus na stáit ACC san Aigéan Ciúin i mí Iúil 2009 agus shínigh Fidsí é i mí na Nollag 2009. Dhaingnigh Nua-Ghuine Phapua é i mí Bealtaine 2011. I mí Iúil 2014, chinn Fidsí tosú ar an gcomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach. As na 14 thír san Aigéan Ciúin, is le Nua-Ghuine Phapua agus le Fidsí a dhéantar formhór na trádála idir an tAontas agus réigiún an Aigéin Chiúin. D’aontaigh Samó do CCE an 21 Nollaig 2018 agus d’aontaigh Oileáin Sholomón dó an 17 Bealtaine 2020.

3. An imirce

Tá an imirce ina gné thábhachtach den chaidreamh idir an tAontas agus tíortha ACC. Leagtar síos an creat maidir le comhar sa réimse sin in Airteagal 13 de Chomhaontú Cotonou.

Cuirtear san áireamh san airteagal sin míreanna maidir le feabhas a chur ar na dálaí i dtíortha tionscnaimh agus idirthurais, an imirce dhleathach agus an filleadh inimirceach neamhdhleathach.

I mí na Samhna 2015, bhí cruinniú mullaigh idir an tAontas agus ceannairí na dtíortha sin san Afraic is mó lena mbaineann chun comhar polaitiúil maidir leis an imirce a neartú. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta, agus a bhfuil 16 ghníomhaíocht nithiúla san áireamh orthu. Anuas air sin, rinneadh Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais ar mhaithe le cobhsaíocht agus le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus daoine easáitithe san Afraic a sheoladh freisin ag an gcruinniú mullaigh.

Freagairt ar bhrú imirce

Tá an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach ag obair chun beartas cuimsitheach Eorpach maidir leis an imirce a bhunú

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Eanáir 2025