Skip to content

Urrúsú: feabhas a chur ar mhaoiniú gheilleagar an Aontais

Ar cheann de bhunchlocha aontas na margaí caipitil tá an iarracht chun margadh urrúsúcháin an Aontais a athbheochan le go gcuirfear feabhas ar mhaoiniú gheilleagar an Aontais. Chun na críche sin, áirítear dhá thogra reachtacha lena dtugtar isteach rialacha nua maidir le hurrúsú:

  • rialachán maidir le hurrúsú simplí, trédhearcach, caighdeánaithe (STS)
  • rialachán lena leasaítear an rialachán maidir le ceanglais chaipitil

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dá thogra ar an 30 Bealtaine 2017. Glacfar leagan deiridh na rialachán a luaithe a bheidh bailchríoch curtha ar na téacsanna ar leibhéal teicniúil.

Leis an dá rialachán leagtar síos rialacha comhchoiteanna do na hurrúsuithe uile, is ionann iad agus creat le haghaidh táirgí urrúsúcháin a bheidh sábháilte, simplí, trédhearcach, caighdeánaithe agus maoirsithe go leordhóthanach, agus cuidítear le hidirdhealú a dhéanamh idir na táirgí sin agus ionstraimí airgeadais atá níos casta agus níos baolaí ná iad.

Leis na rialacha nua cabhrófar le hinfheisteoirí na rioscaí a bhaineann le hurrúsú a mheas, i dtáirgí ar leith agus thar réimsí táirgí.

Ba cheart go mbeadh an méid sin ina chabhair chun féidearthachtaí nua infheistíochta a chruthú ar fud an Aontais agus go gcuirfeadh sé foinse bhreise airgeadais ar fáil sa gheilleagar, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí nuathionscanta.

Tá na rialacháin le glacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, i. ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa araon.

Cén fáth ar gá urrúsú a rialáil?

Próiseas is ea an t-urrúsú ina ndéanann iasachtóir, cuir i gcás, banc, athphacáistiú ar iasachtaí atá ina sheilbh aige (m.sh. morgáistí) agus urrúis a dhéanamh díobh ar féidir iad a dhíol le hinfheisteoirí. Ansin, faigheann na hinfheisteoirí na fáltais a ghintear leis na hiasachtaí foluiteacha.

Éagsúlú ar na foinsí maoinithe, bainistiú níos fearr ar rioscaí

Le hurrúsú, ligtear do bhanc roinnt den chaipiteal atá aige a chur ar fáil (caipiteal a chuirfí i leataobh chun na rioscaí a bhaineann leis na hiasachtaí a bhí díolta aige a chumhdach, murach go raibh an t-urrúsú á dhéanamh) chun iasachtú breise a dhéanamh sa gheilleagar.

Ina theannta sin, cabhraíonn urrúsú chun rioscaí a dháileadh trasna na hearnála airgeadais mar go n-aistríonn na bainc roinnt de na rioscaí chuig bainc eile nó chuig infheisteoirí institiúideacha eile (ar nós cuideachtaí árachais).

Nuair a bhíonn éagsúlacht sna foinsí maoinithe agus nuair nach mbíonn siad ag brath an oiread sin ar earnáil na baincéireachta, cuireann sé le cobhsaíocht fhoriomlán an chórais airgeadais agus leis an teacht aniar a bhíonn ann. Is fíor an méid sin toisc nach ionann an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na fadhbanna in earnáil na baincéireachta ar an rochtain ar mhaoiniú.

Foinse bhreise maoinithe a chur ar fáil d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide

Deir an Coimisiún Eorpach gur tháinig ísliú 42% ar líon na n-urrúsuithe san Aontas in 2014 i gcomparáid leis na meánleibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim airgeadais (2001-2008).

Is mór is fiú an t-urrúsú ar iasachtaí mar fhoinse mhaoinithedo ghnólachtaí beaga agus meánmhéide.

Léiríonn torthaí an taighde a rinne an Coimisiún gur thit líon na n-urrúsuithe ar iasachtaí a bhí ag fiontair bheaga agus mheánmhéide ó EUR 77 billiún in 2007 go dtí EUR 36 billiún in 2014. Ní bhfuair 35% de na fiontair bheaga agus mheánmhéide an maoiniú uile a lorg siad óna gcuid banc in 2013.

Léirítear sna meastúcháin a rinne an Coimisiún go nginfí idir EUR 100-150 billiún i maoiniú breise dá sroichfeadh líon na n-urrúsuithe san Aontas an meánmhéid a bhí ann sular tharla an ghéarchéim.

Mar sin, is féidir an méid a leanas a bhaint amach leis an urrúsú, ach struchtúr fónta a bheith leis:

  • éifeachtúlacht agus cobhsaíocht an chórais airgeadaisa fheabhsú
  • deiseanna infheistíochta a chur ar fáil
  • buntáistí a chruthú do ghnólachtaí agus do shaoránaigh trí mheán iasachtaí ar chostas níos lú agus fáil orthu

Sa Chomhairle

30 Bealtaine 2017: tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dá thogra i ndáil le hurrúsú.

8 Nollaig 2015: ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta i leith na dtograí maidir le hurrúsú. Tríd sin, is féidir le hUachtaránacht na Comhairle tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an leagan deireanach de na tograí.

2 Nollaig 2015: d'fhormheas an Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát chuig an Aontas Eorpach (Coreper), thar ceann na Comhairle, sainordú caibidlíochta d'Uachtaránacht na Comhairle maidir leis an bpacáiste urrúsúcháin.

30 Meán Fómhair 2015: fuair an Chomhairle na tograí le haghaidh an dá rialachán. Rinne Meitheal na Comhairle um Sheirbhísí Airgeadais anailís ar na tograí agus é mar aidhm aici seasamh na Comhairle ina leith a leagan síos.

Na rialacháin maidir le hurrúsú: na príomhphointí

Leis an rialachán maidir le hurrúsú simplí, trédhearcach, caighdeánaithe (STS) bunaítear critéir chun urrúsuithe 'simplí, trédhearcacha, caighdeánaithe' a shainiú. Mar shampla, meastar urrúsú a bheith 'simplí’ nuair a chruthaítear é agus úsáid á baint as iasachtaí den chineál céanna, m.sh. gan sa phacáiste ach morgáistí cónaithe, gan aon chead urrúsú breise a dhéanamh, srl.

I measc na gcritéar lena n-éilítear go mbeadh urrúsú 'trédhearcach' agus 'caighdeánaithe’ tá ceanglas ar an lucht eisiúna doiciméadacht shoiléir a chur ar fáil lena míneofar struchtúr na hionstraime agus seicheamh na n-íocaíochtaí.

Áirítear leis an rialachán freisin rialacha maidir le dícheall cuí, coinneáil riosca agus trédhearcacht, a mbeidh feidhm acu maidir le gach urrúsú.

Chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go bhfágfar an ceanglas maidir le coinneáil riosca ag 5%, i gcomhréir leis na ceanglais idirnáisiúnta. Baineann an choinneáil riosca leis an leas san urrúsú nach mór do thionscnóirí, d'urraitheoirí nó do na hiasachtóirí bunaidh urrúsúchán a choinneáil dóibh féin. Leis an gceanglas áiritheofar nach gcruthófar táirgí urrúsaithe díreach ar mhaithe lena ndáileadh ar infheisteoirí.

Chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfar foráil do stór sonraí a chruthú le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin.

Chomhaontaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint rialacha freisin i dtaca le coinbhleachtaí leasa a sheachaint: maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin STS, fiú má tá tríú páirtí páirteach ann, is ar na tionscnóirí, na hurraitheoirí, na hiasachtóirí bunaidh agus na heintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin a bheidh an dliteanas i gcónaí na rialacha a chomhlíonadh.

Áirithítear sa téacs a comhaontaíodh go mbeidh feidhm ag rialacha saincheaptha maidir le cláir páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (a ngairtear ‘urrúsuithe gearrthéarmacha’ orthu go minic). Is minic a bhíonn iasachtaí le haghaidh gluaisteán agus léasanna gluaisteán agus trealaimh mar chuid de na hurrúsuithe sin.

Leis an rialachán leasaithe maidir le ceanglais chaipitil beidh láimhseáil caipitil le haghaidh urrúsuithe do bhainc agus do ghnólachtaí infheistíochta níos íogaire ó thaobh riosca de agus is fearr a bheifear in ann tréithe sonracha na n-urrúsuithe STS a léiriú i gceart.

Na chéad chéimeanna eile

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dá dhréachtghníomh dlí ar an 30 Bealtaine 2017.

Glacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa na rialacháin go foirmiúil ar an gcéad léamh nuair a bheidh bailchríoch theicniúil curtha ar na téacsanna.