Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Meitheamh 2017 11:30

20 de na Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) a chur ar bun

Ar an 8 Meitheamh, tháinig na Ballstáit sin atá páirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le cruthú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO), tháinig siad ar chomhaontú maidir le reachtaíocht lena leagfar amach mionsonraí faoi fheidhmiú agus ról na hOifige.

Beidh sé d’údarás ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, faoi choinníollacha áirithe, calaois san Aontas agus coireanna eile a mbíonn tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cuimseofar faoi aon scáth amháin iarrachtaí Eorpacha agus náisiúnta i ndáil le forfheidhmiú an dlí chun an chalaois a chomhrac.

I Lucsamburg a bheidh an phríomhoifig ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an dáta a nglacfaidh OIPE a chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a leagan síos de réir togra ón bPríomhionchúisitheoir Eorpach a luaithe a bheifear tar éis OIPE a chur ar bun. Ní luaithe ná trí bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheidh an dáta sin.

Feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Is mar struchtúr coláisteach, ina mbeidh dhá leibhéal, a fheidhmeoidh OIPE. Ar an leibhéal lárnach, beidh an Príomhionchúisitheoir Eorpach, agus freagracht iomlán na hoifige ar an duine sin. Ar an leibhéal díláraithe, beidh ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha agus iad lonnaithe sna Ballstáit, a bheidh i gceannas ar reáchtáil laethúil imscrúduithe agus ionchúiseamh coiriúla, i gcomhréir leis an rialachán agus le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Is ar an leibhéal lárnach a dhéanfaidh na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha faireachán, stiúradh agus maoirsiú ar gach imscrúdú agus ionchúiseamh ionas go n-áiritheofar gur comhsheasmhach don bheartas imscrúdúcháin agus ionchúisimh ar fud na hEorpa.

Cé gur sna Ballstáit sin a bheidh páirteach agus iontu siúd amháin a bheidh feidhm ag inniúlacht na hOifige, déanfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh comhar le Ballstáit eile an Aontais. I ndáil leis an méid sin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún a mharana a dhéanamh faoi thograí lena n-áiritheofaí éifeachtacht an chomhair bhreithiúnaigh sin.

Comhar feabhsaithe

Ar an 3 Aibreán 2017, seoladh an nós imeachta um chomhar feabhsaithe mar nach rabhthas in ann teacht ar aon fhocal i dtaobh an togra.

18 de na Ballstáit atá páirteach sa chomhar feabhsaithe go dtí seo: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

Ina theannta sin, tá curtha in iúl ag dhá bhallstát eile (an Iodáil agus an Ostair) go bhfuil rún acu a bheith páirteach sa chomhar feabhsaithe.

Beidh sé de cheart ag na Ballstáit eile a bheith rannpháirteach sa chomhar tráth ar bith is mian leo sin.

Cúlra

Is minic a bhíonn ar an Aontas agus na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chásanna casta, mar shampla, ar chásanna a bhaineann le calaois ar chistí struchtúracha an Aontais nó calaois mhórscála ar CBL trasteorann. I gcásanna den chineál sin, is minic nach mbíonn ag na himscrúdaitheoirí agus ionchúisitheoirí coiriúla náisiúntana na huirlisí is gá más uathu gníomhú go tapa agus go héifeachtúil thar teorainn amach.

Rachaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i ngleic leis na heasnaimh sin agus cuirfidh sí feabhas ar an gcomhrac i gcoinne na gcionta sin a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, rud a bheidh ina chuidiú chun buiséad níos stóinsithe agus níos díonta a bheith ag an Aontas.

Beidh an obair a dhéanfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ina comhlánú ar obair OLAF agus Eurojust, dhá chomhlacht nach bhfuil feistithe le cásanna coiriúla a imscrúdú ná a ionchúiseamh.

Na chéad chéimeanna eile

Roimh ghlacadh deiridh rialachán OIPE, ní mór toiliú Pharlaimint na hEorpa a lorg. Meastar go bhféadfadh sin tarlú roimh shos an tsamhraidh, agus go bhféadfaí an téacs a ghlacadh go críochnaitheach i mí Dheireadh Fómhair.

Faoi ‘nós imeachta an toilithe’, tá sé de chumhacht ag Parlaimint na hEorpa glacadh le togra reachtach nó diúltú dó trí thromlach glan de na vótaí, ach ní féidir léi é a leasú.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024