- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 17 Iúil 2017 19:50
Coinbhinsiún Aarhus: Seasamh an Aontais glactha ag an gComhairle do chruinniú na bpáirtithe atá ar na bacáin
Ar an 17 Iúil 2017 ghlac an Chomhairle cinneadh maidir leis an seasamh a bheidh ag an Aontais Eorpach ag an 6ú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus (MoP-6) i ndáil le cás i gcoinne an Aontais a tugadh os comhair Choiste Comhlíonta an Choinbhinsiúin.
Measann an Coiste sa chás comhlíonta seo go bhfuil rialacha an Choinbhinsiúin á sárú ag an Aontas sa chaoi is nach bhfuil dóthain rochtana ar cheartas á thabhairt aige d’eagraíochtaí comhshaoil ná don phobal. Tá na torthaí léirithe i ndréacht-chinneadh Aarhus, a chuirfear isteach ag MoP-6 le go measfaidh na páirtithe sa Choinbhinsiún é.
Cinneann an Coiste, go sonrach, nach gcuirtear chun feidhme agus nach comhlíontar na hoibleagáidí a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún le Rialachán AE 1367/2006 ná le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Sa chinneadh ón gComhairle, maidir leis an Aontas - le haontoilíocht na mBallstát uile - glacann sé le dréacht-chinneadh Aarhus, faoi réir roinnt leasuithe lena ndéanfar a shoiléiriú, inter alia, nach bhfuil sé ar intinn ag Cruinniú na bPáirtithe a cheangal ar an Aontas cur isteach ar neamhspleáchas a bhreithiúna.
Athdhearbhaíonn an tAontas agus a chuid Ballstát go bhfuil siad lántiomanta do phrionsabail agus do chuspóirí Choinbhinsiún Aarhus ó thaobh rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, agus go bhfuil siad lántiomanta freisin do shásra comhlíonta an Choinbhinsiún a urramú.
Thug an Coimisiúnráiteas le haghaidh mhiontuairiscí na Comhairle.
Ag MoP-6, a thionólfar in Budva (Montainéagró) ar an 11-15 Meán Fómhair 2017, cuirfidh an tAontas a sheasamh in iúl mar ghlacadh coinníollach le dréacht-chinneadh Aarhus agus tá sé réidh le hobair chuiditheach agus dhearfach a dhéanamh i gcomhar le Coiste Comhlíonta an Choinbhinsiúin agus le páirtithe eile a bheidh ag an gcruinniú. I gcás vótáil ar an ábhar seo, caithfidh an tAontas vóta ar son na 28 mBallstát ar bhonn comhchoiteann.
Na chéad chéimeanna eile
Maidir leis an gCinneadh sin ón gComhairle, tiocfaidh sé i bhfeidhm a luaithe a ghlacfar é agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir.
Tá an Chomhairle chun an cinneadh sin a chur in iúl anois d’Ard-Rúnaíocht Choinbhinsiún Aarhus mar chuid de na hullmhúcháin leanúnacha le haghaidh MoP-6.
Cúlra
Is comhaontú iltaobhach é Coinbhinsiún Aarhus a bhfuil sé d’aidhm aige cearta a ráthú don phobal i dtaca le rochtain ar fhaisnéis, rochtain ar rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Mar aon leis an bPrótacal maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán, tá an Coinbhinsiún ar cheann den dá ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh an dlí, lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena gcuirtear chun feidhme Prionsabal 10 de Dhearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt.
Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm in 2001 agus tá 47 bpáirtí ann arb as an Eoraip agus an Áise Láir dóibh. Áirítear orthu siúd 28 mBallstát an Aontais mar aon leis an Aontas féin, a d’fhormheas an Coinbhinsiún ar an 17 Feabhra 2005. Is trí Rialachán 1367/2006, dá ngairtear Rialachán Aarhus, a chuirtear oibleagáidí an Choinbhinsiúin chun feidhme ar leibhéal an Aontais.
In 2008, thug an eagraíocht neamhrialtasach Client Earth cás os comhair Choiste Comhlíonta an Choinbhinsiúin a bhain le comhlíonadh neamhleor a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún ag an Aontas. Ar an 17 Márta 2017, tar éis dó plé leantach a dhéanamh, chuir an Coiste a chinneadh faoi bhráid an Aontais.
Ar an 29 Meitheamh 2017 thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh an chinneadh seo ón gComhairle, inar mhol sé go gcaithfí vóta diúltach maidir le formhuiniú an chinnidh arna thabhairt sa chás comhlíonta seo. Tá an Chomhairle tar éis teacht ar chinneadh, d’aon toil, an togra sin a leasú.
- An cinneadh ón gComhairle maidir le seasamh an Aontais ar MoP-6
- Ráiteas ón gCoimisiún
- Togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le seasamh an Aontais ag MoP-6
- Dréachtchinneadh MoP-6 Vi/8f ó Choinbhinsiún Aarhus
- Aarhus compliance case ACCC/C/2008/32
- EU Aarhus Regulation 1367/2006
- Aarhus Convention MoP6 website
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024