Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Nollaig 2020 18:20

Straitéis drugaí an Aontais do 2021-2025 formheasta ag an gComhairle

D’fhormheas an Chomhairle straitéis an Aontais ina leagtar amach an creat polaitiúil agus na tosaíochtaí do bheartais drugaí an Aontais don tréimhse 2021-2025. Tá mar aidhm ag an straitéis leibhéal ard a chinntiú maidir le cur chun cinn na sláinte, leis an gcobhsaíocht shóisialta agus an tslándáil, agus cuidiú le múscailt feasachta. Ar bhonn na straitéise sin, ullmhóidh an Chomhairle plean gníomhaíochta ina leagfar amach bearta nithiúla chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach.

Leis an straitéis sin, athdhearbhaíonn an tAontas agus a Bhallstáit go bhfuil siad tiomanta do chur chuige fianaisebhunaithe, cuimsitheach agus cothromaithe idir an t-éileamh ar dhrugaí agus soláthar drugaí a laghdú, agus go mbeidh caomhnú chearta an duine mar chuid lárnach den straitéis. Ag an am céanna, úsáideann an straitéis sin na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 i réimse na ndrugaí agus glactar cur chuige inti ina ndírítear ar an todhchaí, ina gcuirtear taighde, nuálaíocht agus fadbhreathnaitheacht chun cinn chun freagairt ar dhúshláin atá ag dul i méid ar bhealach níos éifeachtaí agus chun iad a réamh-mheas.

Téann feiniméan na ndrugaí i bhfeidhm ar ár gcomhphobail ar go leor bealaí éagsúla, an tsláinte, an caidreamh teaghlaigh agus an caidreamh sóisialta, foréigean agus sciúradh airgid ina measc. Is feiniméan é a bhaineann leis an domhan go léir agus ní féidir le haon tír dul i ngleic leis ina haonar. Cuireann straitéis an Aontais do 2021-2025 na huirlisí ar fáil dúinn chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe ar fad a bhaineann leis an bhfeiniméan, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Cuirfidh an straitéis ar ár gcumas a bheith níos réamhghníomhaí maidir lenár bhfreagairt ar athruithe sa dóigh a n-oibríonn coirpigh nó ina bhforbraítear substaintí agus treochtaí nua freisin. Daniela Ludwig, Coimisinéir Chónaidhm na Gearmáine atá freagrach as drugaí aindleathacha a chomhrac

Faoi laghdú ar sholáthar drugaí/slándáil fheabhsaithe, dírítear sa straitéis ar gach gné den mhargadh drugaí aindleathacha, agus áirítear leis sin an choireacht a bhaineann le drugaí a chosc, a athchomhairliú agus a chur as riocht, go háirithe an choireacht eagraithe, trí chomhar breithiúnach agus forfheidhmithe dlí, faisnéis, díchumasú, coigistiú sócmhainní coiriúla, imscrúduithe agus bainistiú teorainneacha. Rinneadh an réimse tosaíochta sin a fheabhsú a thuilleadh i gcomparáid le straitéis 2013-2020, chun freagairt ar na forbairtí dúshlánacha i margaí drugaí na hEorpa. Is príomhthréith ag na forbairtí sin ard-infhaighteacht cineálacha éagsúla drugaí, urghabhálacha níos mó fiú, úsáid mhéadaitheach foréigin agus brabúis ollmhóra, chomh maith le hardáin na meán sóisialta, aipeanna agus an t-idirlíon agus an t-idirlíon dorcha a úsáid le haghaidh na gáinneála aindleathaí drugaí. Níor imigh na gnéithe sin le linn ghéarchéim COVID-19, ach a mhalairt.

Is éard atá i gceist le laghdú ar an éileamh ar dhrugaí réimse bearta a threisíonn a chéile lena n-áirítear cosc, luathbhrath agus idirghabháil, comhairleoireacht, cóireáil, athshlánú, ath-imeascadh sóisialta agus téarnamh. Ní mór don ghníomhaíocht sin a bheith iomchuí don chomhthéacs sóisialta áitiúil agus do riachtanais an spriocphobail, a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch, agus a bheith sábháilte agus éifeachtach. Ní mór an ghníomhaíocht a fhorbairt trí dhlúthchomhar le roinnt seirbhísí tacaíochta sláinte agus sóisialta. Léiríodh le géarchéim COVID-19 a thuilleadh nach mór comhleanúnachas a chinntiú i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin.

Cuireadh caibidil nua isteach ina ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar an dochar a bhaineann le drugaí. Tá bearta agus beartais sa roinn sin chun na rioscaí sláinte agus sóisialta agus an dochar a d'fhéadfadh a bheith ann d’úsáideoirí, don tsochaí agus sna príosúin a chosc nó a laghdú. Clúdaítear inti gnéithe ar nós leitheadúlacht agus líon na ngalar tógálach a bhaineann le drugaí a laghdú, básanna a bhaineann le ródháileoga agus le drugaí a sheachaint agus roghanna eile a thabhairt ar smachtbhannaí comhéigneacha.

Chomh maith leis sin, sainaithnítear sa straitéis trí théama chothrománacha chun tacú leis na trí réimse beartais:

  • comhar idirnáisiúnta: feabhas a chur ar ról an Aontais mar bhróicéir domhanda le haghaidh beartas drugaí atá duinelárnach agus dírithe ar chearta an duine, trí chomhar a dhéanamh le tríú tíortha, le réigiúin agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus tríd an tiomantas do bheartais drugaí atá dírithe ar an bhforbairt agus do bhearta forbartha malartacha a neartú ag an am céanna.
  • taighde, nuálaíocht agus fadbhreathnaitheach: taighde cuimsitheach agus na hacmhainneachtaí fadbhreathnaitheacha is gá a chur ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann le drugaí ar bhealach níos gasta, níos réamhghníomhaí, agus ullmhacht á mhéadú chun freagairt ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo.
  • comhordú, rialachas agus cur chun feidhme: a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as cur chun feidhme na straitéise, lena n-áirítear trí phríomhghníomhaíocht de chuid an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) agus Europol, ina mbeidh an tsochaí shibhialta rannpháirteach agus lena gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an méid sin a bhaint amach.

Cúlra

Sholáthair straitéis drugaí an Aontais 2013-2020 agus an dá phlean gníomhaíochta a formheasadh ar an mbonn sin na tosaíochtaí do bheartais drugaí an Aontais le cúpla bliain anuas. I mí Iúil 2020, chuir an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar an straitéis sin agus clár oibre an Aontais maidir le drugaí do 2021-2025 i láthair. Ar an mbonn sin, tá níos mó sonraí tugtha ag comhlachtaí na Comhairle maidir le straitéis drugaí an Aontais, 2021-2025.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025