Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 18 Feabhra 2014

An sásra aonair réitigh: Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar staid na caibidlíochta

An 18 Feabhra, phléigh airí airgeadais an Aontais na coigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar chur chuige ginearálta na Comhairle a thángthas air i mí na Nollag 2013 maidir leis an sásra aonair réitigh.

Tionóladh an plé ionas gur mó an tsolúbthacht a bheadh ag an Uachtaránacht agus í i mbun idirpháirtíochta "trípháirtí" le Parlaimint na hEorpa go luath, maidir leis an sásra aonair réitigh (SRM) a bhunú - ar ceann de phríomheilimintí aontas baincéireachta na hEorpa é.

Cé nár imigh siad ó phríomhghnéithe an chur chuige ghinearálta, thuig na hairí go gcaithfear solúbthacht áirithe a thabhairt don Uachtaránacht féachaint ar smaointe éagsúla chun roghanna a shainaithint lena bhfeádfaí teacht ar chomhaontú.

Seo cur síos achomair ón Uachtaránacht ar raon feidhme na smaointe sin:

  • ról an tseisiúin iomlánaigh i dtaca leis an mbord aonair réitigh (SRB) a chinneadh;
  • athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha maidir le rannpháirtíocht an tseisiúin iomlánaigh, agus na socruithe vótála, go háirithe ag tús idirthréimhse an chiste aonair réitigh (SRF), chun teacht ar réiteach cothrom maidir leis an leas atá le baint as SRF; ról na Comhairle a chinneadh ar bhealach níos fearr, más féidir, chun teorainn a chur leis an lánrogha atá aici agus leis na forais faoinar féidir léi agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí SRB, agus an próiseas cinnteoireachta a shimpliú agus a chiorrú más féidir;
  • féachaint leis go ndéanfaidh SRB maoirseacht ar na húdaráis náisiúnta réitigh, ar maoirsiú é a bheidh faoi rialáil níos dlúithe;
  • go mbeadh ról lárnach ag an mBanc Ceannais Eorpach sa chinneadh an bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó ar dóigh go mbeidh ag cliseadh air, agus go bhféadfadh SRB dul i gcion go héifeachtach ar an gcinneadh sin freisin;
  • a chomhaontú gur díluacháil fiachais seachas tarrtháil airgeadais príomhphrionsabal an réitigh bhainc.

Tá rún daingean fós ag an gComhairle teacht ar chomhaontú a bhféadfadh na páirtithe uile glacadh leis, faoin spriocdháta atá leagtha amach ag an gComhairle Eorpach, rud a chuirfeadh ar chumas Pharlaimint na hEorpa vótáil ina leith roimh dheireadh a tréimhse reatha reachtais i mí Aibreáin.

Thug an Uachtaránacht dá haire go mbeadh toradh na hidirbheartaíochta trípháirtí ag brath ar shocrú cuimsitheach faoina gcumhdófaí díospóireachtaí maidir le rialachán SRM agus maidir leis an gcomhaontú idir-rialtasach (IGA).

Comhaontú idir-rialtasach maidir leis an gciste aonair réitigh

De réir an cur chuige ginearálta ó mhí na Nollag, ba cheart go ndéanfaí na socruithe a bhaineann le feidhmiú an chiste aonair réitigh a rialú le comhaontú idir-rialtasach (IGA) seachas le rialachán SRM. Rinne na hairí athbhreithniú ar na príomh-shaincheisteanna oscailte maidir leis an gcomhaontú idir-rialtasach i gcruinniú speisialta an 17 Feabhra 2013.

Príomhábhair eile ar an gclár oibre

Scéimeanna ráthaithe taiscí

Dheimhnigh na hairí gur thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha a athmhúnlú i gcás scéimeanna ráthaithe taiscí (DGSanna). Agus leibhéal cumhdaigh de €100,000 in aghaidh na taisce á choinneáil aici, comhchuibhítear leis an dréacht-Treoir, an creat do na scéimeanna ráthaithe taiscí ar fud an Aontais, agus tugtar cosaint níos fearr don taisceoir, agus leis sin déantar socruithe cumhdaigh agus íocaíochta a shimpliú. 

An limistéar aonair d'íocaíochtaí euro (SEPA): an spriocdháta a chur siar

Chuir an Chomhairle siar an spriocdháta don aistriú go dtí aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha bunaithe ar chaighdeáin SEPA (an limistéar aonair d'íocaíochtaí euro). Leis sin, beifear in ann síneadh eisceachtúil, sealadach a chur ar an leas a bhaintear as na caighdeáin atá ann cheana, agus sa chaoi sin beifear in ann an ráta aistrithe a mhéadú go dtí an leibhéal is gá leis.

Treoirlínte do Bhuiséad an Aontais don bhliain 2015

Ghlac an Chomhairle na Conclúidí lena leagtar amach na tosaíochtaí don idirbheartaíocht maidir le buiséad ginearálta an Aontais don bhliain 2015. Ghlac an Chomhairle freisin moladh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta AE do 2012. 

An suirbhé bliantúil fáis don bhliain 2014

Ghlac an Chomhairle na Conclúidí maidir le suirbhé bliantúil fáis an Choimisiúin, agus chomhaontaigh sí gurb ionann na tosaíochtaí leathana a leagadh amach do 2014 agus na tosaíochtaí sin a sainaithníodh an bhliain seo caite. Thug sí dá haire go bhfuil an téarnamh leochaileach fós, in ainneoin feabhsuithe nua, agus is dóchúil go leanfaidh oidhreacht na géarchéime, is é sin le rá, ardleibhéal fostaíochta agus ilroinnt leanúnach airgeadais, de thionchar a bheith aici ar an bhfás eacnamaíoch.

Tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh don bhliain 2014

Ghlac an Chomhairle na Conclúidí i ndáil leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an sásra foláirimh don bhliain 2014. Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn a rinne na Ballstáit chun a míchothromaíochtaí seachtracha agus inmheánacha a cheartú. Beidh gá le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí ar cúis imní iad ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, agus táthar ag ceapadh go bhfoilseoidh an Coimisiún athbhreithnithe doimhne ar an staid i 16 Ballstát. 

An sásra aonair maoirseachta

Thug an Chomhairle dá haire an cur i láthair ón mBanc Ceannais Eorpach faoin tuarascáil ón gcéad ráithe maidir leis an sásra aonair maoirseachta a chur chun feidhme i ndáil le bainc.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025