Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15 Nollaig 2025

Na príomhthorthaí

An staid sa Mheánoirthear

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid sa Mheánoirthear; is iad le rannchuidiú an Aontais le slándáil agus cobhsú Gaza an chéad dá rud a pléadh.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Is féidir lenár dhá mhisean ar an láthair oibríochtaí a mhéadú: ceann amháin a chabhraíonn le trasnuithe teorann agus an ceann eile a thacaíonn le póilíní na Palaistíne. Is féidir leis an dá thír rannchuidiú go mór leis an bplean síochána agus leis an bhfórsa cobhsaíochta idirnáisiúnta, ach ní mór dúinn formheas a fháil ó Iosrael.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Sa chomhthéacs sin, dhírigh na hairí ar mhisin CBSC an Aontais, ar EUBAM Rafah agus ar EUPOL COPPS, ar an athchóiriú ar údarás na Palaistíne, ar an gcabhair dhaonnúil agus ar an atógáil, agus chomhaontaigh roinnt airí gur cheart go mbeadh tionchar níos mó ag an Aontas orthu.

Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle an staid sa tSiria, bliain amháin tar éis treascairt réimeas Assad. Díríodh sa phlé ar staid aistrithe na Siria agus ar an gcaoi a bhféadfadh an tAontas tacú ar bhealach níos fearr leis an rialachas, le hathchóiriú na hearnála slándála agus leis an trádáil.

Tháinig deireadh le réimeas Assad bliain ó shin, agus tá dúshláin ollmhóra fós le sárú ag an tSiria. An foréigean earnála, an easpa cuimsitheachta, easpa institiúidí cuí, an smacht reachta, is fadhbanna iad a bhí ann agus atá ann fós. [...] Cuirfidh mé i gcuimhne daoibh gurbh é an tAontas Eorpach is túisce a chuir deireadh leis na smachtbhannaí chun cabhrú leis an tír í féin a atógáil. Ní hionann deireadh a chur le smachtbhannaí agus rathúnas eacnamaíoch, áfach. Ní mór d’infheisteoirí muinín a bheith acu as an gcóras dlí; ní mór d’infheisteoirí a bheith cinnte go bhfuil cúrsaí cobhsaí agus nach rachaidh siad ó smacht.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh na hairí an gá atá le córas smachtbhannaí an Aontais a oiriúnú de réir mar a thiocfaidh athrú ar an staid, agus dul chun cinn a dhéanamh le comhpháirtíocht pholaitiúil nua idir an tAontas agus an tSiria.

Ar deireadh, phléigh an Chomhairle an staid sa Liobáin in oirchill na Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Liobáin.

An tSín

Le linn lón oibre, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an tSín, agus pléadh an gcaidreamh geo-eacnamaíoch agus saincheisteanna geopholaitiúla chomh maith.

Le tamall anuas, tá naisc eacnamaíocha ina n-uirlis troda ag an tSín ar mhaithe le buntáiste polaitiúil. D’eisíomar ár gcomhstraitéis slándála eacnamaíche leis an gCoimisiún le déanaí agus tá sé beartaithe againn ár soláthar mianraí criticiúla a éagsúlú. Phléigh na hairí conas is féidir linn ár n-armlann trádála a úsáid ar bhealach níos fearr chun athléimneacht na hEorpa a neartú. Níl aon tír Eorpach inchurtha leis an tSín. Ní neart go cur le chéile sa chás seo.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ag eascairt as an méid a bhí le rá ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a thug forléargas i bhfíschomhdháil ar chúrsaí san Úcráin, agus ar an plé taidhleoireachta atá ar siúl faoi láthair, agus ar na tosaíochtaí is práinní atá ag an Úcráin.

Tá dhá thosaíocht againn: níos mó brú a chur ar Mhoscó agus níos mó tacaíochta a ghiniúint do Chív. Tá €27 mbilliún de thacaíocht mhíleata á chur ar fáil ag an Eoraip don Úcráin i mbliana, an méid is mó a cuireadh ar fáil riamh, agus chomhlíonamar freisin ár ngealltanas 2 mhilliún urchar sliogán airtléire a chur ar fáil. Ach is léir freisin nach mór dlús a chur leis an iarracht. Ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun cosaint na hÚcráine neartú agus chun cur lena lámh sa chaibidlíocht a fhad is atá an Rúis ag diúltú don tsíocháin i gcónaí.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Ba iad ráthaíochtaí slándála an Aontais don Úcráin an chéad ábhar ar tugadh aghaidh air sa phlé a bhí ag AE27. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí darb ábhar an cuspóir an Úcráin a chur i riocht láidir sa chaibidlíocht taidhleoireachta atá ar siúl faoi láthair.

Dúirt na hairí go neamhbhalbh nach mór ráthaíochtaí láidre slándála a bheith san áireamh in aon chomhaontú síochána. Ós rud é gur cuireadh brú ar an Úcráin gan cur isteach ar bhallraíocht ECAT, is é an t-aon choimirce é a chuirfidh cosc ar an Rúis ath-ionradh a dhéanamh. Déanfaidh an tAontas a chion, lena n-áirítear le tacaíocht don tionscal oiliúna agus cosanta.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh na hairí freisin saincheist an mhaoinithe don Úcráin in 2026-2027, in oirchill an phlé a dhéanfar ag Comhairle Eorpach mhí na Nollag.

Ina theannta sin, phléigh na hairí na bealaí is féidir tuilleadh brú a chur ar an Rúis, go háirithe trí bhearta atá dírithe ar chur isteach ar an scáthchabhlach agus orthu siúd a chumasaíonn a chuid oibríochtaí. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne naonúr a chumasaíonn an scáthchabhlach.

Bhí na hairí den tuairim gur cheart díriú ar scáthchabhlach na Rúise agus gur cheart príomhthosaíocht an Aontais i gcónaí agus gur cheart leanúint de bhearta sriantacha breise a fhorchur ar an scáthchabhlach agus ar na cumasóirí araon ar bhonn rialta.

Ar deireadh, d’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha breise lena ndírítear ar 12 dhuine aonair agus 2 eintiteas i bhfianaise ghníomhaíochtaí hibrideacha leanúnacha atá á ndéanamh ag an Rúis, lena n-áirítear Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus a chomhpháirtithe, agus leathnaigh sí raon feidhme na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise i bhfianaise na sáruithe a rinneadh le déanaí ar an aerspás sa Liotuáin agus i mBallstáit eile a ndearna gníomhaíochtaí hibrideacha na Bealarúise difear dóibh.

Ghlac an Chomhairle dearbhú ón Aontas Eorpach agus óna Bhallstáit maidir le leas iomlán a bhaint as an gcreat um dhlí idirnáisiúnta na farraige i gcomhthéacs na mbagairtí ón ‘scáthchabhlach’ agus chosaint an bhonneagair chriticiúil faoin bhfarraige.

Plé agus cinntí eile

Faoi chúrsaí reatha, chuir an tArdionadaí na hairí gnóthaí eachtracha ar an eolas faoin ngéarú ar an bhforéigean in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear an staid i réigiún na Mór-Lochanna.

Faoi aon ghnó eile, chuir an Chipir an Chomhairle ar an eolas faoi iarrthóireacht na Cipire ar chathaoirleacht ESCE. D’ardaigh an tSlóivéin an cruinniú le déanaí le stáit na hAfraice Thiar ar imeall an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, a raibh an tSlóivéin ina cathaoirleach air thar ceann an Ardionadaí, agus chuir an Ostair na hairí ar an eolas faoin gcruinniú a bhí ag Cairde na mBalcán Thiar i Vín le déanaí

Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise i gcoinne triúr agus eintiteas amháin atá freagrach as foréigean droinge i Háítí.

Chuir an Chomhairle síneadh leis na smachtbhannaí atá ann cheana i bhfianaise gníomhaíochtaí núicléacha sa Chóiré Thuaidh agus i bhfianaise na staide i Veiniséala.

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a chur chun cinn trí mhaoiniú níos fearr, comhionannas inscne, sláinte dhomhanda agus trádáil, lena n‑athdhearbhaítear tiomantas an Aontais do chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta mar bhunchloch dá ghníomhaíocht eachtrach, rud lena gcuirtear leis an bhforbairt inbhuanaithe, le díothú na bochtaineachta, leis an gcobhsaíocht dhomhanda agus le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe.

D’fhormhuinigh na hairí an cur chuige cuimsitheach a leagtar amach sna conclúidí, go háirithe maidir le maoiniú don fhorbairt, cur chun feidhme éifeachtach Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais, comhionannas inscne agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn, agus acmhainneacht trádála a neartú trí Chabhair don Trádáil.

Trí na conclúidí sin a fhormheas, dhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil an tAontas réidh chun a ghníomhaíocht eachtrach a chur in oiriúint do thimpeallacht dhomhanda atá ag athrú agus, ag an am céanna, leanúint de bheith ina chomhpháirtí iontaofa prionsabálta, chomh maith le bheith ar an soláthraí is mó ar domhan de chúnamh oifigiúil forbraíochta fós, in éineacht leis na Ballstáit. D’iarr sí go ndéanfaí cur chun feidhme éifeachtach, tionchar intomhaiste, trédhearcacht agus cuntasacht ar fud gach snáithe gníomhaíochta, agus go leanfaí den rannpháirtíocht le comhpháirtithe agus institiúidí idirnáisiúnta chun an fhorbairt inbhuanaithe, an tslándáil sláinte dhomhanda, an comhionannas inscne agus an trádáil chuimsitheach a chur chun cinn, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 agus le gealltanais idirnáisiúnta eile.

Ghlac an Chomhairle conclúidí do Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NAN), ina n-athdhearbhaítear a tacaíocht aonchiallach do NAN mar bhunchloch an chórais dhomhanda maidir le neamhleathadh arm núicléach, an bunús chun dí-armáil núicléach a shaothrú, agus gné thábhachtach chun feidhmeanna fuinnimh núicléach a fhorbairt chun críoch síochánta. Roimh Chomhdháil Athbhreithnithe 2026, tá dúshláin shuntasacha roimh an gConradh, lena n-áirítear athbheochan na reitrice núicléiche, mar a chonacthas le gníomhaíochtaí na Rúise ina cogadh foghach iomlán neamhdhleathach gan údar ar an Úcráin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Nollaig 2025