Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 23 Feabhra 2026

Na príomhthorthaí

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Cothrom an lae seo 4 bliana ó shin a chuir an Rúis tús lena mór-ionradh ar an Úcráin, agus bhí plé ag an gComhairle maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Ceithre bliana ó shin cothrom an lae amárach a chuir an Rúis tús lena mór-ionradh brúidiúil, gan chúis gan údar ar an Úcráin. Tá an Úcráin ag íoc go daor as míríomh marfach na Rúise, ach má tá, tá ag teip ar Mhoscó freisin aon cheann dá cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach. Tá a lucht míleata in abar, tá a gheilleagar ag meath go tapa, agus tá muintir na hÚcráine ag seasamh an fhóid.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Chuir na hairí tús leis an bplé le tuairisc físchomhdhála ó Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a thug forléargas ar an staid ar an láthair, agus ar na tosaíochtaí is práinní atá ag an Úcráin.

Sa phlé a bhí ag AE27 ina dhiaidh sin, díríodh ar bhealaí chun an brú ar an Rúis a mhéadú a thuilleadh agus chun tacú leis an Úcráin. Táthar fós ag obair ar an 20ú pacáiste de bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise; chinn an Chomhairle, áfach, síneadh bliana, go dtí an 24 Feabhra 2027, a chur leis na bearta sriantacha a glacadh mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar limistéir áirithe den Úcráin nach bhfuil faoi rialú an rialtais. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha maidir le hochtar eile atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis.

Ina theannta sin, d’fhógair an tArdionadaí gur chinn sí uasmhéid mhisean na Rúise san Aontas a theorannú do 40 duine, agus go bhfuil sí ag obair leis an gCoimisiún Eorpach chun líon mór iarshaighdiúirí Rúiseacha a choinneáil amach as limistéar Schengen.

Maidir le tacaíocht don Úcráin, d’fhormheas an Chomhairle athbhreithniú ar phlean na hÚcráine chun dhá ranníocaíocht eisceachtúla ón tSualainn leis an tSaoráid don Úcráin a chur san áireamh, ina bhfuil thart ar €260 milliún de thacaíocht neamh-inaisíoctha. Phléigh an Chomhairle freisin an Iasacht Tacaíochta don Úcráin dar luach €90 billiún do na blianta 2026-2027.

Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle a bhfuil ag titim amach sa chaibidlíocht síochána atá faoi stiúir na Stát Aontaithe, agus conas is féidir leis an Aontas tacú leis an gconair taidhleoireachta agus rannchuidiú le ráthaíochtaí slándála.

Tá leas soiléir, dlisteanach ag an Eoraip maidir leis an gcaoi a dtiocfaidh deireadh le cogadh na Rúise. Ní mór dúinn a bheith soiléir faoina bhfuilimid ag súil leis ón Rúis ionas nach ndéanfar damáiste comhthaobhach do leasanna na hEorpa. Teorainneacha a urramú, deireadh a chur leis an tsabaitéireacht, damáistí cogaidh a íoc, agus leanaí Úcránacha a fuadaíodh a thabhairt ar ais; ní iarrataí áiféiseacha iad seo, is amhlaidh is bunlíne is ceart a bheith iontu.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

An staid sa Mheánoirthear

Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais an staid sa Mheánoirthear i bhfianaise an mhéid a tharla in Gaza agus sa Bhruach Thiar, san Iaráin agus sa tSiria le déanaí.

Gaza agus an Bruach Thiar

Le linn an lóin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí leis an Ardionadaí do Gaza, Nickolay Mladenov, maidir leis na chéad chéimeanna eile i ndáil leis an bPlean Cuimsitheach chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza a chur chun feidhme agus maidir le ról an Bhoird Síochána a bunaíodh le déanaí. Soiléiríodh sa phlé na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann do rannpháirtíocht an Aontais, lena n-áirítear maidir le socruithe rialachais agus slándála, gan dochar do na cinntí a dhéanfar amach anseo.

Ag tús an phlé a rinneadh ina dhiaidh sin, bhí Alexander De Croo, Riarthóir Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, i láthair, agus chuir sé na hairí ar an eolas faoin gcuairt a thug sé le déanaí ar an réigiún agus faoin drochstaid dhaonnúil in Gaza, chomh maith le ról an Chláir.

Ní dul chun cinn in Gaza go dí-armáil Hamas agus tarraingt siar fhórsaí Iosrael ina dhiaidh sin. [...] Tacaíonn an tAontas Eorpach le todhchaí Gaza.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh na hairí rannchuidiú an Aontais le cur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza, i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tar éis do na Stáit Aontaithe fógra a thabhairt an 14 Eanáir maidir le seoladh an dara céim den phlean.

Mar obair leantach ar an gcéad chruinniú den Bhord Síochána a tionóladh an 19 Feabhra in Washington D.C., bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le ranníocaíochtaí a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh ar fud shnáitheanna daonnúla, rialachais, slándála agus atógála an phlean, agus mheabhraigh siad gur ábhar imní dóibh cairt an Bhoird.

Chuir siad in iúl freisin gur cúis mhór imní dóibh an drochstaid dhaonnúil in Gaza, lena n-áirítear saincheist na gclárúchán d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, chomh maith le baint a bheith acu le rannpháirtíocht fheabhsaithe CBSC, is é sin trí EUBAM Rafah a ath-imlonnú agus trí EUPOL COPPS a mhéadú chun tacú le hoiliúint a chur ar ghníomhaithe póilíneachta agus ceartais choiriúil na Palaistíne.

Maidir leis an mBruach Thiar, phléigh an Chomhairle na bearta a ghlac rialtas Iosrael le déanaí chun na nósanna imeachta maidir le clárú talún agus éadáil maoine a leasú. Chuir na hairí in iúl gur cúis mhór imní dóibh na cinntí sin, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta iad agus a bhaineann an bonn de na hiarrachtaí chun réiteach síochánta agus réiteach dhá stát a bhaint amach.

D’athdhearbhaigh na hairí freisin go dtacaíonn an tAontas le hÚdarás na Palaistíne, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá na hiarrachtaí leanúnacha ar athchóiriú.

An Iaráin

Rinne na hairí gnóthaí eachtracha a marana freisin ar an staid san Iaráin, i bhfianaise na gcainteanna leanúnacha idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin agus i bhfianaise an chinnidh a rinne an tAontas le déanaí an 19 Feabhra 2026 Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) a liostú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. D’athdhearbhaigh na hairí gur cúis imní dóibh clár núicléach na hIaráine, agus d’athdhearbhaigh siad gur gá bealaí idirphlé a chaomhnú chun rioscaí a bhaineann leis an ngéarú míleata nó an díchobhsú inmheánach a sheachaint.

Tá an fhuinneog don taidhleoireacht an-chúng. Ar ndóigh, is iomaí ábhar imní atá againn maidir leis an Iaráin, mar atá a clár núicléach, a diúracáin bhalaistíocha agus an tacaíocht a thugann sí do sceimhlitheoirí atá ina mbagairt ar an Eoraip freisin. Ach is mó an baol a bhainfeadh le haon idirghabháil mhíleata agus ní mór a bheith cúramach dá réir sin.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

An tSiria

Phléigh na hairí an staid sa tSiria, i bhfianaise an phróisis idirthréimhsigh atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear an comhaontú a rinneadh le déanaí idir na húdaráis idirthréimhseacha agus Fórsaí Daonlathacha na Siria, agus leag siad béim ar a leochailí atá an staid slándála.

Dhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil sí faoi réir le tacú le haistriú polaitiúil cuimsitheach agus le hatógáil inbhuanaithe, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais. Phléigh na hairí freisin an géarú a tháinig ar an bhforéigean le déanaí in oirthuaisceart na tíre agus leag siad béim ar na rioscaí slándála leanúnacha a bhaineann le campaí agus le saoráidí coinneála ina bhfuil iar-throdaithe Da’esh agus a dteaghlaigh ag cur fúthu. Leag siad béim ar an ngá atá leis na dálaí a chruthú chun dídeanaithe a fhilleadh go sábháilte agus ar a thábhachtaí atá rannchuidiú an Aontais le cláir athshlánaithe agus ath-imeasctha.

Plé agus cinntí eile

Roimh an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, bhí seisiún tuairimíochta neamhfhoirmiúil ann le linn bricfeasta maidir le bagairtí hibrideacha agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI).

Déantar cogaí a fhearadh sa lá atá inniu ann le bréaga agus le halgartaim, mar aon le tancanna agus dróin. Is arm é FIMI atá dírithe ar chroílár ár ndaonlathas. [...] Ní féidir linn an cath faisnéise a chailleadh. [...] D’athdhearbhaigh na hairí inniu gur gá ár luachanna agus an méid dá seasann an Eoraip a chur in iúl ar bhealach níos soiléire, smachtbhannaí ar líonraí FIMI a threisiú agus an comhar le forfheidhmiú an dlí a neartú.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Chuir an Chomhairle síneadh go dtí an 28 Feabhra 2027 le sainordú oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES).

Chuir an Coimisiún airí an Aontais ar an eolas faoin gcuairt a thug Coimisinéir an Aontais, Hadja Lahbib, ar réigiún na Mór-Lochanna le déanaí.

Phléigh na hairí an méid seo a leanas freisin:

  • tionscnamh na Gréige maidir le lánpháirtiú Eorpach chomhpháirtithe na mBalcán Thiar
  • gach ar thit amach i Veiniséala le déanaí agus na chéad chéimeanna eile

an chomhdháil idirnáisiúnta ardleibhéil maidir le ‘mná mar ghníomhairí ar son na slándála agus na síochána’, a óstáladh i Vín na hOstaire an 9 agus an 10 Feabhra 2026

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Feabhra 2026