Athchóiriú struchtúrach ar earnáil baincéireachta an Aontais: teacht aniar na n-institiúidí creidmheasa a fheabhsú
Tá an Chomhairle i mbun oibre faoi láthair ar dhréacht-Rialachán maidir le bearta struchtúracha chun teacht aniar institiúidí creidmheasa an Aontais a fheabhsú. Is é is aidhm don Rialachán cosc a chur ar rioscaí sistéamacha i dtaca le córas airgeadais an Aontais dá mba rud é go dteipfeadh ar institiúidí móra creidmheasa, atá thar a bheith casta agus a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile.
Leis na rialacha nua, laghdófaí na rioscaí sin toisc go gcaithfí gníomhaíochtaí ardriosca an bhainc, an trádáil dílseánaigh, go príomha, a dheighilt ar bhonn éigeantach óna ghnó 'lárnach', amhail glacadh taiscí nó seirbhísí íocaíochta miondíola. Tá gníomhaíochtaí lárnacha baincéireachta ríthábhachtach don fhíorgheilleagar agus ba cheart, dá bhrí sin, cosaint speisialta a thabhairt dóibh.
Na sochair a bhfuiltear ag súil leo
- méadú ar chobhsaíocht na margaí airgeadais
- cosaint níos fearr d’airgead na gcáiníocóirí, toisc gur féidir bainc bheaga a mbeadh ag teip orthu a réiteach gan leas a bhaint as airgead poiblí
- Laghdú ar an mbaol morálta, mar nach bhféadfadh na grúpaí móra baincéireachta dul i muinín fóirdheontais uathoibríocha ón rialtas a thuilleadh
- comhsheasmhacht mhaith idir rialacha le haghaidh institiúidí creidmheasa sna Ballstáit uile, rud a áiritheodh go mbeadh cothroime iomaíochta ann síos tríd an margadh inmheánach agus a laghdódh an deis dul timpeall ar rialúchán (nó ‘arbatráiste rialála’ a iarraidh)
- laghdú ar shaobhadh iomaíochta idir na bainc
Sa Chomhairle
I mí an Mheithimh 2015, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh ar an gcéad léamh ('an cur chuige ginearálta' mar a thugtar air) i dtaca leis an dréacht-Rialachán. Fónfaidh an doiciméad seo mar shainordú caibidlíochta d'Uachtaránacht na Comhairle sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an leagan críochnaitheach den rialachán.
2014, an 2ú seimeastar: anailís ar an togra ag cruinniú Mheitheal na Comhairle um Sheirbhísí Airgeadais.
Eanáir 2014: cuireadh an togra le haghaidh rialachán ón gCoimisiún Eorpach maidir le bearta struchtúracha chun teacht aniar institiúidí creidmheasa an Aontais a fheabhsú, faoi bhráid na Comhairle.
- Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an Aontais a fheabhsú
- Cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 19 Meitheamh 2015
- Togra le haghaidh Rialachán maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an Aontais Eorpaigh a fheabhsú
- An Mheitheal um Sheirbhísí Airgeadais
Seasamh na Comhairle: na príomhphointí
Trádáil dílseánaigh a scoitheadh amach ar bhonn éigeantach
Is ionann trádáil dílseánaigh agus trádáil ardriosca nuair a bhíonn ionstraimí airgeadais éagsúla á dtrádáil ag banc agus leas á bhaint aige as a chistí dílse, seachas as airgead na dtaisceoirí, d’fhonn brabús a thuilleamh dó féin. Dá mba chuid dhílis de ghníomhaíochtaí an bhainc í an ghníomhaíocht sin, chuirfeadh na caillteanais isteach go mór ar ghnó lárnach an bhainc, mar shampla, glacadh le taiscí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás na mbanc atá ‘rómhór le teip’, a d'fhéadfadh dul i mbun na ngníomhaíochtaí ardriosca sin ar an tuiscint go dtacódh an rialtas leo dá dteipfeadh orthu toisc iad a bheith chomh mór agus chomh tábhachtach sin.
Sa togra ón gCoimisiún rinneadh foráil do thoirmeasc ar thrádáil dílseánaigh. Mheas an Chomhairle go mbeadh sé níos fearr trádáil dílseánaigh a rialáil ar bhealach níos déine seachas é a thoirmeasc, toisc go bhféadfadh toirmeasc a bheith díobhálach d'éagsúlú fhoinsí ioncaim an bhainc agus go bhféadfaí é a sheachaint freisin ach gníomhaíochtaí áirithe a fhágáil faoi eintitis eile nach bhfuil faoi réir an rialáil chéanna nó faoi eintitis eile neamhrialáilte. Dá bhrí sin, molann an Chomhairle go mbeadh sé éigeantach trádáil dílseánaigh a dheighilt ó ghníomhaíochtaí ‘lárnacha’ institiúide creidmheasa.
Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta (e.g. údaráis maoirseachta baincéireachta) a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an deighilt, tar éis dóibh anailís chuimsitheach a dhéanamh ar an riosca de réir critéir atá bunaithe cheana féin. Thabharfaí dóthain ama do na bainc sin a mbeadh feidhm ag na cinntí sin ina leith, lena gcuid gníomhaíochtaí a atheagrú.
Más rud é, áfach, go bhféadfadh banc a chruthú dá mhaoirseoir go maolófaí na rioscaí sin ar bhealach eile, dhéanfaí é a dhíolmhú ón gceanglas maidir le deighilt.
Gníomhaíochtaí trádála ardriosca eile a scoitheadh amach
Dhéanfadh na húdaráis inniúla náisiúnta measúnú riosca freisin ar ghníomhaíochtaí eile trádála bhainc mhóra seachas trádáil dílseánaigh, amhail cruthú margaidh, díorthaigh lena ngabhann baol agus urrúsú casta. Má mheastar d'údarás inniúil gur rioscaí iomarcacha iad, féadfaidh sé an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a cheangal go ndéanfaí na gníomhaíochtaí trádála sin a dheighilt ón institiúid chreidmheasa 'lárnach'
- a cheangal go méadófaí cistí dílse na hinstitiúide creidmheasa lárnaí, nó
- bearta stuamachta eile a fhorchur
Ní bheadh sé de chead ag na heintitis trádála a bheadh scoite amach glacadh le taiscí miondíola a bheadh cáilithe le haghaidh cosanta faoi scéimeanna ráthaíochta taiscí, ná ní bheadh cead acu seirbhísí íocaíochta miondíola a chur ar fáil.
Fónamh don dlí náisiúnta atá ann cheana féin
I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais a tharla le déanaí, chuir na Ballstáit roinnt beart chun feidhme ina ndlí náisiúnta féin chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a nochtadh ina gcórais baincéireachta.
Chun fónamh do na rialacha náisiúnta atá ann cheana agus chun forluí neamhriachtanach a sheachaint, molann an Chomhairle do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar rioscaí iomarcacha i ngníomhaíochtaí trádála na mbanc ar cheann den dá bhealach seo a leanas:
1) trí reachtaíocht náisiúnta a chuirfeadh de cheangal ar na bainc mhóra a ngníomhaíochtaí lárnacha a imfhálú, nó
2) trí bhearta a bheadh le forchur ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán
Raon feidhme an rialacháin
Tar éis di anailís a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún, mhol an Chomhairle go mbeadh feidhm ag an Rialachán maidir leo seo a leanas:
- institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo
- Institiúidí creidmheasa ar fiú ar a laghad EUR 30 billiún méid iomlán a gcuid sócmhainní thar thréimhse trí bliana as a chéile agus ar fiú EUR 70 billiún, ar a laghad, a ngníomhaíochtaí trádála nó 10% de mhéid iomlán a gcuid sócmhainní
Sainítear institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo i gcomhréir le hAirteagal 131 den Treoir maidir le riachtanais chaipitil (Treoir 2013/36/AE) agus déantar iad a shainaithint i gcomhréir leis an modheolaíocht shonrach a shainigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach. Áirítear ar na critéir sin, i measc nithe eile, méid an bhainc, gníomhaíochtaí trasteorann agus idirnascacht an bhainc.
Bheadh na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa beaga dá mba mhaith leo.
Maidir leis an raon feidhme geografach, bheadh feidhm ag na rialacha sin maidir leis na nithe seo a leanas:
- na bainc go léir atá bunaithe san Aontas agus a mbrainsí cibé áit a bhfuil siad lonnaithe
- grúpaí institiúidí creidmheasa, má tá ceann amháin ar a laghad dá gcuid eintiteas bunaithe san Aontas
- brainsí agus fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas ach a bhfuil a 'máthairinstitiúidí' bunaithe lasmuigh den Aontas
Leis an raon feidhme geografach leathan, ba cheart go mbeadh cothroime iomaíochta ann do chách agus níor cheart go mbeadh bainc in ann dul timpeall ar na rialacha seo trí, mar shampla, gníomhaíochtaí a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a aistriú amach as an Aontas.
Maidir le fochuideachtaí eachtracha ar bith de chuid na ngrúpaí baincéireachta sin a bhfuil struchtúr díláraithe geografach acu agus a fheidhmíonn mar líonra eintiteas neamhspleách agus ar furasta iad a réiteach dá dteipfeadh orthu, bheadh na húdaráis mhaoirseachta in ann iad a dhíolmhú ó na ceanglais deighilte.
Eisceachtaí
Molann an Chomhairle nach mbeadh feidhm ag an Rialachán maidir le hinstitiúidí creidmheasa ar fíor an méid a leanas ina leith:
- gur lú ná 3% de mhéid iomlán a gcuid sócmhainní méid iomlán na dtaiscí a thagann faoin gcosaint a thugann Treoir an Aontais maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí
- gur fiú níos lú ná EUR 35 billiún méid iomlán na dtaiscí miondíola incháilithe
Molann an Chomhairle nach mbeadh feidhm ag an Rialachán maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh. Molann an Chomhairle clásal a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine sin, agus imeachtaí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta á gcur san áireamh.
Rialacha eile
Bunaítear leis an dréacht-Rialachán seo freisin rialacha maidir le comhordúchán idir údaráis maoirseachta baincéireachta náisiúnta éagsúla i gcás cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí baincéireachta ardriosca a dheighilt, go háirithe i dtaca le grúpaí baincéireachta trasteorann.
Cén fáth a bhfuil gá leis an Rialachán maidir le hathchóiriú struchtúrach na baincéireachta?
Rioscaí a laghdú
Rinne an tAontas roinnt athchóirithe le déanaí chun feabhas a chur ar theacht aniar na gcóras baincéireachta agus chun airgead na gcáiníocóirí a chosaint i gcás chliseadh na mbanc.
Mar sin féin, tá rioscaí suntasacha áirithe ann fós in earnáil baincéireachta an Aontais, go príomha i ngeall ar chomh mór agus chomh casta is atá roinnt institiúidí creidmheasa agus i ngeall ar rioscaí iomarcacha bheith á dtógáil, go háirithe agus ionstraimí airgeadais atá thar a bheith casta bheith á dtrádáil. Tá na hinstitiúidí sin rómhór fós le teip agus róchasta fós le réiteach dá dtarlódh cliseadh.
Airgead na gcáiníocóirí a chosaint
Toisc go bhfuil siad chomh tábhachtach sin don chóras airgeadais, is gnách go mbíonn na hinstitiúidí sin ag brath ar ráthaíochtaí bunúsacha ó na rialtais — a chaithfeadh leas a bhaint as cistí poiblí chun tacú leo dá dteipfeadh ar na bainc mhóra. De réir an Choimisiúin Eorpaigh, b'fhiú tuairim is €1.6 trilliún nó 13% de OTI an Aontaisan tacaíocht a tugadh do cháiníocóirí le haghaidh athchaipitliú na mbanc, ráthaíochtaí, bearta faoisimh sócmhainne agus réitigh den chineál céanna in 2014.
Tá sócmhainní ionann is luach OTI a dtíortha dúchais, beagnach, ag cuid de na bainc is mó san Aontas, agus is fiú idir EUR 1 000 billiún agus EUR 2 000 billiún, in aghaidh an ghrúpa, luach iomlán na sócmhainní atá ag 10 gcinn de na grúpaí baincéireachta is mó dá bhfuil ann.
Tháinig méadú ar luach barúlach na ndíorthach ó 3.5 oiread OTI an domhain i 1998 go 12 oiread OTI an domhain in 2014.
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, b'fhiú tuairim is EUR 42.9 trilliún agus beagnach 350% de OTI an Aontaisearnáil baincéireachta an Aontais Eorpaigh in 2014.
Cúlra
Tuarascáil Liikanen
Sa bhliain 2011, bhunaigh an Coimisiún Eorpach grúpa ardleibhéil saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar staid earnáil baincéireachta an Aontais Eorpaigh agus chun réimsí a shainaithint ina raibh gá le hathchóirithe struchtúracha. Ba é an Coimisiún Eorpach a bhunaigh an grúpa agus ba é Erkki Liikanen, Gobharnóir Bhanc na Fionlainne a bhí mar chathaoirleach air.
Chuaigh an grúpa saineolaithe i mbun comhairliúcháin go forleathan leis an earnáil baincéireachta agus leis an bpobal. Moladh sa tuarascáil a tháinig as gur cheart gurb iad eintitis dlíthiúla ar leith laistigh den ghrúpa baincéireachta a rachadh i mbun trádála dílseánaigh agus gníomhaíochtaí eile ardriosca a bhíonn ar siúl ag bainc mhóra, chun rioscaí a mhaolú. Scrúdaigh an Coimisiún an tuarascáil agus na moltaí a bhí inti agus d’eisigh sé an togra reatha le haghaidh Rialachán maidir le hathchóiriú struchtúrach na baincéireachta.
Na chéad chéimeanna eile
Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an dréachtrialachán a luaithe a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh.
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
- Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an Aontais a fheabhsú
- Togra le haghaidh Rialachán maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an Aontais Eorpaigh a fheabhsú