A bhfuil i gceist le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche
Fágann rialacha an Aontais maidir le scagadh infheistíochtaí coigríche gur féidir leis na Ballstáit infheistíochtaí coigríche san Aontas a rialú agus aghaidh a thabhairt ar riosca ar bith don tslándáil nó don ord poiblí. Déantar é seo i gcomhar le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún.
Cad is infheistíocht dhíreach choigríche ann?
Infheistíocht a fhágann go mbíonn rannpháirtíocht éifeachtach ag an infheisteoir i gcuideachta san Aontas nó go rialaíonn sé an chuideachta sin atá i gceist le hinfheistíocht dhíreach choigríche (IDC). Ní hionann IDC agus infheistíocht phunainne, is é sin nuair a cheannaíonn infheisteoir scaireanna i gcuideachta gan páirt a ghlacadh i mbainistiú ná i rialú na cuideachta sin.
Dála na trádála idirnáisiúnta, is gnách go gcuireann IDC leis an bhfás eacnamaíoch agus féadtar aistriú trasteorann earraí, seirbhísí agus caipitil a éascú leis.
IDC isteach agus amach
Féadtar infheistíocht dhíreach choigríche ‘isteach’ nó ‘amach’ a bheith ann. Bíonn IDC isteach i gceist nuair a dhéanann infheisteoirí coigríche infheistíocht i dtír nó i réigiún agus bíonn IDC amach i gceist nuair a dhéanann infheisteoirí intíre infheistíocht i margaí eachtracha.
Dhá phríomhtháscaire a úsáidtear de ghnáth chun IDC a thomhas: stoic agus sreafaí.
Stoic
Tugann stoic IDC léargas ar an méid infheistíochta coigríche atá ann ag am ar leith, sa chaoi is go léirítear an luach carntha iomlán.
Is ionann stoc IDC amach agus luach chothromas na n-infheisteoirí ón Aontas (is é sin a leas úinéireachta i gcuideachta) agus luach na nglaniasachtaí do chuideachtaí thar lear.
Is ionann stoc IDC isteach agus luach chothromas na n-infheisteoirí coigríche i gcuideachtaí atá lonnaithe san Aontas agus luach na nglaniasachtaí do na cuideachtaí sin.
Sreafaí
Táscaire gluaiseachta ina léirítear luach na n-infheistíochtaí nua i dtréimhse ama ar leith iad sreafaí IDC. Idirbhearta cothromais, athinfheistiú tuillimh agus idirbhearta fiachais idir cuideachtaí a bhíonn i gceist leis na sreafaí.
Is ionann sreafaí IDC isteach agusluach na n-infheistíochtaí coigríche nua a dhéantar isteach san Aontas i dtréimhse ar leith.
Is ionann sreafaí IDC amach agusluach na n-infheistíochtaí a dhéanann cuideachtaí an Aontais lasmuigh den Aontas sa tréimhse chéanna.
Miondealú ar IDC
Is é an tAontas an príomhsholáthraí agus an príomhcheann scríbe ar domhan le haghaidh na hinfheistíochta coigríche.
Faoi dheireadh 2024, b’fhiú €12.34 trilliún na hinfheistíochtaí amach ón Aontas agus b’fhiú €10.59 trilliún na hinfheistíochtaí isteach san Aontas. Áirítear ar na figiúirí sin infheistíochtaí laistigh den Aontas (is é sin nuair a dhéanann cuideachta ó thír amháin den Aontas infheistíocht i dtír eile den Aontas).
Mura gcuirtear infheistíochtaí laistigh den Aontas san áireamh, is é €9.31 trilliún luach na n-infheistíochtaí amach ón Aontas agus is é €7.04 milliún luach na n-infheistíochtaí isteach san Aontas.
Is iad seo a leanas na cúig chomhpháirtí is mó maidir le hinfheistíochtaí isteach agus infheistíochtaí amach araon:
- na Stáit Aontaithe
- an Ríocht Aontaithe
- an Eilvéis
- Oileáin Cayman
- Singeapór
Cairt Sankey ina léirítear 8 bpríomhfhoinse IDC:
- na Stáit Aontaithe: 31%
- an Ríocht Aontaithe: 17.5%
- an Eilvéis: 8.9%
- Oileáin Cayman: 5%
- Singeapór: 3.9%
- Beirmiúda: 3.5%
- Ceanada: 3.3%
- an tSeapáin: 3.3%
Cairt Sankey ina léirítear 8 bpríomhthreo IDC:
- na Stáit Aontaithe: 28.7%
- an Ríocht Aontaithe: 19.5%
- an Eilvéis: 8.4%
- Oileáin Cayman: 3%
- Singeapór: 2.7%
- Beirmiúda: 2.6%
- Ceanada: 2.6%
- an tSeapáin: 2.5%
Eintitis shainchuspóireacha
Is eintiteas dlítheanach é eintiteas sainchuspóireach – fochuideachta, cuideachta sealbhaíochta nó meán maoinithe, mar shampla – a cruthaíodh i dtír chun críoch airgeadais, cánach nó rialála go príomha seachas chun fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh inti.
Tá ról suntasach ag eintitis shainchuspóireacha in IDC. Faoi dheireadh 2024, is le heintitis shainchuspóireacha a bhí 29% de stoic IDC iomlána an Aontais arna sealbhú thar lear agus 34% de na stoic IDC de chuid codanna eile den domhan arna sealbhú san Aontas.
Cuspóirí infheistíochta an Aontais
Tá an tAontas ar cheann de na háiteanna is oscailte ar domhan chun infheistíocht a dhéanamh ann agus saothraíonn sé beartas comhordaithe maidir le IDC. Déanann sé rialacha infheistíochta a chaibidil agus a chur chun feidhme i gcomhaontuithe trádála nó i gcomhaontuithe infheistíochta ar leithligh.
Ar phríomhaidhmeanna bheartas infheistíochta an Aontais, tá:
- cothrom iomaíochta a chinntiú ionas nach ndéanfar idirdhealú ar infheisteoirí an Aontais ná ar infheisteoirí coigríche ná nach dtabharfar drochíde dóibh
- dálaí a chruthú inar féidir infheistíocht a dhéanamh san Aontas trí bhíthin timpeallacht ghnó intuartha thrédhearcach
- infheistíochtaí a spreagadh ina dtacaítear leis an bhforbairt inbhuanaithe agus ina dtugtar urraim do chearta agus do chaighdeáin saothair agus chomhshaoil
Rialacha maidir le scagadh
Tá rialacha i bhfeidhm ag an Aontas maidir le scagadh IDC ionas gur féidir leis na Ballstáit infheistíochtaí coigríche san Aontas a rialú agus aghaidh a thabhairt ar riosca ar bith don tslándáil nó don ord poiblí. Déantar é seo i gcomhar le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún Eorpach.
Is gá comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú ar fud an Aontais maidir le hinfheistíochtaí ón gcoigríoch toisc go bhféadfadh IDC i mBallstát amháin rioscaí slándála nó oird phoiblí a chruthú i mBallstát eile nó fiú san Aontas trí chéile.
Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le scagadh IDC den chéad uair an 5 Márta 2019, agus tá na rialacha i bhfeidhm ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 i leith. Leis an rialachán sin, cruthaíodh sásra comhair chun ábhair imní a bhaineann le hinfheistíochtaí sonracha a ardú agus a phlé, leagadh síos ceanglais maidir le sásraí um scagadh ar an leibhéal náisiúnta agus cuireadh ar chumas an Choimisiúin tuairimí a eisiúint maidir le hinfheistíocht ar bith a chuireann slándáil Ballstát i mbaol.
In 2024, chuir an Coimisiún togra síos chun feabhas a chur ar na rialacha maidir le scagadh IDC. Rinneadh é seo ionas gur fearr a fhéadfar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid agus as forbairtí teicneolaíocha, agus stádas an Aontais mar cheann de na réimsí infheistíochta is oscailte ar domhan á chaomhnú ag an am céanna. Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar 1 200 cás IDC idir 2021 agus 2024, is é is aidhm do na rialacha nua:
- a chinntiú go gcuireann na Ballstáit uile sásra um scagadh i bhfeidhm agus go ndéantar na rialacha náisiúnta a chomhchuibhiú a thuilleadh
- scagadh an Aontais a leathnú chun go gcumhdófar infheistíochtaí ó infheisteoirí de chuid an Aontais atá faoi rialú deiridh daoine aonair nó gnólachtaí ó thír lasmuigh den Aontas
I mí an Mheithimh 2026, ghlac an Chomhairle go foirmiúil an rialachán athbhreithnithe. Leis na rialacha nua, i measc rudaí eile, tabharfar isteach raon feidhme íosta earnála, a chuirfidh de cheangal ar na Ballstáit uile scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí coigríche sa mhéid a leanas:
- earraí dé-úsáide agus trealamh míleata
- teicneolaíochtaí hipirchriticiúla
- amhábhair chriticiúla
- eintitis chriticiúla i mbonneagar fuinnimh, iompair agus digiteach
- bonneagar toghcháin
- tacar teoranta eintiteas córais airgeadais
Beidh feidhm ag na rialacha 18 mí tar éis don rialachán athbhreithnithe teacht i bhfeidhm.
Tá na socruithe um athbhreithniú ar an scagadh IDC ina gcuid de straitéis an Aontais chun an tslándáil eacnamaíoch a neartú agus chun earnálacha straitéiseacha tionscail a chosaint ar infheistíochtaí baolacha ó infheisteoirí coigríche.
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Meán Fómhair 2026