Skip to content

Rialacha nua maidir le réamheolairí: an rochtain ar mhargaí caipitil a fheabhsú do chuideachtaí

Ghlac an Chomhairle rialacha nuashonraithe maidir leis na réamheolairí. Doiciméad dlí is ea réamheolaire a eisíonn cuideachtaí chuig infheisteoirí ionchasacha faoi na hurrúis atá á n-eisiúint acu agus fúthu féin.

Chomh maith leis an bhfaisnéis faoi na hurrúis, tá faisnéis mhionsonraithe sa réamheolaire faoi struchtúr gnó, airgeadais agus scairsheilbhe na cuideachta. Mar sin, is foinsí riachtanacha faisnéise iad réamheolairí d'infheisteoirí agus is ceann de na príomhuirlisí é do chuideachtaí ar mian leo caipiteal a chruinniú i margaí urrúis an Aontais.

Is in 2003 a glacadh an chéad treoir maidir le réamheolairí agus athbhreithníodh in 2009 í. Tá na rialacha athbhreithnithe maidir le réamheolairí i bhfoirm rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh.

D'eisigh an Coimisiún togra le haghaidh rialachán maidir le réamheolairí ar an 30 Samhain 2015 mar chuid de na tograí reachtacha lena ndírítear ar aontas margaí caipitil a chruthú. Tá an rialachán mar chuid den ghealltanas a thug an Coimisiún freisin i ndáil le dlíthe an Aontais a shimpliú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla (REFIT).

Aidhm agus cuspóir

Is é is aidhm don rialachán maidir le réamheolairí, i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil, rochtain ar mhargaí caipitil a éascú do chuideachtaí, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Cén fáth ar ghá an treoir maidir le réamheolairí a athbhreithniú?

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach aontas na margaí caipitil a úsáid chun cabhrú le gnólachtaí rochtain a fháil ar fhoinsí maoiniúcháin níos éagsúlaithe ar fud an Aontais. Leis an rialachán nua maidir le réamheolairí, déantar na rialacha a shimpliú agus déantar nósanna imeachta gaolmhara a chuíchóiriú, agus is saoire agus simplí do ghnólachtaí beaga rochtain a fháil ar mhargaí caipitil.

Sa Chomhairle

16 Bealtaine 2017: ghlac an Chomhairle an rialachán maidir leis an réamheolaire mar thoradh ar an vóta a chaith Parlaimint na hEorpa maidir leis an téacs ar an 5 Aibreán 2017.

20 Nollaig 2016: d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe, thar ceann na Comhairle, comhaontú ar ar thángthas ar an 7 Nollaig 2016 le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an dréachtrialachán maidir le réamheolairí. Glacfaidh an Chomhairle an leagan deireanach den ghníomh dlí nuair a bheidh an téacs comhaontaithe formheasta ag Parlaimint na hEorpa.

17 Meitheamh 2016: ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an dréachtrialachán maidir le réamheolairí.

2 Meitheamh 2016: tugadh chun críche nós imeachta an tosta le haghaidh glacadh seasamh caibidlíochta na Comhairle (an cur chuige ginearálta) agus thacaigh na Ballstáit go léir leis an togra le haghaidh an chur chuige ghinearálta.

24 Bealtaine 2016: chinn an Mheitheal um Sheirbhísí Airgeadais nós imeachta tosta a sheoladh le haghaidh an togra comhréitigh a ghlacadh i ndáil le cur chuige ginearálta na Comhairle.

mí Eanáir 2016: chuaigh an Mheitheal um Sheirbhísí Airgeadais de chuid na Comhairle i mbun plé maidir leis an togra.

30 Samhain 2015: fuair an Chomhairle an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le réamheolaire.

Sracfhéachaint ar an rialachán maidir le réamheolairí

Na bailiúcháin caipitil is lú a dhíolmhú

Níl feidhm ag na rialacha nua maidir le réamheolairí maidir le heisiúintí urrús ar luach níos lú ná EUR 1 milliún (leag na rialacha roimhe seo an teorainn síos ag EUR 100,000). Sa bhreis air sin, tá na Ballstáit anois in ann eisitheoirí a mheasann siad a bheith beag a dhíolmhú ón oibleagáid i ndáil le réamheolaire a fhoilsiú trí thairseach níos airde a shocrú - suas le EUR 8 milliún - le haghaidh a margaí intíre féin.

Tá sé níos éasca agus níos saoire ag FBManna maoiniú a chruinniú san Aontas leis an athrú sin.

Réamheolaire fáis an Aontais - réamheolaire níos éadroime do chuideachtaí níos lú agus d’eisiúintí beaga

I gcás na gcuideachtaí beaga a dteastaíonn uathu briseadh isteach sna margaí Eorpacha, cuirtear ar fáil leis an rialachán córas a bheidh i bhfad níos éadroime agus ceanglais nach mbeidh chomh casta maidir le réamheolaire a eisiúint.

Beidh réamheolaire fáis an Aontais, cineál nua réamheolaire, ar fáil do FBManna, do chuideachtaí a bhfuil suas le 499 fostaí acu (cuideachtaí lárchaipitlithe beaga) agus a ligtear isteach i margadh fáis FBM nó d’eisiúintí beaga ó chuideachtaí neamhliostaithe.

Réamheolairí níos giorra agus faisnéis níos fearr a chur ar fáil d'infheisteoirí

Sonraítear sa rialachán, ar bhealach níos soiléire, an méid faisnéise a bhfuil gá leis le go mbeidh na réamheolairí níos giorra agus níos soiléire.

Eisiúintí tánaisteacha a shimpliú do ghnólachtaí liostaithe

Anois tá cuideachtaí atá liostaithe ar mhargadh poiblí cheana agus ar mian leo scaireanna breise a eisiúint (eisiúint thánaisteach) nó fiachas a chruinniú (bannaí corparáideacha) in ann tairbhe a bhaint as réamheolaire simplithe.

Córas mear agus simplithe a chur ar fáil d'eisitheoirí rialta

Tá na cuideachtaí a eisíonn na hurrúis go rialta in ann leas a bhaint as an 'Doiciméad Clárúcháin Uilíoch' (DCU) freisin. Is cineál 'clárú seilfe' é seo ina mbíonn an fhaisnéis riachtanach go léir mar gheall ar an gcuideachta.

Eisitheoirí a choinníonn Doiciméad Clárúcháin Uilíoch nuashonraithe ar bhonn rialta lena maoirseoirí ar bhonn rialta, is féidir leo tairbhe a bhaint as mear-fhormheas cúig-lá nuair a bhíonn orthu caipitil a chruinniú ar na margaí. Leis an nuashonrú sin, déantar an nós imeachta a shimpliú i gcás eisitheoirí a bhfuiltear eolach fúthu cheana ar an margadh.

Pointe rochtana aonair do réamheolairí san Aontas Eorpach

Cuirfidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) rochtain atá saor in aisce agus inchuardaithe ar fáil ar líne, don chéad uair, i gcás na réamheolairí uile a fhormheastar sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Níl gá le réamheolairí páipéir a thuilleadh, seachas i gcás go lorgaíonn infheisteoir ionchasach ceann.

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an rialachán i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá na rialacha ceangailteach agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát san Aontas.