Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 11 Bealtaine 2015 21:50

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a Shimpliú

Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh an méid seo a leanas  

1.             AG MEABHRÚ DI na tionscnaimh le haghaidh simpliú a rinne an Chomhairle roimhe seo, an rannchuidiú le simpliú a baineadh amach tríd an athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta in 2008, agus na Conclúidí ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2014 maidir le hiontaofacht thorthaí na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ar chaiteachas talmhaíochta (13616/14) agus an 15 Nollaig 2014 maidir leis an ráta earráidí do chaiteachas talmhaíochta (16798/14);

2.             AG LÉIRIÚ DI GO BHFUIL SÍ SÁSTA go bhfuil an Coimisiún ag tabhairt tús áite do bheart simplithe críochnúil agus gur mhol sé cheana féin go ndéanfaí gníomhartha áirithe de chuid an Choimisiúin a shimpliú nó go molfaidh sé an méid sin go luath;

3.             AG MEABHRÚ DI na gealltanais a thug an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha maidir le glasú tar éis chéad bhliain an chur chun feidhme chomh maith le mír 67 de na Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Feabhra 2013 (EUCO 37/13);

4.             AG CUR IN IÚL GO LÁIDIR DI gur cuspóir comhroinnte de chuid na n-institiúidí Eorpacha, na comhlachtaí riarachán náisiúnta, na ngeallsealbhóirí, na bhfeirmeoirí agus tairbhithe eile freisin é an Comhbheartas Talmhaíochta a shimpliú; agus AG TABHAIRT DÁ hAIRE go bhfuil an fhreagracht orthu go léir an cuspóir sin a bhaint amach;

5.             AG IARRAIDH ar an gCoimisiún leanúint leis an bplé maidir le dréacht-ghníomhartha ón gCoimisiún i ndáil le simpliú agus an plé sin a threisiú roimh ghlacadh na ngníomhartha sin, ós rud é gurb é an cur chuige ex-ante an bealach is éifeachtaí chun ualach riaracháin a sheachaint;

6.             AG CUR I bhFIOS GO LÁIDIR DI, gur cheart, maidir leis an gComhbheartas a chur chun feidhme, aird níos mó a thabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar phrionsabal na comhréireachta, agus gur cheart aird ar leith a dhíriú ar an méid seo a leanas:

  • reachtaíocht an Aontais a dhéanamh níos fusa lena tuiscint agus lena cur chun feidhme ar bhonn praiticiúil, rud a mhéadóidh an trédhearcacht agus an deimhneacht dhlíthiúil mar thoradh air sin;
  • agus aird chuí á tabhairt ar na cúinsí sonracha náisiúnta agus réigiúnacha;
  • an t-ualach riaracháin a laghdú mar aon leis na costais ghaolmhara ar fheirmeoirí, ar thairbhithe eile, ar eagraíochtaí táirgeoirí agus ar lucht riaracháin náisiúnta;

7.             LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé go gcloífí leis na prionsabail seo a leanas agus an Comhbheartas Talmhaíochta á shimpliú:

  • na cuspóirí beartais agus na príomhghnéithe a bhaineann le CBT athchóirithe a chaomhnú, chomh maith le cobhsaíocht dhlíthiúil a áirithiú d’fheirmeoirí, i dtreo is nach dtiocfadh dírialáil ná srian ar an rochtain ar thacaíocht ó CBT as an simpliú;
  • gan dochar a dhéanamh do bhainistiú fónta airgeadais ar chistí an Aontais;
  • díriú ar na réimsí is mó a rachadh chun sochair do lucht cur chun feidhme an Chomhbheartas agus dá thairbhithe, ó thaobh ualach riaracháin laghdaithe e.g. na réimsí a bhaineann le faisnéis, le rialú agus le ceanglais tuairiscithe;
  • feabhas a chur ar shoiléireacht agus ar chomhsheasmhacht na reachtaíochta, go háirithe idir an chéad cholún agus an dara colún, i gcás inarb iomchuí, agus idir gníomhartha bunúsacha, gníomhartha ón gCoimisiún agus treoirlínte ón gCoimisiún ina theannta sin;

 

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024