Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 14 Samhain 2016 10:05

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Iaráin

1. Ag meabhrú dó na conclúidí ón gComhairle i mí Iúil 2015 agus an ráiteas comhpháirteach a chomhaontaigh an tArdionadaí/Leas-Uachtarán (HRVP) agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Javad Zarif ag an gcruinniú a bhí acu i mí Aibreáin, cuireann an tAontas Eorpach in iúl gur mian leis a chaidreamh leis an Iaráin a fhorbairt tuilleadh, ar bhealach a bheidh ag teacht go hiomlán leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta.

2. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach a thiomantas seasmhach don Phlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), ar iarracht iltaobhach idir E3/AE+3 agus an Iaráin é. Is díol sásaimh dó go bhfuil an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) á chur chun feidhme ag gach taobh. Tugann sé dá aire go bhfuil ceithre thuarascáil eisithe ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach (IAEA) ó Lá an Chuir Chun Feidhme i leith ina bhfíoraítear tiomantais na hIaráine sa réimse núicléach. Cuireann sé i bhfios gur gá don Iaráin leanúint de chomhoibriú go hiomlán agus go tráthúil le IAEA agus tacaíonn sé le hobair na Gníomhaireachta i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann an Iaráin an socrú chun feidhme. Forálann sé ar an Iaráin an prótacal breise a ghabhann lena comhaontú maidir le coimircí a dhaingniú. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach gur gá leanúint den Phlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach le linn saolré an chomhaontaithe. Deimhníonn an tAontas Eorpach go dtacaíonn sé leis an Ardionadaí ina ról mar Chomhordaitheoir an Choimisiúin Chomhpháirtigh.

3. Tá an tAontas Eorpach tiomanta tacú le cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach JCPOA, lena n-áirítear trí na smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais a bhaineann le cúrsaí núicléacha a bhaint agus dul i gcomhar leis an earnáil phríobháideach agus le hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe na bainc, chun an fás a chur chun cinn sa trádáil agus san infheistíocht. Go háirithe, tugadh treoir fhairsing maidir le baint na smachtbhannaí le cinntiú go bhfuil an creat rialála nua soiléir. Leanfaidh an Chomhairle de phlé a dhéanamh leis na páirtithe ábhartha uile maidir leis an gceist seo.

4. Is díol sásaimh don Aontas Eorpach gur eisigh Oifig na Stát Aontaithe um Rialú Sócmhainní Eachtracha ceadúnais onnmhairiúcháin chun aerárthaigh thráchtála paisinéirí agus comhpháirteanna agus seirbhísí a bhaineann leo a aistriú chuig an Iaráin agus tá sé ag tnúth go leanfar leis sin. Beidh sé ina chomhartha tábhachtach do chur chun feidhme rathúil JCPOA nuair a dhíolfar líon suntasach aerárthach le haerlínte na hIaráine. Agus na haerárthaí sin le húsáid don eitlíocht shibhialta amháin, feabhsófar soghluaisteacht na ndaoine agus cuirfidh sé sin le timpeallacht eitlíochta tráchtála atá níos sábháilte.

5. Caithfidh gach taobh seasamh leis na gealltanais a thug siad chun go leanfar de mhuinín a chothú an athuair agus chun go gcuirfear feabhas leanúnach, seasta, de réir a chéile, ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Iaráin mar a dúradh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha i mí Iúil 2015.

6. Athdhearbhaíonn an Chomhairle go dtacaíonn sí le forbairt an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an Iaráin i réimsí comhleasa amhail an t-idirphlé polaitiúil, cearta an duine, an comhar eacnamaíoch, trádáil agus infheistíocht, talmhaíocht, iompar, fuinneamh agus an t-athrú aeráide, comhar núicléach sibhialta, an comhshaol, cosaint shibhialta, eolaíocht, taighde agus nuálaíocht, oideachas, lena n-áirítear trí mhalairtí acadúla, agus trí shaincheisteanna cultúir, drugaí, imirce agus saincheisteanna réigiúnacha agus daonnúla faoi mar a leagtar amach sa Ráiteas Comhpháirteach a chomhaontaigh an tArdionadaí/Leas-Uachtarán agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine sa chruinniú a bhí acu i mí Aibreáin. Tacaíonn an Chomhairle le straitéis chomhordaithe de chuid an Aontais, ina mbeidh an Iaráin rannpháirteach de réir a chéile, a mbeidh raon feidhme cuimsitheach aici, ina mbeidh comhar i gceist nuair is ábhar comhleasa atá faoi chaibidil, a bheidh criticiúil i gcás difríochtaí agus cuiditheach ó thaobh cur chuige de. Mar chuid de sin, measann an Chomhairle gur cheart Toscaireacht de chuid an Aontais san Iaráin a oscailt gan mhoill mar chéim ríthábhachtach chun an clár oibre leathan don chomhar a bhaint amach.

7. Is mór ag an gComhairle go bhfuil caidreamh eacnamaíoch an Aontais leis an Iaráin ag méadú mar thoradh ar chur chun feidhme JCPOA agus athdhearbhaíonn sí go dtacaíonn sí le haontachas na hIaráine leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála mar bhealach chun athchóirithe a bhaineann leis an margadh a chur chun cinn agus ath-lánpháirtiú sa gheilleagar domhanda agus sa chóras trádála bunaithe ar rialacha a bhaint amach. Chun go mbainfidh an Iaráin tairbhe iomlán as baint na smachtbhannaí, lena n-áirítear go mbeadh na bainc Eorpacha agus na gnólachtaí Eorpacha rannpháirteach an athuair, tá sé tábhachtach go dtabharfadh sí aghaidh ar bhacainní a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch agus fioscach, leis an timpeallacht ghnó agus leis an smacht reachta. Is díol sásaimh don Chomhairle gur ghlac an Iaráin Plean Gníomhaíochta i ndáil le Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na laigí straitéiseacha atá aici maidir le frith-sciúradh airgid/maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus go bhfuil tiomantas láidir polaitiúil ardleibhéil ann dó sin agus is mór aici an cinneadh a rinne sí cúnamh teicniúil a lorg agus tathantaíonn sí uirthi an plean a chur chun feidhme go pras. Tá an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát réidh chun comhoibriú leis an Iaráin sna réimsí seo, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil a chur ar fáil do chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta thuasluaite, agus féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as creidmheasanna onnmhairiúcháin chun an trádáil, an maoiniú tionscadail agus an infheistíocht a éascú. Tá an Chomhairle sásta sainordú iasachta tríú tír an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a leathnú chun an Iaráin a chuimsiú.

8. Tugann an Chomhairle dá haire an gealltanas a thug Uachtarán na hIaráine cearta an duine sa tír a fheabhsú. Mar sin féin, tá sí fós buartha faoin staid atá ann maidir le cearta an duine, agus buartha go háirithe faoin úsáid mhinic a bhaintear as pionós an bháis lena n-áirítear ar chiontóirí óga agus ar chiontóirí drugaí. Tá an tAontas i gcoinne phionós an bháis i ngach cúinse. Cuireann an Chomhairle i bhfios gur gá comhchearta a áirithiú do mhná, agus do dhaoine a bhaineann le mionlaigh, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, agus urraim á tabhairt don tsaoirse cainte, don tsaoirse comhthionóil agus comhlachais agus na conarthaí sin a bhfuil an Iaráin ina páirtí iontu a chur chun feidhme chomh maith le haontú do na coinbhinsiúin sin nach stát rannpháirteach í iontu go fóill. Iarrann sí freisin ar an Iaráin comhoibriú le rapóirtéir speisialta na Náisiún Aontaithe agus rochtain a thabhairt dó. Tá sé i gceist ag an Aontas díriú ar na saincheisteanna sin ar bhealach cuiditheach, lena n-áirítear trí idirphlé ar chearta an duine, lena saineofaí tuilleadh réimsí don chomhar sa réimse sin.

9. Cuireann an Chomhairle in iúl go bhfuil sí buartha faoin teannas méadaitheach sa réigiún agus tacaíonn sí le bealaí chun timpeallacht réigiúnach chuiditheach a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag an Iaráin sa réigiún agus tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaidh sí bearta cuiditheacha, follasacha chun cúrsaí a fheabhsú sa réigiún. Leagann an tAontas béim ar chothromaíocht an chur chuige atá aige i leith an réigiúin agus tathantaíonn sé ar na tíortha uile sa réigiún saothrú chun an teannas sin a mhaolú agus gan gníomhaíochtaí a dhéanamh a thabharfadh údar don fhoréigean, don seicteachas agus don deighilt. Dá réir sin, cuireann an Chomhairle in iúl go bhfuil sí buartha faoin dlúthú míleata atá ag tarlú sa réigiún, lena n-áirítear clár diúracáin na hIaráine agus iarrann sí ar an Iaráin staonadh ó ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur leis an amhras, amhail tástálacha diúracán balaistíoch, nach bhfuil i gcomhréir le Rún 2231 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus na ráitis a ghabhann leis.

10. Athdhearbhaíonn an tAontas na conclúidí maidir leis an tSiria a thíolaic sé ar an 17 Deireadh Fómhair 2016 agus iarrann sé go práinneach go gcuirfear críoch leis na hionsaithe atá á ndéanamh ag réimeas na Siria agus a chomhghuaillithe, ar ionsaithe iomarcacha díréireacha iad, idir spriocdhírithe agus neamh-idirdhealaitheach, in éadan daonra sibhialtach, pearsanra daonnúil agus cúraim shláinte, agus in éadan bonneagar sibhialtach agus daonnúil. Dá bhrí sin, tathantaíonn an Chomhairle ar an Iaráin úsáid a bhaint as an tionchar atá aici ar réimeas na Siria chun deireadh a chur leis an bhforéigean in éadan daonra sibhialtach, pearsanra daonnúil agus bonneagar sibhialtach agus daonnúil, le go mbeadh rochtain iomlán dhaonnúil gan bhac ar fud na tíre agus chun gabháil i mbun próisis pholaitiúil idirbheartaithe ar bhealach cuiditheach. Spreagann an Chomhairle an Iaráin rannchuidiú go hiomlán freisin chun an bealach a réiteach chun próiseas polaitiúil cuimsitheach agus faoi stiúir na Siria a atosú faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Is díol sásaimh don Chomhairle an teagmháil atá déanta ag an Ardionadaí ina leith sin agus iarrann sí uirthi leanúint leis an obair sin leis na príomhghníomhaithe sa réigiún chun tacú le hiarrachtaí Staffan de Mistura, Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024