Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 9 Nollaig 2016 16:50

Athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn: An Chomhairle réidh chun tús a chur le caibidlíocht maidir le Eurodac

D’fhormhuinigh an Chomhairle sainordú le haghaidh caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le hathmhúnlú Rialachán Eurodac. Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh an Uachtaránacht i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.

Is cuid thábhachtach é seo den athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá againn. Is díol sásaimh dom an dul chun cinn a fheiceáil a mbeidh Uachtaránacht Mhálta in ann cur leis.

Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle 

Ghlac na hairí an téacs ar an tuiscint go ndéanfar plé arís amach anseo ar na codanna a bhaineann le comhaid eile den athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CCET) a luaithe a thiocfar ar chomhaontú maidir leo. Tabharfar an sainordú cothrom le dáta freisin i bhfianaise an phlé ar an tsaincheist faoi idir-inoibritheacht córas faisnéise.

Is é is aidhm leis an leasú córas Eurodac a oiriúnú agus a neartú agus a raon feidhme a leathnú, d’fhonn gur fusa a bheidh sé daoine a fhilleadh agus chun cabhrú le dul i ngleic leis an imirce neamhrialta.

Leis an togra nua, mar atá sé anois, leathnófar raon feidhme Rialachán Eurodac le go dtabharfar an deis do na Ballstáit sonraí a chuardach agus a stóráil a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát nach iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad agus a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad ag fanacht go neamhrialta san Aontas, ionas go bhféadfar iad a shainaithint chun críocha fillte agus athligin isteach. Tríd an méadú ar an raon feidhme agus tríd an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí ar EURODAC a shimpliú, ba cheart go gcabhrófaí leis na Ballstáit an tslándáil a chothabháil san Aontas.

Le cois sonraí bithmhéadracha breise a bhailiú - is é sin íomhá den aghaidh, beidh na Ballstáit in ann, mar thoradh ar an leathnú agus ar an simpliú, níos mó sonraí alfa-uimhriúla a stóráil in Eurodac, amhail ainmneacha, dátaí breithe, náisiúntachtaí, sonraí aitheantais nó doiciméid taistil daoine aonair.

Cúlra

Is bunachar sonraí bithmhéadrach é Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile, a chabhraíonn le Ballstáit an Aontais agus le tíortha comhlachaithe, atá rannpháirteach maidir leis an mbunachar sonraí, a fhíorú an ndearna iarratasóir ar thearmann éileamh ar thearmann roimhe sin i mBallstát Eorpach eile nó ar gabhadh iarratasóir ar thearmann roimhe sin agus é ag dul isteach go neamhdhleathach ar chríoch Eorpach. Tá sé mar aidhm le Eurodac gur fusa a bheidh sé do stáit na hEorpa freagracht a chinneadh as iarratas ar thearmann a scrúdú agus is fusa atá sé rialachán “Baile Átha Cliath” a chur i bhfeidhm leis.

Tar éis na teachtaireachta a thíolaic sé ar an 6 Aibreán 2016 maidir leis an athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, thíolaic an Coimisiún, i mí na Bealtaine agus i mí Iúil, seacht gcinn de thograí reachtacha, lena n-áirítear an togra thuasluaite le haghaidh rialachán maidir le Eurodac, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar fheidhmiú CET trí dheireadh a chur leis an gcaoi éagsúil a gcaitear le lucht iarrtha tearmainn agus le rátaí éagsúla aitheantais i measc na mBallstát;
  • gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú agus cur le dáileadh freagrachta ar bhealach níos cothroime i measc na mBallstát chun cosaint a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar.

 

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024