Skip to content

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe rialacha breise nó mionsonraithe a chabhraíonn leis an Aontas dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. Is féidir le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa údarú a thabhairt don Choimisiún Eorpach na gníomhartha sin a ghlacadh.

Cad is gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe ann?

Cabhraíonn na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe lena chinntiú go gcuirtear dlí de chuid an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach sna Ballstáit ar fad, nó lena chinntiú go sainítear mionsonraí teicniúla.

Is gníomhartha neamhreachtacha iad, rud a chiallaíonn nach nglactar trí nósanna imeachta reachtacha an Aontais iad. Ina ionad sin, is féidir leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa údarú a thabhairt don Choimisiún Eorpach, comhlacht feidhmiúcháin an Aontais, na gníomhartha sin a ghlacadh.

nach féidir an bunghníomh reachtach lena dtugtar cumhachtaí don Choimisiún a mhodhnú le gníomhartha cur chun feidhme, féadfar na gnéithe neamhriachtanacha a fhorlíonadh nó a leasú le gníomhartha tarmligthe.

Gníomhartha cur chun feidhme

Cinntítear le gníomhartha cur chun feidhme go gcuirtear dlíthe an Aontais i bhfeidhm go córasach i mBallstáit uile an Aontais. Ní féidir le gníomhartha cur chun feidhme an bunghníomh reachtach a athrú.

Is iad na coistí saineolaithe náisiúnta a dhéanann athbhreithniú ar an dréachtghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Tig lena dtuairim siúd a bheith ceangailteach nó neamhcheangailteach, ag brath ar an nós imeachta. Ní féidir leis an gComhairle ná leis an bParlaimint, áfach, bac a chur ar ghlacadh an ghnímh.

Samplaí: bunachair sonraí, rialacha maidir le praghsanna talmhaíochta, táirgí leighis a fhormheas

Gníomhartha tarmligthe

Le gníomhartha tarmligthe, ceadaítear don Choimisiún gnéithe neamhriachtanacha den bhunghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú le mionsonraí teicniúla.

Féadfaidh siad teacht i bhfeidhm mura ndéanfaidh an Chomhairle ná an Pharlaimint agóid ina gcoinne.

Samplaí: rialacha maidir le heolas taistil, riachtanais maidir le lipéadú bia, bearta maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí

Gníomhartha cur chun feidhme – nós imeachta céim ar chéim

Is iondúil gur don Choimisiún Eorpach a thugtar cumhachtaí cur chun feidhme. I gcásanna sonracha áirithe, glacfaidh an Chomhairle an gníomh cur chun feidhme ina ionad sin.

Scrúdóidh coistí saineolaithe náisiúnta na dréachtghníomhartha cur chun feidhme a d'ullmhaigh an Coimisiún, agus sin é an fáth a dtugtar an nós imeachta coiste, nó coisteolaíocht go neamhfhoirmiúil, uaireanta, ar an nós imeachta sin. Tá roinnt eisceachtaí ann ina bhféadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh gan coiste a bheith bainteach leis, e.g. chun deontais bheaga a leithdháileadh.

Cad is coiste coisteolaíochta ann?

Ionadaithe ó na Ballstáit (saineolaithe náisiúnta) a bhíonn ar na coistí coisteolaíochta agus an Coimisiún i mbun cathaoirleachta orthu.

Cad é an nós imeachta coiste?

Tá dhá chineál nós imeachta coiste ann, agus ní hionann a leibhéal rannpháirtíochta:

  • an nós imeachta comhairleach
  • an nós imeachta scrúdúcháin

An nós imeachta comhairleach

Úsáidtear é seo le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme, nó chun deontais nó cistiú a dhámhachtain.

  1. Céim 1

    Is trí thromlach simplí a thugann an coiste comhairleach a thuairim uaidh.

  2. Céim 2

    Cinnfidh an Coimisiún cé acu an nglacfaidh sé nó nach nglacfaidh sé an gníomh, agus tuairim an choiste á cur san áireamh. Níl tuairim an choiste ceangailteach.

An nós imeachta scrúdúcháin

Is faoin nós imeachta scrúdúcháin, agus faoi sin amháin, a fhéadfaidh na Ballstáit bac a chur ar ghlacadh ghníomh cur chun feidhme.

Úsáidtear an nós imeachta seo do ghníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le cláir mhóra de chuid an Aontais, leis an gcomhbheartas talmhaíochta, le hiascach, leis an gcomhshaol agus le rialacha sábháilteachta agus sláinte.

  1. Céim 1

    Tugann an coiste scrúdúcháin a thuairim uaidh tríd an tromlach cáilithe, is é sin 55% de na saineolaithe náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar 65%, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.

  2. Céim 2

    Más tuairim dhearfach í an tuairim ón gcoiste, glacfaidh an Coimisiún an gníomh. Más tuairim dhiúltach í an tuairim ón gcoiste, ní ceadmhach don Choimisiún an gníomh a ghlacadh. Mura dtugann an coiste tuairim uaidh, féadfaidh an Coimisiún an gníomh a ghlacadh, mura rud é go n‑eisiatar an fhéidearthacht sin leis an mbunghníomh reachtach, go bhfuil tromlach simplí de chomhaltaí an choiste ina choinne, nó go mbaineann an gníomh le cánachas, seirbhísí airgeadais, nó le cosaint sláinte nó sábháilteachta.

Má chuirtear cosc ar an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, féadfaidh sé:

  • dréacht athbhreithnithe a chur faoi bhráid an choiste scrúdúcháin laistigh de 2 mhí
  • an dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid coiste achomhairc (ar a bhfuil ionadaithe náisiúnta freisin) laistigh de mhí amháin

Gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach

I gcásanna práinneacha a bhfuil údar cuí leo, agus má cheadaítear é leis an ngníomh reachtach, féadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh sula rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoiste. Sna cásanna sin:

  • ní mór dó dul i gcomhairle leis an gcoiste laistigh de 14 lá tar éis a ghlactha
  • is ar feadh uastréimhse 6 mhí a bheidh feidhm ag an ngníomh, mura bhforáiltear a mhalairt sa ghníomh reachtach

Má tá feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin agus más tuairim dhiúltach í an tuairim ón gcoiste, beidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an gníomh a aisghairm láithreach.

Bunús dlí

Sainmhínítear gníomhartha cur chun feidhme in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Coiste (Rialachán (AE) Uimh. 182/2011).

Gníomhartha tarmligthe – nós imeachta céim ar chéim

Ní féidir gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ach amháin má thugann an bunghníomh reachtach an chumhacht sin don Choimisiún. Sainmhínítear sa ghníomh reachtach cuspóirí, raon feidhme agus ré an tarmligin sin.

Féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an tarmligean sin a tharraingt siar tráth ar bith, fiú mura bhfuil gníomh tarmligthe tíolactha ag an gCoimisiún go fóill.

Tá trí phríomhchéim i gceist le gníomh tarmligthe a ghlacadh:

  1. 1

    Dréachtú agus comhairliúchán

    Ullmhóidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe. Sula nglacfaidh sé an gníomh, ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát.

  2. 2

    Scrúdú

    Scrúdóidh an Chomhairle agus an Pharlaimint an gníomh tarmligthe.

    Teorainn ama: 2 mhí, ar féidir síneadh a chur leis

  3. 3

    Teacht i bhfeidhm

    Má dhéanann an Chomhairle nó an Pharlaimint agóid, ní fhéadfaidh an gníomh tarmligthe teacht i bhfeidhm.

    Mura ndéantar aon agóid, tagann an gníomh tarmligthe i bhfeidhm.

Bunús dlí

Sainmhínítear gníomhartha tarmligthe in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Foirgnimh Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh, agus saigheada á nascadh.
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais

Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais

Foirgneamh de chuid na Comhairle, carn páipéir agus tromán páipéir.
A mbíonn ar bun ag an gComhairle

A mbíonn ar bun ag an gComhairle

Léaráid d’fhoirgneamh de chuid na Comhairle.
Ord agus eagar ar obair na Comhairle

Ord agus eagar ar obair na Comhairle

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Feabhra 2026