Truailliú aeir san Aontas Eorpach: fíricí agus figiúirí
Cé nach bhfuil an t-aer chomh truaillithe céanna is a bhí blianta ó shin, mar sin féin, ba é an truailliú aeir ba chúis le thart ar 280 000 bás anabaí san Eoraip in 2023.
An talmhaíocht an fhoinse aerthruaillithe is mó san Eoraip.
Tá plean ag an Aontas maidir le truailliú nialasach faoi 2050 agus ghlac sé rialacha nua in 2024 chun cuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach.
Na príomhthruailleáin
Ar na príomhthruailleáin, tá:
- mínábhar cáithníneach (PM2.5) agus ábhar cáithníneach (PM10)
- amóinia
- meatán
- ózón
- ocsaídí nítrigine
- dé-ocsaíd sulfair
- comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin
Tá díobháil ag baint le gach ceann díobh. Imoibríonn cuid acu lena chéile freisin trí phróisis cheimiceacha agus déantar ábhar cáithníneach nó ózón díobh.
Déanann mínábhar cáithníneach (PM2.5) an dochar is mó d’Eorpaigh
Tá mínábhar cáithníneach chomh beag sin gur féidir leis dul isteach sna scamhóga agus sa sruth fola fiú agus fadhbanna tromchúiseacha sláinte a chothú. Cáithníní soladacha agus braoiníní leachtacha ar mhéideanna éagsúla atá i gceist leis.
Tá deannach agus pailin infheicthe ag an tsúil, ach tá cáithníní dócháin níos lú ná 2.5 micriméadar (μm) ar mhéid. Is ionann sin agus méid baictéir.
Is ionann 1 mhicriméadar agus 1 mhilliúnú cuid de mhéadar. Tá ribe gruaige thart ar 100 μm ar trastomhas, thart ar 30 uair níos leithne ná an cáithnín PM2.5 is mó.
Tá laghdú tagtha ar astaíochtaí truailleán aeir ó 1990
Ó na 1980idí, tá dianbhearta i bhfeidhm ag an Aontas chun an truailliú aeir a laghdú, agus tá laghdú suntasach tagtha ar astaíochtaí na bpríomhthruailleán aeir. Idir 1990 agus 2023, tháinig laghdú ar astaíochtaí PM10, PM2.5, amóinia, ocsaídí sulfair, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin agus ocsaídí nítrigine ó bhreis agus 65 mhilliún tona go thart ar 19 milliúin tona.
Barrachairt ina léirítear an t-athrú a tháinig ar shé thruailleán aeir idir 1990 agus 2023: PM10, PM2.5, amóinia, ocsaídí sulfair, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin agus ocsaídí nítrigine. I gcás na dtruailleán sin go léir, tháinig laghdú suntasach ar astaíochtaí, ó bhreis agus 65 mhilliún tona san iomlán in 1990 go thart ar 19 milliún tona in 2023. Tháinig an laghdú ba mhó ar astaíochtaí ocsaídí sulfair, beagnach 95%, agus tháinig an laghdú ba lú, laghdú 36%, ar astaíochtaí amóinia.
Bíodh sin mar atá, de réir na sonraí is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, bhí níos mó ná 94% de dhaonra uirbeach an Aontais in 2023 fós nochta do thiúchain de mhínábhar cáithníneach (PM2.5) atá os cionn na dtreoirlínte is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tá nochtadh do thruailleáin eile os cionn na leibhéal inmholta freisin.
Cad as a dtagann truailleáin aeir?
Is iad an talmhaíocht agus an tomhaltas fuinnimh na foinsí truailleán aeir is mó san Aontas.
Tagann níos mó ná 60% d’astaíochtaí PM2.5 as an tomhaltas fuinnimh
Sa chairt, tugtar léiriú (de réir an chéatadáin) ar an méid a chuir foinsí éagsúla le hastaíochtaí na dtruailleán aeir in 2023: mínábhar cáithníneach (PM2.5), ábhar cáithníneach (PM10), amóinia, dé-ocsaídí sulfair, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin agus ocsaídí nítrigine. Cuir an luchóg os cionn na cairte chun tuilleadh sonraí a fheiceáil.
Barrachairt ina léirítear, de réir an chéatadáin, an méid a chuireann na foinsí éagsúla a leanas le hastaíochtaí na dtruailleán aeir: PM2.5, PM10, dé-ocsaíd sulfair, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin, ocsaídí nítrigine agus amóinia. Is iad seo na hearnálacha is mó a chuireann le hastaíochtaí truailleán aeir:
- PM5: tomhaltas fuinnimh cónaithe, tráchtála agus institiúideach ag 63%
- PM10: tomhaltas fuinnimh cónaithe, tráchtála agus institiúideach ag 43%
- dé-ocsaíd sulfair: soláthar fuinnimh ag 41% agus tionscal déantúsaíochta agus eastóscach ag 36%
- comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin: tionscal déantúsaíochta agus eastóscach ag 45%
- ocsaídí nítrigine: iompar ag 50%
- Amóinia: talmhaíocht ag 94%
Astaítear PM2.5 go díreach, go príomha trí bhreoslaí iontaise nó bithmhaise a dhó, nó cruthaítear é san aer nuair a imoibríonn truailleáin eile, mar shampla ocsaídí nítrigine, dé-ocsaíd sulfair nó amóinia, lena chéile.
Ní ghintear ózón go díreach, ach cruthaítear é nuair a imoibríonn truailleáin eile, ocsaídí nítrigine agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha den chuid is mó, le solas na gréine agus teas.
Dá bhrí sin, chun leibhéil PM2.5 san aer a laghdú go mór, ní mór gníomhaíocht lena ndírítear ar roinnt de na truailleán aeir agus ar earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an córas teasa ag baile, an talmhaíocht, an t-iompar, giniúint cumhachta agus lucht tionscal.
Tionchar ar an tsláinte
Ionanálann an duine thart ar 14kg aeir gach lá. Agus muid ag análú isteach, ionanálann muid truailleáin freisin, truailleáin a théann isteach inár scamhóga agus inár sruth fola fiú.
D’fhéadfadh galair riospráide, mar shampla asma, agus ailse scamhóg agus stróc, a bheith mar thoradh ar nochtadh do thruailliú aeir.
Is é an nochtadh do thiúchain truailleán - atá os cionn leibhéil inmholta na hEagraíochta Domhanda Sláinte - is cúis leis na céadta míle bás anabaí san Eoraip gach bliain.
182 000 bás
Mínábhar cáithníneach (PM2.5)
34 000 bás
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
63 000 bás
Ózón (O3)
Tionchar comhshaoil agus eacnamaíocha
Déanann truailliú aeir dochar freisin d’éiceachórais agus d’fhásra, agus costais mhóra eacnamaíocha ag baint leis sin.
Déanann ózón trópaisféarach (ózón ar leibhéal na talún) (O3) dochar do bharra talmhaíochta agus foraoisí, agus fágann sin go mbíonn laghdú ar rátaí fáis. Cuirtear isteach freisin ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó ná 5% dá dtáirgeacht chruithneachta caillte ag go leor tíortha san Aontas mar gheall ar ózón, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil.
Titeann ocsaídí nítrigine (NOX) agus amóinia (NH3) anuas arís ón aer agus luíonn siad ar thalamh agus i ndobharlaigh. Tig le leibhéil arda de na substaintí seo a bheith ina gcúis le heotrófú – fás tapa algaí agus plandaí uisceacha in aibhneacha, lochanna agus farraigí. Nuair a chailltear agus nuair a lobhann na plandaí seo, ídíonn siad ocsaigin atá san uisce, a dhéanann dochar d'éisc agus d'orgánaigh eile.
Cuireann na truailleáin seo freisin le haigéadú ithreacha fionnuisce agus foraoise.
In 2023, bhí beagnach 74% d’éiceachórais an Aontais nochtaithe do leibhéil nítrigine a bhféadfadh eotrófú a bheith mar thoradh orthu, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil.
Cé chomh glan is atá an t-aer i do chathairse?
Cé go bhfuil laghdú mór tagtha ar an truailliú aeir san Eoraip le blianta beaga anuas, ní mar a chéile an scéala in aon dhá chathair.
In 2024 agus 2025, sháraigh 337 gcathair Eorpacha teorainn nua an Aontais, teorainn de 10 micreagram de PM2.5 in aghaidh an mhéadair chiúbaigh aeir. Sháraigh cathair amháin – Slavonski Brod na Cróite – teorainn an Aontais a bhí ann roimhe seo, is é sin 25 mhicreagram de PM2.5 in aghaidh an mhéadair chiúbaigh aeir.
Bhí 15 chathair Eorpacha ina raibh tiúchain PM2.5 faoi bhun 5 mhicreagram in aghaidh an mhéadair chiúbaigh aeir:
- Narva na hEastóine
- Kuopio, Tampere, Jyväskylä, Oulu, Lahti agus Espoo/Esbo na Fionlainne
- Réicivíc na hÍoslainne
- Tromsø na hIorua
- Faro na Portaingéile
- Umeå, Uppsala, Västerås, Södertälje agus Örebro na Sualainne
Truailliú aeir i gcathracha na hEorpa
Sa mhapa seo, rangaítear cathracha na hEorpa ina gcúig ghrúpa, ó leibhéal an-íseal go leibhéal an-ard truaillithe, bunaithe ar an riosca mortlaíochta mar gheall ar nochtadh fadtéarmach do mhínábhar cáithníneach, (PM2.5), do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) agus don ózón trópaisféarach (O3).
Cuir an luchóg os cionn do chathrach chun an leibhéal de thruailliú aeir agus na luachanna truaillithe do PM2.5, NO2 agus O3 a fheiceáil.
Léarscáil ar a léirítear cathracha na hEorpa, a leibhéil truaillithe le mínábhar cáithníneach (PM2.5), dé-ocsaíd nítrigine agus ózón trópaisféarach i micreagraim in aghaidh an mhéadair chiúbaigh agus a leibhéil truaillithe aeir i gcúig ghrúpa, iad rangaithe ó leibhéal an-íseal go leibhéal an-ard. Is gnách go mbíonn cáilíocht an aeir níos fearr ag cathracha i dtuaisceart agus in iarthar na hEorpa, agus is gnách go mbíonn cáilíocht an aeir níos measa ag cathracha in oirthear agus i ndeisceart na hEorpa.
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Iúil 2026