"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Ag eascairt as seisiún tuairimíochta neamhfhoirmiúil le AndriiSybiha, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, phléigh an Chomhairle cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin trí fhíschomhdháil.
Sa phlé a rinneadh, díríodh ar thionchar ghéarchéim an Mheánoirthir ar an Úcráin agus ar chogadh foghach na Rúise, go háirithe na hiarmhairtí ar chúrsaí míleata agus fuinnimh.
Chuir na hairí in iúl go soiléir gurb í an Úcráin an phríomhthosaíocht slándála atá ag an Eoraip i gcónaí, agus nach ligfear na maidí le sruth i gcás na hÚcráine. Tá na dróin chéanna atá ag lascadh Chív ag lascadh stáit na Murascaille; ar an ábhar gur ag an Úcráin atá na cosaintí ladrann is fearr, pléadh go hachomair freisin cé mar is féidir linn oibriú as lámh a chéile.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh an Chomhairle freisin tacaíocht don Úcráin, lena n-áirítear tríd an Iasacht Tacaíochta don Úcráin dar luach €90 billiún do na blianta 2026-2027, agus bealaí chun an brú ar an Rúis a mhéadú a thuilleadh.
Leanfaidh an Eoraip de na smachtbhannaí agus leanfaidh sí uirthi freisin de bheith ag imeacht ó bhreoslaí iontaise na Rúise. Más mian linn deireadh a chur leis an gcogadh seo, ní mór níos lú airgid a bheith ag Moscó don chogadh, agus ní níos mó. Ceann de na huirlisí is fearr atá againn is ea tuilleadh brú a chur ar scáthchabhlach na Rúise.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Liostaigh an Chomhairle naonúr atá freagrach as sléacht Bucha i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2022.
Glacadh bearta sriantacha breise freisin i gcoinne ceathrar atá freagrach as Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis (ICIEF) i gcoinne an Aontais, na mBallstát agus a gcomhpháirtithe, agus d’fhormheas sí conclúidí maidir le cumas an Aontais bagairtí hibrideacha a chomhrac a chur chun cinn.
Ina theannta sin, phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais an staid sa Mheánoirthear i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí maidir leis an gcogadh san Iaráin, agus a éifeachtaí ar an réigiún.
An Iaráin
Chuir na hairí in iúl gur cúis mhór imní dóibh an géarú leanúnach agus an baol go mbeadh coinbhleacht réigiúnach níos leithne ann. Cuireadh i dtreis nach raibh ach aon bhealach inbhuanaithe amháin ann chun teacht as an ngéarchéim deireadh a chur leis an gcogaíocht, sos cogaidh agus filleadh ar an taidhleoireacht.
Phléigh na hairí freisin impleachtaí níos leithne na coinbhleachta, lena n-áirítear rioscaí don chobhsaíocht réigiúnach, bealaí trádála domhanda, margaí airgeadais agus praghsanna fuinnimh. Cuireadh imní ar leith in iúl faoi shlándáil na mbealaí muirí agus faoin ngá atá le saoirse loingseoireachta a chaomhnú, lena n-áirítear sa Mhuir Rua agus i gCaolas Hormuz.
Ar na tosaíochtaí is práinní, tá leasachán, bia agus fuinneamh a scaoileadh an athuair trí Chaolas Hormuz. [...] Tá oibríochtaí cabhlaigh i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin. Tá EUNAVFOR ASPIDES againn a bhfuil ról lárnach aige maidir le saoirse na loingseoireachta a chosaint. Ón bplé a rinneadh, ba léir gur mhian linn an oibríocht sin a neartú.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Leagadh béim ar chosaint shaoránaigh an Aontais sa réigiún mar phríomhthosaíocht. Thug na hairí dá n-aire an comhordú leanúnach idir na Ballstáit agus úsáid ionstraimí an Aontais chun aisdúichiú agus cúnamh consalach a éascú.
Ní hé seo cogadh na hEorpa, ach tá leasanna na hEorpa i mbaol díreach. De réir mar a théann an cogadh seo i méid, tá sé mar thosaíocht ag an Aontas i gcónaí ár saoránaigh a chosaint.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le sochaí shibhialta na hIaráine agus leanúint den rannpháirtíocht le comhpháirtithe réigiúnacha, lena n-áirítear tíortha réigiún na Murascaille, chun tacú leis na hiarrachtaí an lasóg a bhaint den bharrach agus leis an tslándáil réigiúnach.
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar 16 dhuine aonair agus 3 eintiteas eile atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
Thug tuairim na n-airí aghaidh ar an staid sa Liobáin, agus chuir siad in iúl gur cúis imní dóibh an baol go ndéanfaí an tír a tharraingt isteach níos doimhne sa choinbhleacht agus na hiarmhairtí daonnúla a bhaineann leis an gcogaíocht leanúnach agus leis an easáitiú ar mhórscála.
Chuir na hairí in iúl go láidir nach mór an lasóg a bhaint den bharrach agus d’iarr siad go ndéanfaí Hezbollah a dhí-armáil, agus ag an am céanna thathantaigh siad ar Iosrael srian a chur air féin agus gníomhaíochtaí a sheachaint a d’fhéadfadh an Liobáin a dhíchobhsú a thuilleadh. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht a thabhairt do chobhsaíocht agus d’institiúidí stáit na Liobáine.
Cuirfidh an tAontas EUR 100 milliún de chabhair dhaonnúil ar fáil don Liobáin. Leanaimid de thacaíocht a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na Liobáine chun Hezbollah a dhí-armáil.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Gaza agus an Bruach Thiar
Chuir na hairí i bhfios go láidir nár cheart don ghéarú leanúnach sa réigiún aird a tharraingt ón staid in Gaza agus sa Bhruach Thiar. Chuir siad in iúl gur cúis mhór imní dóibh na dálaí daonnúla atá ag dul in olcas in Gaza agus sreabhadh neamhleor na cabhrach daonnúla, agus leag siad béim ar an ngá atá le rochtain dhaonnúil iomlán, shábháilte agus gan bhac a áirithiú i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta. D’athdhearbhaigh siad freisin gur gá dul ar aghaidh le cur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza, i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Chuir na hairí in iúl freisin gur cúis imní dóibh an foréigean atá ag dul in olcas ar an mBruach Thiar, lena n-áirítear ionsaithe ó lonnaitheoirí foréigneacha, agus leag siad béim ar an ngá atá le sibhialtaigh a chosaint, cuntasacht a chinntiú agus géarú breise a chosc. D’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá sé inmharthanacht an réitigh dhá stát a chaomhnú agus tacú le hiarrachtaí athchóirithe Údarás na Palaistíne.
Leanfaidh an tAontas de bheith ag éileamh go mbeadh rochtain dhaonnúil níos fearr ann, go mbainfí an lasóg den bharrach agus go dtacófaí freisin le hathchóirithe údaráis na Palaistíne.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le caidreamh an Aontais le Comharsanacht an Deiscirt chun breithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe don Mheánmhuir a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé comhpháirtíocht an Aontais le tíortha i gComharsanacht an Deiscirt a neartú chun an chobhsaíocht, an fhorbairt eacnamaíoch agus an rathúnas a chur chun cinn ar fud na Meánmhara. Chuir siad i bhfios go láidir nach mór dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe agus torthaí nithiúla a bhaint amach trí thionscnaimh agus tionscadail nithiúla.
Sula raibh cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ann, rinneadh malartú neamhfhoirmiúil i gcaitheamh an bhricfeasta maidir le straitéis slándála na hEorpa.
Is léir go bhfuil an timpeallacht slándála ag athrú go tapa, agus ní féidir linn freagra a thabhairt trí chruinnithe mullaigh éigeandála amháin. Tá beartas fadtéarmach de dhíth orainn.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Le linn an lóin, bhí Aire Gnóthaí Eachtracha na hIndia, Subrahmanyam Jaishankar, in éineacht leis na hairí chun plé neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach agus ar fhorbairtí idirnáisiúnta.
Míreanna eile
Le linn an chruinnithe, tharraing an Ghearmáin agus an Fhrainc aird ar an staid sa tSeoirsia, i bhfianaise ghlacadh an phacáiste reachtaigh le déanaí maidir le cistiú eachtrach agus gníomhaíocht pholaitiúil.
Chuir an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin na hairí ar an eolas faoi líomhaintí na Rúise i gcoinne na Stát Baltach i ndáil le neamhchomhlíonadh an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le gach cineál idirdhealaithe chiníoch a dhíothú (CERD).
Chuir an Iodáil agus Málta na hairí ar an eolas faoin mbagairt mhuirí agus chomhshaoil atá ag dul in olcas sa Mheánmhuir, bagairt a bhaineann le hiompróir GNL na Rúise, Arctic Metagaz.
Cinntí eile
Ghlac an Chomhairle cinneadh tacú le tíortha na hAfraice a n-acmhainneachtaí maidir le gníomhaíocht mianach a neartú, agus rannchuidiú leis an sprioc go mbeadh an Afraic saor ó mhianaigh.
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí i gcoinne trí eintiteas agus beirt atá freagrach as cibirionsaithe a rinneadh ar Bhallstáit an Aontais agus ar chomhpháirtithe an Aontais.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.