An Airméin
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an Airméin bunaithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Airméin, atá i bhfeidhm ó bhí 2021 ann. Is príomh-chomhpháirtí é an tAontas do chlár oibre athchóirithe na hAirméine agus is é an deontóir is mó sa tír é.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Oibríonn an tAontas i gcomhar leis an Airméin faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus faoin ngné réigiúnach oirthearach de, Comhpháirtíocht an Oirthir.
An Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Airméin
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an Airméin bunaithe ar Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe, a síníodh i mí na Samhna 2017, ar imeall an 5ú cruinniú mullaigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir.
Tháinig sé i bhfeidhm go hiomlán i mí an Mhárta 2021, tar éis do Phoblacht na hAirméine, do Bhallstáit uile an Aontais agus do Pharlaimint na hEorpa é a dhaingniú.
Leis an gcomhaontú, cuirtear creat ar fáil don Aontas Eorpach agus don Airméin chun leanúint de bheith ag obair le chéile ar mhaithe le saoránaigh na hAirméine.
Tríd an gcomhaontú, tá gealltanas tugtha ag an Airméin clár oibre cuimsitheach athchóirithe a shaothrú a bheidh bunaithe ar an daonlathas, ar an trédhearcacht agus ar an smacht reachta – go háirithe comhrac an éillithe, na breithiúna a athchóiriú agus a gcuntasacht do na saoránaigh a fheabhsú, agus deiseanna comhionanna eacnamaíocha, fostaíochta agus sóisialta a chinntiú do chách.
Lena chois sin, cumasaítear comhar níos láidre in earnálacha éagsúla, mar shampla fuinneamh, iompar, comhshaol agus trádáil, a bhuí leis an gcomhaontú.
I mí na Nollag 2025, ghlac an tAontas agus an Airméin clár oibre straitéiseach nua don chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Airméin, ar céim shuntasach chun cinn é chun an comhar polaitiúil, eacnamaíoch agus earnála idir an dá chomhpháirtí a dhoimhniú.
- An Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Airméin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Clár oibre straitéiseach nua glactha ag an Aontas agus ag an Airméin chun an chomhpháirtíocht a dhoimhniú (an Coimisiún Eorpach)
- Comhpháirtíocht an Oirthir
An Chomhairle Comhpháirtíochta
Is í an Chomhairle Comhpháirtíochta an institiúid fhoirmiúil is airde a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Airméin, agus déanann sí maoirseacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.
Tionóladh an séú Comhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin an 2 Nollaig 2025. Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas agus an Airméin agus phléigh sí an t-idirphlé déthaobhach polaitiúil lena gcumhdaítear an t‑athchóiriú, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine.
- Comhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin, an 2 Nollaig 2025
- Amlíne – an Chomhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin
Idirphlé faoi Víosaí
Tháinig an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú idir an tAontas agus an Airméin i bhfeidhm i mí Eanáir 2014. Leis an gcomhaontú sin, laghdaítear táillí víosa do shaoránaigh na hAirméine agus tarscaoiltear táillí do chatagóirí áirithe iarratasóirí.
I mí Mheán Fómhair 2024, sheol an tAontas idirphlé leis an Airméin maidir le léirscaoileadh víosaí chun tacú leis an Airméin ina sprioc fhadtéarmach córas taistil gan víosa leis an Aontas a bhaint amach.
Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Airméin
Thionóil an tAontas agus an Airméin a gcéad chruinniú mullaigh riamh an 5 Bealtaine 2026. Ba dheis thábhachtach é an cruinniú mullaigh chun an caidreamh déthaobhach a neartú a thuilleadh, go háirithe maidir le nascacht, fuinneamh, iompar agus comhar digiteach.
Ina theannta sin, phléigh na ceannairí na dúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair, mar shampla na forbairtí is déanaí sa réigiún máguaird, an Úcráin san áireamh, agus tionchar na géarchéime leanúnaí sa Mheánoirthear. Ag deireadh an chruinnithe, ghlac na ceannairí dearbhú comhpháirteach.
Próiseas normalaithe idir an Airméin agus an Asarbaiseáin
Tacaíocht don tsíocháin
Tacaíonn an tAontas go hiomlán le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, bunaithe ar a n-aitheantas frithpháirteach do cheannasacht, iomláine chríochach agus dosháraitheacht teorainneacha a chéile, i gcomhréir le Dearbhú Alma‑Ata 1991.
Tá an tAontas ag obair le blianta anuas leis an dá pháirtí agus leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta chun na dálaí don tsíocháin mharthanach a chruthú, le rannpháirtíocht phearsanta uachtaráin na Comhairle Eorpaí as déis a chéile agus trí iarrachtaí leanúnacha Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia.
I mí Lúnasa 2025, ba dhíol sásaimh don Aontas gur cuireadh inisealacha leis an gconradh síochána idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus gur síníodh dearbhú polaitiúil. Is dul chun cinn suntasach é an comhaontú sin idir an Airméin agus an Asarbaiseáin chun deireadh a chur le coinbhleacht a mhair ar feadh na mblianta fada.
Tá an tAontas réidh chun infheistíocht a dhéanamh i nascacht réigiúnach agus san oscailteacht iomlán, a rachaidh chun tairbhe, go príomha, do phobail atá scartha de dheasca na coinbhleachta, agus chun an réigiún a thabhairt níos gaire don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don rathúnas marthanach.
- Ráiteas comhpháirteach ó Uachtarán Costa na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, maidir le hinisealacha a chur leis an gConradh Síochána idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus maidir leis an dearbhú idir an tUachtarán Aliyev agus an Príomh-Aire Pashinyan in Washington DC (preaseisiúint, an 8 Lúnasa 2025)
- An Airméin/an Asarbaiseáin: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le hinisealacha a chur leis an gConradh Síochána idir an Airméin agus an Asarbaiseáin (preaseisiúint, an 8 Lúnasa 2025)
- Ionadaí Speisialta an Aontais do Chugas Theas (An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
Misin shibhialtacha san Airméin
Tá dhá mhisean shibhialtacha bunaithe ag an Aontas san Airméin faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC):
- Misean sibhialtach an Aontais san Airméin (EUMA)
- Misean Comhpháirtíochta an Aontais san Airméin (EUPM Armenia)
Misean sibhialtach an Aontais san Airméin (EUMA)
An 23 Eanáir 2023, chomhaontaigh an Chomhairle an Misean sibhialtach san Airméin (EUMA) a bhunú. Is é is cuspóir don mhisean rannchuidiú leis an méid seo a leanas:
- cobhsaíocht i limistéir teorann na hAirméine agus na hAsarbaiseáine
- muinín a chothú ar an láthair
Tagann imscaradh mhisean an Aontais san Airméin (EUMA) sna sála ar an gcinneadh ón gComhairle, an 17 Deireadh Fómhair 2022, foireann saineolaithe faireacháin a imscaradh ar thaobh na hAirméine den teorainn idirnáisiúnta leis an Asarbaiseáin chun faireachán, anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar an staid sa réigiún.
Fanfaidh sainordú an mhisin gníomhach go dtí mí Feabhra 2027.
- An Airméin: síneadh 2 bhliain eile curtha ag an gComhairle le sainordú mhisean sibhialtach an Aontais Eorpaigh (preaseisiúint, an 30 Eanáir 2025)
- Misean an Aontais san Airméin (EUMA)
Misean Comhpháirtíochta an Aontais san Airméin (EUPM Armenia)
Chomhaontaigh an Chomhairle Misean Comhpháirtíochta an Aontais san Airméin (EUPM Armenia) a bhunú an 21 Aibreán 2026. Leis an misean, a seoladh an 13 Iúil 2026, tacaítear leis an Airméin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin hibrideacha, lena n-áirítear:
- cibearbhagairtí
- ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis
- sreafaí airgeadais aindleathacha
Bunaíodh EUPM Armeniaarna iarraidh sin do rialtas na hAirméine agus léiríonn sé tiomantas daingean an Aontais tacú le hathléimneacht agus institiúidí daonlathacha na tíre.
Beidh sainordú tosaigh dhá bhliain ag an misean.
Cúnamh airgeadais
Is é an tAontas an deontóir is mó atá ag an Airméin, agus tá cúnamh suntasach curtha ar fáil aige ó bhain an tír neamhspleáchas amach.
Tá cúnamh teicniúil agus airgeadais á chur ar fáil ag an Aontas freisin chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas agus an Airméin a chinntiú.
Plean athléimneachta agus fáis
I mí Aibreáin 2024, d’fhógair an tAontas plean athléimneachta agus fáis don Airméin chun taca a chur faoin gclár oibre comhpháirtíochta nua. Is é an aidhm atá ann borradh a chur faoi chlár oibre athchóirithe shocheacnamaíoch na hAirméine agus an nascacht réigiúnach a chur chun cinn.
Is fiú €270 milliún an plean don tréimhse 2024-2027 agus is é is aidhm dó infheistíochtaí sa nascacht, san athléimneacht agus san fhorbairt gnó a ghiaráil.
Díreoidh an plean athléimneachta agus fáis ar na tosaíochtaí seo a leanas:
- sochaí athléimneach Airméanach
- infheistíocht a dhéanamh sa nascacht agus i ngnólachtaí
- an Airméin a thabhairt níos gaire don Eoraip
Infheistíochtaí
Tá an tAontas ag tacú leis an Airméin trí infheistíochtaí a dhéanamh a bhfuil sé d'aidhm acu feabhas a chur ar shaol mhuintir na hAirméine agus fás eacnamaíoch a chothú agus poist a chruthú. Maoiniú infheistíochta an Aontais, mar shampla:
- geilleagar inbhuanaithe, nuálach agus iomaíoch (i.e. trí thacaíocht dhíreach do 30 000 FBM)
- an nascacht, an fhorbairt shocheacnamaíoch agus an Chonair Thuaidh-Theas
- an claochlú digiteach, an nuálaíocht, an eolaíocht agus an teicneolaíocht
- éifeachtúlacht fuinnimh agus busanna glasa
- athléimneacht i réigiúin an deiscirt
Faoin straitéis Global Gateway, meastar go sroichfidh infheistíochtaí an Aontais san Airméin €2.5 billiún, rud a chothóidh fás cuimsitheach agus nascacht.
Athchóirithe agus an tsochaí
Tacaíonn an tAontas le forbairt shocheacnamaíoch agus le hathchóirithe socheacnamaíocha san Airméin tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.
Trína chuid cistí, tacaíonn an tAontas le hathchóirithe rialachais dhaonlathaigh san Airméin, leis an smacht reachta, agus le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint. Tacaíonn sé le hathchóirithe in earnáil an cheartais, cuireann sé neamhspleáchas na mbreithiúna chun cinn, agus cuireann sé le feabhsú an bhonneagair.
Tacaíonn an tAontas le tionscnaimh na sochaí sibhialta a chuireann athchóirithe frithéillithe chun cinn agus a ghníomhaíonn mar fhorais faire rialtais san Airméin.
Tá malartú fuinnimh agus idirthuras níos fearr idir an Airméin agus an tSeoirsia á gcistiú ag an Aontas freisin, i bpáirt tríd an Airméin a nascadh le heangach chumhachta an Aontais.
An Trádáil
Ba é an tAontas an ceathrú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Airméin in 2024, is é sin 7.5% de thrádáil iomlán na hAirméine in earraí, 4.7% d’onnmhairí na hAirméine agus 9.7% d’allmhairí na hAirméine.
Earraí monaraithe agus táirgí mianadóireachta is mó a bhíonn an Airméin a onnmhairiú chuig an Aontas.
Cuireann an tAontas cistiú, oiliúint agus tacaíocht onnmhairiúcháin ar fáil do chuideachtaí na hAirméine le haghaidh margaí nua tríd an tionscnamh EU4Business. Ó bhí 2009 ann, leithdháileadh breis agus €473 mhilliún ar chuideachtaí, tugadh tacaíocht do 25 000 fiontar agus cruthaíodh 900 post nua.
Cabhair dhaonnúil
Mar thoradh ar oibríocht mhíleata na hAsarbaiseáine i mí Mheán Fómhair 2023 sa Nagarna-Carabaic, theith níos mó ná 121 000 Airméanach Carabaice go dtí an Airméin.
Tá géarchéim easáitithe sa réigiún mar thoradh ar an gcoinbhleacht idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, agus tá tacaíocht bhunúsach, cuir i gcás dídean, cúnamh bia agus rochtain ar shláinte, de dhíth ar na mílte daoine.
Leanann an tAontas de thacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil dóibh siúd a easáitíodh as an Nagarna-Carabaic. Ó bhí 2020 ann, tá breis agus €40.4 milliún de chabhair dhaonnúil leithdháilte ag an Aontas Eorpach chun tacaíocht éigeandála a chur ar fáil dóibh siúd atá thíos leis.
Ar na rudaí atá mar chuid de chabhair dhaonnúil an Aontais, tá: bia, earraí sláinteachais agus tí, cúnamh ilchuspóireach in airgead tirim, dídean, oideachas i gcásanna éigeandála, tacaíocht sláinte agus shíceasóisialta agus trealamh leighis.
Tacaíonn oibríochtaí faoisimh dhaonnúil an Aontais le cabhair luaththéarnaimh chun cabhrú le daoine atá thíos leis an gcoinbhleacht a saol a atógáil trí ghairmoiliúint a chur ar fáil, agus tacú leis an gcóras sóisialta náisiúnta atá faoi bhrú chun aghaidh a thabhairt ar bhunriachtanais na ndaoine is leochailí.
Cuirtear cistiú daonnúil an Aontais ar fáil i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais.
Tacaíocht d’fhórsaí armtha na hAirméine
Idir 2024 agus 2026, leithdháil an tAontas €30 milliún tríd an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fórsaí armtha na hAirméine.
Tá sé d’aidhm ag an mbeart cúnaimh seo feabhas a chur ar acmhainneachtaí lóistíochta fhórsaí armtha na hAirméine, agus cuidiú le cosaint níos fearr a thabhairt do shibhialtaigh i ngéarchéimeanna agus in éigeandálaí.
Tá sé d’aidhm aige freisin borradh a chur faoi athléimneacht na hAirméine agus dlús a chur le hidir-inoibritheacht fhórsaí armtha na hAirméine i gcás ina bhféadfadh an tír a bheith rannpháirteach amach anseo i misin agus oibríochtaí míleata idirnáisiúnta, na cinn a bheidh á n-imscaradh ag an Aontas ina measc.
Féach freisin
Comhpháirtíocht an Oirthir
An Asarbaiseáin
An tSeoirsia
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026