Gluais: athchóiriú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
Athchóiriú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA)
Sraith beart lena gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an limistéir euro.
Ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí an Mheithimh 2018, tugadh sainordú don Ghrúpa Euro treisiú a thuilleadh leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar atá.
Áirítear an méid seo a leanas leis an sainordú sin:
- an t-aontas baincéireachta a neartú
- rioscaí a laghdú in earnáil na baincéireachta
- cúlstop coiteann a thabhairt isteach i dtaca leis an gCiste Réitigh Aonair, arna fhoráil faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE)
- agus na hionstraimí cúnaimh airgeadais agus ról SCE a fhorbairt
Phléigh an Grúpa Euro freisin smaointe éagsúla a chuirfeadh le hacmhainn fhioscach an limistéir euro. Ar an 4 Nollaig, ghlac an Grúpa Euro tuarascáil chuimsitheach a cuireadh faoi bhráid na gceannairí roimh an gCruinniú Mullaigh Euro ar an 14 Nollaig.
An t-aontas baincéireachta
Tarrtháil inmheánach: sásra trína bhféachtar chuige gurb iad na geallsealbhóirí agus na creidiúnaithe, thar aon dream eile, a sheasfaidh an costas a bhaineann le teacht i gcabhair ar bhanc atá i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh (murab ionann agus tarrtháil airgeadais, a bhaineann leas as airgead na gcáiníocóirí chuige sin).
An t-aontas baincéireachta: córas maoirseachta agus réitigh bhaincéireachta ar leibhéal an Aontais a fheidhmíonn ar bhonn rialacha uile-Aontais.
Cúlstop SCE ag an gCiste Réitigh Aonair: le húsáid i gcás réiteach banc murar leor iad na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste Réitigh Aonair. Is í earnáil na baincéireachta a íocfaidh ar ais an cistiú a gheofar ar iasacht ón gcúlstop. Is é an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a chuirfeadh an cúlstop ar fáil.
Scéim Eorpach Árachais Taiscí: togra ón gCoimisiún arb é is aidhm dó cosaint stóinsithe aonfhoirmeach a chur ar fáil do thaiscí sa limistéar euro. Is é an sprioc atá leis scéim aonair choiteann a bhunú faoina ndéanfaí gach taisce san aontas baincéireachta a árachú do luach suas le €100 000.
An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (MREL): an méid íosta caipitil agus dliteanais a chaithfeadh a bheith ag banc le go bhféadfadh sé caillteanais a iompar agus athchaipitliú a dhéanamh dá gclisfeadh sé. Is ionstraim thábhachtach í trínar féidir bainc anásta a réiteach ar bhealach ordúil gan cobhsaíocht an chórais airgeadais a chur i mbaol.
Iasachtaí neamhthuillmheacha: meastar gur iasacht neamhthuillmheach í iasacht bhainc nuair nach n-íocann an t-iasachtaí na tráthchodanna a comhaontaíodh ná an t-ús in imeacht 90 lá.
An Ciste Réitigh Aonair (SRF): ciste a úsáidtear chun cabhrú le réiteach na mbanc sin atá i mbéal cliseadh. Is í earnáil na baincéireachta a mhaoiníonn an t-iomlán.
An Sásra Réitigh Aonair: córas do réiteach ordúil ar bhainc atá i mbéal cliseadh, ar an gcostas is lú is féidir do cháiníocóirí agus don fhíorgheilleagar. Is é atá ann údarás lárnach réitigh faoi chuimsiú an aontais bhaincéireachta, an Bhoird Réitigh Aonair agus an Chiste Réitigh Aonair.
Sásra Maoirseachta Aonair: córas coiteann trína ndéantar maoirseacht ar bhainc san Aontas Eorpach. Déanann BCE maoirseacht dhíreach ar na bainc is tábhachtaí sa limistéar euro, fad is gurb iad na húdaráis baincéireachta náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar bhainc ar lú tábhacht iad, faoi fhaireachán BCE.
Athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach
Athstruchtúrú fiachais: próiseas a chuireann ar chumas eintiteas príobháideach nó poiblí atá in anás airgeadais fiachas a laghdú nó a athchaibidil mura bhfuil sé d'acmhainn aige an fiachas sin a íoc ar ais, d'fhonn leachtacht an eintitis a fheabhsú nó a athshlánú ionas go bhféadfaidh sé leanúint air i mbun oibríochta.
An Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE): institiúid airgeadais idirnáisiúnta a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil do thíortha an limistéir euro a bhfuil mórdheacrachtaí maoinithe acu nó ag bagairt orthu. Tá sé d'acmhainn aici €500 billiún a thabhairt ar iasacht ar an iomlán.
Sraith straitéisí iasachta: sraith ionstraimí atá ar fáil faoi láthair do SCE le go bhféadfaidh sé an cúram atá air a chur i bhfeidhm: iasachtaí faoi chuimsiú clár coigeartaithe maicreacnamaíoch, ceannacháin ar na margaí (príomha nó tánaisteacha), líne chreidmheasa réamhchúraim, iasachtaí chun bainc a athchaipitliú ar bhonn díreach agus indíreach. Go dtí seo áfach, níor baineadh leas ach as iasachtaí atá faoi chuimsiú clár airgeadais agus as athchaipitliú indíreach na mbanc.
Líne chreidmheasa réamhchúraim: cúnamh airgeadais arna dheonú ag SCE do thír ar leith sula dtéann sé rite léi cistí a chruinniú sna margaí caipitil, chun teacht roimh ghéarchéim. Is féidir é a tharraingt anuas trí iasacht nó trí stoc nó bannaí nua a eisiúint. Tá dhá chineál líne chreidmheasa réamhchúraim ann:
- líne chreidmheasa choinníollaithe réamhchúraim (PCCL): ar fáil do Bhallstát a bhfuil bonn fónta faoina staid eacnamaíoch agus airgeadais, ach sé chritéir incháilitheachta a bheith á gcomhlíonadh aige, amhail fiachas poiblí, seasamh seachtrach nó rochtain ar an margadh ar théarmaí réasúnacha.
- líne chreidmheasa le coinníollacha feabhsaithe (ECCL): ar fáil do Bhallstát a bhfuil bonn fónta i gcónaí faoina staid eacnamaíoch agus airgeadais ach nach bhfuil na critéir incháilitheachta á gcomhlíonadh aige le haghaidh PCCL. Is féidir leas a bhaint as ECCL ar an gcoinníoll go nglactar bearta ceartaitheacha chun fadhbanna a sheachaint amach anseo a mhéid a bhaineann le rochtain a fháil ar mhaoiniú margaidh.
Clásail shingil chomhghníomhaíochta: rialacha dlíthiúla maidir le bannaí ceannasacha a chumasaíonn athstruchtúrú ordúil, intuartha fiachais. Laghdaíonn siad an baol atá ann go gcinnfeadh grúpa beag sealbhóirí bannaí gan a bheith páirteach san athstruchtúrú agus go dtiocfaidís le chéile mar mhionlach chun bac a chur air, ag súil le margadh níos fearr a fháil dóibh féin (fadhb an chreidiúnaí dhobhogtha). Cuireann an "dobhogadh" sin moill ar theacht ar réiteach ar an ngéarchéim. Tá sé beartaithe ag airí airgeadais an limistéir euro na rialacha sin a thabhairt isteach faoin mbliain 2022 agus an gealltanas sin a áireamh i gconradh SCE.
Ionstraim maidir leis an iomaíochas agus leis an gcóineasú
Togra maidir le hionstraim bhuiséadach a chruthú arb é is aidhm di cóineasú eacnamaíoch a chothú a fheabhsódh an t-iomaíochas i mBallstáit an limistéir euro. D'áireofaí an ionstraim sin ar bhuiséad an Aontais.