Skip to content

Seirbhísí na meán closamhairc

Tá na meáin chlosamhairc faoi réir rialacha mhargadh aonair na hEorpa, fearacht earraí agus seirbhísí eile.

Tá treoir sheirbhísí na meán closamhairc (AVMSD) tar éis an bealach a réiteach i dtreo mhargadh aonair na hEorpa maidir le seirbhísí na meán closamhairc:

  • comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha áirithe a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar
  • éascú a dhéanamh ar sheirbhísí meán closamhairc a sholáthar ar fud an Aontais ar bhonn phrionsabal na tíre tionscnaimh

Leagtar amach in AVMSD an bunús maidir le margadh an Aontais i leith seirbhísí closamhairc a bheidh oscailte cothrom. Rialaítear sa treoir craoltóireacht teilifíse traidisiúnta agus na seirbhísí nua ar éileamh araon, cé nach ionann an chaoi a gcaitear leo.

San amlíne thíos tugtar forléargas ar an bplé atá ar siúl faoi láthair sa Chomhairle chun an treoir a nuashonrú.

I bhfianaise na n-athruithe tapa atá ag teacht ar an teicneolaíocht, teacht chun cinn samhlacha nua gnó eile agus an t-athrú atá ag teacht ar iompraíocht an luchta féachana, chinn an Coimisiún an treoir a nuachóiriú agus ghlac sé togra leasaitheach i mí na Bealtaine 2016. I measc phríomhghnéithe an togra tá an méid seo leanas:

  • leathnú ar raon feidhme na treorach agus ardáin comhroinnte físeán a chuimsiú, le cosaint mionaoiseach agus le cosaint in aghaidh na fuathchainte agus an fhoréigin a áirithiú
  • tuilleadh ailínithe ar rialacha maidir le seirbhísí líneacha agus seirbhísí ar éileamh chun gur mó iomaíocht a bheidh ag baint leis an teilifís ó thaobh soláthraithe seirbhísí físeáin ar éileamh
  • neamhspleáchas na rialálaithe náisiúnta a neartú agus comhlacht Eorpach de chuid na rialálaithe náisiúnta (ERGA) a chruthú le cur chun feidhme na treorach ar shlí atá níos comhchuibhithe agus níos fearr a áirithiú

Tá AVMSD mar chuid den straitéis maidir le margadh aonair digiteach arb é is aidhm di a áirithiú go mbaineann geilleagar, tionscal agus sochaí na hEorpa lántairbhe as an ré úr dhigiteach. Tá an-bhorradh faoin margadh agus faoin teicneolaíocht, ní mór don Aontas a áirithiú go mbeidh na rialacha ábhartha bord ar bord leis na hathruithe sin.

Tá os cionn milliún saoránach de chuid an Aontais fostaithe go díreach san earnáil closamhairc agus in earnáil na meán. Ní mór don earnáil closamhairc agus d'earnáil na meán creat na meán don 21ú haois a chruthú agus é a chur in oiriúint don ré seo.

Prionsabal na tíre tionscnaimh (COO)

Cloch choirnéil na treorach is ea COO. Níl soláthraithe seirbhíse ach faoi réir na rialacha is infheidhme sa tír ina bhfuil siad bunaithe. Ar an meán, tá 31%de sheirbhísí físeáin ar éileamh atá ar fáil i mBallstát amháin bunaithe i mBallstát eile.

Cén fáth ar gá athbhreithniú a dhéanamh uirthi?

Ón uair a glacadh í in 2010, tá athrú nach beag tagtha ar thírdhreach na meán closamhairc. Tá an lucht féachana, mionaoisigh go hairithe, ag imeacht ón teilifís thraidisiúnta agus ag bogadh i dtreo an domhain ar líne, agus baineann ualach rialála i bhfad Éireann níos mó leis an teilifís ná mar a bhaineann leis an domhan ar líne.

Ní hamháin go gcuimsítear na meáin thraidisiúnta ann amhail an teilifís (lena n-áirítear fógraí teilifíse, urraíocht, agus suíomh táirgí), ach foilseacháin dhigiteacha na meán nua agus seirbhísí ar líne chomh maith. Is éard is aidhm leis an togra ardáin comhroinnte físeán agus seirbhísí físeáin ar éileamh (VOD) a chumhdach. Áiríodh na meáin shóisialta ag céim ní ba dhéanaí sa phlé.

Dá bhrí sin, sa treoir tabharfar isteach solúbthacht i gcás nach bhfuil údarú le srianta nach bhfuil infheidhme ach i gcás na teilifíse amháin a thuilleadh. Ag an am céanna, áireofar ann go dtabharfar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí i ndomhan an éilimh agus i ndomhan an Idirlín, agus nach gcuirfear srian leis an nuálaíocht. Is éard atá i gceist cothromaíocht a bhaint amach idir an t-iomaíochas agus cosaint tomhaltóirí.

An tAontas sa ré úr dhigiteach

  • Tá an méid ama a chaitear ag féachaint ar an teilifís ag dul i laghad

  • tháinig laghdú 7.5% ar an méid ama a chaitheann daoine óga ag féachaint ar an teilifís

  • Meastar go dtiocfaidh méadú ó 64% in 2014 go 80% faoi 2019 ar sciar físeán idirlín i dtrácht idirlín na dtomhaltóirí

Is éard is aidhm leis an togra freagairt d'athruithe teicneolaíochta nó d'athruithe sa mhargadh, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, atá tugtha leis aige ag an aistriú digiteach d'fhonn iomaíochas thionscal closamhairc na hEorpa a chaomhnú, agus ag an am céanna leasanna an phobail i gcoitinne a chaomhnú, amhail an méid seo a leanas:

  • cosaint mionaoiseach
  • saoirse na meán agus iolrachas
  • éagsúlacht chultúrtha
  • cosaint tomhaltóirí

Cuireann sé na rialacha is gá ar fáil chun na forbairtí teicneolaíochta a mhúnlú ionas gur féidir ár saoránaigh, agus ár leanaí go háirithe, a chosaint ar ábhar closamhairc atá díobhálach, amhail an fhuathchaint, an foréigean agus an sceimhlitheoireacht, agus saoirse cainte a chaomhnú.

Ar bhonn thoradh chomhairliúcháin phoiblí a rinne an Coimisiún sainaithníodh na saincheisteanna seo a leanas le hathbhreithniú a dhéanamh orthu in AVMSD athbhreithnithe:

  • cothrom na Féinne a áirithiú do sheirbhísí na meán closamhairc
  • an leibhéal is fearr cosanta tomhaltóirí a chur ar fáil
  • úsáideoirí a chosaint agus an fhuathchaint agus an t-idirdhealú a thoirmeasc
  • ábhar closamhairc Eorpach a chur chun cinn
  • an margadh aonair a neartú
  • saoirse na meán agus an t-iolrachas a neartú
  • rochtain ar fhaisnéis agus rochtain ar ábhar do dhaoine faoi mhíchumas

Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA)

De bhíthin ERGA tugtar le chéile cinn nó ionadaithe ardleibhéil na gcomhlachtaí náisiúnta rialála neamhspleácha i réimse na seirbhísí closamhairc, le comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme AVMSD an Aontais.

Na mionsonraí

Baineann an comhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an chothromaíocht cheart amach idir na rialacha atá ann faoi láthair agus a riachtanaí atá sé athchóiriú a dhéanamh. Déantar an méid seo a leanas leis na rialacha nua:

  • tabharfar cothrom na Féinnedo na hoibreoirí ar fad ó thaobh an lucht féachana a chosaint, beag beann ar an tseirbhís atá á cur ar fáil acu ná an t-ardán atá in úsáid acu. Beidh an chosaint chéanna ag úsáideoirí agus iad ag breathnú ar scannán, bíodh sé sin ar an teilifís thraidisiúnta nó ar teilifís ar éileamh.
  • freagracht shoiléir a thabhairt isteach i ndáil le hardáin comhroinnte físeán chun feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar do mhionaoisigh agus do gach úsáideoiró ábhar foréigneach nó díobhálach, agus ón bhfuathchaint. Beidh na Ballstáit in ann gníomhú trína gcuid rialálaithe náisiúnta closamhairc i gcoinne na n-oibreoirí sin nach gcloíonn leis na rialacha

Is gné thábhachtach de na rialacha nua an síneadh a cuireadh le raon feidhme na hardáin comhroinnte físeán agus na seirbhísí ar éileamh a bhfuil d'aidhm leo an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an éagsúlacht chultúrtha a mhéadú agus an t-ábhar Eorpach a chur chun cinn, ós rud é go mbeidh orthu siúd a chuireann seirbhísí meán closamhairc ar éileamh ar fáil a chinntiú gur ábhar Eorpach a bheidh i 30% ar a laghad dá gcatalóg agus go dtabharfar tús áite mar is ceart dó
  • acmhainní a fháil lena n-infheistiú i dtáirgeadh ábhair Eorpaigh ós rud é go mbeidh na Ballstáit in ann ranníocaíocht airgeadais a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí teilifíse agus seirbhísí meán ar éileamh, lena n-áirítear na soláthraithe sin atá bunaithe i mBallstát eile, cé go mbeidh díolúintí ann le gurbh fhusa an saol do chuideachtaí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta

Beidh an méid seo a leanas sna gnéithe idirdhealaithe a bhaineann leis na rialacha nua:

  • feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis chlosamhairc na mBallstát trí ghrúpa na rialálaithe Eorpacha do sheirbhísí meán closamhairc (ERGA) a neartú agus trína ról a leagan amach i ndlí an Aontais
  • a ráthú go mbeidh solúbthacht ann mar go mbeidh na Ballstáit in ann na rialacha a chur in oiriúint dá gcúinsí náisiúnta féin agus fiú rialacha níos déine a ghlacadh más mian leo

Sa Chomhairle

I mí na Bealtaine 2016, chuir an Coimisiún a thogra faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa mar chuid dá straitéis maidir le margadh aonair digiteach. Tá an togra á scrúdú sa Chomhairle le linn roinnt uachtaránachtaí agus thíolaic Uachtaránacht na Slóvaice tuarascáil ar dhul chun cinn i mí na Samhna 2016.

I mí na Bealtaine 2017, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta, ba é an éagsúlacht ba mhó a bhí ann idir tuairimí na n-airí ná leathnú ar an raon feidhme i ndáil le hardáin comhroinnte físeáin, na forálacha maidir le dlínse agus cur chun cinn na saothar Eorpach i dtaobh seirbhísí ar éileamh. Chuir ocht mBallstát i gcoinne an chur chuige ghinearálta ar na cúiseanna seo a leanas, den chuid is mó: gur leathnaíodh an raon feidhme chun ábhar closamhairc ar na meáin shóisialta a chuimsiú; an cuóta 30% maidir le saothar as an Eoraip a forchuireadh ar sheirbhísí ar éileamh; agus go bhféadfaí ranníocaíochtaí airgeadais a éileamh ar chraoltóirí teilifíse áirithe.

Ar an iomlán, tionóladh deich gcinn de chruinnithe tríthaobhacha. A bhuí leis an naoú cruinniú tríthaobhach neamhfhoirmiúil a bhí ar siúl ar an 26 Aibreán 2018, thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na saincheisteanna a bhí fós gan réiteach, a d'fhág an bealach glan don chomhaontú deiridh ar ar thángthas air le linn an chruinnithe thríthaobhaigh dheiridh ar an 6 Meitheamh 2018.

Ar an 13 Meitheamh, dhearbhaigh Coreper an téacs comhréitigh críochnaitheach. Cuireadh an téacs deiridh sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa le go bhformhuineoidh agus go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh é.

Is ar an 6 Samhain 2018 a ghlac an Chomhairle an treoir.

Cúlra

Rialaítear le treoir sheirbhísí na meán closamhairc atá ag an Aontas comhordú uile-Aontais na reachtaíochta náisiúnta maidir le gach seirbhís sna meáin chlosamhairc, idir sheirbhísí craolacháin teilifíse traidisiúnta agus sheirbhísí ar éileamh.

D'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun tuairimí gach páirtí leasmhar a lorg faoi cé mar is féidir tírdhreach mheáin closamhairc na hEorpa a bheith ann a bheidh oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach. Bhí an comhairliúchán ar siúl idir Iúil agus Meán Fómhair 2015.

  • 2019

    21 Samhain

    Bealaí chun earnáil an chlosamhairc a neartú pléite ag an gComhairle

    Bhí díospóireacht phoiblí ag an gComhairle, dar teideal 'Buanna, acmhainneacht nuálaíochta agus iomaíochas domhanda thionscail chultúrtha, chruthaitheacha agus chlosamhairc na hEorpa'.

  • 2018

    6 Samhain

    Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun mionaoisigh a chosaint agus níos mó den ábhar Eorpach a chur chun cinn

    Nuashonrú déanta ag an Aontas ar na rialacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc; beidh an teilifís thraidisiúnta agus seirbhísí nua amhail craoladh ar éileamh san iomaíocht lena chéile ar bhonn cothrom anois. Anuas air sin, cinnteoidh rialacha nua le haghaidh ardáin comhroinnte físeán go ndéanfar an lucht féachana, go háirithe mionaoisigh, a chosaint ar bhealach níos fearr ar ábhar foréigneach nó díobhálach, nó ar fhuathchaint.

    Féachann na rialacha nua le héagsúlacht chultúrtha a mhéadú agus ábhar Eorpach a chur chun cinn chomh maith trí chuóta 30% d’ábhar Eorpach ar a laghad a thabhairt isteach i gcatalóg na soláthraithe a chuireann seirbhísí meán closamhairc ar éileamh ar fáil.

  • 2018

    13 Meitheamh

    An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha nua a ghlacadh chun mionaoisigh a chosaint agus níos mó den ábhar Eorpach a chur chun cinn

    Dhearbhaigh ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas go rabhthas tagtha ar chomhaontú maidir leis na rialacha reatha i ndáil le soláthar seirbhísí meán closamhairc san Eoraip a nuashonrú. D'fhonn cothrom na Féinne a áirithiú idir an earnáil craoltóireachta thraidisiúnta (i.e. an teilifís) agus seirbhísí nua cosúil le seirbhísí físeáin ar éileamh, ardáin comhroinnte físeán, agus an t-ábhar closamhairc ar na líonraí sóisialta. Ar na cuspóirí a áirítear, tá:

    • cosaint níos fearr a thabhairt don lucht féachana
    • an nuálaíocht a spreagadh
    • ábhar closamhairc de chuid na hEorpa féin a chur chun cinn
  • 2017

    22-23 Bealtaine

    Oiriúnú d'athruithe teicneolaíochta, iomaíochas Eorpach agus luachanna bunúsacha i seirbhísí closamhairc a chaomhnú

    Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh treoir athbhreithnithe maidir le seirbhísí meán closamhairc. Bhí tuairimí éagsúla ann maidir le roinnt príomhcheisteanna i dtaobh an méid seo a leanas:

    • raon feidhme na treorach
    • rialacha dlínse
    • cuóta do shaothair Eorpacha
    • rannchuidiú airgeadais