Skip to content

Próiseas ainmniúcháin do chinn nua institiúidí an Aontais in 2019

Tá ról tábhachtach ag an gComhairle Eorpach i ndáil le ceapacháin a dhéanamh i bpoist iomráiteacha ar leibhéal an Aontais. Ar an 2 Iúil 2019, thogh sí Uachtarán na Comhairle Eorpaí, mhol sí iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, iarrthóir ar Ardionadaíocht an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus iarrthóir ar Uachtaránacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Uachtarán na Comhairle Eorpaí

De réir na gConarthaí (Airteagal 15(5)), is í an Chomhairle Eorpach a thoghann a hUachtarán, trí thromlach cáilithe. Fanann an t-uachtarán sa phost sin ar feadh téarma dhá bhliain go leith, téarma is féidir a athnuachan uair amháin.

Thogh ceannairí an Aontais Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach ar an 2 Iúil 2019. Chuaigh sé i mbun oifige an 1 Nollaig 2019.

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Is sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 17(7)) a leagtar síos an nós imeachta le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin a ainmniú don chéad chúig bliana eile.

"Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir le haghaidh Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Mura sroichfidh sé an tromlach is gá, molfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua do Pharlaimint na hEorpa faoi cheann míosa agus toghfaidh Parlaimint na hEorpa é de réir an nós imeachta chéanna." An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 17(7).

Ina theannta sin, i nDearbhú 11 a ghabhann leis an gConradh, luaitear go bhfuil "Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach freagrach go comhpháirteach as dea-oibriú an phróisis chun Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh. Dá bharr sin, sula ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh, rachaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí i mbun an chomhairliúcháin is gá faoin gcreat a mheastar is iomchuí."

Ar an 2 Iúil 2019, rinne an Chomhairle Eorpach an cinneadh lena ndéantar Ursula von der Leyen a mholadh do Pharlaimint na hEorpa mar iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Rinne Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin a thoghadh ar an 16 Iúil 2019.

Ar an 10 Meán Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle, de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí Ursula von der Leyen, an liosta de na daoine a bhfuil sé beartaithe aici iad a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. Roghnaíodh iad de réir mholtaí na mBallstát.

Ar an 25 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle, de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí Ursula von der Leyen, liosta nua de na daoine a bhfuil sé beartaithe aici iad a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Ar an 27 Samhain 2019, vótáil Parlaimint na hEorpa Coimisiún Von der Leyen a fhormheas. Ar an 28 Samhain, cheap an Chomhairle Eorpach an Coimisiún nua trí nós imeachta i scríbhinn don tréimhse ón 1 Nollaig 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Grafaic faisnéise - Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh (Grafaic faisnéise)

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh (Grafaic faisnéise)

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ceapann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe freisin, agus le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Airteagal 18(1)). Feidhmíonn an tArdionadaí, a cheaptar ar feadh cúig bliana, mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach agus déanann sé nó sí cathaoirleacht ar chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha. Faigheann an tArdionadaí cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).

Ar an 2 Iúil 2019, mheas an Chomhairle Eorpach gurbh é Josep Borrell Fontelles an t-iarrthóir ab iomchuí ar Ardionadaíocht an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Ar an 26 Iúil, d'aontaigh Ursula von der Leyen, Uachtarán toghaí an Choimisiúin, Josep Borrell Fontelles a cheapadh ina Ardionadaí.

Ina dhiaidh sin, ar an 6 Lúnasa, cheap an Chomhairle Eorpach Josep Borrell Fontelles ina Ardionadaí go foirmiúil.

Ar an 27 Samhain 2019, vótáil Parlaimint na hEorpa Coimisiún Von der Leyen a fhormheas ina chomhlacht agus ceapadh Josep Borrell Fontelles ina Ardionadaí agus ina Leas-Uachtarán air. Ar an 28 Samhain, cheap an Chomhairle Eorpach an Coimisiún nua trí nós imeachta i scríbhinn don tréimhse ón 1 Nollaig 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Ceapann an Chomhairle Eorpach Uachtarán BCE ar feadh tréimhse ocht mbliana. Déanann sí a cinneadh (deireanach) ar bhonn moladh ón gComhairle. Agus an cinneadh á dhéanamh aici, téann an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE (ina bhfuil seisear comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, móide rialtóirí bhainc cheannais naoi mBallstát déag an limistéir euro). Déanann an Chomhairle Eorpach a cinneadh trí vótáil tromlaigh cháilithe. Leagtar amach an nós imeachta sin in Airteagal 283 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Ar an 2 Iúil 2019, mheas an Chomhairle Eorpach gurb í Christine Lagarde an t-iarrthóir iomchuí ar Uachtaránacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh. D’eisigh an Chomhairle (Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais) moladh foirmiúil ansin ina dhiaidh sin, ar an 9 Iúil 2019. Thug Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach a dtuairimí don Chomhairle Eorpach ar an 17 Meán Fómhair 2019 agus ar an 25 Iúil 2019 faoi seach.

Ar an 18 Deireadh Fómhair 2019, cheap an Chomhairle Eorpach Christine Lagarde ina hUachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach ar feadh téarma neamh-inathnuaite 8 mbliana. Chuaigh sí i mbun oifige ar an 1 Samhain 2019.

Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE
Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)

Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)

Urraim d'éagsúlacht gheografach, dhéimeagrafach agus inscne

Deirtear an méid seo a leanas i nDearbhú 6 a ghabhann leis an gConradh: "Nuair atá daoine á roghnú chun feidhmeanna Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a shealbhú, ní mór aird chuí a thabhairt ar an ngá atá ann éagsúlacht gheografach agus dhéimeagrafach an Aontais agus a chuid Ballstát a urramú." Tá forálacha níos ginearálta sa Chonradh freisin maidir leis an ngá le cothromaíocht inscne a áirithiú.

Ag cruinniú neamhfhoirmiúil chinn stáit nó rialtais an Aontais ar an 23 Feabhra 2018, phléigh ceannairí an Aontais na ceapacháin ardleibhéil agus próiseas na 'Spitzenkandidaten'. Ag an bpreasagallamh i ndiaidh an chruinnithe mullaigh dúirt an tUachtarán Donald Tusk gur chomhaontaigh na ceannairí nach bhféadfadh an Chomhairle Eorpach a ráthú roimh ré go molfadh sí duine de na príomh-iarrthóirí ar oifig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. D'aontaigh na ceannairí nach bhféadfaí aon uathoibríocht a bheith sa phróiseas sin. Tá sé leagtha síos go ríshoiléir sa Chonradh gur inniúlacht fhéinrialaitheach de chuid na Comhairle Eorpaí é iarrthóir a ainmniú, ag féachaint do na toghcháin Eorpacha agus tar éis di dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí.