Skip to content

Bianna núíosacha

In 2013, d'fhógair an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le bianna núíosacha, lena ndírítear ar na rialacha atá ann faoi láthair, a théann chomh fada siar le 1997, a thabhairt cothrom le dáta.

Athraíodh an táirgeadh bia mar gheall ar dhul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch, agus cruthaíodh comhábhair nua agus modhanna nua táirgthe, amhail nanaitheicneolaíocht leis sin. Chomh maith leis sin, mar thoradh ar mhórthurasóireacht agus ar imirce, cuireadh níos mó suime i mbianna - amhail feithidí nó torthaí trópaiceacha - nach cuid den aiste bia traidisiúnta san Aontas Eorpach iad.

Méadaíodh leis sin an gá atá ann tomhaltóirí a chur ar a suaimhneas faoina shábháilte agus atá na táirgí nua atá ar an margadh.

I gcoitinne, féachtar leis an reachtaíocht a bheartaítear saorghluaiseacht na mbianna núíosacha a éascú tuilleadh ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh agus leibhéal ard sábháilteachta bia á chaomhnú ag an am céanna.

Féachtar leis an reachtaíocht sin dlús a chur leis an nós imeachta údarúcháin lena ndéantar measúnú ar a shábháilte agus atá bianna sula gcuirtear ar an margadh iad. Tá mar aidhm leis an reachtaíocht an sainmhíniú ar bhia núíosach a shoiléiriú freisin.

Ar an 16 Samhain 2015, ghlac an Chomhairle rialacha nua, mar a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa iad ar an 28 Deireadh Fómhair 2015.

Cad is brí le ‘bia núíosach’ ar mhargadh an Aontais Eorpaigh?

Is bia é nár itheadh 'mórán puinn' san Aontas Eorpach roimh mhí Bealtaine 1997, nuair a tháinig an chéad Rialachán maidir leis an méid sin i bhfeidhm. Áirítear bianna ina bhfuil comhábhair nua nó bianna a gcuirtear próiseas táirgthe nua i bhfeidhm ina leith ar an sainmhíniú sin. Áirítear an méid a leanas ar na samplaí sin:

  • táirgí de chineál bainne agus iógairt na gcuirtear eistir bhreise fíteastaróil
  • fosfailipidí ó bhuíocán uibhe
  • próitéiní téachta prátaí agus hidrealasáití de sin

Rialacha nua

Tugtar isteach roinnt athruithe ar na rialacha atá ann cheana leis an téacs a comhaontaíodh.

Nós imeachta údarúcháin níos gasta

Ar an meán, mairfidh an nós imeachta údarúcháin tuairim is 18 mí faoi na rialacha nua le hais na trí bliana atá i gceist faoi láthair.

Leis na rialacha nua, cuirfear córas ar leibhéal an Aontais in ionad córas na n-údarúchán náisiúnta atá ann faoi láthair. Ciallóidh sé sin go bhféadfadh oibreoir bia, bia núíosach a chur ar an margadh ach é a bheith údaraithe agus curtha ar liosta an Aontais. Dá thoradh sin, faoi seach, seachnófar iarratais nua a bheith á gcur isteach ag gnólachtaí eile faoi dhó i gcás an bhia núíosaigh chéanna.

Cuirfear dlús le trédhearcacht an nós imeachta leis an dréacht-Rialachán, trí chead a thabhairt d'aon pháirtí leasmhar faisnéis eolaíoch a chuir faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, agus ar an gcaoi sin, ní dhéanfar tástálacha faoi dhó, go háirithe i gcás ainmhithe.

Nana-ábhair

Cumhdaítear bia ina bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu nó bia atá comhdhéanta de nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu leis na rialacha nua agus ceanglaítear leo go mbeidh na modhanna tástálacha a chuirtear i bhfeidhm i gcás na hanailíse leordhóthanach ó thaobh saintréithe na n-ábhar sin.

Tugtar cead don Choimisiún an sainmhíniú ar ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil nó do na sainmhínithe a mbeadh glacadh leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Clónáil

Beidh feidhm ag na rialacha nua maidir le bia ó chlóin ainmhithe, go dtí go dtiocfaidh rialacha sonracha maidir leis sin i bhfeidhm. Tá na dréacht-Rialacha ón gCoimisiún maidir le clónáil á bplé faoi láthair sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa.

Bia ó fhíochán agus ó fheithidí

Beidh feidhm ag na rialacha nua maidir le bia a dhéantar ó fhíochán agus ó shaothrán ceall agus ó fheithidí. Bheadh siad faoi réir nós imeachta údarúcháin freisin mar thoradh air sin.

Teacht i bhfeidhm na rialacha nua

I ndiaidh don Chomhairle rialacha nua a ghlacadh ar an 16 Samhain 2015, foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad ar an 11 Nollaig 2015 agus thángadar i bhfeidhm 20 lá ina dhiaidh sin. Beidh siad infheidhme i dtíortha an Aontais dhá bhliain ó dháta a dteacht i bhfeidhm.