Skip to content

Oibrithe a phostú

Leag an tAontas rialacha síos chun cosaint d’oibrithe ar postú a ráthú agus an tsaoirse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar a chaomhnú.

Cad is oibrí ar postú ann?

Is éard is ‘oibrí ar postú’ ann fostaí a gcuireann a fhostóir ar bhonn sealadach chun seirbhís a chur ar fáil i mBallstát seachas an Ballstát ina n-oibríonn sé de ghnáth.

Nuair a thagann deireadh leis an bpostú, filleann an t-oibrí ar postú ar an tír den Aontas ónar postaíodh iad.

Tá postú oibrithe bunaithe ar phrionsabal na saorghluaiseachta seirbhísí laistigh den Aontas, ar ceann de cheithre shaoirse an mhargaidh aonair é.

Na príomhearnálacha ina mbíonn oibrithe ar postú

Foirgníocht

Monaraíocht

Iompar (bóthar/lasta)

Trádstóráil

Seirbhísí airgeadais, gairmiúla, eolaíocha agus riaracháin

Sláinte an duine agus obair shóisialta

Rialacha an Aontais maidir le hoibrithe a phostú

Tá rialacha leagtha síos ag an Aontas chun a chinntiú go gcosnaítear cearta agus dálaí oibre oibrithe ar postú san Aontais agus go mbeidh cothrom iomaíochta ann idir cuideachtaí postaithe agus cuideachtaí óstacha, agus prionsabal na saorghluaiseachta seirbhísí á choinneáil.

Coinníollacha oibre

Cibé tír a bhfuil na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta is fearr aici, is í sin an trí a mbeidh feidhm aici maidir le hoibrithe ar postú.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh oibrithe ar postú faoi réir rialacha a dtíre óstaí má tá leas níos mó le baint astu ná rialacha a dtíre baile. Sa chás sin, ní mór dá bhfostóir bunrialacha na tíre óstaí maidir le cosaint d’fhostaithe agus téarmaí fostaíochta a bhaineann leis an méid seo a leanas, mar shampla, a chomhlíonadh:

  • luach saothair
  • tréimhsí uasta oibre
  • saoire bhliantúil íoctha a íosta
  • cóir chomhionann idir fir agus mná
  • liúntas taistil

Má tá na téarmaí agus na coinníollacha níos fabhraí i dtír bhaile an oibrí ar postú, ní mór don fhostóir leanúint de théarmaí agus coinníollacha na tíre baile a chur i bhfeidhm agus an t-oibrí ar postú.

Cearta agus oibleagáidí na n-oibrithe ar postú

Tá oibrithe ar postú faoi árachas ina dtír bhaile fós agus ní gá dóibh clárú leis na húdaráis slándála sóisialta ina dtír óstach.

Mar sin féin, ní mór dóibh a iarraidh ar an údarás slándála sóisialta ina dtír bhaile fianú (Doiciméad Iniompartha A1) a eisiúint chun a dheimhniú go bhfuil siad faoi árachas ina dtír bhaile sula dtosaíonn siad ag obair sa tír óstach. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le turais ghnó agus gníomhaíochtaí gearra (suas le 3 lá oibre as a chéile laistigh de thréimhse 30 lá). Níl feidhm ag an eisceacht sin san earnáil tógála.

Gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí

Ní mór do ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí na téarmaí agus na coinníollacha céanna fostaíochta a thabhairt d’oibrithe ar postú agus atá ag oibrithe sealadacha a fhostaítear sa Bhallstát ina ndéantar an obair.

Postú fadtéarmach

Má dhéantar oibrí a phostú ar feadh níos mó ná 12 mhí (nó 18 mí i gcásanna eisceachtúla), beidh feidhm ag beagnach gach gné de dhlí saothair na tíre óstaí maidir leo. Má mhaireann an postú ar feadh tréimhse níos mó ná 24 mhí, beidh siad faoi réir chóras slándála sóisialta an Bhallstáit óstaigh.

An ríomhdhearbhú d’oibrithe ar postú

Chun a chinntiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm a dhéanamh cinnte de go bhfuil cosaint ag oibrithe ar postú, is féidir a cheangal ar fhostóirí i mBallstát amháin fógra (‘dearbhú postála’) a sheoladh chuig na húdaráis sa tír óstach sula gcuirfear tús leis an bpostú (nó, ar a dhéanaí, nuair a chuirfear tús leis). Tá an oibleagáid sin bunaithe ag gach tír den Aontas.

Tá an tAontas ag obair ar dhearbhuithe postála a dhigiteáil go hiomlán trí chomhéadan coiteann ar líne a bhunú ionas nach mbeidh ar ghnólachtaí foirmeacha éagsúla a líonadh isteach i gcás gach Ballstát a thuilleadh. Cuideoidh sé sin le rialacha a chomhchuibhiú agus an t-ualach riaracháin a laghdú.

D’fhéadfadh go sábhálfadh cuideachtaí níos mó ná 70% den am a ghlacann sé na dearbhuithe postála a chomhlánú trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach leictreonach, agus 81% den chostas riaracháin foriomlán a bhaineann le dearbhuithe postála a chur isteach, má ghlacann gach Ballstát páirt sa tionscnamh.

Chuideodh sé freisin leis na húdaráis náisiúnta trí thrédhearcacht a mhéadú agus beidh sé níos éasca orthu faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le hoibrithe ar postú.

Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an togra ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2026.

Tá an ríomhdhearbhú maidir le hoibrithe a phostú ar cheann de phríomhspriocanna an treochláir ‘Eoraip Amháin, Margadh Aonair’.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Meitheamh 2026