Skip to content

An Seimeastar Eorpach in 2016

Mí na Samhna

Suirbhé bliantúil fáis 2017

Sa suirbhé bliantúil fáis do 2017, moltar do Bhallstáit an Aontais iarrachtaí níos tréine a dhéanamh maidir leis na tosaíochtaí seo a leanas:

  • an infheistíocht a sheoladh an athuair
  • athchóirithe struchtúracha a shaothrú
  • beartais fhónta fhioscacha phoiblí a áirithiú

Ina theannta sin, leagtar béim ar chothroime shóisialta a áirithiú, mar shlí chun fás níos cuimsithí ná mar a bhí a spreagadh, agus ar an ngá le hiomaíochas, nuálaíocht agus táirgiúlacht a neartú.

An tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht

Is é tátal na tuarascála comhpháirtí ar fhostaíocht go bhfuil feabhas ag teacht ar staid fostaíochta agus shóisialta san Aontas i gcomhthéacs téarnamh measartha eacnamaíoch. Bhí feabhas ar chúrsaí de réir fhormhór tháscairí mhargadh an tsaothair in 2016. Tháinig laghdú leanúnach ar an ráta dífhostaíochta agus i mí Mheán Fómhair 2016 b’ionann an ráta agus 8.6% (10% sa limistéar euro). Tháinig laghdú leanúnach ar dhífhostaíocht i measc na n-óg agus ar dhífhostaíocht fhadtéarmach, ach tá na rátaí sin fós ard i roinnt Ballstát.

Tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh

Sa tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh ón gCoimisiún Eorpach, tugtar anailís ar an staid i bhfianaise téarnamh eacnamaíoch atá leanúnach ach fós leochaileach.

Tá sé de rún ag an gCoimisiún grinn-athbhreithnithe a chur i gcrích i 13 Bhallstát chun a mheas an bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith iontu: An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.

I gcás na mBallstát a bhaineann leas as cúnamh airgeadais, déantar faireachas ar a míchothromaíochtaí agus faireachán ar bhearta ceartaitheacha i gcomhthéacs a gclár cúnaimh. Baineann sé sin leis an nGréig i mbliana.

Dréachtmholadh don limistéar euro do 2017

Sa dréachtmholadh don bhliain 2017, i measc bearta eile, moltar go dtabharfaidh an limistéar euro seasamh fioscach foriomlán a bheidh dearfach, go gcuirfidh sé beartais i bhfeidhm lena gcothófar fás, go n-aontóidh sé scéim Eorpach árachais taiscí, agus go bhfiosróidh sé bearta eile chun an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú.

Mí Dheireadh Fómhair

Pléann an Chomhairle na ceachtanna a foghlaimíodh ó Sheimeastar Eorpach 2016

Ar an 11 Deireadh Fómhair, phléigh an Chomhairle na ceachtanna a foghlaimíodh ó Sheimeastar Eorpach 2016 agus na réimsí ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh iontu sa chéad timthriall eile den Seimeastar Eorpach.

Bíonn an plé sin ar siúl ar bhonn bliantúil sa Chomhairle anois agus é mar aidhm aige leanúint d’fheabhas a chur ar fheidhmiú an tSeimeastair. Bunaíodh an malartú tuairimí ar litir ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

Leag an Coiste béim ar dhá réimse ina bhfuil gá le níos mó oibre tar éis Seimeastar Eorpach 2016: úinéireacht náisiúnta agus cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha.

Chun go ndéanfar feabhas maidir leis an dá ghné sin, molann an Coiste níos mó poiblíochta a thabhairt don phróiseas agus níos mó idirphlé déthaobhach a spreagadh idir na Ballstáit agus níos mó athbhreithnithe piaraí a dhéanamh eatarthu.

Molann sé freisin comhordú agus comhsheasmhacht níos fearr idir na moltaí ón gCoimisiún Eorpach chuig na Ballstáit, go háirithe idir na moltaí lena ndírítear ar shaincheisteanna fioscacha agus ar an staid fhioscach agus na moltaí le haghaidh athchóirithe struchtúracha.

Mí Iúil

Tacaíonn an Chomhairle Eorpach leis na moltaí tír-shonracha

Ar an 12 Iúil 2016, d’fhormheas an Chomhairle moltaí agus tuairimí tír-shonracha. Thug sí mínithe, freisin, i gcásanna inar leasaigh an Chomhairle na moltaí a rinne an Coimisiún. Chun dúbláil a sheachaint, níl aon mholtaí tír-shonracha ann i gcás na Gréige, ós rud é go bhfuil an tír faoi réir cláir choigeartaithe eacnamaíocha.

Mí an Mheithimh

Glacann an Chomhairle moltaí tír-shonracha, agus tugann sí Seimeastar Eorpach 2016 chun críche

Ghlac an Chomhairle na moltaí tír-shonracha do Bhallstáit an Aontais go foirmiúil, tar éis don Chomhairle Eorpach iad a fhormhuiniú i mí an Mheithimh. Is í seo an chéim dheiridh i dtimthriall Seimeastar Eorpach 2016.

Dírítear sna moltaí ar bheartais eacnamaíocha, fioscacha agus fostaíochta na mBallstát agus ar a gcuid athchóirithe struchtúracha, ag brath ar staid gach tíre. Meastar go gcuirfidh na rialtais na moltaí sin chun feidhme le linn 2016.

Tugadh na moltaí don Spáinn agus don Phortaingéil beagáinín chun dáta i gcomhréir leis na céimeanna iomchuí atá le glacadh faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach.

Cuirfear tús leis an Seimeastar Eorpach nua ag deireadh fhómhar na bliana 2016.

Cinntí faoin nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach

Ar an 12 Iúil, ghlac an Chomhairle cinntí lena suitear nach bhfuil gníomh éifeachtach déanta ag an bPortaingéil ná ag an Spáinn mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2013, inar tugadh comhairle dóibh maidir lena n-easnaimh rialtais a cheartú faoi 2015 agus 2016 faoi seach.

Mar thoradh ar na cinntí ón gComhairle agus i gcomhréir leis na rialacha i ndáil leis an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach, meastar go dtíolacfaidh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh smachtbhannaí laistigh de 20 lá. Féadfaidh fíneálacha go dtí uasmhéid 0.2% den OTI agus fionraí i bpáirt ar an gcistiú atá ar fáil faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais Eorpaigh a áireamh ar na smachtbhannaí.

Meastar go nglacfar na cinntí ar smachtbhannaí mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt laistigh de 10 lá tar éis an togra ón gCoimisiún.

Féadfaidh an Spáinn agus an Phortaingéil iarraidh réasúnaithe a dhéanamh leis na smachtbhannaí a laghdú nó a chur ar ceal laistigh de 10 lá.

Tacaíonn an Chomhairle Eorpach leis na moltaí tír-shonracha

Ag an gcruinniú a bhí aici ar an 28 Meitheamh, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach na moltaí tír-shonracha, tar éis iad a anailísiú agus a fhormheas ag foirmíochtaí éagsúla de chuid na Comhairle.

Déanann an Chomhairle moltaí tír-shonracha 2016 a fhormheas

Ar an 17 Meitheamh, d’fhormheas an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na moltaí tír-shonracha do 27 mBallstát don bhliain 2016. Níl aon mholadh maidir leis an nGréig sna moltaí toisc gur faoi chlár coigeartaithe eacnamaíoch a dhéantar faireachán ar a cuid beartas eacnamaíoch sin.

Sna moltaí ón gComhairle, cumhdaítear cláir athchóirithe náisiúnta a thíolaic na Ballstáit ní ba luaithe i mbliana agus áirítear orthu na tuairimí ón gComhairle maidir leis na cláir náisiúnta um chobhsaíocht agus um chóineasú. Gheofar comhairle sna moltaí a chineann ón nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha freisin.

D’fhormheas an Chomhairle doiciméad, freisin, ina mínítear na hathruithe a rinne sí ar na dréachtmholtaí tír-shonracha arna moladh ag an gCoimisiún Eorpach.

Scrúdaigh foirmíocht na Comhairle Fostaíochta, Beartais Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí codanna áirithe de na cláir náisiúnta um athchóiriú, ar an 14 Meitheamh 2016.

An nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach

Ar an 17 Meitheamh, chinn an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais go bhfuil an staid maidir le heasnamh iomarcach sa Chipir, in Éirinn agus sa tSlóivéin curtha ina ceart. Dá bhrí sin, d'aisghair sí na cinntí faoi seach ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith sna tíortha sin. Rinneadh na cinntí sin anailís agus na moltaí ón gCoimisiún Eorpach.

Mí na Bealtaine

Conclúidí ón gComhairle faoi ghrinn-athbhreithnithe 2016 agus faoi chur chun feidhme mholtaí tír-shonracha 2015

Ghlac an Chomhairle na conclúidí ag cruinniú Ecofin ar an 25 Bealtaine.

Tagann an Chomhairle le torthaí na ngrinn-athbhreithnithe a rinne an Coimisiún i 19 mBallstát agus leis an gcaoi ar aicmigh an Coimisiún staid mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha na dtíortha sin, agus d’fhéadfadh sé, de réir na gcritéar, nárbh ann do na míchothromaíochtaí sin ar chor ar bith nó go mbeidís iomarcach.

I measc saincheisteanna eile, leagann an Chomhairle béim ar an ngá atá le gníomhaíocht bheartais agus gealltanas láidir d’athchóirithe struchtúracha i ngach Ballstát, go háirithe i gcásanna ina mbíonn tionchar ag na míchothromaíochtaí ar dhea-fheidhmiú an limistéir euro.

I ndáil le cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha a eisíodh i gcomhthéacs Sheimeastar Eorpaigh 2015, bhain an Chomhairle de thátal as sin go raibh na torthaí míchothrom ó réimse beartais go réimse beartais agus ó Bhallstát go Ballstát agus nach ndearnadh dul chun cinn suntasach ach i líon beag cásanna. Sa chomhthéacs sin, tá fíorghá leis na dálaí infheistíochta a fheabhsú d’fhonn infheistíocht phríobháideach bhreise a mhealladh isteach san fhíorgheilleagar.

Dréachtmholtaí tír-shonracha

Ar an 18 Bealtaine, mhol an Coimisiún Eorpach dréachtmholtaí tír-shonracha ina leagtar amach comhairle shaincheaptha maidir leis an mbeartas eacnamaíoch do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh don tréimhse 12-18 mí amach romhainn, d’fhonn borradh a chur faoin bhfás.

I ndréachtmholtaí na bliana 2016, dírítear ar thrí réimse tosaíochta chun téarnamh eacnamaíoch na mBallstát a threisiú: athchóirithe struchtúracha, infheistíocht agus beartais fhónta fhioscacha.

I ndréachtmholtaí tír-shonracha na bliana seo, leagtar béim bhreise, i measc nithe eile, ar dhúshláin atá ann don limistéar euro agus ar an idirthuilleamaíocht idir geilleagair an limistéir euro, i gcomhréir leis an moladh a comhaontaíodh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

Ar na moltaí don Phortaingéil agus don Spáinn, áirítear tagairtí sonracha do cheartú na n-easnamh iomarcach a bhí ag an dá thír in 2016 agus 2017 faoi seach.

Déanfaidh an Chomhairle anailís ar na moltaí atá beartaithe d’fhonn iad a ghlacadh i mí an Mheithimh 2016.

An nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

D’aithin an Coimisiún go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an gCróit agus ag an bPortaingéil, ar gá gníomhú dá réir, agus arbh iomchuí go n-osclófaí, de ghnáth, an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha.

Dá ndéanfadh an dá thír a gcláir uaillmhianacha um athchóiriú, ar leor tríd is tríd iad, a chur chun feidhme ar bhealach dian tráthúil, d’fhéadfadh sé, mar sin féin, nach mbeadh gá leis an nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a oscailt.

An nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach

Molann an Coimisiún go gcuirfidh an Chomhairle deireadh leis an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach i gcás na Cipire, na hÉireann agus na Slóivéine.

Go luath i mí Iúil, féadfar cinntí foirmiúla i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach a ghlacadh ar bhonn measúnú ar an ngníomhaíocht a ghlac an Spáinn agus an Phortaingéil de láimh mar fhreagairt ar na moltaí ón gComhairle atá i bhfeidhm i láthair na huaire.

Ina theannta sin, chinn an Coimisiún go bhfuil an Bheilg, an Iodáil agus an Fhionlainn ag cloí leis na ceanglais maidir le cobhsaíocht agus le fás faoi láthair, go háirithe an critéar fiachais. Déanfar an measúnú ar chás na hIodáile a athbhreithniú i mí na Samhna 2016.

Mí an Mhárta

Formhuiníonn an Chomhairle Eorpach na beartais tosaíochta

Ar an 17 Márta, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach réimsí tosaíochta beartais an tsuirbhé bhliantúil fáis do 2016:

  • an infheistíocht a sheoladh an athuair
  • athchóirithe struchtúracha a chur i bhfeidhm chun ár ngeilleagair a nuachóiriú
  • beartais stuama fhioscacha a ghabháil

Treorófar cláir náisiúnta um athchóiriú na mBallstát agus a gcláir um chobhsaíocht agus um chóineasú do 2016 trí bhíthin na dtosaíochtaí sin.

Thug an Chomhairle Eorpach dá haire freisin comhairliúchán an Choimisiúin maidir le saincheisteanna sóisialta agus leag sí béim ar an tábhacht a bhain le margaí saothair agus córais leasa shóisialta a bheith ag feidhmiú mar is cheart.

Tuarascálacha de réir tíre agus grinn-athbhreithnithe ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

Ar an 8 Márta, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht ina ndearnadh achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha deireanacha ar 26 thír, ina n-áirítear grinn-athbhreithnithe ar an staid mhaicreacnamaíoch in 18 mBallstát: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

Bhain an Coimisiún de thátal as an méid sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh, le hais na bliana 2015, chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí ina gcuid geilleagar. Tá dul chun cinn déanta acu, freisin, maidir leis na moltaí tír-shonracha a d'eisigh an Chomhairle anuraidh a chur i gcrích, bíodh is nach ionann an dul chun cinn atá déanta sna tíortha ná sna réimsí beartais go léir.

Is é cuspóir na ngrinn-athbhreithnithe, tuiscint níos fearr a fháil ar an staid mhaicreacnamaíoch sna tíortha a shainaithnítear sa tuarascáil faoin sásra foláirimh do 2016 mar thíortha a bhféadfadh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bheith iontu. Tá na hathbhreithnithe ina gcuidiú lena chinneadh cibé acu is ann nó nach ann do mhíchothromaíochtaí, a thromchúisí atá siad, agus cibé acu an gá an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a thionscnamh nó nach gá.

Chun cur i bhfeidhm an nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a shimpliú, sa bhliain 2016 rinneadh an catagóiriú ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a laghdú ó shé chatagóir go ceithre chatagóir: míchothromaíochtaí ar bith, míchothromaíochtaí, míchothromaíochtaí iomarcacha agus míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhar le gníomh ceartaitheach.

I mí an Mhárta, tuigeadh don Choimisiún nach bhfuil geilleagair 6 thír faoi réir míchothromaíochtaí eacnamaíocha de réir chritéir an nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, go bhfuil 7 dtír faoi réir míchothromaíochtaí agus go ndearnadh míchothromaíochtaí iomarcacha a shainaithint i 5 thír.

Chríochnaigh an Chipir a clár coigeartaithe airgeadais ar an 31 Márta 2016, agus tá sí anois faoi réir an timthrialla rialta ar chomhordú an bheartais eacnamaíoch Eorpaigh, lena n-áirítear an nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Ghlac an Coimisiún Eorpach grinn-athbhreithniú i gcás na Cipire ar an 7 Aibreán 2016. Measann an Coimisiún go bhfuil an Chipir faoi réir míchothromaíochtaí iomarcacha, rud a fhágann go bhfuil líon na dtíortha atá faoi réir míchothromaíochtaí iomarcacha ardaithe go dtí 6 anois.

Níl míchothromaíochtaí iomarcacha in aon cheann de na tíortha rud a d'fhágfadh gur ghá nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a sheoladh.

Seimeastar Eorpach 2016: míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus easnaimh rialtais

Tá clár coigeartaithe maicreacnamaíoch á chur chun feidhme sa Ghréig faoi láthair agus dá bhrí sin níl sí faoi réir na bpróiseas rialachais eacnamaíoch sa Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear an nós imeachta do mhíchothromaíochtaí iomarcacha.

An ghné shóisialta den Seimeastar

Ag an gcruinniú a bhí acu ar an 7 Márta 2016, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí fostaíochta maidir leis na gnéithe sin de Sheimeastar Eorpach na bliana 2016 a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta. Bhí an díospóireacht dírithe ar chur chun feidhme na moltaí tír-shonracha agus úsáideadh an deighilt i margadh an tsaothair agus socruithe conarthacha mar chás-staidéar.

Chuir na hairí an méid a leanas in iúl go láidir:

  • comhfheasacht ar na dúshláin agus tacaíocht agus comhthoil fhorleathan ríthábhachtach d’aon chlár oibre don athchóiriú
  • is gá do na comhpháirtithe sóisialta ról tábhachtach a imirt agus ba cheart go mbeidís rannpháirteach go dlúth
  • tá tacaíocht phoiblí (ón tsochaí shibhialta) agus tacaíocht pholaitiúil riachtanach freisin
  • tá faisnéis, dea-chumarsáid agus trédhearcacht mhéadaithe ríthábhachtach freisin
  • caithfidh athchóirithe struchtúracha a bheith cuimsitheach agus caithfear aird a thabhairt ar ghrúpaí ar leith (daoine óga, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach)
  • caithfidh athchóirithe a bheith bunaithe ar fhís fhadtéarmach

Chomhaontaigh na hairí gur gá go mbunófaí na moltaí tír-shonracha ar fhianaise atá beacht agus cothrom agus ar chleachtais na mBallstát chomh maith.

Feabhra

Cruinniú na Comhairle Eorpaí

Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí a bhí ar siúl ar an 18 agus ar an 19 Feabhra, d'fhormhuinigh ceannairí an Aontais an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

Eanáir

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an suirbhé bliantúil fáis agus an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh don bhliain 2016

Ar an 15 Eanáir ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an suirbhé bliantúil fáis agus maidir leis an tuarascáil faoin sásra foláirimh don bhliain 2016.

Tagann an Chomhairle go ginearálta leis an anailís agus leis na moltaí ón gCoimisiún. Is iad seo a leanas na tosaíochtaí don bhliain 2016:

  • an infheistíocht a sheoladh an athuair
  • athchóirithe struchtúracha a shaothrú
  • freagracht a áirithiú

Sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an tuarascáil faoin sásra foláirimh don bhliain 2016, tagtar, a bheag nó a mhór, leis an anailís a rinne an Coimisiún agus fáiltítear roimh na tograí a bhfuil mar aidhm leo an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch a fheabhsú. Meastar don Chomhairle, áfach, nár ghá, i ndáil leis an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch, na nua-tháscairí breise fostaíochta a chur leis an scórchlár.

Formheasann an Chomhairle an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro

Ar an 15 Eanáir, d’fhormheas Comhairle Ecofin an dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Is nós imeachta nua é sin ó thaobh an tSeimeastair Eorpaigh .i. an moladh maidir leis an limistéar euro a theacht roimh na moltaí tír-shonracha. Ar an gcaoi sin ba cheart go mbeadh léiriú níos fearr ar na dúshláin chomhchoiteanna sna moltaí agus sna gníomhaíochtaí tír-shonracha. Meastar go nglacfaidh Comhairle Ecofin an moladh i mí an Mhárta, tar éis don Chomhairle Eorpach é a fhormhuiniú i mí Feabhra.

Molann an Chomhairle go saothrófaí beartaissa limistéar euro don tréimhse 2016-2017 lena ndéanfar na nithe seo leanas:

  • tacaíocht a thabhairt don téarnamh eacnamaíoch
  • cóineasú a spreagadh
  • an bealach a réiteach le haghaidh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú
  • an acmhainn coigeartaithe eacnamaíoch a fheabhsú

Molann sí freisin go gcuirfeadh an limistéar euro chun feidhme roinnt athchóirithe i ndáil leis na margaí saothair, táirgí agus seirbhísí.

Maille leis sin, moltar go saothrófaí beartais fhioscacha agus an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis á lánurramú agus é mar aidhm seasamh neodrach comhiomlán fioscach a bhaint amach sa limistéar euro in 2016, agus le hintinn an fiachas poiblí a laghdú in 2017.

Moltar go rachfaí i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha na mbanc freisin agus go ndéanfar na himeachtaí dócmhainneachta a fheabhsú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh araon. Meastar freisin go n-iarrfaidh baill an limistéir euro go ndéanfar an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chomhlánú.

An Seimeastar Eorpach i mblianta roimhe sin