Rialachán nua maidir le scagadh
Le rialacha an Aontais maidir le scagadh, cinntítear go ndéanfar gach duine atá faoi réir scagtha a tharchur go tapa chuig an nós imeachta ábhartha — tearmann nó filleadh — ag an teorainn nó ar shiúl ón teorainn.
Seiceálacha agus sainaithint an nós imeachta cheart
Is é is aidhm don rialachán nua maidir le scagadh a áirithiú go suífear go tapa céannacht na náisiúnach tríú tír atá faoi réir scagtha, agus aon rioscaí sláinte agus slándála freisin, agus go ndéanfar gach náisiúnach tríú tír a thagann isteach san Aontas gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chur faoi réir an nós imeachta cheart is infheidhme maidir leo.
Féadfar náisiúnach tríú tír atá faoi réir scagadh a tharchur chuig ceann amháin den dá nós imeachta seo a leanas:
- an nós imeachta tearmainn
- filleadh ar a dtír thionscnaimh
Ba cheart an scagadh a dhéanamh gar do na teorainneacha seachtracha thar uastréimhse 7 lá agus beidh feidhm aige maidir le daoine nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le teacht isteach san Aontas:
- teorainn sheachtrach a thrasnú ar tír, ar muir nó san aer
- daoine a tugadh i dtír le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir
- daoine a ghabhtar laistigh den chríoch más rud é gur éalaigh siad ó rialuithe ag na teorainneacha seachtracha ar dtús (go heisceachtúil, sa chás sin, ba cheart an scagadh a dhéanamh laistigh de 3 lá)
Beidh na rudaí seo a leanas san áireamh leis an scagadh:
céannacht a shainaithint nó a fhíorú
seiceálacha sláinte agus leochaileachta
seiceálacha slándála, méarlorgaireacht agus clárú i mbunachar sonraí Eurodac
Ag deireadh an scagtha, díreofar gach duine lena mbaineann chuig an nós imeachta ábhartha;
- tearmann nó
- filleadh
Sásra faireacháin
Cinnteoidh sásra faireacháin neamhspleách, a bheidh le cur ar bun ag gach Ballstát, go bhfónfar do chearta bunúsacha i rith an ama.
Úsáidfear an sásra nua freisin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal an non-refoulement (cuirtear cosc ar thír a fhaigheann iarrthóirí tearmainn iad a chur ar ais chuig tír inar dócha go mbeidís i mbaol géarleanúna) agus rialacha náisiúnta maidir le coinneáil nuair a chuirfear i bhfeidhm iad le linn an scagtha.
Obair ar an gcomhshocrú imirce agus tearmainn
An 22 Meitheamh 2022, d’fhormheas an Chomhairle sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra. An 20 Nollaig 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir leis an rialachán maidir le scagadh ina leagtar amach an nós imeachta ábhartha a bheidh le leanúint, chomh maith le go leor comhad eile sa chomhshocrú imirce agus tearmainn.
An 8 Feabhra 2024, d’fhormhuinigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais an socrú ar thángthas air i mí na Nollag mar aon leis na trí dhlí a comhaontaíodh cheana idir an Chomhairle agus an Pharlaimint in 2022.
Ghlac an Chomhairle comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann an 14 Bealtaine 2024.
- Sainorduithe caibidlíochta maidir leis an Rialachán Eurodac agus scagadh formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 22 Meitheamh 2022)
- An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar thobréiteach san athchóiriú ar chóras imirce agus tearmainn an Aontais (preaseisiúint, an 20 Nollaig 2023)
- Athchóiriú ar thearmann agus imirce: comhaontú le Parlaimint na hEorpa formheasta ag ionadaithe Bhallstáit an Aontais (preaseisiúint, an 8 Feabhra 2024)
- Rialachán maidir le scagadh, an 9 Feabhra 2024
- Comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Bealtaine 2024)
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Feabhra 2025