Skip to content

An Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Tá an clár tacaíochta um athchóiriú struchtúrach ann chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe struchtúracha institiúideacha agus riaracháin a cheapadh agus a chur chun feidhme agus leas níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhaint as na cistí Eorpacha atá ar fáil chun na gcríoch sin.

Beidh an clár á reáchtáil ó 2017 go dtí 2020 agus tá buiséad €142.8 milliún ar fáil dó.

Cuireann an clár leis na cláir eile de chuid an Aontais atá ann cheana agus leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh fothú acmhainní agus cúnamh teicniúil. Is é an breisluach a bhaineann leis an gclár go soláthrófar cúnamh, comhairle agus saineolas ar an láthair, le linn an phróisis athchóirithe nó le linn céimeanna aonair de, d’údaráis náisiúnta na mBallstát a iarrann an méid sin.

Baineadh leas i dtogra an chláir as an taithí dhearfach a bhí ag an Aontas nuair a sholáthair sé cúnamh teicniúil don Ghréig agus don Chipir i gcomhthéacs chur chun feidhme a gclár coigeartaithe eacnamaíoch. Leis an gclár seo cuirtear saineolas den chineál sin ar fáil do gach Ballstát de chuid an Aontais.

Croineolaíocht

I mí na Samhna 2015 thíolaic an Coimisiún Eorpach an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, mar chuid den phacáiste doiciméad don Seimeastar Eorpach, 2016. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa faoin togra ar an 8 Feabhra 2017. Ghlac an Chomhairle an togra ar an 11 Bealtaine 2017 tar éis do Pharlaimint na hEorpa é a ghlacadh ar an 27 Aibreán 2017.

I mí na Nollag 2017, chuir an Coimisiún Eorpach togra isteach chun méadú €80 milliún a dhéanamh ar chlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus chun a chuspóir ginearálta a oiriúnú. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa faoin togra ar an 11 Iúil 2018.

Príomhphointí

An creat dlíthiúil

Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh mar aon le Parlaimint na hEorpa an rialachán (faoin ngnáthnós imeachta reachtach). Is trí thromlach cáilithe a chaith an Chomhairle a vóta maidir leis an togra.

Ba í Meitheal na gComhairleoirí Airgeadais a scrúdaigh an togra sa Chomhairle.

Ionas go nglacfaí an togra bhí gá le leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 lena mbunaítear na forálacha coiteanna maidir leis na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha uile - Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR) - agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

Aidhm agus cuspóirí

Is é príomhsprioc an chláir cabhrú le haon tír a mbeadh athchóirithe struchtúracha lena gcothaítear an fás á gcur i bhfeidhm aici. Ba cheart go mbeadh na hathchóirithe sin ina gcabhair maidir le feabhas a chur ar an iomaíochas agus maidir le táirgiúlacht agus fás inbhuanaithe a mhéadú, poist a chruthú agus dlús a chur faoin infheistíocht, go háirithe i gcomhthéacs próiseas rialachais eacnamaíoch.

Bheadh cúnamh ar fáil, leis an gclár, chun go mbainfear úsáid éifeachtúil éifeachtach thrédhearcach as cistí an Aontais.

Bainfear an aidhm sin amach trí chabhrú leis na Ballstáit a gcumas riaracháin agus institiúideach a fheabhsú. Ba cheart freisin go gcabhródh sé sin leo a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais chun feidhme ar bhealach níos fearr, chomh maith leis na moltaí tír-shonracha a fhaigheann na Ballstáit gach samhradh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (córas an Aontais lena ndéantar beartas eacnamaíoch a chomhordú). Is gá comhordú den sórt sin a dhéanamh chun go mbainfear amach cóineasú níos fearr i measc gheilleagair an Aontais mar aon le fás eacnamaíoch inbhuanaithe ar fud an Aontais.

Na hathchóirithe a mbeidh tacaíocht ar fáil dóibh faoin gclár

Soláthrófar an tacaíocht d’údaráis an Bhallstáit ar iarraidh a fháil ón mBallstát sin.

Beidh an tacaíocht ar fáil d’athchóirithe a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

  • is athchóirithe iad a bhaineann le cur chun feidhme moltaí tír-shonracha arna eisiúint faoin Seimeastar Eorpach agus faoi bhearta eile a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais
  • baineann siad le cur chun feidhme clár sonrach coigeartaithe eacnamaíoch
  • chuir na Ballstáit i bhfeidhm iad ar a dtionscnamh féin d’fhonn infheistíocht inbhuanaithe, fás inbhuanaithe agus cruthú post a bhaint amach

Is le haghaidh na n-athchóirithe agus na saincheisteanna is tábhachtaí a dhéanfar an tacaíocht a sholáthar mar a chomhaontófar an Ballstát iarrthach leis an gCoimisiún Eorpach iad.

Mhol an Chomhairle go ndéanfaí roinnt leasuithe ar an dréachtrialachán a bhainfeadh leis an ról a bheadh ag na Ballstáit sna próisis maidir le tacaíocht den sórt sin a iarraidh, cur chun feidhme na tacaíochta agus faireachán a dhéanamh uirthi.

Buiséad

Leis an rialachán, foráiltear do bhuiséad de EUR 142.8 milliún. Déanfar an tsuim sin a dhealú ó na hacmhainní cúnaimh theicniúil a fhaightear faoi láthair faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE).

Mhol an Chomhairle nach mbainfí acmhainní as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ach amháin ar bhonn eisceachtúil agus go mbeadh sé gan dochar d’aon togra a dhéanfaí amach anseo.

I mí na Nollag 2017, mhol an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí méadú €80 milliún ar chlúdach airgeadais an chláir.

  • 2018

    • 18 Iúil

      Uachtaránacht na Comhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa

      Ar an 11 Iúil 2018, tháinig Uachtaránacht na hOstaire ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le méadú a dhéanamh ar bhuiséad an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach. D’fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais an comhaontú ar an 18 Iúil.

      Cuirfear bailchríoch ó thaobh teanga agus dlí ar an téacs anois. Meastar go gcaithfidh Parlaimint na hEorpa vóta ar an téacs deiridh i mí Mheán Fómhair. Ba cheart go nglacfadh an Chomhairle é agus go bhfoilseofaí in IO é go gairid ina dhiaidh sin.

  • 2017

    • 11 Nollaig

      Togra faighte ag an gComhairle méadú a dhéanamh ar chlúdach airgeadais an chláir um athchóiriú struchtúrach

      Ó tháinig an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i bhfeidhm, tá na Ballstáit tar éis tairbhe iomlán a bhaint as an gclár agus is mó go mór na hiarratais ar thacaíocht ná an méid cistiúcháin atá ar fáil dá thimthrialla bliantúla. Mar sin tá an Coimisiún ag beartú méadú €80 milliún a dhéanamh ar bhuiséad an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach le haghaidh na tréimhse 2019-20.

      Mhol sé chomh maith oiriúnú a dhéanamh ar a chuspóir ginearálta agus an SRSP á úsáid chomh maith le tacú le hathchóirithe struchtúracha na mBallstát mar chuid dá n-ullmhúchán chun teacht isteach sa limistéar euro. Cuirfidh an méid sin le cuspóir tosaigh an chláir, is é sin, tacú le cur chun feidhme na n-athchóirithe atá dírithe ar fhás a chothú i gcomhthéacs rialachas eacnamaíoch an Aontais, agus athchóirithe struchtúracha féintionscnaimh.

    • 11 Bealtaine

      An rialachán maidir le clár tacaíochta um athchóiriú struchtúrach glactha ag an gComhairle

      Ar an 11 Bealtaine, ghlac an Chomhairle an leagan deireanach den rialachán lena mbunaítear an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tar éis do Pharlaimint na hEorpa é a fhormheas ar an 27 Aibreán 2017.

      Beidh an rialachán infheidhme go díreach i mBallstáit uile an Aontais agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    • 8 Feabhra

      Uachtaránacht na Comhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa

      D’éirigh le hUachtaránacht na Comhairle clabhsúr a chur ar an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gclár atá beartaithe.

      Táthar chun bailchríoch a chur ar théacs an togra le linn cainteanna breise faoi ghnéithe teicniúla. Meastar go ndéanfaidh Coiste Buanionadaithe (Coreper) na Comhairle an comhaontú a fhormhuiniú sa Chomhairle roimh vóta iomlánach Pharlaimint na hEorpa.

  • 2016

    • 28 Aibreán

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta

      Chomhaontaigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) an seasamh caibidlíochta thar ceann na Comhairle.

      Tacaíodh i gcoitinne leis an togra ón Uachtaránacht i dtaca le seasamh caibidlíochta na Comhairle. I measc na moltaí sa téacs, moltar go ndéanfaí ról na mBallstát a neartú i dtaobh an tacaíocht a iarraidh agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh uirthi. Moltar freisin sa téacs nach mbainfí acmhainní as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa ach amháin ar bhonn eisceachtúil agus go ndéanfaí é gan dochar d’aon togra a dhéanfaí amach anseo.