- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 30 Meitheamh 2017 12:05
Córas dul isteach-imeachta: Tá sé deimhnithe ag an gComhairle gur tháinig an Uachtaránacht agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir leis na príomhfhorálacha polaitiúla
Ar an 30 Meitheamh 2017, dhearbhaigh ambasadóirí an Aontais Eorpaigh gur thángthas ar chomhaontú idir Uachtaránacht Mhálta na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar an 29 Meitheamh maidir le saincheisteanna polaitiúla togra le haghaidh córas dul isteach/imeachta agus maidir le togra lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen i ndáil leis an gcóras dul isteach/imeachta, agus go rabhthas ag súil anois teacht ar chomhaontú foriomlán ach na saincheisteanna teicniúla atá fós ann a bheith réitithe. Leis an gcóras sin, clárófar faisnéis faoi theacht isteach, faoi imeacht agus faoi cead isteach a diúltaíodh i gcás náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil teorainneacha seachtracha limistéar Schengen á dtrasnú acu.
Beidh an córas dul isteach-imeachta ina chabhair chun:
- moilleanna ar sheiceáil teorann a laghdú agus feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann trí thréimhse fanachta údaraithe gach taistealaí a ríomh go huathoibríoch
- sainaithint na rófhantóirí a áirithiú ar bhealach córasach, iontaofa
- an tslándáil inmheánach agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta a neartú trí chead a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar thaifid stair taistil
“Tá an córas dul isteach-imeachta mar chuid d’iarrachtaí an Aontais Eorpaigh chun an rialú a threisiú ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Cuirfidh sé ar ár gcumas an imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr, go háirithe i gcásanna rófhanachta, agus feabhas a chur ar ár bhfreagairt ar an mbagairt sceimhlitheoireachta atá ann faoi láthair.” Michael Farrugia, Aire Gnóthaí Baile agus Slándála Náisiúnta Mhálta
Sa chomhréiteach polaitiúil i ndáil le córas dul isteach/imeachta clúdaíodh roinnt gnéithe tábhachtacha, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
An fhaisnéis arna stóráil
Beidh feidhm ag an gcóras dul isteach/imeachta maidir le náisiúnaigh tríú tír, idir na náisiúnaigh a bhfuil sé de cheanglas orthu víosa a bheith acu agus iad siúd atá díolmhaithe ó víosa, a ligtear isteach ar feadh tréimhse gearrfhanachta 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Clárófar ann a dteacht isteach, a n-imeacht agus má diúltaíodh cead isteach.
Stórálfar faisnéis freisin maidir lena ndoiciméid aitheantais agus taistil, chomh maith lena sonraí bithmhéadracha (ceithre mhéarlorg agus íomhá aghaidhe).
Déantar foráil sa dréachtrialachán chomh maith le haghaidh idir-inoibritheacht idir an córas dul isteach/imeachta agus an córas faisnéise víosaí (VIS) le haghaidh na náisiúnach tríú tír sin a bhfuil sé de cheanglas orthu víosa a bheith acu chun teorainn sheachtrach an Aontais Eorpaigh a thrasnú, lena bhfágfar gur sciobtha, éifeachtúil na rialuithe ag an teorainn.
Is éard atá sa chóras dul isteach/imeachta bunachar sonraí lárnach ina stóráiltear an fhaisnéis, atá nasctha le comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta.
Sonraí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír, déanfar iad a choinneáil chun críocha bainistiú teorainneacha ar feadh tréimhse cúig bliana i gcás rófhantóirí agus trí bliana i gcásanna eile.
Rochtain ar an bhfaisnéis
Beidh rochtain ar an bhfaisnéis atá á stóráil sa chóras dul isteach-imeachta ag údaráis teorann, údaráis víosaí agus údaráis laistigh de na Ballstáit atá inniúil chun seiceáil a dhéanamh an gcomhlíonann náisiúnach tríú tír na coinníollacha teacht isteach nó fanachta.
Beidh na sonraí atá sa chóras dul isteach-imeachta ar fáil freisin do na húdaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe agus do Europol, chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, de réir coinníollacha mar a leagtar amach iad sa rialachán.
Ba cheart aon rochtain ar an bhfaisnéis atá sa chóras dul isteach-imeachta, agus aon phróiseáil a dhéantar uirthi, a bheith comhréireach agus riachtanach chun cúraimí na n-údarás inniúil a chomhlíonadh.
Na chéad chéimeanna eile
Leanfar leis an obair ar an leibhéal teicniúil sna laethanta atá romhainn d’fhonn bailchríoch a chur ar théacs an dá dhréachtrialachán. Ansin, cuirfear an comhaontú ina iomláine faoi bhráid ambasadóirí an Aontais lena fhormhuiniú thar ceann na Comhairle. Ina dhiaidh sin, cuirfear an rialachán atá á bheartú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa le haghaidh vóta ar an gcéad léamh, agus ansin faoi bhráid na Comhairle chun go nglacfar é.
Cúlra
Is leagan athbhreithnithe de phacáiste reachtach a thíolaic an Coimisiún i mí Feabhra 2013 é an rialachán atá á bheartú. Tar éis do na comhreachtóirí a n-ábhair imní teicniúla, airgeadais agus oibríochtúla a chur in iúl maidir le gnéithe áirithe den phacáiste 2013, thug an Coimisiún faoi staidéar teicniúil, a lean tionscadal píolótach é a cuireadh de chúram ar eu-LISA, gníomhaireacht an Aontais i ndáil le bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála. Ar bhonn thorthaí na céime ullmhúcháin sin, thíolaic an Coimisiún togra athbhreithnithe ar an 6 Aibreán 2016.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024