Cad is sciúradh airgid ann?
Tá an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ina n-ábhar mór imní do gheilleagar agus do chóras airgeadais an Aontais agus do shlándáil a shaoránach.
An 20 Iúil 2021 thíolaic an Coimisiún Eorpach pacáiste tograí reachtacha arb é is aidhm dóibh saoránaigh an Aontais agus córas airgeadais an Aontais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.
An 30 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle an pacáiste reachtaíochta sin lena neartófar agus lena leathnófar a thuilleadh rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Bunófar leis an bpacáiste freisin údarás Eorpach nua um fhrithsciúradh airgid (ÚSAC) a thabharfaidh ról comhordúcháin dó chomh maith le cumhachtaí maoirseachta díreacha agus indíreacha.
Beidh ÚSAC lonnaithe in Frankfurt agus cuirfear tús lena chuid oibríochtaí i lár 2025.
Cad is sciúradh airgid ann?
Is próiseas é an sciúradh airgid ina ndéanann coirpigh foinse mhídhleathach a gcuid sócmhainní a cheilt.
Úsáideann siad córais airgeadais faoi thalamh chun idirbhearta agus íocaíochtaí a phróiseáil gan aird na sásraí faireachais a tharraingt orthu.
An sciúradh airgid i bhfigiúirí
Meastacháin dhomhanda:
déantar idir €715 bhilliún - €1.87 trilliún de OTI domhanda (2%-5%) a sciúradh gach bliain
San Aontas Eorpach:
70% líon na líonraí coiriúla atá gníomhach san Aontas a mbíonn cineál éigin sciúrtha airgid ar bun acu chun a gcuid oibríochtaí a mhaoiniú agus a gcuid sócmhainní a cheilt
80% líon na líonraí coiriúla atá gníomhach san Aontas a bhaineann mí-úsáid as struchtúir dhlíthiúla ghnó dá gcuid gníomhaíochtaí coiriúla
Idir €117 - €210 billiún: an méid airgid atá nasctha leis na gníomhaíochtaí agus na hidirbhearta amhrasacha a bhaineann leas as córas airgeadais agus as geilleagar an Aontais
Conas a oibríonn an sciúradh airgid?
- Bailiú airgead salach
- Láithriú Cuirtear brabús aindleathach i gcóras airgeadais dlisteanach
- Carnadh orduithe Trí ghluaiseachtaí nó coinbhéartachtaí, déantar foinse na gcistí a cheilt (e.g. trí shonraisc bhréagacha, iasachtaí, aistrithe idir cuntais)
- Comhtháthú Cuirtear an brabús sa gheilleagar arís (e.g. trí infheistíochtaí i réadmhaoin, só-shócmhainní, fiontair ghnó)
Samplaí:
an bhaincéireacht faoi thalamh (líonraí a ghlacann le hairgead ionas gur féidir é a íoc le tríú páirtithe lasmuigh den fhormhaoirseacht rialála)
smuigleáil airgid thirim
miúileanna airgid (daoine a earcaíodh chun cistí aindleathacha a aistriú idir cuntais)
mí-úsáid struchtúr dlíthiúil gnó
an sciúradh airgid trí tháirgí ardluacha
mí-úsáid criptea-airgeadraí (€1.5 billiún: idirbhearta criptea-airgeadra measta ar mhargaí an ghréasáin dhorcha)
Foinse: an Coimisiún Eorpach, Eurojust, Europol, na Náisiún Aontaithe
Tuilleadh eolais:
- Sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (eolas cúlra)
- Frankfurt chun údarás nua an Aontais chun an sciúradh airgid a chomhrac a óstáil (ÚSAC) (preaseisiúint, an 22 Feabhra 2024)
- An sciúradh airgid a chomhrac: Pacáiste rialacha glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 30 Bealtaine 2024)
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Iúil 2026