An próiseas cinnteoireachta: gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme
Cad is gníomh tarmligthe ann?
Gníomh neamhreachtach a bhfuil feidhm ghinearálta aige nach bhféadfar a ghlacadh ach amháin má tá tarmligean cumhachtaí sa ghníomh reachtach.
Cad is gníomh cur chun feidhme ann?
Gníomh neamhreachtach lena leagtar síos rialacha mionsonraithe faoina gceadaítear gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme go haonfhoirmeach.
Cén fáth a bhfuil siad de dhíth orainn?
Gníomhartha tarmligthe: is leo a cheadaítear don Choimisiún gníomhú go gasta agus go solúbtha i réimsí amhail:
- faisnéis taistil
- sábháilteacht bia agus beatha
- sláinte agus leas ainmhithe
- sláinte plandaí
Ní féidir gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ach amháin ar bhonn tarmligean a deonaíodh i ngníomh reachtach.
Conas a ghlactar gníomhartha tarmligthe?
Tá coinníollacha áirithe i gceist, ullmhaíonn an Coimisiún dréachtghníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
- coinníollacha an tarmligin a leagtar amach sa reachtaíocht a formheasadh
- i gcomhar le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit
Céim 1: Téann an Coimisiún i gcomhairle le grúpaí saineolaithe agus déanann sé an gníomh a ghlacadh.
I gcomhthráth: Scrúdaíonn an Chomhairle (meitheal) agus an Pharlaimint (coiste freagrach) an togra [2 mhí (is féidir é a shíneadh uair amháin)]
Rogha 1: gan aon agóid
Mura ndéantar aon agóid le linn na tréimhse agóide, tagann an gníomh tarmligthe i bhfeidhm.
Céim 2: Is é an Coimisiún féin a chinneann an nglacfaidh sé an dréachtghníomh nó nach nglacfaidh, agus tuairim an choiste á cur san áireamh aige, gan beann ar thuairim dhiúltach fiú.
Rogha 2: agóid a dhéanamh
Féadfaidh an Chomhairle agóid a dhéanamh le cinneadh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe.
Féadfaidh suí iomlánach na Parlaiminte agóid a dhéanamh trí bhíthin vótáil le tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.
Má dhéanann an Chomhairle nó an Pharlaimint agóid, ní fhéadfaidh an gníomh teacht i bhfeidhm.
Conas a ghlactar gníomhartha cur chun feidhme?
Tugtar na cumhachtaí cur chun feidhme i bhformhór mór na gcásanna don Choimisiún Eorpach.
Is d’eisceacht a thugtar don Chomhairle iad i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus sna cásanna siúd dá bhforáiltear in (Airteagail 24 & 26 CAE)
Is é is nós imeachta coiste ann an nós imeachta lena rialaítear glacadh mhórchuid na ngníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún.
Ionadaithe ó thíortha an Aontais a bhíonn ar na coistí (saineolaithe na mBallstát).
Céim 1: Mar riail ghinearálta, cuirtear dréachtghníomhartha cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an gCoimisiún faoi bhráid coistí coisteolaíochta. Tá 2 chineál nós imeachta coiste ann:
An nós imeachta comhairleach:
Céim 1: Is trí thromlach simplí a thugann an coiste comhairleach a thuairim. Is tuairim neamhcheangailteach í.
Céim 2: Is é an Coimisiún féin a chinneann an nglacfaidh sé an dréachtghníomh nó nach nglacfaidh, agus tuairim an choiste á cur san áireamh aige, gan beann ar thuairim dhiúltach fiú.
An nós imeachta scrúdúcháin:
Céim 1: Ní mór don choiste scrúdúcháin a thuairim a thabhairt trí thromlach cáilithe.
Rogha 1:
Más tuairim dhearfach í an tuairim ón gcoiste, glacann an Coimisiún an gníomh.
Rogha 2:
Más tuairim dhiúltach í an tuairim ón gcoiste, ní ceadmhach don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh.
Rogha 3:
Mura dtugtar aon tuairim, féadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, cé is moite de na cásanna a shonraítear sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Coiste.
Rogha 4:
I gcás vóta diúltach: beidh mí amháin ag an gCoimisiún le dréachtbheart a chur faoi bhráid an choiste achomhairc (saineolaithe na mBallstát), nó 2 mhí le leagan nua a chur faoi bhráid an choiste chéanna.
I gcás gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach, is éagsúil an nós imeachta:
Céim 1: Glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme roimh dó dul i gcomhairle le coiste, ar mhórfhorais práinne chuí-réasúnaithe, má dhéantar foráil dó sin sa bhunghníomh.
Amlíne: Is ar feadh uastréimhse 6 mhí a bheidh feidhm ag an ngníomh, mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh.
Céim 2: Ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gcoiste ábhartha laistigh de 14 lá ón dáta a ghlacfar é.
Rogha 1:
I gcás ina mbeidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin agus gur tuairim dhiúltach í tuairim an choiste, beidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an gníomh a aisghairm láithreach.
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025