"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15 Deireadh Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Phléigh na hairí todhchaí an tSeimeastair Eorpaigh – próiseas bliantúil trína mbíonn na Ballstáit ag comhordú a mbeartais eacnamaíoch, saothair, fhioscaigh agus shóisialta laistigh den Aontas – agus ghlac siad na príomhtheachtaireachtaí ó dhá choiste chomhairleacha. Mhalartaigh siad tuairimí freisin faoin tsláinte agus faoin tsábháilteacht ag an obair i bhfianaise athruithe tábhachtacha ar shaol na hoibre, amhail dul in aois ár sochaithe. D'fhormheas na hairí freisin conclúidí maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais.
An Seimeastar Eorpach
Rinneadh roinnt athruithe arSheimeastar Eorpach 2021 mar gheall ar COVID-19 agus é dírithe ar na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta (iar-phaindéime). Ós rud é go bhfuil fonn ar na hairí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta filleadh ar phróiseas an tSeimeastair ina gcuimsítear gné láidir shóisialta, phléigh siad an chaoi is fearr ar féidir Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus go háirithe na trí phríomhsprioc Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta, a léiriú sa Seimeastar Eorpach a bheidh ann amach anseo.
Ag an díospóireacht bheartais a bhí acu, leag siad béim ar an gcaoi gur cheart cothrom na Féinne agus an comhtháthú sóisialta a bheith ar phríomhchuspóirí an téarnaimh eacnamaíoch tar éis do dheireadh teacht le paindéim COVID. Leag na hairí béim ar an ngá atá le ról láidir don Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí agus dá comhlachtaí ullmhúcháin i bpróiseas an tSeimeastair. In éineacht leis sin, d'iarr siad go láidir go bhfillfí ar phróiseas an tSeimeastair a luaithe is féidir le tuarascálacha tíre agus le moltaí do na Ballstáit, rudaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist go hilbhliantúil, agus trína chinntiú go ndéanfar faireachán ceart amach anseo, agus trí phríomhspriocanna réadúla indéanta a chur san áireamh ann. Ba cheart a chinntiú leis seo go mbeidh an ghné shóisialta agus fostaíochta san áireamh i bpróiseas Sheimeastar 2022. Mar obair leantach ar an díospóireacht i gComhairle EPSCO, seolfaidh Uachtaránacht na Comhairle litir chuig cathaoirleach Chomhairle Ecofin ina mbeidh na príomhtheachtaireachtaí ón díospóireacht.
Ghríosaigh plé an lae leis na hairí eile muid go léir inár n-iarrachtaí na prionsabail atá leagtha síos i gcolún Eorpach na gceart sóisialta a chur chun feidhme. Tá súil agam gur féidir Seimeastar a bheith againn go luath ina mbeidh gné láidir shóisialta agus fostaíochta.
Janez Cigler Kralj, an tAire Saothair, Teaghlaigh, Gnóthaí Sóisialta agus Comhdheiseanna
D'fhormhuinigh na hairí na príomhtheachtaireachtaí ó na Coistí Fostaíochta agus um Chosaint Shóisialta atá bunaithe ar a Monatóirí Feidhmíochta agus a nAthbhreithniú Bliantúil faoi seach agus a chuireann le próiseas an tSeimeastair atá le teacht.
Ghlac an Chomhairle cinneadh ón gComhairle chomh maith maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Tá roinnt mhaith dúshlán suntasach roimh shaol na hoibre, go háirithe na hathruithe déimeagrafacha is cúis le laghdú an phobail oibre de bharr aosú an daonra. Is bagairtí iad seo ar chobhsaíocht mhargaí oibre agus ar chórais cosanta sóisialta an Aontais. Tá ríthábhacht ó thaobh dul i ngleic leis na saincheisteanna sin le dálaí oibre a dhéanann an obair inbhuanaithe do chách toisc go gcabhraíonn siad le daoine ina bpoist agus go dtacaíonn siad leo fanacht ag obair. Príomhbhealach leis seo a dhéanamh ná trí ardleibhéal sláinte agus sábháilteacht ceirde a chinntiú.
Dhírigh na hairí le linn díospóireacht bheartais ar ról na sláinte agus na sábháilteachta ceirde chun an obair a dhéanamh níos inbhuanaithe. Chuir na hairí chun suntais, i measc nithe eile, ar an gcaoi a gcabhróidh creat straitéiseach an Aontais um shláinte agus um shábháilteacht ag an obair 2021-2027 lena chinntiú go gcloífidh na caighdeán sláinte agus sábháilteachta ceirde riachtanais shaol athraitheach na hoibre. (De réir mar a théann na hoibrithe in aois, ní mór an timpeallacht agus na tascanna oibre a chur in oiriúint dá riachtanais ar leith agus chun rioscaí a íoslaghdú. Teicneolaíochtaí nua, ach d'fhéadfadh cianobair a bheith ábhartha sa chás seo chomh maith.)
Tá an baol ann go rachaidh ár lucht saothair i laghad mar gheall ar dhul in aois ár sochaithe. Ach má tá níos lú daoine ann a bhfuil post acu, beidh níos lú daoine ann chun ranníocaíochtaí a dhéanamh lenár gcórais coimirce sóisialaí. Sin an fáth a bhfuilimid ag díriú ar dhálaí oibre a dhéanamh níos sábháilte agus níos sláintiúla d'fhonn a chinntiú go mbraitheann daoine go dtacaítear leo ina bpoist agus go leanfaidh siad orthu ag obair.
Janez Cigler Kralj, an tAire Saothair, Teaghlaigh, Gnóthaí Sóisialta agus Comhdheiseanna
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais. Is éard atá sna conclúidí freagairt na Comhairle ar thuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina ndearnadh measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an príomhshruthú inscne curtha i bhfeidhm i mbuiséad an Aontais chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn. Is éard is príomhshruthú inscne ann comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn go gníomhach ag gach céim agus i ngach réimse den cheapadh beartas agus den chur chun feidhme. Chuir na hairí chun suntais mar shampla gur tosaíocht láithreach é go gcuirfidh na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, a dhréachtaigh na Ballstáit chun leas a bhaint as cistiú an Aontais chun teacht ón ngéarchéim, go gcuirfidh siad le cur chun cinn an chomhionannais inscne d'fhonn a chinntiú go mbeidh an téarnamh ceart agus cóir.
Chuir an Coimisiún a fhís fhadtéarmach do cheantair thuaithe i láthair, agus chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún araon na hairí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a bheidh ar siúl an 20 Deireadh Fómhair 2021.
Rinne an Coimisiún cur i láthair chomh maith maidir le cúrsaí mar atá i gcás na hionstraime maidir le malartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta, agus maidir leis an bPas Slándála Sóisialta na hEorpa.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.