- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú trí fhíschomhdháil idir ceannairí an Aontais agus na Síne, 30 Nollaig 2020
Rinne Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht thar ceann an Aontais. Rinne an tUachtarán Xi Jinping ionadaíocht thar ceann na Síne.
Chomh maith leis an gcruinniú sin, bhí malartú ann idir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel agus an tUachtarán Xi mar obair leantach ar an gcruinniú a bhí acu i bPáras i mí an Mhárta 2019.
Na príomhthorthaí
Thug na ceannairí i gcrích, i bprionsabal, an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Infheistíochtaí idir an tAontas agus an tSín (CAI).
Tar éis na dianchaibidlíochta a rinne an Coimisiún Eorpach thar ceann an Aontais, chomhlíon siad an gealltanas a tugadh ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín i mí Aibreáin 2019, inar chomhaontaigh an dá thaobh go mbeadh sé d’aidhm acu an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích faoi dheireadh 2020.
Ba dhíol sásaimh do na rannpháirtithe an ról gníomhach atá ag uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle, agus ag an Seansailéir Angela Merkel go háirithe, a chuir béim ar leith ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín agus a thacaigh go hiomlán leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus an tSín.
Príomhghnéithe an chomhaontaithe
Tá tábhacht mhór eacnamaíoch ag baint le CAI agus cuideoidh sé le hathchothromú an chaidrimh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus an tSín bunaithe ar luachanna agus ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe.
Déantar foráil ann do leibhéal rochtana margaidh nach bhfacthas a leithéid riamh d’infheisteoirí an Aontais, rud a thabharfaidh cinnteacht agus intuarthacht do ghnólachtaí Eorpacha maidir lena n-oibríochtaí. Cuirfidh CAI feabhas suntasach ar chothrom na Féinne trí oibleagáidí soiléire a leagan síos ar fhiontair na Síne atá faoi úinéireacht stáit, trí chosc a chur ar aistrithe éigeantacha teicneolaíochta agus ar chleachtais eile a shaobhann an margadh, agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht fóirdheontas. Dá bhrí sin, bainfidh cuideachtaí an Aontais tairbhe as cóir níos cothroime nuair a bheidh siad in iomaíocht le margadh na Síne.
Áirítear sa chomhaontú freisin gealltanais thábhachtacha maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, agus Comhaontú Pháras a chur chun feidhme go héifeachtach san áireamh, agus maidir le caighdeáin saothair.
Síniú, daingniú, tabhairt i gcrích, cur chun feidhme agus faireachán CAI
Leanfaidh an tAontas ar aghaidh anois i gcomhréir lena rialacha dlíthiúla agus lena nós imeachta dlíthiúil chun an comhaontú a shíniú, a dhaingniú agus a thabhairt i gcrích. Beidh sé mar aidhm ag an dá thaobh an chaibidlíocht maidir le cosaint infheistíochta a thabhairt i gcrích laistigh de dhá bhliain ó shíniú CAI.
Foráiltear leis an gcomhaontú freisin do shásra láidir forfheidhmiúcháin agus faireacháin. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán ar chur chun feidhme ghealltanais CAI ar thaobh an Aontais.
Na ceisteanna eile a pléadh
Agus é ag breathnú níos faide anonn ná an chaibidlíocht faoi CAI, d’athdhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé ag súil go rachaidh an tSín i mbun caibidlíochta maidir le fóirdheontais thionsclaíocha san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Leag ceannairí an Aontais béim freisin ar an ngá atá ann feabhas a chur ar an rochtain atá ag trádálaithe an Aontais ar an margadh in earnálacha amhail an agraibhia agus an earnáil dhigiteach, agus aghaidh a thabhairt ar ró-acmhainneacht sna hearnálacha traidisiúnta amhail cruach agus alúmanam agus in ardteicneolaíocht.
Maidir leis an aeráid, ba dhíol sásaimh don Aontas an fógra a thug an tSín neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2060 agus d’athdhearbhaigh sé go bhfuil sé réidh le comhoibriú maidir le saincheisteanna aeráide agus bithéagsúlachta.
Maidir le Covid-19, leag ceannairí an Aontais béim ar an ngá atá ann leanúint de thacaíocht a thabhairt do shaoráid Covax agus an comhar idirnáisiúnta a threisiú ionas gur fearr a bheifear in ann paindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a thuar agus a bhainistiú.
D’iarr ceannairí an Aontais ar an tSín freisin páirt iomlán a ghlacadh sna hiarrachtaí iltaobhacha maidir le faoiseamh fiachais laistigh den chreat a chomhaontaigh G20 agus Club Pháras.
D’athdhearbhaigh siad freisin gur cúis mhór imní dóibh staid chearta an duine sa tSín, agus forbairtí i Hong Cong san áireamh.
Na chéad chéimeanna eile sa chaidreamh idir an tAontas agus an tSín
Leanfaidh an tAontas dá bheartas i leith na Síne a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcur chuige ilghnéitheach a formhuiníodh ag an gComhairle Eorpach an 1-2 Deireadh Fómhair.
Meabhraíodh don Uachtarán Michel gur iarradh ar an Uachtarán Xi teacht le chéile le ceannairí an Aontais agus na Síne le rannpháirtíocht chinn stáit agus rialtais Bhallstáit an Aontais a thionólfar sa Bhruiséil in 2021.
Déanfaidh an tAontas a mhachnamh ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín, lena n-áireofar CAI agus a chur chun feidhme i ngach gné de, ach gan a bheith teoranta dó, le linn uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle in 2022.
Cúlra
Deis a bhí sa chruinniú obair leantach a dhéanamh ar an 22ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín (an 22 Meitheamh) agus ar chruinniú na gceannairí trí fhíschomhdháil (an 14 Meán Fómhair) a bhí beartaithe ar dtús a bheith ar siúl in Leipzig. Is cuid é de rannpháirtíocht leanúnach an Aontais Eorpaigh leis an tSín. Bhí díospóireacht straitéiseach ag ceannairí an Aontais maidir leis an tSín ag cruinniú urghnách mhí Dheireadh Fómhair den Chomhairle Eorpach a ullmhaíodh trí chomhairliúchán domhain ar leibhéal cheannairí an Aontais.
- Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach, an 1-2 Deireadh Fómhair 2020
- Cruinniú idir ceannairí an Aontais agus na Síne: Luachanna agus leasanna an Aontais a chosaint ar an leibhéal is airde (preaseisiúint, an 14 Meán Fómhair 2020)
- Cruinniú trí fhíschomhdháil idir ceannairí an Aontais agus na Síne, an 14 Meán Fómhair 2020
- Cruinniú mullaigh trí fhíschomhdháil idir an tAontas Eorpach agus an tSín, an 22 Meitheamh 2020
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025